An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1966) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

17 1966

AN tACHT AIRGEADAIS, 1966

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1966-67.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1966, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1966, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1966, agus ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1966, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 21 den Finance Act,1920.

1920, c. 18.

2. —Leasaítear leis seo alt 21 den Finance Act, 1920,—

(a) trí “and such deduction, in the case of a child shown by the claimant to have been over the age of eleven years at the commencement of the year of assessment, shall be of the amount of one hundred and fifty pounds and, in any other case, shall be of the amount” a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh “of one hundred and twenty pounds”, agus

(b) trí “exceeding eighty pounds a year, except that if the amount of the excess is less than the deduction which apart from this subsection would be allowable, a deduction reduced by that amount shall be allowed” a chur i bhfo-alt (3) in ionad na bhfocal ó “of two hundred pounds” go dtí “the amount of the excess”.

Leasú ar alt 21 den Finance Act, 1922.

1922, c. 17.

3. —(1) Aon chuideachta lena mbaineann alt 21 den Finance Act, 1922, féadfaidh sí, aon tráth tar éis an chruinnithe ghinearálta ag a nglacfar le cuntais na cuideachta mar a bheidh siad déanta suas d'aon bhliain nó tréimhse eile, cóip de na cuntais sin, mar aon le cóip den tuarascáil, más ann, ó na stiúrthóirí don bhliain nó don tréimhse sin agus cibé eolas breise, más ann, is oiriúnach léi a chur chuig na Coimisinéirí Speisialta chun iad a bhreithniú acu, agus, nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí Speisialta na cuntais agus na doiciméid eile sin, más ann, a dúradh, rachaidh siad, faoi réir forálacha an ailt seo, i mbun staid na cuideachta maidir leis an alt sin 21 a bhreithniú.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta a luaithe is féidir é le réasún, ach tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis na cuntais agus na doiciméid eile sin, más ann, a fháil, a iarraidh ar an gcuideachta cibé sonraí breise a iarrfaidh siad le réasún a thabhairt dóibh laistigh d'ocht lá is fiche, nó cibé tréimhse fadaithe a cheadóidh siad dá éis sin:

Ar choinníoll, mura ndéanfar na sonraí a iarrfar amhlaidh a thabhairt do na Coimisinéirí laistigh den tréimhse nó den tréimhse fhadaithe a cheadófar chuige sin, go bhféadfaidh siad dul ar aghaidh faoin alt seo ar bhonn an eolais a bheidh os a gcomhair.

(3) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis cuntais na cuideachta d'aon bhliain nó tréimhse eile, i dteannta nó d'éagmais aon doiciméad eile, a chur, faoi fho-alt (1) den alt seo, chuig na Coimisinéirí Speisialta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) mura ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh na cuntais agus na doiciméid eile sin, nó má iarradh tuilleadh sonraí mar a dúradh, laistigh de thrí mhí tar éis na sonraí sin a fháil, nó tar éis deireadh na tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí sin le tabhairt, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don chuideachta go bhfuil beartaithe acu gníomh breise a dhéanamh i gcás na cuideachta faoin alt sin 21 maidir leis an mbliain sin nó an tréimhse eile sin, beidh deireadh agus foirceann, go hiomlán, le cumhacht na gCoimisinéirí aon ghníomh breise eile den sórt sin a dhéanamh maidir leis an mbliain sin nó leis an tréimhse eile sin; agus

(b) d'ainneoin beartú acu mar a dúradh a bheith curtha in iúl ag na Coimisinéirí Speisialta, ní bheidh, tar éis sé mhí ó dháta an beartú a chur in iúl, cumhacht acu maidir leis an gcuideachta sin fógra a eisiúint faoi mhír 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1922, maidir leis an mbliain nó an tréimhse sin, nó, mura mbeidh fógra den sórt sin eisithe roimh dheireadh na tréimhse sé mhí sin, ordú a thabhairt maidir leis an gcuideachta faoi alt 21 (1) den Acht sin.

Cáin chorparáide na Ríochta Aontaithe a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach ioncaim.

1950, Uimh. 18 .

