An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963) Ar Aghaidh (CUID II. Forálacha Airgeadais.)

28 1963

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mar a leanas:

(a) tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an Acht seo a rith,

(b) tiocfaidh ailt 86, 87 agus 88 agus fo-alt (5) d'alt 92 i ngníomh an lá a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin le hordú,

(c) má dhéantar ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an chuid eile den Acht seo i ngníomh an lá a cheapfar leis an ordú sin,

(d) mura ndéanfar ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an chuid eile den Acht seo i ngníomh i limistéar an lá a cheapfar maidir leis an limistéar sin le hordú faoi mhír (b) den fho-alt sin.

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil—

(a) lá a cheapadh le hordú mar an lá a cheapfar faoin Acht seo, nó

(b) le horduithe dhá lá éagsúla nó níos mó a cheapadh mar na laethanta a cheapfar faoin Acht seo maidir le limistéir éagsúla faoi seach.

Léiriú.

1919, c. 57.

1934, Uimh. 22 .

1961, Uimh. 24 .

1941, Uimh. 23 .

1854, c. 103.

1961, Uimh. 24 .

1961, Uimh. 24 .

1933, Uimh. 12 .

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;

ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “fógrán” aon fhocal, litir, múnla, balún, eitleog, póstaer, fógra, feiste nó samhlachas a úsáidtear chun fógraíochta, craolta nó treoraithe;

ciallaíonn “déanmhas fógraíochta” aon déanmhas is clárlach, scafall, fráma, cleith, cuaille, feiste nó comhartha (soilsithe nó gan soilsiú) a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun fógráin a thaispeáint;

folaíonn “talmhaíocht” gairneoireacht, fás torthaí, fás síolta, feirmeoireacht, déiríocht, eallach stoic (lena n-áirítear aon ainmhí a choimeádtar chun bia, olann, craicne nó fionnadh a tháirgeadh, nó chun é a úsáid ag saothrú talún) a phórú agus a choimeád, talamh a úsáid mar thalamh féaraigh, mar thalamh móinéir, mar thalamh sailí, mar gharraithe margaidh agus garraithe altran, talamh a úsáid chun móna, agus talamh a úsáid mar thalamh coille nuair a ghabhann an úsáid sin le talamh a shaothrú chun críocha eile a bhaineann le talmhaíocht;

folaíonn “athrú” aon phláistéireacht nó péinteáil a dhéanann athrú ábhartha ar dhreach imeachtrach déanmhais a thugann don dreach sin a bhéith ar neamhréir le gné an déanmhais nó le gné déanmhas ina chomharsanacht;

ciallaíonn “lá ceaptha”—

(a) má cheaptar lá faoi mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 1 den Acht seo, an lá sin, agus

(b) mura gceapfar lá faoin mír sin, an lá a cheapfar faoi mhír (b) den fho-alt sin maidir leis an limistéar iomchuí;

tá le “rialacháin foirgníochta” an bhrí a shanntar dó le halt 86;

tá le “carrloc” an bhrí chéanna atá leis in alt 101 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

tá le “forbairt” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

tá le “plean forbartha” an bhrí is iomchuí de réir fho-alt (9) d'alt 19;

tá le “forbairt dhíolmhaithe” an bhrí a shonraítear in alt 4;

folaíonn an briathar “taispeáint”, maidir le fógrán, greamú, inscríobh, clóbhualadh, péinteáil agus líniú ar shlí eile;

folaíonn “fál” clárlach nó déanmhas dá shamhail;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh faoi uisce (cibé acu is uisce intíre nó uisce cósta é) agus, maidir le talamh a thógáil, folaíonn sé aon leas nó ceart i dtlaamh nó thar talamh (lena n-áirítear leas nó ceart a thug an t-údarás, nó atá ar teachtadh ón údarás, a thóg an talamh);

