An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Sochair Scoir agus Sochair Eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe) Ar Aghaidh (Caibidil IV Blianachtaí Saoil Ceannaithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Blianachtaí Scoir

Blianachtaí scoir (faoiseamh i leith préimheanna).

[1958, a. 40; 1959, a. 68 (1) (i).]

1867, c. 144.

235. —(1) Má tharlaíonn—

(a) go mbeidh (nó go mbeadh mura mbeadh neamhdhóthanacht bhrabús nó ghnóchan) cáin inmhuirir ar phearsa aonair i leith tuillimh iomchuí ó aon trádáil, gairm, oifig nó fostaíocht a bhí á seoladh aige nó ina sheilbh, agus

(b) go n-íocfaidh sé préimh nó comaoin eile faoi chonradh blianachta a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chonradh arb é an príomhshochar a urraítear leis blianacht saoil don phearsa aonair ina sheanaois (dá ngairtear préimh cháilitheach ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo),

féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt i leith na préimhe cáilithí faoi alt 236.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh mura dóigh leo go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas, is é sin, go ndearna an pearsa aonair é le duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus ar conradh é—

(a) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin, i rith saoil na pearsan aonair aon suim ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta leis an bpearsa,

(b) nach bhforálann go mbeidh an bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa aonair le tosú sula slánóidh sé seasca bliain d'aois nó tar éis dó seachtó bliain d'aois a shlánú,

(c) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin aon suimeanna eile ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta le baintreach nó le baintreach fir na pearsan aonair agus aon suimeanna a bheidh, mura mbeidh aon bhlianacht iníoctha leis an bpearsa aonair nó le baintreach nó le baintreach fir, iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan aonair trí phréimheanna a thabhairt ar ais, trí ús réasúnach ar phréimheanna nó trí bhónais as brabúis,

(d) nach bhforálann gur suim níos mó in aghaidh na bliana an bhlianacht is iníoctha, más iníoctha í, le baintreach nó baintreach fir na pearsan aonair, ná an tsuim bhliantúil a íocadh nó is iníoctha leis an bpearsa aonair, nó

(e) nach bhforálann go n-íocfar aon bhlianacht ar shlí seachas ar feadh saoil an bhlianachtóra,

agus nach bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, conradh a chomhlíonann thairis sin na coinníollacha sin roimhe seo a cheadú. d'ainneoin go ndéanann foráil a bheith sa chonradh i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:

(a) go n-íocfar blianacht, tar éis bháis na pearsan aonair, le cleithiúnaí seachas baintreach nó baintreach fir na pearsan;

(b) go n-íocfar leis an bpearsa aonair blianacht a thosóidh sula slánóidh sé seasca bliain d'aois, má bhíonn an bhlianacht iníoctha ar é a theacht, de dheasca éalainge aigne nó coirp, chun bheith neamhinniúil go buan ar a shlí bheatha féin nó aon tslí bheatha dá samhail, a mbeidh sé oilte nó oiriúnach chuici, a bheith ar siúl aige;

(c) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di sula mbíonn seasca bliain d'aois slán acu, go dtosóidh an bhlianacht sula mbeidh an aois sin slán aige (ach nach dtosóidh sula mbeidh caoga bliain d'aois slán aige);

(d) go leanfaidh an bhlianacht is iníoctha le duine ar bith de bheith iníoctha ar feadh téarma chinnte (nach sia ná deich mbliana) d'ainneoin é d'fháil bháis laistigh den téarma sin, nó go bhforceannfaidh an bhlianacht is iníoctha le haon duine, nó go bhfionnrófar í, ar phósadh (nó ar athphósadh) don duine nó i gcúinsí eile;

(e) i gcás blianacht atá le leanúint i bhfeidhm ar feadh téarma chinnte, chun an bhlianacht a bheith insannaithe le huacht, agus i gcás aon duine d'fháil bháis agus teideal aige chuici, í a bheith insannaithe ag a ionadaithe pearsanta i ndáileadh a eastáit chun éifeacht a thabhairt do dhiúscairt tiomnach, nó do chearta na ndaoine ag a mbeidh teideal ar dhíthiomnacht nó do leithreasú uirthi chun leagáide nó scaire nó leasa san eastáit.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le ranníoc faoi scéim iontaobhais a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim mar atá feidhm acu maidir le préimh faoi chonradh blianachta a ceadaíodh amhlaidh, faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear, in ionad an choinníll maidir leis an duine lena bhfuil an conradh déanta, coinníoll—

