|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta) |
[EN] | ||
| ||
Uimhir 9 de 1975 | ||
[EN] |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN CHUN COSC A CHUR LE GNÍOMHARTHA NEAMHDHLEATHACHA IN AGHAIDH SHÁBHÁILTEACHT NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA, A RINNEADH I MONTREAL AN 23ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1971, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. | ||
[19 Meitheamh, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 ; | |
[EN] | folaíonn “aerárthach” aon aerárthach seachas aerárthach stáit; | |
[EN] | ciallaíonn “ceannasaí”, maidir le haerárthach, an comhalta den fhoireann atá ainmnithe mar cheannasaí ag an oibritheoir nó, mura bhfuil aon duine ainmnithe amhlaidh, an píolóta i gceannas an aerárthaigh; | |
[EN] | ciallaíonn “Coinbhinsiún Mhontreal” an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a rinneadh i Montreal an 23ú lá de Mheán Fómhair, 1971, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “aerárthach stáit” aerárthach de chuid aon stáit a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta an stáit sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo— | |
[EN] | (a) measfar na tréimhsí seo a leanas a bheith ar áireamh sa tréimhse a bhíonn aerárthach ar eitilt— | |
[EN] | (i) aon tréimhse ón nóiméad a dhúntar doirse seachtracha uile an aerárthaigh tar éis bordála le haghaidh eitilte go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras seachtrach le haghaidh díbhordála tar éis na heitilte sin, agus | |
[EN] | (ii) más tuirlingt éigin a dhéanann an t-aerárthach, aon tréimhse dá éis sin go dtí an t-am a ghabhann údaráis inniúla an stáit inar tharla an tuirlingt éigin freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord an aerárthaigh (is é sin, i gcás tuirlingt éigin sa Stát, an t-am a shroicheann comhalta den Gharda Síochána an áit tuirlingthe); | |
[EN] | (b) measfar gur cuid den tréimhse a bhíonn aerárthach ar seirbhís aon tréimhse ón uair a thosaíonn ullmhúchán réamheitilte an aerárthaigh ag pearsanra talún nó ag an bhfoireann le haghaidh eitilte áirithe go ceann 24 huaire a chloig tar éis don aerárthach tuirlingt i ndiaidh na heitilte sin, agus an tréimhse a bheidh an t-aerárthach ar eitilt a áireamh sa tréimhse sin i ngach cás; agus folóidh aon tagairt san Acht seo d'aerárthach ar eitilt nó d'aerárthach ar seirbhís tagairt d'aerárthach i gcaitheamh na tréimhse le linn di a bheith ar uachtar mara nó talún ach gan í a bheith laistigh de theorainneacha críche aon stáit. | |
[EN] |
Triail cionta faoin Acht seo. |
2. —Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh, agus féadfar chun gach críche teagmhasaí déileáil leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát. |
[EN] |
Gníomhartha neamhdhleathacha in aghaidh shábháilteacht na heitlíochta. |
3. —(1) Chun éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún Mhontreal, beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé in áit ar bith go neamhdhleathach agus d'aonghnó— |
[EN] | (a) aon gníomh foréigin ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt is cosúil a bhaolódh sábháilteacht an aerárthaigh, | |
[EN] | (b) aerárthach ar seirbhís a scriosadh nó í a dhamáistiú ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt, | |
[EN] | (c) aon fheiste nó substaint a chur, nó a thabhairt go gcuirfear sin, ar aerárthach ar seirbhís, is cosúil a scriosfadh an t-aerárthach nó a dhamáisteodh í ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt, | |
[EN] | (d) aon saoráidí aerloingseoireachta a scriosadh nó a dhamáistiú, nó cur isteach ar a n-oibriú, más cosúil don ghníomh sin sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt a bhaolú, | |
[EN] | (e) aon fhaisnéis a pháirtiú is eol dó a bheith bréagach má bhaolaíonn páirtiú na faisnéise, nó más cosúil go mbaolódh sé, sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt. | |
[EN] | (2) Duine a thabharfaidh faoi aon ghníomh dá sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh in áit ar bith nó a chabhróidh nó a neartóidh le gníomh den sórt sin a dhéanamh nó a chomhairleoidh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfaí é, nó a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh duine, a fhéachfaidh in áit ar bith le gníomh den sórt sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] |
Cumhachtaí gabhála, etc., mar gheall ar chionta, faoin Acht seo. |
4. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis aige a chreidiúint cion faoin Acht seo a bheith déanta ag duine an duine sin a ghabháil gan bharántas. |
[EN] | (2) Comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhfuil ar intinn ag duine atá ar tí dul ar bhord aerárthaigh sa Stát, nó atá ar bhord aerárthaigh den sórt sin, cion faoin Acht seo a dhéanamh ar an aerárthach sin nó ina leith, féadfaidh sé— | |