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “baile mór neamhbhardasach” áit (nach contaebhuirg, buirg, ceantar uirbeach ná baile mór ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i ngníomh) ar a dtugtar baile mór i dtuarascáil an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 1956;

ciallaíonn “limistéar neamhfhóinteach” limistéar arb é atá ann talamh (dá ngairtear an príomh-thalamh sa mhíniú seo) arb é tuairim an údaráis phleanála go bhfuil sé leagtha amach go holc nó arb é a dtuairim go bhfuil an fhorbairt air éirithe neamhfhóinteach, maraon le cibé talamh eile atá teorantach leis nó in aice leis, is gá, i dtuairim an údaráis phleanála, chun an príomh-thalamh a fhorbairt nó a úsáid go sásúil;

ciallaíonn “úinéir”, maidir le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige, ina cheart féin nó mar iontaobhaí nó gníomhaire do dhuine éigin eile, cíos forlán na talún a ghlacadh nó, mura bhfuil an talamh ligthe ar chíos forlán, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh an talamh ligthe amhlaidh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin a rinne an tAire;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, trá mhara nó áit eile a bhfuil rochtain ag an bpobal chuige de cheart nó de chead agus ar íocaíocht nó in aisce;

tá le “bóthar poiblí” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

ciallaíonn “an clár” an clár a choimeádfar faoi alt 8;

ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—

(a) maidir le comhairle contae nó comhlacht toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955,

(b) maidir le bardas contae-bhuirge, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge;

tá le “bóthar” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

ciallaíonn “baile mór sceidealta”—

(a) aon bhaile mór a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó

(b) aon bhaile mór neamhbhardasach a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin;

tá le “trá mhara” an bhrí atá le “tráigh mhara” san Acht Imeall Trágha, 1933 .

ciallaíonn “ordú um limistéar taitneamhachta speisialta” ordú arna dhaingniú faoi alt 43;

ciallaíonn “gnóthaire reachtúil” duine atá údaraithe le reacht Briotanach nó le reacht de chuid Shaorstát Éireann nó le hAcht ón Oireachtas nó le hordú ag a bhfuil feidhm reachtúil chun iarnród, cánáil, uiscebhealach intíre, duga, cuan, gás, leictreachas, nó aon ghnóthas poiblí eile a dhéanamh, a oibriú nó a sheoladh;

ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, tógáil, déanmhas, tochailt nó ní eile atá foirgnithe, tógtha, nó déanta ar, in nó faoi aon talamh, nó aon chuid de dhéanmhas arna mhíniú amhlaidh, agus, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé an talamh ar a bhfuil, ina bhfuil nó faoina bhfuil an déanmhas;

ciallaíonn “déanmhas neamhúdaraithe”—

(a) maidir le déanmhas i limistéar ar ritheadh rún faoi alt 26 d'Acht 1934 maidir leis, déanmhas seachas—

(i) déanmhas a bhí ann nuair a ritheadh an rún sin,

(ii) déanmhas a raibh cead ginearálta nó cead speisialta ann chuige faoin Acht sin, is cead nár cúlghaireadh,

(iii) déanmhas arbh ábhar cead forbartha a tugadh faoi alt 26 den Acht seo a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh, is cead nár cúlghaireadh, nó atá ann de dhroim forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh an lá ceaptha nó dá éis,

(iv) déanmhas ar tugadh cead faoi alt 27 den Acht seo é a choinneáil, is cead nár cúlghaireadh.

(v) déanmhas a raibh, díreach roimh an lá ceaptha, an chosaint aige a thugann alt 15 d'Acht 1934, nó

(b) maidir le déanmhas in aon limistéar eile, déanmhas seachas—

(i) déanmhas a bhí ann i dtús an lae cheaptha, nó

(ii) déanmhas arbh ábhar cead forbartha a tugadh faoi alt 26 den Acht seo a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh, is cead nár cúlghaireadh, nó atá ann de dhroim forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh an lá ceaptha nó dá éis;

ciallaíonn “úsáid neamhúdaraithe”, maidir le talamh, úsáid ar ar tosaíodh an lá ceaptha nó dá éis, arb athrú ábhartha an t-athrú úsáide agus ar forbairt í seachas forbairt is ábhar ceada a tugadh faoi alt 26 den Acht seo nó forbairt dhíolmhaithe;

ní fholaíonn “úsáid”, maidir le talamh, an talamh a úsáid trí aon oibreacha a dhéanamh air;

folaíonn “oibreacha” aon ghníomh nó oibríocht fhoirgníochta, tochailte, scartála, méadaithe, athraithe, deisithe nó athnuachana.

