|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÁNACH BREISLUACHA, 1972) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirir de réir Ra ta Zero faoin gcéad) |
AN tACHT CÁNACH BREISLUACHA, 1972
[EN] | ||
[EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL Gníomhaíochtaí Díolmhaithe | |
(i) Soláthar stoc, scaireanna agus urrús eile; | ||
(ii) soláthar stampaí neamhúsáidte postais, fioscacha nó árachais shóisialaigh de chuid na hÉireann; nó stampaí, cúpóin nó airíochtaí eile ar iad a sholáthar mar rudaí i gcaingean i leith comaoin airgid a mhuirearaítear ar leithligh ón gcomaoin i leith aon earraí nó seirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le soláthar na rudaí i gcaingean sin agus is réasúnach ag féachaint do luach malairte na rudaí i gcaingean sin; | ||
(iii) seachadadh uisce ag údaráis áitiúla; | ||
(iv) earraí do-chorraithe a ligean ach amháin— | ||
(a) ligean innealra nó suiteálacha gnó ar iad a ligean ar leithligh ó aon earraí do-chorraithe eile ar cuid díobh na hearraí nó na suiteálacha sin; | ||
(b) ligean i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh; agus | ||
(c) soláthar cóiríochta páirceála d'fheithiclí ag oibritheoirí carrchlósanna; | ||
(v) cothú agus iostas a sholáthar ar shlí seachas i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh; | ||
(vi) seirbhísí a sholáthraíonn an Stát nó údarás áitiúil seachas bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais a dhéanamh, a dheisiú, a chothabháil agus a fheabhsú; | ||
(vii) seirbhísí a thugtar mar mhalairt ar phá agus tuarastail ar inmhuirir cáin ioncaim ina leith faoi Sceideal E den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | ||
(viii) seirbhísí gairmiúla liachta, déidliachta, súil-liachta nó oideachais seachas seirbhísí a dhéantar i gcúrsa gnó a sheoladh arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol; | ||
(ix) seirbhísí a dhéanann ospidéil, tithe banaltrais, scoileanna agus bunachais dá samhail sin; | ||
(x) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag aturnaetha, cuntasóirí, achtúirí agus tréidleá; | ||
(xi) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag abhcóidí; | ||
(xii) seirbhísí gníomhaireachta maidir le— | ||
(a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú, | ||
(b) seachadadh earraí arna ndíol ag gníomhaire tithe, nó ag ceantálaí in imthosca de shórt nach meastar gurb é an ceantálaí a sheachaid na hearraí, | ||
(c) bailiú fiacha, cíosanna nó préimheanna árachais, agus | ||
(d) seirbhísí díolmhaithe eile a dhéanamh; | ||
(xiii) seirbhísí baincéireachta agus árachais; | ||
(xiv) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí fhruilcheannach nó idirbhearta díola creidmheasa; | ||
(xv) na seirbhísí náisiúnta craolacháin agus telefíse, gan fógraíocht a áireamh; | ||
(xvi) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar sa Stát agus mótar-fheithioil a fhruiliú (dá ngairtear an fruiliú reatha sa mhír seo) do dhuine is mótar fheithicil atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar, faoi chonradh, seachas conradh de chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), d'aon téarma nó cuid de théarma nach rachaidh thar 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu is fruiliú na mótar-fheithicle céanna nó fruiliú mótar-fheithicle eile é) chun an duine chéanna i rith na tréimhse 12 mí dar chríoch dáta tosach feidhme an fhruilithe reatha; | ||
(xvii) gealltóireacht; | ||
(xviii) ticéid nó cúpóin a eisiúint le haghaidh crannchuir; | ||
(xix) daoine a ligean isteach go dtí garraí ainmhithe; | ||
(xx) dálais spóirt, aontaí taispeántais nó taisealbhaí talmhaíochta, tráchtála nó tionscail a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu; | ||
(xxi) fuil dhaonna a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar; | ||
(xxii) adhlacóireacht; | ||
(xxiii) seirbhísí luachála a dhéanann ceantálaí, gníomhaire tithe nó suirbhéir cairte. |