|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 17 de 1975 | ||
[EN] |
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1973. [29 Iúil, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1973 . | |||
[EN] |
Leasú ar alt 3 d'Acht 1965. |
2. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1965 (arna leasú le halt 2 d'Acht 1973) trí “dhá chéad is fiche milliún punt” a chur in ionad “céad is fiche milliún punt” agus tá an t-alt sin 3 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1965. |
3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1965 (arna leasú le halt 3 d'Acht 1973) trí “dhá chéad is fiche milliún punt” a chur in ionad “céad is fiche milliún punt” agus tá an t-alt sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Luach saothair phríomh-oifigeach na Corparáide. |
4. —Íocfaidh an Chorparáid lena príomh-oifigeach cibé luach saothair agus cibé liúntais a chinnfidh an Chorparáid le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
[EN] |
Foráil maidir le hairgead a íocfaidh an tAire nó a íocfar leis de bhun alt 7 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1972 . 1972, Uimh. 3 . |
5. —Déanfar aon airgead a íocfaidh an tAire de bhun alt 7 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1972 , a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh sé iníoctha as an gcéanna agus déanfar aon airgead a gheobhaidh an tAire de bhun an ailt sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. | ||
[EN] |
Athrú ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide. |
6. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide is gá lena gcur i gcomhréir leis Acht seo. | ||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
7. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1975 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1973, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |||
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1975, a ghairm de na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1973, agus den Acht seo le chéile. |