(a) gur faoi dhlíthe an Stáit a bunaíodh, agus gur sa Stát a riartar, an scéim,

(b) gur bunaíodh an scéim ar mhaithe le pearsana aonair a bhíonn ag gabháil do shlí bheatha áirithe, nó ag a bhfuil baint le slí bheatha áirithe (nó an ceann seo nó an ceann siúd de ghrúpa slite beatha), agus chun blianachtaí scoir a sholáthar dóibh, i dteannta nó d'éagmais foshochar dá dteaghlaigh nó dá gcleithiúnaithe, agus

(c) go bhfuil an scéim bunaithe amhlaidh faoi iontaobhais neamhinchúlghairthe ag comhlacht daoine arb iad formhór na bpearsan aonair iad, nó a ionadaíonn formhór na bpearsan aonair, den sórt sin atá sa Stát,

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ar thagairtí eile don chonradh nó don duine lena bhfuil an conradh déanta; agus lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí aon chiste a cothabháladh chun na críche a dúradh faoi scéim a bhí ceadaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na daoine ag a mbeidh nó lena mbeidh préimheanna iníoctha faoi aon chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoin alt seo nó do na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag á mbeidh bainistí aon scéime a bheidh ceadaithe amhlaidh, an ceadú sin a aistarraingt ar cibé forais agus ó cibé dáta (lena n-áirítear dáta roimh dháta an fhógra) a shonrófar san fhógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí is oiriúnach chun aon fhaoiseamh a aistarraingt a tugadh faoin gCaibidil seo de dhroim an cheadaithe.

(6) Chun críocha na Caibidle seo, ní áireofar tuilleamh iomchuí mná pósta mar thuilleamh iomchuí de chuid a fearchéile d'ainneoin go n-áireofar gur ioncam dá chuid a hioncam is inmhuirir i leith cánach.

(7) Faoi réir fho-alt (6) agus chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “tuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, aon ioncam dá chuid is inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta a bheidh i gceist, agus is—

(a) ioncam de bharr luach saothair ó oifig nó fostaíocht bhrabúis atá aige agus nach oifig nó fostaíocht inphinsin, nó

(b) ioncam ó aon mhaoin a ghabhann le díolaíochtaí nó is cuid de dhíolaíochtaí, aon oifige nó fostaíochta brabúis den sórt sin atá aige, nó

(c) ioncam is inmhuirir faoi Sceideal B nó Sceideal D agus a fhaigheann sé díreach óna thrádáil, a ghairm a dhéanamh nó a chleachtadh ina aonar nó, i gcás comhpháirtíochta, mar chomhpháirtí ag gníomhú go pearsanta sa chomhpháirtíocht sin, nó

(d) ioncam a áirítear mar ioncam tuillte de bhua alt 2 (2) (c),

ach ní fholaíonn sé aon luach saothair ó chuideachta infheistíochta—

(i) ar stiúrthóir dílseánach, mar mhínítear sin in alt 226, uirthi é, nó

(ii) ar fostaí dílseánach, mar mhínítear sin san alt sin, di é.

San fho-alt seo, ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta ar ioncam ó infheistíochtaí formhór a hioncaim, agus ciallaíonn “ioncam ó infheistíochtaí” ioncam nárbh ioncam tuillte dá mba phearsa aonair an chuideachta.

(8) Chun críocha na Caibidle seo, is oifig nó fostaíocht inphinsin oifig nó fostaíocht más rud é, agus amháin más rud é, gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce an tseirbhís inti (nach scéim a bhfuil de theorainn leis na sochair a sholáthraítear fúithi i leith na seirbhíse sin gur cnapshuim is iníoctha ar an tseirbhís a fhoirceannadh trí bhás a fháil sula slánaítear seachtó bliain d'aois nó aois éigin is lú ná sin, nó trí mhíchumas sula slánaítear seachtó bliain d'aois nó aois éigin is lú lá ná sin); ach tá feidhm le tagairtí d'oifig nó d'fhostaíocht inphinsin cibé acu a chomhlíontar go hiomlán nó go páirteach sa Stát na dualgais nó cibé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar an sealbhóir ina leith.

