24 1962


Uimhir 24 de 1962.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1961. [7 Lúnasa, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1961;

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

Ailt 2 agus 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 , a leasú.

1958, Uimh. 35 .

1961, Uimh. 2 .

2. —Leasaítear leis seo ailt 2 agus 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 , trí “tríocha is seacht milliún” a chur in ionad “tríocha a dó milliún” (a cuireadh isteach leis an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1961 ) i ngach alt acu sin.

Méadú ar an gcaiteachas iomlán chun críocha ginearálta.

1954, Uimh. 17 .

3. —Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun críocha caipitiúla seachas leictriú tuath-limistéar, thar céad tríocha is cúig mhilliún punt agus, dá réir sin, déanfar fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 , a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san fho-alt sin.

Airgead a sholáthar do chórais dáilte leictreachais i dtuath-limistéir neamhleictrithe.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, caiteachas caipitiúil uile an Bhoird chun córais dáilte leictreachais ag deich míle volt a sholáthar agus a fheistiú i dtuath-limistéir nach bhfuil leictrithe ag an mBord, agus, murach na hairleacain dá bhforáiltear faoin alt seo, nach ndéanfadh an Bord leictriú orthu, a airleacan chun an Bhoird, de réir mar a iarrfaidh agus nuair a iarrfaidh an Bord é, go dtí, ach gan dul thairis sin, go sroichfidh iomlán an chaiteachais sin ag an mBord suim nócha míle punt.

(2) Déanfar an t-airgead uile a airleacfar chun an Bhoird faoin bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo a eisiúint agus a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(3) Déanfar an t-airgead a airleacfaidh an tAire Airgeadais chun an Bhoird faoin alt seo a aisíoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an bPríomh-Chiste cibé tráth nó tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais.

Airgead a sholáthar chun tuilleadh forbartha a dhéanamh i dtuath-limistéir leictrithe.

5. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, agus go dtí, ach gan dul thairis sin, an tráth a shroichfidh caiteachas iomlán an Bhoird chun tuath-limistéir a leictriú suim tríocha is seacht milliún punt nó an 17ú lá d'Aibreán, 1967, cibé acu is túisce, trí cheathrú de chaiteachas caipitiúil an Bhoird, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, tar éis an 17ú lá d'Aibreán, 1962, chun áitribh a cheangal le córais dáilte leictreachais i dtuath-limistéir chun ar síneadh soláthar leictreachais roimhe sin, agus trí cheathrú de chaiteachas caipitiúil an Bhoird, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, tar éis an 17ú lá d'Aibreán, 1962, a dúradh, chun feabhas a chur ar chórais dáilte leictreachais i dtuath-limistéir chun ar síneadh soláthar leictreachais roimhe sin, a airleacan chun an Bhoird, de réir mar a iarrfaidh agus nuair a iarrfaidh an Bord é.

(2) Ní airleacfar níos mó ná cúig phunt is seachtó chun an Bhoird faoi fho-alt (1) den alt seo i leith caiteachas caipitiúil an Bhoird chun teach a úsáidtear mar theaghais a cheangal le córas dáilte leictreachais.

(3) Déanfar an t-airgead uile a airleacfar chun an Bhoird faoin bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo a eisiúint agus a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(4) Déanfar an t-airgead a airleacfaidh an tAire Airgeadais chun an Bhoird a aisíoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an bPríomh-Chiste cibé tráth nó tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1962, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.