3 1975


Uimhir 3 de 1975


AN tACHT FÁN gCOIMISIÚN UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR AN COIMISIÚN UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ, DO SHONRÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Aibreán, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

tá le “an Coimisiún” an bhrí a thugtar dó le halt 3;

ciallaíonn “Coimisinéir” duine a ceapadh chun bheith ina Uachtarán ar an gCoimisúin nó ina chomhalta eile de;

ciallaíonn “an dlí” dlí an Stáit (lena n-áirítear aon dlí idirnaisiúnta, príobháideach nó poiblí) agus folaíonn sé ábhair chleachtais nó nós imeachta dhlíthiúil agus forléireofar dlí dá réir sin;

ciallaíonn “oifig bhreithiúnach”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, oifig arb í oifig Uachtarán na hArd-Chúirte, ghnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach nó ghnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt í;

folaíonn “athchóiriú”, maidir leis an dlí nó le brainse den dlí, a fhorbairt, a chódú (lena n-áirítear go háirithe a shimpliú agus a fhreacnairciú) agus athbhreithniú agus comhdhlúthú an dlí reachtúil, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.

3. —(1) Ar an lá bunaithe bunófar comhlacht ar a dtabharfar an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, agus dá ngairtear an Coimisiún san Acht seo, ar a mbeidh Uachtarán agus ceithre chomhalta eile arna gceapadh ag an Rialtas.

(2) Ar iarratas ón Taoiseach, arna dhéanamh aige tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne, ainmneoidh an Rialtas an cúigear arb iad an Coimisiún iad ar an lá bunaithe.

(3) Ar an lá bunaithe beidh na daoine a ainmneofar faoi fho-alt (2) den alt seo arna gceapadh faoin Acht seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choimisiún.

(4) I gcás ina dtarlóidh folúntas i measc comhaltaí an Choimisiúin, ceapfaidh an Rialtas duine chun an folúntas a líonadh a luaithe is féidir tar éis dóibh fios a fháil ón Ard-Aighne go bhfuil an folúntas ann.

(5) I gcás duine a ainmneofar faoi fho-alt (2) den alt seo d'fháil bháis roimh an lá bunaithe, measfar gur tharla folúntas i measc comhaltaí an Choimisiúin an lá díreach i ndiaidh an lae sin.

(6) Beidh an Coimisiún ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus le cumhacht chun agairt a dhéanamh agus chun bheith inagartha ina ainm corpraithe agus chun talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(7) Ní cheapfaidh an Rialtas ina gCoimisinéirí ach daoine a bhfeictear dóibh iad a bheith cáilithe go hoiriúnach trí oifig bhreithiúnach a shealbhú, trí thaithí mar abhcóide nó mar aturnae nó mar mhúinteoir dlí nó mar gheall ar cibé taithí, cáilíocht nó oiliúint speisialta eile is dóigh leis an Rialtas is cuí ag féachaint d'fheidhmeanna an Choimisiúin.

(8) Nuair a bheidh an Rialtas ag ceapadh duine ina Choimisinéir socróidh sé a théarma oifige, nach rachaidh thar chúig bliana, agus, faoi réir fho-ailt (12) agus (13) den alt seo, sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Rialtas tráth a cheaptha.

(9) Duine a shealbhóidh oifig bhreithiúnach, féadfar, gan é scaradh leis an oifig sin, é a cheapadh lena thoiliú chun bheith ina Choimisinéir, ach, mura bhforáiltear a mhalairt le téarmaí a cheapacháin, ní bheidh air a dhualgais faoi reacht mar shealbhóir oifige breithiúnaí a chomhlíonadh fad a bheidh sé ina chomhalta den Choimisiún.

(10) Féadfaidh Coimisinéir éirí as a oifig uair ar bith agus féadfar duine a scoirfidh de bheith ina Choimisinéir a athcheapadh.

(11) Íocfar le Coimisinéir, seachas Coimisinéir a shealbhaíonn oifig bhreithiúnach, cibé luach saothair a chinnfidh an Rialtas.

