|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) |
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1964. | ||
[EN] |
AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (LEASÚ), 1964. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961 . [7 Iúil, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Phríomh-Acht” an tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 . |
[EN] |
Suimeanna nach mbeidh le háireamh nuair a bheifear ag measúnú damáistí (díobháil phearsanta nach cúis bháis). |
2. —Nuair a bheifear ag measúnú damáistí i gcaingean chun damáistí a ghnóthú maidir le gníomh éagórach (lena n-áirítear coir) as ar tháinig díobháil phearsanta nár chúis bháis, ní chuirfear san áireamh— |
[EN] | (a) aon suim is iníoctha i leith na díobhála faoi aon chonradh árachais, | |
[EN] | (b) aon phinsean, aisce nó sochar eile dá leithéid is iníoctha faoi reacht nó ar shlí eile mar gheall ar an díobháil. | |
[EN] |
Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht. |
3. —Déantar leis seo alt 27 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: |
[EN] | “(5) Féadfar éileamh a dhéanamh nó fógra a sheirbheáil de bhun fho-alt (1) den alt seo d'ainneoin go séanann an duine ag a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh nó an fógra á sheirbheáil, nó nach n-admhaíonn sé, gurb éagóiritheoir é agus ní bheidh sé intuigthe as an éileamh a dhéanamh nó an fógra a sheirbheáil go bhfuil aon dliteanas á admháil aige.” | |
[EN] |
Leasú ar alt 35(2) den Phríomh-Acht. |
4. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 35 den Phríomh-Acht a leasú trí “faoi réir mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo,” a chur isteach ann roimh “urchosc”. |
[EN] |
Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht. |
5. —Déantar leis seo alt 36 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: |
[EN] | “(5) D'ainneoin aon ní in alt 62, i gcás ina ndéanfar éileamh i gcoinne duine a bheidh faoi árachas i leith dliteanais a líomhnaíodh san éileamh agus nach n-íocfaidh an t-árachóir an t-éileamh mar gheall ar é a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne suime a bheidh dlite don duine árachaithe ón duine a rinne an t-éileamh sin, beidh an duine árachaithe nó aon duine a bheidh ag feidhmiú ar a shon nó a ghabhann teideal faoi i dteideal méid an éilimh sin a ghnóthú ó na hárachóirí.” | |
[EN] |
Aisghairm. |
6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
7. —(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Dhliteanas Sibhialta, 1961 agus 1964, a ghairm díobh le chéile. |