Chun críocha an mhínithe seo, ní mheasfar gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce seirbhís in oifig nó i bhfostaíocht de bhrí amháin go bhféadfadh sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta a bheith (cé nach bhfuil sé) páirteach sa scéim trí rogha atá aige de bhua na seirbhíse sin a fheidhmiú nó a fhágáil gan fheidhmiú.

(9) I bhfo-alt (8) den alt seo agus i Sceideal 5 ciallaíonn “scéim aoisliúntais faoi choimirce” scéim nó comhshocraíocht a bhaineann le seirbhís in oifigí nó fostaíochtaí áirithe agus arb é a cuspóir nó ceann dá cuspóirí soláthar a dhéanamh i leith daoine atá ag fónamh ann in oirichill scoir, nó páirt-scoir, san am le teacht, in oirichill foirceannadh seirbhíse san am le teacht mar gheall ar bhás nó míchumas, nó in oirichill rudaí dá samhail sin, agus is scéim nó comhshocraíocht faoina ndéantar nó faoina ndearnadh aon chuid de chostas an tsoláthair a dhéanfar amhlaidh a íoc ag duine nó daoine seachas na daoine sin de dhroim a seirbhíse (cibé acu gurb é costas nó cuid de chostas na sochar a sholáthar é nó costas préimheanna nó suimeanna eile a íoc chun na sochair sin a sholáthar, nó chun an scéim nó an chomhshocraíocht a riaradh nó a bhunú); ach, chun na críche seo, measfar íoc aon íocaíochta, a rinneadh nó a comhaontaíodh a dhéanamh i leith seirbhíse duine, a bheith ar an duine sin de dhroim a sheirbhíse, má áirítear faoin Acht seo an íocaíocht sin nó an comhaontú chun í a dhéanamh mar mhéadú ar a ioncam nó dá mbeadh sí le háireamh amhlaidh dá mbeadh cáin inmhuirir air faoi Sceideal E i leith a dhíolaíochtaí ón tseirbhís sin.

(10) Ní mheasfar go mbaineann aon ní in ailt 4 agus 6 den Policies of Assurance Act, 1867, le haon chonradh a cheadófar faoin alt seo.

An saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid.

[1958, a. 41;

1959, a. 68 (1) (ii); 1965, Sc. 3,

Cuid I.]

236. —(1) I gcás ina mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo maidir le haon phréimh cháilitheach a bheidh íoctha ag pearsa aonair, déanfar méid na préimhse sin a asbhaint as a thuilleamh iomchuí, nó a fhritháireamh i gcoinne a thuillimh iomchuí, don bhliain mheasúnachta a íocadh an phréimh:

Ar choinníoll nach mbeidh an tsuim a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó é) níos mó ná suim £500 nó níos mó ná an deichiú cuid dá ghlantuilleamh iomchuí don bhliain sin, agus i gcás an coinníoll atá in alt 235 (1) (a) a bheith comhlíonta maidir le cuid, agus amháin maidir le cuid, den bhliain sin, ansin cuirfear in ionad na suime sin £500 an tsuim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus suim cúig chéad punt a bheidh idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán (ach sin ar shlí go mbeidh éifeacht ag an gcoinníoll seo faoi réir forálacha Sceideal 5 i gcás pearsana aonair in oifig nó fostaíocht inphinsin, agus pearsana aonair a rugadh sa bhliain 1917 nó roimhe).

(2) Más rud é go ndéanfaí faoin alt seo, aon bhliain mheasúnachta, laghdú, nó laghdú níos mó, ar thuilleamh pearsan mura mbeadh neamhdhóthanacht ghlantuillimh iomchuí, déanfar méid an laghdaithe a dhéanfaí, mura mbeadh an neamhdhóthaineacht sin, lúide méid aon laghdaithe a dhéanfar an bhliain sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain díreach ina dhiaidh sin agus a áireamh, chun críocha faoisimh faoin alt seo, mar mhéid préimhe cáilithí a bheifear tar éis a íoc an bhliain sin ina dhiaidh sin, agus mar sin de blianta ina dhiaidh sin arís (más gá).