(12) I gcás ina n-ainmneofar Coimisinéir mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh do cheachtar Teach den Oireachtas, scoirfidh sé, ar ghlacadh leis an ainmniú dó, de bheith ina Choimisinéir.

(13) Duine a mbeidh, de thuras na huaire, teideal aige faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, chun Coimisinéir a dhéanamh de.

(14) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Coimisiún a nós imeachta agus a ghnó féin.

(15) Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, séala a sholáthar dó féin.

(16) Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin, nó duine éigin eile dá chomhaltaí a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisiún, séala an Choimisiúin a fhíordheimhniú.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

4. —(1) Coimeádfaidh an Coimisiún an dlí faoi bhreithniú agus déanfaidh sé, de réir forálacha an Achta seo, scrúduithe a ghabháil de láimh agus taighde a sheoladh d'fhonn an dlí a athchóiriú, agus tograí a leagan amach le haghaidh athchóiriú an dlí.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Coimisiún—

(a) i gcomhairle leis an Ard-Aighne, cláir a ullmhú ó am go ham, lena gcur faoi bhráid an Rialtais ag an Taoiseach, chun brainsí éagsúla den dlí a scrúdú d'fhonn iad a athchóiriú, agus féadfaidh na cláir sin a mholadh cad é an ghníomhaireacht (agus an Coimisiún nó comhlacht eile san áireamh) ag a mbeadh an scrúdú sin le déanamh agus ag a mbeadh tograí le leagan amach le haghaidh athchóiriú brainse den dlí lena mbaineann an scrúdú,

(b) de bhun moladh i gclár arna fhormheas faoi alt 5 den Acht seo, scrúdú a ghabháil de láimh agus taighde a sheoladh maidir le haon bhrainse den dlí agus, más cuí leis an gCoimisiún é, tograí le haghaidh athchóiriú air a leagan amach agus a chur faoi bhráid an Taoisigh,

(c) ar iarratas ón Ard-Aighne, scrúdú a ghabháil de láimh agus taighde a sheoladh maidir le haon bhrainse nó ábhar áirithe dlí cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear an brainse nó an t-ábhar sin i gclár a bheidh formheasta faoin alt sin 5 agus, má iarrtar sin, tograí le haghaidh athchóiriú air a leagan amach agus a chur faoi bhráid an Ard-Aighne.

(3) Más rud é, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, gur cuí leis an gCoimisiún é, féadfaidh sé—

(a) tograí le haghaidh athchóiriú ar an dlí a ghlacadh agus iad a bhreithniú lena gcur i gclár atá á ullmhú aige,

(b) scrúdú a dhéanamh agus cibé taighde a sheoladh maidir le dlí-chórais tíortha seachas an Stát a bhfeicfear don Choimisiún gur dóigh dó comhlíonadh a fheidhmeanna a éascú,

(c) dréacht-Bhillí a ullmhú, nó a chur á n-ullmhú, agus iad a áireamh ina thograí le haghaidh athchóiriú an dlí,

(d) dul i gcomhairle, i gcás aon ábhair áirithe is iomchuí leis an gCoimisiún, le daoine atá cáilithe chun tuairimí a thabhairt air,

(e) meithleacha oibre nó coistí comhairleacha a bhunú,

(f) réamhpháipéir oibre a fhoilsiú sula leagfar amach togra ar bith le haghaidh athchóiriú an dlí,

(g) inmhianaitheacht, tosaíocht, scóip agus fairsinge aon tograí le haghaidh athchóiriú an dlí a chur in iúl.

Cláir.

5. —(1) Déanfaidh an Taoiseach gach clár a ullmhófar de bhun alt 4 den Acht seo a chur faoi bhráid an Rialtais agus má thugann an Rialtas formheas air féadfaidh siad é sin a dhéanamh le modhnú nó gan mhodhnú.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an Rialtas formheas ar chlár a chuir an Taoiseach faoina mbráid de bhun an ailt seo, déanfar cóip den chlár, arna fhormheas amhlaidh, a leagan, a luaithe is féidir, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Tuarascálacha.

