An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SLÁINTE, 1970) Ar Aghaidh (CUID II Riarachán)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(4) Ach amháin mar a bhforáiltear go sonrach dá mhalairt, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó orduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —(1) Aon tagairt atá san Acht seo do Chuid, alt nó sceideal, is tagairt í do Chuid, alt nó sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo d'fho-alt, mír, fomhír nó riail is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don riail den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Aisghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.