|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Forálacha frithsheachanta agus pionóis) | Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis) |
An tACHT AIRGEADAIS, 1973
[EN] |
CUID II Custaim agus Mál | |
[EN] |
Beoir. |
47. —(1) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 27 (1) den Acht Airgeadais, 1971 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir arna grúdú sa Stát an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, dleacht máil de réir £31.913 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád. |
[EN] | (2) In ionad na dleachta custam a fhorchuirtear le halt 27 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , déanfar, an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál arna hallmhairiú isteach sa Stát de réir ráta £31.913 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil. | |
[EN] | (3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais, beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt arna ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach, de réir £31.926 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh. | |
[EN] | (4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933, maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo. | |
[EN] |
Biotáille. I.R. Uimh. 220 de 1972. 1919, c. 32. |
48. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, tríd an ábhar atá i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 28 den Acht Airgeadais, 1971 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh. |
[EN] | (2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníonadh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gceannteideal taraife darb uimhir 22.08 nó faoin gceannteideal taraife darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972. | |
[EN] | (b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo. | |
[EN] | (d) Aisghairtear leis seo alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1971 , amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach. | |
[EN] | (e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht. | |
[EN] | (3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir £17.990 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 28 (4) den Acht Airgeadais, 1971 . | |
[EN] | (4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna. | |
[EN] |
Tobac. |
49. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I, II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadas, 1969. |
[EN] | (2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus | |
[EN] | (b) ionann is dá mbeadh na tuairiscí tobac mhonaraithe a luaitear i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar áireamh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndiaidh na habairte “manufactured tobacco” agus go mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a luaitear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de in ionad an ráta a luaitear sa dara colún sin os coinne lua tobac mhonaraithe sa chéad cholún sin. | |
[EN] | (3) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac neamh-mhonaraithe a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a allmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a d'fhás sé agus gurbh as sin a coinsíníodh é. | |
[EN] | (b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar thobac neamh-mhonaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin. | |
[EN] | (c) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht. | |
[EN] | (4) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gceannteideal taraife darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972. | |
[EN] | (b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin. | |
[EN] | (c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo— | |
[EN] | (i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann agus nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, | |
[EN] | (ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus go mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus | |
[EN] | (iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8. | |
[EN] | (d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht. | |
[EN] | (e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá léi in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 . | |
[EN] | (f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe. | |
[EN] | (5) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1969 . | |
[EN] |
Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe). |
50. —(1) Faoi réir forálacha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá: |
[EN] | (a) sa mhéid gur tobac neamh-mhonaraithe na stoic, £0.627 ar gach punt meáchain de na stoic, agus | |
[EN] | (b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamh-mhonaraithe na stoic, £0.627 ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar stoic tobac a bheidh ar úinéireacht nó i seilbh monaróra cheadúnaithe tobac má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach mó ná 5,500 punt meáchan iomlán na stoc sin a bheidh ar úinéireacht nó i seilbh an mhonaróra agus ar a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, an dleacht inmhuirir. | |
[EN] | (3) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, lán-ullmhaithe lena mhiondíol agus— | |
[EN] | (i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó | |
[EN] | (ii) go raibh sé an tráth sin ar coimeád mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a mhiondíol; nó | |
[EN] | (iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin: | |
[EN] | Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena mhiondíol má bhí sé de réir gnáthchúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur fós faoi phróis éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é. | |
[EN] | (4) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 23ú lá de Bhealtaine, 1973, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé faisnéis a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na cainníochtaí de réir meáchain de gach tuairisc tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras. | |
[EN] | (5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas— | |
[EN] | (a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a tugadh de bhun fho-alt (4) den alt seo a fhíorú, agus | |
[EN] | (b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973. | |
[EN] | (6) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo nó an 23ú lá de Bhealtaine, 1973, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéiri Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ar arbh inmhuirir an dleacht sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an lú lá de Shamhain, 1973, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin. | |
[EN] | (7) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (5) den alt seo air a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach cion den sórt sin, agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin. | |
[EN] | (8) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-alt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] |
Toitíní le honnmhairiú. 1842, c. 93. 1863, c. 7. |
51. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 1, 3, 4, 5 ná 8 den Tobacco Act, 1842, maidir le— |
[EN] | (a) toitíní a monaraíodh, lena n-onnmhairiú, go hiomlán nó páirteach as airteagail nó earraí a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 38 den Acht Airgid, 1932 , a allmhairiú gan aon dleacht custam a íoc, nó | |
[EN] | (b) monarú toitíní den sórt sin, nó aon ní a úsáidtear i monarú toitíní den sórt sin. | |
[EN] | (2) Bainfidh alt 10 den Manufactured Tobacco Act, 1863, le toitíní lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo ar iad a onnmhairiú as an Stát, agus ní aon tráth roimhe sin, ach thairis sin bainfidh sé le tobac monaraithe amhail is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. |
52. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. |
[EN] | AN TÁBLA | |
[EN] | I.R. Uimh. 162 de 1972. |
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 199) (Dleachtanna Máil) (Deimhnithe Airm Tine), 1972 |
[EN] | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972 | |
[EN] | I.R. Uimh. 4 de 1973 . |
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 201) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973 |
[EN] | I.R. Uimh. 68 de 1973. |
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 202) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife) (Leasú), 1973 |
I.R. Uimh. 71 de 1973. |
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 203) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973 | |
I.R. Uimh. 72 de 1973. |
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 204) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973 | |
I.R. Uimh. 83 de 1973. |
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 205) (Beoir, Biotáille, Tobac, Olaí Hidreacarbóin agus Fíon), 1973. |