6. —A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil don Ard-Aighne ar a ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin faoi alt 4 den Acht seo, ar aon réamhpháipéir oibre a d'fhoilsigh sé i gcaitheamh na bliana sin, ar aon scrúdú a rinneadh i gcaitheamh na bliana sin ar dhlí-chóras tíre seachas an Stát agus ar ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin ag aon mheitheal oibre nó ag aon choiste comhairleach a bhunaigh an Coimisiún. Déanfaidh an tArd-Aighne, a luaithe is féidir, cóip den tuarascáil a chur chuig an Taoiseach agus cuirfidh seisean faoi bhráid an Rialtais í, agus leagfar cóipeanna den tuarascáil, a luaithe is féidir, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Caiteachais.

7. —Íocfar caiteachais an Choimisiúin, lena n-áirítear luach saothair a oifigeach agus a sheirbhíseach, as airgead a bheidh faoina réir ag an gCoimisiún.

Deontais.

8. —I ngach bliain airgeadais féadfar, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas nó deontais a íoc leis an gCoimisiún ina mbeidh cibé méid nó méideanna a mheasfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Ard-Aighne, a bheith riachtanach chun a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Cuntais agus iniúchóireacht.

9. —(1) Coimeádfaidh an Coimisiún i cibé foirm a bheidh formheasta ag an Aire Airgeadais gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead uile a fuair sé nó a chaith sé.

(2) Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh agus, ar iad a bheith iniúchta aige, tíolacfar iad, maille le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, don Aire Airgeadais agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Foireann an Choimisiúin.

1956, Uimh. 45 .

1956, Uimh. 46 .

10. —(1) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, ceapfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an Ard-Aighne, cibé daoine agus cibé líon daoine chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Choimisiún a mheasfaidh an Coimisiún, faoi réir cheadú Aire na Seirbhíse Poiblí i dtaobh a lín, a bheith cuí ó am go ham.

(2) Féadfaidh an Coimisiún duine a fhostú i gcáil pháirtaimsire a bhféadfar luach saothair a thabhairt dó trí tháillí a íoc ina mbeidh cibé méideanna a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham le ceadú an Ard-Aighne arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Íocfar le hoifigigh an Choimisiúin, seachas oifigigh atá ina gcomhaltaí d'fhoireann chléireachais an Choimisiúin, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham faoi réir cheadú an Ard-Aighne arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus sealbhóidh oifigeach den sórt sin de chuid an Choimisiúin a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham faoi réir an cheadaithe sin arna thabhairt amhlaidh.

(4) (a) Féadfaidh an tArd-Aighne aon oifig faoin gCoimisiún a shonrú chun críocha fho-alt (5) den alt seo.

(b) Féadfaidh an tArd-Aighne, más cuí leis é, sonrú a bheidh déanta aige faoin bhfo-alt seo a chealú.

(5) Sula ndéanfaidh an Coimisiún bearta chun oifig a líonadh a mbaineann sonrú faoi fho-alt (4) den alt seo léi, rachaidh sé i gcomhairle leis an Ard-Aighne agus féadfaidh seisean, más cuí leis é, i ndáil le ceapachán chun na hoifige a dhéanamh ag an gCoimisiún, a cheangal ar an gCoimisiún iarratais a lorg ar mhodh a shonróidh sé agus feidhm a bhaint as modh a shonrófar amhlaidh chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh, agus má dhéanann an tArd-Aighne ceanglas faoin bhfo-alt seo, comhlíonfaidh an Coimisiún an ceanglas.

