|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Na Cistí Iontaobhais) |
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1962. | ||
[EN] |
AN tACHT UM OSPIDÉAL RÍOGA CHILL MHAIGHNEANN, 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE DE DHROIM GOBHARNÓIRÍ AN OSPIDÉIL RÍOGA, CILL MHAIGHNEANN, A DHÍSCAOILEADH. [28 Márta, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— | ||
[EN] |
Léiriú. I. R. Uimh. 260 de 1955. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an dáta díscaoilte” an dáta, eadhon, an 31ú lá de Nollaig, 1955, a díscaoileadh na Gobharnóirí de bhua an Ordaithe um an Ospidéal Ríoga, Cill Maighneann (Rialtóirí a Scor agus Cairteacha a Chúlghairm), 1955 ; | |
[EN] | ciallaíonn “na Gobharnóirí” Gobharnóirí Ospidéil Rí Séarlas a Dó a corpraíodh faoin ainm sin le cairt an 19ú lá d'Fheabhra, 1684; | |
[EN] | ciallaíonn “an tOspidéal” Ospidéal Rí Séarlas a Dó le haghaidh oifigigh agus saighdiúirí aosta agus ballbhasctha d'arm na hÉireann, a bunaíodh leis an gcairt sin agus ar a dtugtar de ghnáth an tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | ciallaíonn “na cistí iontaobhais” na suimeanna stoic a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus folaíonn sé na hinfheistíochtaí uile a chuirfear ina dhiaidh seo in ionad na suimeanna sin agus a bheidh in ionannas dóibh. | |
[EN] |
Tailte agus foirgnimh a aistriú chun an Aire. 1881, c. 41. |
2. —(1) Na tailte agus na foirgnimh uile a bhí ar áireamh san Ospidéal agus b'ionann agus an tOspidéal díreach roimh an dáta díscaoilte agus na tailte agus na foirgnimh uile a bhí dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas do na Gobharnóirí díreach roimh an dáta díscaoilte tiocfaidh siad, i dtosach feidhme an Actha seo, agus gan aon tíolacadh ná sannadh, chun bheith dílsithe don Aire, saortha ó gach iontaobhas, chun an eastáit nó an leasa uile chun a raibh na tailte agus na foirgnimh sin dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas do na Gobharnóirí díreach roimh an dáta díscaoilte. |
[EN] | (2) Chun críocha alt 6 den Conveyancing Act, 1881, beidh éifeacht mar thíolacadh talún ag fo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] |
Airnéis a aistriú chun an Aire. |
3. —(1) An troscán, na feistis, na daingneáin, na pictiúir, na leabhair agus na doiciméid uile agus an airnéis eile go léir, cibé acu san Ospidéal nó in aon áit eile dó nó dóibh, agus ba leis na Gobharnóirí nó a bhí ar teachtadh ar iontaobhas do na Gobharnóirí díreach roimh an dáta díscaoilte agus a bhí ar bith díreach roimh thosach feidhme an Achta seo tiocfaidh siad, ar an tosach feidhme sin, chun bheith aistrithe chun an Aire agus chun bheith ina maoin aige. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire an airnéis a aistrítear leis an alt seo a choinneáil le haghaidh cibé críocha poiblí is cuí leis, ach féadfaidh an tAire, dá rogha féin, an airnéis sin go léir nó aon chuid d a dhiúscairt trína díol chun tairbhe an Státchiste nó trína bron nadh, trína malartú nó trína tabhairt ar iasacht. | |
[EN] |
Iocaíocht leis an Ospidéal Ríoga, Chelsea, agus socrú na scéime. |
4. —Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuici ón Ard Aighne— |
[EN] | (a) a ordú go n-íocfar le Coimisinéirí an Ospidéil Ríoga Chelsea, — | |
[EN] | (i) suim £2,440. 7. 4. as an ús a bheidh faibhrith ar an gcuid de na cistí iontaobhais a luaitear gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo | |
[EN] | (ii) cibé suim a gheofar as díol na n-infheistíochtaí uí a bheidh in ionannas don ús a d'fhaibhrigh ar a gcuid sin, agus | |
[EN] | (iii) an t-ús go léir a bheidh faibhrithe ar na hinfheistíochtaí dá dtagraítear san fhomhír sin roimhe seo suas go dtí tráth a ndíola, | |
[EN] | (b) scéim a ullmhú agus a shocrú le haghaidh bainistí agus úsáid na gcistí iontaobhais (lena n-áirítear aon iarmhéid úis a bheidh faibhrithe ar an gcéanna) le haghaidh críocha nó críche carthanúla sonraithe éigin chun sochair gach aicme nó aon aicme comhaltaí nó athchomhaltaí d'Óglaidh na hÉireann. | |
[EN] |
Iontaóbhaí na gcistí iontaobhais go dtí go dtiocfaidh an scéim i ngníomh. |
5. —I dtosach feidhme an Achta seo agus dá éis sin go dtí go dtiocfaidh scéim faoi alt 4 den Acht seo i ngníomh, is é an tArd-Aighne agus eisean amháin a bheidh ina iontaobhaí ar na cistí iontaobhais. |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, 1962 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1962. |