An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Forálacha Ilghnéitheacha i dtaobh Seirbhísí) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Achtachá in a Aisghairtear)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

CUID V

Forálacha Ilghnéitheacha

Leasú ar chairteanna ospidéal, etc.

76. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, ar iarratas ó chomhlacht rialtóirí ospidéil, cairt nó Acht príobháideach a bhaineann leis an ospidéal sin a leasú.

(2) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht d'ordú a bheartófar a dhéanamh faoin alt seo agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

(3) Sula leagfaidh sé dréacht d'ordú faoin alt seo faoi bhráid Tí den Oireachtas, rachaidh an tAire i gcomhairle le Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla.

Coirp a aistriú go dtí áitreabh iomchuí.

77. —I gcás ina bhfaighfear corp duine mhairbh i limistéar feidhme boird sláinte féadfaidh an bord, de réir rialacháin ón Aire a rinneadh le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, socrú a dhéanamh chun an corp a aistriú go dtí áitreabh iomchuí.

Seilbh substaintí áirithe a rialú.

1934, Uimh. 1 .

78. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun seilbh substainte lena mbaineann an t-alt seo a rialú.

(2) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin faoin alt seo chun a thoirmeasc substaint lena mbaineann na rialacháin a shealbhú ach amháin ag daoine nó aicmí daoine a shonraítear sna rialacháin agus in imthosca agus i ndála a shonraítear sna rialacháin.

(3) Aon duine a dhéanfaidh sárú, nó a fhéachfaidh le sárú a dhéanamh, ar rialachán faoin alt seo nó a iarrfaidh ar dhuine eile nó a aslóidh duine eile chun sárú a dhéanamh ar rialachán den sórt sin beidh sé ciontach i gcion.

(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná cúig bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná cúig bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

agus féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine a ordú an tsubstaint arb ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh, agus a dhiúscairt mar is cuí leis an gcúirt.

(5) (a) Bainfidh alt 31 d'Acht na nDruganna Dainséireacha, 1934 (a thugann cumhacht do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche barántas cuardaigh a eisiúint i gcásanna áirithe), le seilbh substainte lena mbaineann rialacháin faoin alt seo ionann dá mba dhrug, substaint nó táirge dá dtagraítear san alt sin 31 í agus gur faoin Acht sin a rinneadh na rialacháin.

(b) Bainfidh alt 32 den Acht Druganna Dainséireacha, 1934, a dúradh (a thugann cumhacht do chomhalta den Gharda Síochána gabháil a dhéanamh gan bharántas in imthosca áirithe), le cion faoin alt seo ionann is dá mba chion é faoin Acht sin.

(6) Baineann an t-alt seo le haon substaint is féidir a úsáid chun aon easláinte, éagruas, díobháil nó éalaing daonna a chosc, a fháithmeas nó a chóireáil nó chun aon fheidhm fhiseolaíoch a mhodhnú, agus is dóigh leis an Aire a dhéanann, nó ar féidir léi, iarsmaí domheanmna, spreagtha nó bréagchéadfaíochta a tháirgeadh i lárchóras néaróg an duine.

Leathnú ar an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919.

1919, c. 72.

79. —D'ainneoin alt 11 den Rats and Mice (Destruction) Act, 1919, aon uair nach féidir le bord sláinte teacht ar áititheoir talún, féadfar fógra faoi alt 5 den Acht sin a sheirbheáil tríd an bhfógra a dhaingniú ar nó de gheata, doras nó cuid fheiceálach den talamh.

Srian leis an Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 .

1947, Uimh. 47 .

80. —Ní dhéanfar ranníoc le bord sláinte faoi alt 32 a áireamh ar chaiteachas sláinte glan údaráis áitiúil chun críocha an Achta Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 .

Leasú ar alt 3 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar (Forála Airgeadais), 1945.

1945, Uimh. 19 .

81. —Leasaítear leis seo an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar (Fórala Airgeadais), 1945—

(a) trí na mínithe ar “an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe”, “dochtúir oifigiúil údaraithe”, “othar inmhuirir”, “comhúdarás”, “comhbhord”, “cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar”, “coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar” agus “coiste fiosraithe óspidéil mheabhairghalar cheantair” a scriosadh,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3 i ndiaidh an mhínithe ar “óspidéal meabhar-ghalar ceantair”—

“ciallaíonn ‘othar cáilithe’ othar is duine ag a bhfuil lán-cháilíocht nó duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta de réir brí ailt 45 agus 46 den Acht Sláinte, 1970 ”, agus

(c) trí “othar cáilithe” a chur in ionad “othar iomhuirir” gach áit a bhfuil sé sin.

Oiriúnú ar na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966.

82. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh, maidir le haon achtachán atá sna hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966 (lena n-áirítear foráil nua a chur in ionad forála atá san achtachán sin), is dóigh leis is gá ionas go bhféadfaidh éifeacht ar comhréir leis an Acht seo a bheith ag an achtachán sin.

(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach rún laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoi ordú.

Fiosrúcháin áitiúla, etc.

1941, Uimh. 23 .

1946, Uimh. 24 .

83. —(1) Maidir le haon fhiosrúchán áitiúil a chuirfidh an tAire á dhéanamh faoi alt 33 faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1941

(a) forléireofar mar thagairt do bhord sláinte aon tagairt san alt sin d'údarás áitiúil,

(b) forléireofar mar thagairt do bhord sláinte aon tagairt in alt 90 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , d'údarás áitiúil agus forléireofar mar thagairt do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte aon tagairt san alt sin don bhainisteoir d'údarás áitiúil.

(2) Beidh feidhm ag ailt 84 go 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , maidir le boird sláinte agus oifigigh boird sláinte.

Cúnamh poiblí.

1939, Uimh. 27 .

84. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 , tiocfaidh limistéar feidhme údaráis áitiúil a shonraítear i bhfo-alt (2) chun bheith agus beidh sé in cheantar cúnaimh phoiblí chun críocha an Achta sin agus beidh an t-údarás áitiúil ina údarás cúnaimh phoiblí don cheantar cúnaimh phoiblí.

(2) Is údaráis áitiúla chun críocha an ailt seo iad seo a leanas—

Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

comhairle chontae Bhaile Átha Cliath;

Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaí;

comhairle chontae Chorcaí;

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh;

comhairle chontae Luimnigh;

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phort Láirge;

comhairle chontae Phort Láirge.

Rialacháin maidir le hoiriúnuithe.

85. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosach feidhme an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhár nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnú nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht ar comhréir leis an Acht seo a bheith ag an reacht, ag an ordú nó ag an rialachán sin.

Leasú ar an Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 .

1955, Uimh. 12 .

86. —Leasaítear leis seo an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 , trí “agus an Aire Sláinte agus” a scriosadh as alt 12 (1), as alt 13 (1) agus as alt 14 (1).