(6) (a) Bainfidh Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , le daoine d'fhoireann chléireachais an Choimisiúin agus chun na críche sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le halt 3 den Acht sin;

(i) forléireofar fo-alt (1) den alt sin agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach ann i ndiaidh mhír (b);

“(bb) maidir le post duine d'fhoireann chléireachais an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí—an Taoiseach,”, agus

(ii) forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas leis:

“(3) Má dhéantar tarmligean faoin Acht Rialuithe de bhun alt 10 (6) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 , ansin, fad a bheas an tarmligean i bhfeidhm, is é an t-údarás seo a leanas a bheas, in ionad an Taoisigh, ina údarás iomchuí, chun críocha alt 5, maidir le post duine d'fhoireann chléireachais an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, eadhon,

(a) más tarmligean chuig an Ard-Aighne é, an té is Ard-Aighne de thuras na huaire, nó

(b) más tarmligean chuig an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí é, an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.”.

(b) Is státseirbhíseach i státseirbhís an Stáit gach duine d'fhoireann chléireachais an Choimisiúin agus gach seirbhíseach don Choimisiún.

(c) Chun Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, a fheidhmiú maidir le státseirbhísigh i státseirbhís an Stáit atá ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) forléireofar alt 2 (1) d'Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí “nó duine d'fhoireann an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí” isteach i ndiaidh “don Ard-Aighne” i mír (b), agus

(ii) forléireofar alt 2 (2) den Acht sin agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach ann i ndiaidh mhír (c);

“(cc) Féadfaidh an Taoiseach na cumhachtaí is infheidhmithe aige faoin Acht seo mar údarás iomchuí maidir le státseirbhísigh atá ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí a tharmligean chuig an Ard-Aighne nó chuig an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, agus má dhéanann sé amhlaidh, ansin, an fhad a mhairfeas an tarmligean i bhfeidhm,

(i) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Taoiseach, infheidhmithe ag an duine a bheas de thuras na huaire ina Ard-Aighne nó ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, cibé acu is iomchuí, agus

(ii) is é an duine sin nó an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, cibé acu is iomchuí, a bheas, in ionad an Taoisigh, ina údarás iomchuí chun críocha an Achta seo maidir le státseirbhísigh atá ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí,”

Aoisliúntais Coimisinéirí.

1961, Uimh.39.

1959, Seis. 1.c. 26.

11. —(1) Féadfaidh an tArd-Aighne, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do dhaoine nó i leith daoine ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis, is daoine a ceapadh ina gCoimisinéirí i gcáil lánaimsire agus a scoirfidh de bheith i seilbh oifige, seachas daoine ar féidir dámhachtain a dhéanamh dóibh nó ina leith faoi Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

(2) Féadfaidh scéim faoin alt seo a fhoráil nach mbeidh foirceannadh ceapacháin duine mar Choimisinéir i rith téarma oifige an duine sin ina chosc ar phinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhachtain dó faoin scéim.

(3) Féadfaidh an tArd-Aighne, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a rinne sé faoin alt seo a leasú.

(4) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Ard-Aighne agus tarchuirfidh seisean chuig Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire sin uirthi.

(5) Cuirfear scéim arna déanamh faoin alt seo i gcrích de réir a téarmaí.

(6) Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gach dochar do bhailócht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(7) I gcás ina gceapfar státseirbhíseach bunaithe ina Choimisinéir, déanfar na sochair aoisliúntais a bheidh le deonú dó i leith a sheirbhíse mar Choimisinéir a ríomh, má ordaíonn Aire na Seirbhíse Poiblí é dá rogha féin, de réir forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, amhail is dá mba go raibh sé, ar feadh tréimhse na seirbhíse sin, ina státseirbhíseach bunaithe agus go raibh sé á íoc ar feadh na tréimhse sin as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas de réir brí alt 17 den Superannuation Act, 1859.

Aoisliúntais oifigeach áirithe don Choimisiún.

12. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Coimisiún, agus cuirfidh faoi bhráid an Ard-Aighne lena ceadú nó lena gceadú, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis, do cibé oifigigh lánaimsire dá chuid, nó ina leith, is oiriúnach leis an gCoimisiún, seachas oifigigh atá, de bhua alt 10 (6) (b) den Acht seo, ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit.

(2) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith scéim do leasú scéime faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Ard-Aighne.