(2) San Acht seo, ciallaíonn “údarás pleanála”—

(a) i gcás contae, gan aon cheantar buirge ná ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

agus forléireofar dá réir sin tagairtí do limistéar an údaráis phleanála.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo d'fhoráil a shárú folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do dhiúltú nó do mhainneachtain déanamh de réir na forála sin.

(4) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh, folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.

(5) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán eile, déanfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán eile sin arna leasú le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

(6) (a) Aon bhaile mór a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar, chun críocha an Achta seo, gurb éard atá ann an limistéar a mbeidh comhairle an chontae ina bhfuil an baile mór tar éis a dhearbhú gurb é atá ann chun na gcríocha sin.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta aon limistéar den sórt sin a dhearbhú.

(7) I bhfo-alt (1) d'alt 22, i bhfo-alt (1) d'alt 26, i bhfo-alt (1) d'alt 27, i bhfo-alt (2) d'alt 30, i bhfo-alt (2) d'alt 31, i bhfo-alt (2) d'alt 32, i bhfo-alt (2) d'alt 33, i bhfo-alt (2) d'alt 35, i bhfo-alt (3) d'alt 36 agus i bhfo-alt (3) d'alt 37 den Acht seo—

(a) déanfar na tagairtí d'fhorálacha an phlean fhorbartha a fhorléiriú, go dtí go ndéanfar an plean sin, mar thagairtí do na forálacha is dóigh leis an údarás pleanála a bheidh sa phlean sin;

(b) déanfar na tagairtí d'fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann le limistéar an údaráis phleanála a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon fhorálacha is dóigh leis an údarás pleanála a bheidh in ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhainfidh lena limistéar.

(8) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athfhoirmiú trí chur leis nó scriosadh as, ach, i gcás ina mbeartófar aon ordú den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Forbairt.

3. —(1) Ciallaíonn “forbairt” san Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, i dtalamh nó faoi thalamh nó aon éagsúlú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar dá ghinearáltacht—

(a) má dhéantar aon déanmhas nó talamh eile nó aon chrann nó ní eile ar thalamh a úsáid chun fógráin a thaispeáint, nó

(b) má úsáidtear talamh chun aon chríche acu seo a leanas:

(i) chun aon veaineanna, pubaill, nó nithe eile, bíodh siad inaistrithe nó ná bíodh agus bíodh siad infhillte nó ná bíodh, a shuíomh nó a choimeád ann chun carbhánachta nó campála nó chun earraí a dhíol,

(ii) chun carbháin nó pubaill a stóráil,

(iii) chun cabhla nó coda eile d'fheithiclí, sean-mhiotal, fuíoll tionscail, fuíoll foirgneora nó bruscar a chur ann,

measfar éagsúlú ábhartha a bheith déanta ar úsáid na talún.

(3) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go measfar chun críocha an ailt seo i gcás úsáid mar dhá theaghais nó níos mó a dhéanamh d'aon déanmhas a úsáideadh roimhe sin mar theaghais amháin gurb ionann an úsáid sin agus éagsúlú ábhartha ar úsáid an déanmhais agus gach coda de a úsáidtear amhlaidh.

Forbairt dhíolmhaithe.

1949, Uimh. 25 .

4. —(1) Is forbairtí díolmhaithe chun críocha an Achta seo na forbairtí seo a leanas:

(a) forbairt arb éard í aon talamh a úsáid chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta (lena n-áirítear foraoiseoireacht), agus forbairt arb éard í úsáid a dhéanamh chun aon chríche acu sin d'aon fhoirgneamh a áitítear i dteannta aon talún a úsáidtear amhlaidh;

(b) forbairt ag comhairle contae sa cheantar sláinte contae;

(c) forbairt ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile sa bhuirg sin;

(d) forbairt ag comhairle cheantair uirbigh sa cheantar sin;

(e) forbairt arb éard í aon oibreacha a dhéanamh ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó ag comhairle contae nó ceantair uirbigh is gá chun bóthar nua a dhéanamh nó bóthar a chothabháil nó a fheabhsú;

(f) forbairt arb éard í aon oibreacha a dhéanamh ag aon údarás áitiúil nó gnóthaire reachtúil chun aon séaracha, mórphíopaí, píopaí, cáblaí, iarnsreanga lasnairde, nó gaireas eile a iniúchadh, a dheisiú, a athnuachan, a athrú nó a dhíchur, lena n-áirítear aon sráid nó talamh eile a bhriseadh chun na críche sin;