4. —(1) San alt seo agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “cáin chorparáirde” an cháin ar a dtugtar cáin chorparáide sa Ríocht Aontaithe;

ciallaíonn “brabúis” maidir le cáin ioncaim ioncam;

ciallaíonn “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, gan Oileáin Mhuir nIocht ná Oileán Mhanann a áireamh.

(2) Faoi réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo, déanfar cáin chorparáide is iníoctha i leith brabús a tháinig sa Ríocht Aontaithe a lamháil, a mhéid a bheidh sé le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, mar chreidmheas i gcoinne na cánach ioncaim is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta faoi threoir na mbrabús sin.

(3) I gcás cuideachta a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe d'íoc díbhinne le cuideachta arb í is úinéir tairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ar chuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáth scairchaipiteal na céad chuideachta, cuirfidh an creidmheas i gcuntas an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcéad chuideachta i leith a brabús.

(4) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha i leith aon bhrabús a chur i gcuntas chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás ina bhfuil na brabúis faoi réir cháin bhrabús corparáide, a mhéid agus a mhéid amháin nach féidir, ar éileamh cuí a dhéanamh chuige sin, í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó

(b) i gcás nach bhfuil na brabúis faoi réir cháin bhrabús corparáide, a mhéid agus a mhéid amháin nach bhféadfaí, ar éileamh cuí a dhéanamh chuige sin, í a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cháin bhrabús corparáide dá mbeadh na brabúis faoi réir na cánach sin mar bhrabúis de chuid cuideachta a corpraíodh le dlíthe an Stáit nó faoina réir.

(5) (a) Leasaítear leis seo an míniú ar “faoiseamh ó chánachas dúbalta” in alt 13 (2) den Acht Airgeadais, 1950 , trí “alt 4 den Acht Airgeadais, 1966 , nó” a chur isteach i ndiaidh “de bhuaidh”.

(b) I gcás ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo, beidh éifeacht ag alt 13 (4) den Acht Airgeadais, 1950 , maidir le díbhinn a íocadh sular ritheadh an tAcht seo mar atá éifeacht aige maidir le díbhinn a íocadh sular ritheadh an t Acht Airgeadais, 1950 .

Riail 4 de na Rialacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D a chur chun feidhme.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 (a) den Acht Airgeadais, 1961 , trí “dar críoch lá roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1966,” a chur isteach i ndiaidh “d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin”.

(2) Maidir le ríomh brabús nó gnóchain chun críocha cánach ioncaim do 1966-67 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, beidh éifeacht faoi réir na bhforálacha seo a leanas ag Riail 4 (1) de na Rialacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D:

(a) déanfar tagairtí inti do thréimhse chuntasaíochta a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó lá dá éis sin, agus

(b) déanfar neamhshuim chun críocha an chéanna den oiread sin den cháin bhrabús corparáide a íocadh in aghaidh aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin a thosaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, agus is inchurtha i leith brabús a chionroinnfear faoi alt 21 (2) den Acht seo i leith na coda den tréimhse chuntasaíochta roimh an lá sin.

Deireadh le halt 4 (b) den Acht Airgeadais, 1964 .

1964, Uimh. 15 .

6. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 4 (b) den Acht Airgeadais, 1964 , maidir le cáin choigríche i leith ioncam a tháinig an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó dá éis, agus, dá réir sin, measfar na focail a scriosadh leis a bheith curtha ar ais maidir leis an gcáin choigríche sin.

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, i gcás inar inmhuirir cáin choigríche i leith ioncam a d'éirigh i dtréimhse ar roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, do chuid di agus ar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, do chuid eile di cionroinnfear an cháin choigríche i gcomhréir le fadanna faoi seach na gcodanna sin.

Leasú ar an liúntas deisiúcháin

1934, Uimh. 31 .

7. —Déantar leis seo alt 2 (1) den Acht Airgid, 1934 , a leasú trí “agus le halt 28 den Acht Airgeadais, 1966 ,” a chur isteach i ndiaidh “ Acht Airgeadais, 1959 ,” agus Riail 5 (3) (a) (i) de na Rialacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D a leasú trí “and section 28 of the Finance Act, 1966,” a chur isteach i ndiaidh “Finance Act, 1959,”.