(3) Chun críocha faoisimh faoin alt seo, is é tuilleamh iomchuí pearsan aonair an tuilleamh sula ndéanfar aon asbhaint as a bheidh le déanamh i leith caillteanais nó i leith aon liúntais faoi alt 241, 244 (3) nó 245, nó faoi Chaibidil III de Chuid XIV, nó faoi Chuid XV nó XVI agus forléireofar sa tslí chéanna tagairtí d'ioncam sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo (seachas tagairtí d'ioncam iomlán).

(4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn “glantuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, méid a thuillimh iomchuí don bhliain mheasúnachta a bheidh i gceist, lúide méid aon asbhaintí a bheidh le déanamh as an tuilleamh iomchuí le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar a ioncam iomlán don bhliain sin—

(a) is asbhaintí i leith íocaíochtaí a rinne sé, nó

(b) is asbhaintí i leith caillteanas nó i leith liúntas den sórt a luaitear i bhfo-alt (3), is caillteanais nó liúntais de dhroim gníomhaíochtaí, a n-áireofaí na brabúis nó na gnóchain uathu nuair a bheifí ag ríomh tuillimh iomchuí na pearsan aonair nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan aonair don bhliain 1958-59, nó do bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

(5) Más rud é, aon bhliain mheasúnachta a éileoidh pearsa aonair, agus a lamhálfar dó, faoiseamh faoin alt seo, go mbeidh, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar ioncam iomlán na pearsan nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan, asbhaint de shaghas dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b) le déanamh i leith aon chaillteanais nó liúntais de chuid na pearsan, agus go mbeidh an asbhaint nó cuid di le déanamh amhlaidh as ioncam seachas tuilleamh iomchuí, áireofar méid na hasbhainte as an ioncam eile sin mar laghdú ar ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin (agus a bhainfear, a oiread is féidir é, as cuid na bliana díreach ina dhiaidh sin, cibé acu a éileoidh nó nach n-éileoidh sé faoiseamh nó a bheidh nó nach mbeidh sé i dteideal faoiseamh a éileamh faoin alt seo in aghaidh na bliana sin, agus, sa mhéid nach féidir é a asbhaint amhlaidh, ansin ó chuid na bliana ina dhiaidh sin, agus mar sin de).

(6) I gcás inar tuilleamh iomchuí cuid agus gur ioncam eile cuid eile d'ioncam pearsan aonair d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, ansin, déanfar, a mhéid is féidir é, aon asbhaintí a bheidh le déanamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar a ioncam iomlán, agus ar féidir a áireamh gur asbhaineadh iad go léir nó cuid díobh as tuilleamh iomchuí nó as ioncam eile, a áireamh, chun críocha an ailt seo, mar asbhaintí as an tuilleamh iomchuí sin sa mhéid gur asbhaintí iad i leith aon chaillteanais den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b), agus, thairis sin, mar asbhaintí as an ioncam eile sin.

(7) Beidh glantuilleamh iomchuí pearsan aonair d'aon bhliain mheasúnachta áirithe le ríomh gan aird ar aon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt in aghaidh na bliana sin faoin alt seo don phearsa aonair nó do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair.

(8) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh faoiseamh le tabhairt in aghaidh na bliana sin), agus go ndéanfar ina dhiaidh sin aon mheasúnacht eile, athrú ar mheasúnacht, nó coigeartú eile ar dhliteanas an éilitheora i leith cánach, déanfar, freisin, cibé coigeartuithe (más aon choigeartuithe iad) a leanfaidh sin ar an bhfaoiseamh a lamhálfar nó a thabharfar faoin alt seo in aghaidh na bliana measúnachta sin nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(9) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith aon íocaíochta, ní thabharfar faoiseamh ina leith faoi aon fhoráil eile den Acht seo in aghaidh na bliana measúnachta céanna ná bliana measúnachta ina dhiaidh sin ná (i gcás íocaíochta faoi chonradh blianachta) i leith aon phréimhe nó comaoine eile i leith blianachta faoin gconradh céanna; agus ní mheasfar go bhfolaíonn tagairtí san Acht seo d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil faoiseamh faoin alt seo.