(g) forbairt arb éard í oibreacha a dhéanamh chun aon déanmhas a chothabháil, a fheabhsú nó a athrú i slí eile, is oibreacha nach ndéanann difear ach don taobh istigh den déanmhas nó nach ndéanann difear ábhartha do dhreach imeachtrach an déanmhais ar shlí a thugann don dreach sin a bheith ar neamhréir le gné an déanmhais nó le gné déanmhas ina chomharsanacht;

(h) forbairt arb éard í úsáid aon déanmhais nó talún eile laistigh de chuirtealáiste tí chónaithe chun aon chríche a bhaineann le sealúchas an tí chónaithe mar theach cónaithe;

(i) forbairt arb éard í aon cheann de na hoibreacha dá dtagraítear san Acht um Míntíriú Talún, 1949 , a dhéanamh.

(2) (a) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin chun go mbeidh aon aicme áirithe forbartha ina forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo agus féadfaidh an fhoráil sin a bheith d'éagmais nó faoi réir coinníollacha agus féadfaidh gur foráil ghinearálta í nó foráil nach mbainfidh ach le limistéar áirithe nó áit áirithe.

(b) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na míre sin roimhe seo, foráil a dhéanamh i rialacháin faoin bhfo-alt seo, i gcás déanmhais nó talamh eile a úsáidtear chun críche aon aicme sonraithe, chun úsáid an chéanna chun aon chríche eile a bheith ina forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo.

(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht seo d'fhorbairt dhíolmhaithe a fhorléiriú mar thagairtí d'fhorbairt arb éard í—

(a) aon cheann de na forbairtí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó

(b) forbairt ar forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo í ag féachaint d'aon rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo.

Tarchur chun an Aire.

5. —(1) Má éiríonn aon cheist in aon chás áirithe i dtaobh cad is forbairt nó forbairt dhíolmhaithe ann nó nach ea, tarchuirfear an cheist chun an Aire agus cinnfidh sé í.

(2) I gcás ina dtabharfar cinneadh faoin alt seo, féadfar achomharc in aghaidh an chinnte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte tráth ar bith laistigh den tréimhse trí mhí tar éis an cinneadh a thabhairt nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Ard-Chúirt in aon chás áirithe.

Cumhachtaí scrúdaithe, fiosraithe agussuirbhéireachta.

6. —(1) Beidh ag údarás pleanála na cumhachtaí sin uile maidir le scrúdú, fiosrú agus suirbhéireacht is gá le haghaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna maidir leis an Acht seo nó maidir le haon Acht eile faoina bhfuil acu feidhmeanna dá ndéantar difear trína bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thugann cumhachtaí—

(a) chun scrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht, ar spéisiúlacht agus ar riachtanas ó thaobh cuartaíochta;

(b) chun suirbhéireachtaí a dhéanamh ar úsáid talún,

(c) chun suirbhéireachtaí tráchta, socheolaíochta agus daoneolaíochta a dhéanamh.

Fógraí, etc., a sheirbheáil.

7. —(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht sin fógra i dtaobh ordaithe nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó, díreofar an fógra sin chun an duine sin, agus seirbheálfar ar an duine sin é, nó tabharfar dó é, i slí éigin acu seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh sé dírithe chun an duine sin faoina ainm, trína sheachadadh dó:

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás ina mbeidh seoladh chun seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás ina mbeidh seoladh chun seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(d) i gcás nach féidir a fháil amach, ó fhiosrú réasúnach, an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air agus más i dtaobh aon talún nó áitribh a cheanglaítear an fógra nó an chóip sin a thabhairt, trína sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois atá ina chónaí nó ar fostú ar an talamh sin nó san áitreabh sin nó trína ghreamú in áit shofheicse ar an talamh sin nó san áitreabh sin nó in aice leis.