[EN] | (a) an duine a chosc ó dhul ar bhord an aerárthaigh nó ó thaisteal ar bhord an aerárthaigh, | |
[EN] | (b) dul isteach san aerárthach agus an duine a chur amach as, gan bharántas, | |
[EN] | (c) an duine a ghabháil gan bharántas. | |
[EN] | (3) Féadfar duine a ghabhfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a choinneáil i gcoimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire a chloig agus scaoilfear ansin é mura rud é roimh dheireadh na tréimhse sin go gcúiseofar é i gcion faoin Acht seo nó go dtabharfar os comhair breithimh den Chúirt Dúiche é de bhun forálacha alt 27 (6) d'Acht 1965 nó os comhair breithimh den sórt sin nó feadhmannaigh shíochána de bhun forálacha alt 49 (3) nó 49 (4) den Acht sin. | |
[EN] | (4) (a) Má bhíonn cúis ag ceannasaí nó ag duine eile i bhfeighil aerárthaigh atá sa Stát a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí cion faoin Acht seo a dhéanamh, féadfaidh sé an duine a chosc ó dhul ar bhord an aerárthaigh nó, má bhíonn an duine sin ar bhord an aerárthaigh, féadfaidh sé é a chur amach aisti. | |
[EN] | (b) Déanfaidh ceannasaí nó duine eile i bhfeighil aerárthaigh, a luaithe is féidir tar éis dó duine a chosc ó dhul ar bhord aerárthaigh nó a chur amach aisti, faoi mhír (a) den fho-alt seo, fógra a thabhairt don údarás inniúil i bhfeighil an aerfoirt go bhfuil coiscthe aige ar an duine sin dul ar bord amhlaidh nó go bhfuil sé curtha amach amhlaidh aige agus na cúiseanna a bhí aige lena chosc nó lena chur amach a lua, agus cuirfidh an t-údarás i bhfios don Gharda Síochána, a luaithe is féidir tar éis dó an fógra sin a fháil, go bhfuair sé an fógra sin. | |
[EN] | (5) Mura saoránach d'Éirinn duine a ndéanfar faoin alt seo é a chosc ó dhul ar bhord nó ó thaisteal ar bhord aerárthaigh nó é a chur amach as aerárthach nó é a ghabháil, nó mura sa Stát atá gnáthchónaí air, ansin, más eachtrannach é a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, cead teach isteach sa Stát a dhiúltú dó, measfar chun críocha an dlí sin gurb eachtrannach é ar diúltaíodh an cead sin dó. | |
[EN] | (6) I gcás duine is eachtrannach a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, cead teacht isteach sa Stát a dhiúltú dó a bheith sa Stát gan de chúis lena bheith ann ach go ndearnadh, faoi fho-alt (2) nó (4) den alt seo, é a chosc ó dhul ar bhord nó ó thaisteal ar bhord aerárthaigh nó é a chur amach as aerárthach nó, faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, é a ghabháil, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le heachtrannaigh, nach bhfuil an duine sin tar éis teacht isteach sa Stát. | |
[EN] | (7) Ceannasaí aerárthaigh nó údarás inniúil a mhainneoidh fo-alt (4) (b) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] | (8) Ní bheidh ceannasaí aerárthaigh, comhalta d'fhoireann aerárthaigh, paisinéir in aerárthach, uinéir nó oibritheoir aerárthaigh ná aon duine a ndearnadh eitilt thar a cheann— | |
[EN] | (a) faoi réir a chiontaithe sa Stát in aon ionchúiseamh coiriúil, ná | |
[EN] | (b) faoi dhliteanas damáistí sa Stát in aon chaingean shibhialta, | |
[EN] | a thionscnófar i leith aon bheart a rinneadh in aghaidh aon duine de bhun foráil de chuid an Achta seo. | |
[EN] |
Feidhm an Achta um Eiseachadadh, 1965 , maidir le daoine a ghabhfar faoin Acht seo. |
5. —Aon duine a ghabhfar faoi alt 4 (1) nó 4 (2) den Acht seo measfar— |
[EN] | (a) más i Stát lena mbaineann Cuid II d'Acht 1965 atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe agus (i gcás duine is saoránach d'Éirinn) mura bhfuil eiseachadadh an duine sin toirmiscthe le halt 14 den Acht sin, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 27 den Acht sin, agus | |
[EN] | (b) más in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 49 den Acht sin, | |
[EN] | agus ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1965 maidir le heiseachadadh duine lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] |
Pionóis i leith cionta faoi alt 3. 1907, c. 17. |
6. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht lena shaol, nó príosúnacht ar feadh cibé téarma eile is cuí leis an gcúirt, a chur air. |
[EN] | (2) Ní fhionróidh cúirt pianbhreith a tugadh faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag alt 1 (2) den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoi alt 3 den Acht seo. | |
[EN] |
1907, c. 17. Leasú ar alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963. |
7. —Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (a bhaineann le taifid a choimeád faoi ghluaiseachtaí aerárthaí agus le húsáid na dtaifead sin mar fhianaise), amhail is dá mbeadh tagairt do chion faoin Acht seo ar áireamh sa tagairt atá i bhfo-alt (1) (c) do chion. |
[EN] |
Caiteachais. |
8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
9. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1973, le chéile. |