(10) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

Cánachas ar chuideachtaí árachais a dhéanann gnó blianachtaí.

[1958, a. 42.]

237. —(1) I gcás ina seolann cuideachta árachais gnó blianachtaí pinsin—

(a) lamhálfar díolúine ó cháin ioncam i leith ioncaim ó infheistíochtaí agus taiscí d'oiread sin de chiste blianachtaí na cuideachta agus is inchurtha i leith an ghnó sin, agus

(b) ní bheidh an chuideachta i dteideal a áireamh gurb as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach aon chuid is inchurtha amhlaidh i leith an ghnó sin de na blianachtaí a d'íoc an chuideachta.

(2) Ach amháin i gcás cuideachta árachais a muirearaíodh i leith cánach de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás 1 de Sceideal D i leith brabús a gnó árachais saoil nó (i gcás ina mbeidh rogha déanta ag an gcuideachta faoi alt 217 (3)) i leith brabús a gnáth-ghnó árachais saoil, déileálfar le brabúis cuideachta árachais ó ghnó blianachtaí pinsean, nó ó ghnó blianachtaí ginearálta, mar bhrabúis nó gnóchain bhliantúla laistigh de Sceideal D, agus beidh an céanna inmhuirir faoi Chás IV den Sceideal sin, agus chun na críche sin—

(a) déileálfar ar leithligh leis an ngnó de gach aicme den sórt sin, agus

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo, ríomhfar na brabúis ón gcéanna de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás 1 de Sceideal D (agus gan aird ar fhorálacha alt 79 (2) maidir leis an tréimhse a ghlacfar le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar bhrabúis chun críocha Chás IV de Sceideal D):

Ar choinníoll, nuair a bheidh aon ríomh den sórt sin á dhéanamh—

(i) go mbeidh feidhm ag forálacha alt 217 (1), arna modhnú mar is gá, agus, go háirithe, gach tagairt do shealbhóirí polasaithe iontu a fhágáil ar lár,

(ii) nach lamhálfar asbhaint ar bith i leith aon chostais is costas bainistí dá dtagraítear in alt 214, agus

(iii) go bhfritháireofar i gcoinne na mbrabús aon chaillteanas, a ríomhfar ar an bhforas céanna ar ar ríomhadh na brabúis, a tabhaíodh i ngnó blianachtaí den aicme chéanna aon bhliain roimhe sin nár bhliain roimh an mbliain 1958-59; ach ní dhéanfar aon chaillteanas den sórt sin a chur i gcuntas thar uair amháin chun críocha na míre seo.

(3) I gcás ina mbeidh faoiseamh ó cháin faoi alt 76 (3) tugtha i leith ioncaim ó infheistíochtaí chiste árachais saoil coigríche de chuid cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceann-oifig, déanfar laghdú comhréire ar aon suim arb inmhuirir cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua fho-alt (2) díreach mar dhéanfar laghdú comhréire faoi alt 214 (5) ar an bhfaoiseamh a dheonófar don chuideachta i leith costas bainistí.

(4) I gcás cuideachta árachais nach sa Stát atá a ceann-oifig a bheith ag seoladh gnó árachais saoil trí aon bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát, ansin, aon mhuirearú a dhéanfar i leith cánach faoi fho-alt (2) in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe ar na brabúis chun na cuideachta ó ghnó blianachtaí pinsean, nó ó ghnó blianachtaí ginearálta—

(a) déanfar é ar mhéid a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus méid iomlán na mbrabús sin, is cuma cad as dóibh, a bheidh, faoi alt 215, idir an chuid d'ioncam chiste árachais saoil na cuideachta a muirearaíodh i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D an bhliain sin agus méid iomlán an ioncaim sin, agus

(b) ní áireofar é mar mhuirear i leith cánach i ndáil le gnó árachais saoil chun críocha alt 215 (3).