(2) I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi fógra i dtaobh ordú nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir aon talún nó áitribh nó a thabhairt dó agus nach féidir ainm an úinéara nó an áititheora (de réir mar a bheidh) a fháil amach ó fhiosrú réasúnach, féadfar é a dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar is gá sa chás) gan é a ainmniú.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a bheith ina gnáthchónaí ina hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe eile agus gach comhlacht neamhchorpraithe a bheith ina ghnáthchónaí ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra i dtaobh ordú nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó trína ghreamú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar cóip den fhógra nó den ordú a fhoilsiú laistigh de dhá sheachtain ina dhiaidh sin i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar deiridh arb eol cónaí a bheith ar an duine ann.

(5) Aon duine a dhéanfaidh, tráth ar bith i rith na tréimhse trí mhí tar éis fógra a ghreamú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo an fógra a dhíchur, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(6) I gcás inar deimhin leis an Aire cúiseanna réasúnacha a bheith ann chun seirbheáil nó tabhairt fógra i dtaobh ordú nó cóip d'ordú faoin Acht seo nó faoi aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi a ligean thar ceal agus nach mbeidh seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal ina chúis díobhála ná éagóra féadfaidh sé seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal agus beidh éifeacht de réir a bhrí ag gach ligean thar ceal den sórt sin.

(7) Féadfar ligean thar ceal faoin bhfo-alt sin roimhe seo a dhéanamh roimh an tráth nó tar éis an trátha a bheadh sé de cheangal, mura mbeadh an ligean thar ceal, an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt agus roimh nó tar éis déanamh aon ghnímh a mbeadh, mura mbeadh an ligean thar ceal, seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe sula ndéanfaí é ag gabháil mar choinníoll lena dhéanamh.

An clár.

8. —(1) Coimeádfaidh údarás pleanála clár (dá ngairtear an clár san Acht seo) chun críocha an Achta seo maidir leis an talamh go léir laistigh dá limistéar lena mbainfidh an tAcht seo, agus déanfaidh ann na taifid agus na ceartaithe sin go léir a bheidh oiriúnach ó am go ham de réir an Achta seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi.

(2) Beidh sa chlár léarscáil chun a chumasú do dhuine teacht ar aon taifead sa chlár.

(3) Coimeádfar an clár in oifigí an údaráis phleanála agus beidh sé ar fáil chun a iniúchta i rith uaireanta oifige.

(4) (a) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead sa chlár agus a mbeidh deimhnithe ag oifigeach don údarás pleanála gur cóip cheart é beidh sé ina fhianaise prima facie ar an taifead agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é iarbhír.

(b) Féadfar fianaise i dtaobh taifid sa chlár a thabhairt trí chóip de a bheidh deimhnithe de bhun an fho-ailt seo a thabhairt ar aird agus ní gá an clár féin a thabhairt ar aird.

(c) I gcás ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála ag iarraidh cóipe faoin alt seo, eiseofar an chóip chun an iarratasóra ar é d'íoc táille deich scilling leis an údarás pleanála i leith gach taifid.

É a bheith d'oibleagáid eolas a thabhairt d'údarás pleanála.

9. —(1) Féadfaidh údarás pleanála, chun aon chríche a éireoidh maidir lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar áititheoir aon déanmhais nó talún eile nó ar aon duine a ghlacann, dó féin nó do dhuine eile, cíos ó aon déanmhas nó talamh eile sonraí an eastáit, an leasa nó an chirt ar dá bhua a áitíonn sé an déanmhas nó an talamh eile sin nó a ghlacann sé an cíos sin (de réir mar a bheidh) agus ainm agus seoladh (chomh fada agus is eol dó iad) gach duine arb eol dó aon eastát nó leas a bheith aige sa déanmhas nó sa talamh eile sin nó aon cheart a bheith aige thar an déanmhas nó an talamh eile sin nó ina leith a chur in iúl i scríbhinn don údarás sin laistigh de thréimhse shonraithe nach giorra ná ceithre lá dhéag tar éis é sin a cheangal air.

(2) Gach duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl i scríbhinn d'údarás pleanála agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní a chur in iúl laistigh den tréimhse a bheidh ceaptha faoin alt seo nó má dhéanann sé, nuair a bheidh aon ábhar nó ní den sórt sin á chur in iúl aige amhlaidh, aon ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Rialacháin i gcoitinne.

10. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar atá forordaithe nó le forordú nó maidir le haon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar do rialacháin.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

11. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.