(3) Nuir a chuirfear scéim faoi bhráid an Ard-Aigne de bhun an ailt seo féadfaidh an tArd-Aighne, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú gan mhodhnú nó le cibé modhnú (trí bhreisiú, trí fhágáil ar lár nó trí athrú) a mheasfaidh an tArd-Aighne, leis an gcomhthoiliú sin, a bheith cuí.

(4) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Ard-Aighne faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún, má bhíonn sí ceadaithe ag an Ard-Aighne le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, í a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Déanfaidh scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Ard-Aighne agus ceadaithe faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir a shocrú do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a cheapadh i leith aicmí eagsúla daoine.

(6) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid Aire na Seirbhíse Poiblí agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire sin uirthi.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Ard-Aighne agus a cheadófar faoin alt seo leagfar i faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin ach gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Fostaithe de chuid an Choimisiúin a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

13. —(1) I gcás duine is fostaí de chuid an Choimisiúin a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh do cheachtar Teach den Oireachtas, beidh sé ar iasacht air sin óna fhostaíocht ag an gCoimisiún agus ní íocfaidh an Coimisiún leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCoimisiúin, aon luach saothair ná aon liúntais—

(a) i gcás a ainmnithe mar chomhalta de Sheanad Éireann, i leith na tréimhse a thosóidh nuair a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus a chríochnóidh nuair a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás a ainmnithe lena thoghadh do cheachtar Teach acu sin, i leith na tréimhse a thosóidh nuair a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus a chríochnóidh nuair a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a theipfidh air sa toghchán nó a tharraingeoidh sé siar a iarrthóireacht, cibé acu is cuí.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina fhostaí ag an gCoimisiún.

Iarmhartach.

1973, Uimh. 26 .

1936, Uimh. 48 .

14. —(1) I gcás duine a shealbhaíonn oifig bhreithiúnach a cheapadh chun bheith ina Choimisinéir, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas;

(a) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gur gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach sin—

(i) is cúigear ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Uachtarach, agus

(ii) déanfar an tagairt in alt 4 (1) d'Acht 1961 do cheathrar a fhorléiriú mar thagairt do chúigear,

(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh—

(i) is ochtar ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus

(ii) déanfar an tagairt in alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna. 1973, do sheachtar a fhorléiriú mar thagairt d'ochtar, agus

(c) más é Uachtarán na hArd-Chúirte é, féadfaidh sé, fad a bheidh sé ina Choimisinéir, gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a cheapadh ó am go ham chun an dlínse go léir is infheidhmithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte faoi alt 10 (5) d'Acht 1961 a fheidhmiú thar a cheann (agus cumhachtaítear leis seo don bhreitheamh sin an dlínse sin a fheidhmiú).

(2) Nuair a cheapfar duine atá ina abhcóide chun bheith—

(a) ina Choimisinéir i gcáil lánaimsire, nó

(b) ina oifigeach lánaimsire don Choimisiún,

ansin, chun bheith cáilithe lena cheapadh—

(c) faoi alt 5 (2) (a) d'Acht 1961, mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt,

(d) faoi alt 17 (2) (a) d'Acht 1961, mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda,

(e) faoi alt 14 d'Acht 1936, chun gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda,

(f) faoi alt 29 (2) d'Acht 1961, mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche,

(g) faoi alt 51 (arna leasú le halt 48 (8) d'Acht 1961) d'Acht 1936, chun gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche,

measfar gur cleachtadh ag an mBarra seirbhís uaidh mar Choimisinéir den sórt sin nó mar oifigeach den sórt sin don Choimisiún, cibé acu is cuí.

(3) Chun bheith cáilithe lena cheapadh—

(a) faoi alt 29 (2) d'Acht 1961 mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche,

(b) faoi alt 51 (arna leasú amhlaidh) d'Acht 1936, chun gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche,

déanfar, i bhfo-alt (2) den alt seo, an tagairt d'abhcóide a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aturnae agus déanfar an tagairt do chleachtadh ag an mBarra a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chleachtadh mar aturnae.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

Gearrtheideal.

15. —Féadfar an tAcht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 , a ghairm den Acht seo.