(5) Ní chuirfidh an díolúine ó cháin a thugtar le fo-alt (1) aon tsuimeanna ó áireamh mar fháltais nuair a bheidh ríomh á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain nó caillteanais chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus ní bheidh teideal ag cuideachta árachais, de bhua fho-alt (2), chun aon fhaoiseamh a fháil faoi alt 310, i leith caillteanas ar a gnó blianachtaí pinsean ná ar a gnó blianachtaí ginearálta.

(6) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “gnó blianachtaí ginearálta” aon ghnó blianachtaí nach gnó blianachtaí pinsean, agus aon roinnt a bheidh le déanamh idir an dá aicme ghnó déanfar é ar an bprionsabal go gcuirfear i leith an ghnó blianachtaí pinsean aon phréimheanna lena mbaineann fo-alt (7), mar aon leis an gcuid a thagann uaidh de chiste blianachtaí na cuideachta agus dá dliteanas i leith blianachtaí, agus go ndéileálfar dá réir sin le hairgead eile isteach agus amach.

(7) Is iad na préimheanna a chuirfear i leith gnó blianachtaí pinsean na préimheanna sin is iníoctha faoi chonarthaí de thuairisc amháin nó eile (an tráth is iníoctha an phréim) de na tuairiscí seo a leanas:

(a) aon chonradh le pearsa aonair arb inmhuirir, nó arbh inmhuirir mura mbeadh neamhdhóthanacht bhrabús nó gnóchan, i leith cánach i ndáil le tuilleamh iomchuí (mar a mhínítear sin in alt 235) ó thrádáil, gairm, oifig nó fostaíocht a bhí aige nó á dhéanamh aige, is conradh a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin, agus

(b) aon chonradh leis na hiontaobhaithe nó le daoine eile ag a raibh bainistí chiste aoisliúntais de réir bhrí alt 222, nó bainistí scéime arna ceadú faoi alt 235, is conradh—

(i) a rinneadh chun críocha, agus amháin chun críocha, an chiste nó na scéime sin nó, i gcás ciste nach mbeidh ach cuid de ceadaithe faoi alt 222, ansin críocha na coda sin, agus amháin chun críocha na coda sin, den chiste sin, agus

(ii) (i gcás conradh a rinneadh nó a athraíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis sin) a bheidh ceaptha ar shlí go bhfuil na dliteanais a ghlac an chuideachta árachais uirthi féin faoin gconradh ar comhréir le dliteanais a bhfuil an conradh ceaptha chun an ciste (nó an chuid iomchuí de) nó an scéim a urrú ina gcoinne.

(8) Forléireofar an t-alt seo de réir alt 1; agus chun críocha an ailt seo ciallaíonn “gnó blianachtaí” gnó blianachtaí a dheonú ar shaol duine agus folaíonn “préimh” aon chomaoin i leith blianachta.

Forálacha forlíontacha.

[1958, a. 42.]

238. —(1) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 236 i leith préimhe cáilithí ach amháin tar éis éileamh a bheith déanta chun an chigire ar ghéill sé dó, ach féadfaidh aon duine arb éagóir leis aon bhreith a thabharfaidh an cigire ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá agus fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) ionann is dá mba achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim é agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú ag iarraidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ag forordú an nós imeachta a leanfar agus an Chaibidil seo á cur in éifeacht, a mhéid nach mbeidh socrú eile ann don nós imeachta sin agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) an modh agus an fhoirm a fhorordú ina ndéanfar éilithe ar fhaoiseamh ó cháin nó ar aisíoc cánach,

(b) an teorainn ama a fhorodú chun aon éileamh den sórt sin a dúradh a dhéanamh,

(c) a cheangal ar na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag a mbeidh bainistí scéime iontaobhais ceadaithe cibé eolas agus sonraí a sheachadadh ó am go ham a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún chun críocha na Caibidle seo, agus

(d) aon fhoráil den Acht seo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a chur chun feidhme chun críocha na Caibidle seo nó chun críocha na rialachán.

(4) Má dhéanann aon duine go feasach, d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin, nó aisíoc cánach, a fháil dó féin nó d'aon duine eile faoin gCaibidil seo, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach, dlífear pionós £500 a chur air.