|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975) | Ar Aghaidh (CUID II Cánachas ar Ghnóchain Chaipitiúla) |
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | tá le “comhlacht daoine” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | ciallaíonn “brainse nó gníomhaireacht” aon fhactóireacht, gníomhaireacht, glacadóireacht, brainse nó bainistíocht, ach ní fholaíonn sé bróicéireacht ná gníomhaireacht de chuid bróicéara nó gníomhaire dá dtagraítear in alt 205 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 23 (2); | |
[EN] | tá le “caillteanas inlamhála” an bhrí a shanntar dó le halt 12; | |
[EN] | ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais i leith caiteachais chaipitiúil agus folaíonn sé liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | tá le “gnóchan inmhuirearaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (2); | |
[EN] | tá le “carthanas” an bhrí a shanntar dó le halt 334 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | ciallaíonn “aicme”, maidir le scaireanna nó urrúis, aicme scaireanna nó urrús de chuid aon chuideachta áirithe; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe; | |
[EN] | tá le “cuideachta rialaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 35 agus forléireofar “rialú” maidir le cuideachta dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “cigire” cigire cánach arna cheapadh faoi alt 161 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | folaíonn “talamh” aon leas i dtalamh; | |
[EN] | maidir le “léas”— | |
[EN] | (a) folaíonn sé, i ndáil le talamh, seachléas, foléas nó aon tionóntacht nó ceadúnas, agus aon chomhaontú le haghaidh léasa, seachléasa, foléasa nó tionóntachta nó ceadúnais agus, i gcás talamh lasmuigh den Stát, aon léas ag freagairt do léas arna mhíniú amhlaidh, | |
[EN] | (b) i ndáil le haon sórt maoin seachas talamh, ciallaíonn sé aon sórt comhaontú nó comhshocraíocht faoina ndéantar íocaíochtaí chun úsáide maoine nó i leith maoine ar aon slí eile. | |
[EN] | agus forléireofar “léasóir”, “léasaí” agus “cíos” dá réir sin; | |
[EN] | folaíonn “leagáidí” aon duine a mbeidh glacadh á dhéanamh aige faoi dhiúscairt thiomnach nó faoi dhíthiomnacht nó faoi pháirtdíthiomnacht nó de bhua an Achta Comharbais, 1965 , nó trí mharthanóireacht, cibé acu go tairbhiúil nó mar iontaobhaí a dhéanfaidh sé an glacadh agus déileálfar mar leagáidí le duine a mbeidh glacadh á dhéanamh aige faoi donatio mortis causa agus | |
[EN] | áireofar gur tráth éaga an deontóra a rinne sé an fháil agus, chun críocha an mhínithe seo agus aon tagartha do dhuine a mbeidh sócmhainn á fáil aige “mar leagáidí”, folaíonn maoin a ghlacfar faoi dhiúscairt thiomnach nó faoi dhíthiomnacht nó faoi pháirtdíthiomnacht nó de bhua an Achta Comharbais, 1965 , aon sócmhainn arna leithreasú ag na hionadaithe pearsanta mar shásamh nó i leith sásaimh ar leagáid airgid nó ar aon leas nó scair sa mhaoin a bheidh ag cineachadh faoin diúscairt nó faoin díthiomnacht nó de bhua an Achta Comharbais, 1965 ; | |
[EN] | tá le “mianraí” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Forbairte Minearál, 1940 ; | |
[EN] | ciallaíonn “mianadóireacht” oibríochtaí mianadóireachta sa Stát chun aon mhianraí a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar dhromchla na talún; | |
[EN] | tá le “páirt-diúscairt” an bhrí a shanntar dó le halt 8 (1); | |
[EN] | tá le “ionadaithe pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 450 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | folaíonn “gairm” slí mhaireachtála; | |
[EN] | tá le “cónaí” agus “gnáthchónaí” na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “maoin shocraithe” aon mhaoin a theachtar ar iontaobhas seachas maoin lena mbaineann alt 8 (3) ach ní fholaíonn sé aon mhaoin a theachtann iontaobhaí nó sannaí i bhféimheacht nó a theachtar faoi ghníomhas comhshocraíochta; | |
[EN] | tá le “socraíocht” agus “socraitheoir” na bríonna a shanntar dóibh le halt 96 (3) (h) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus forléireofar “maoin shocraithe” dá réir sin; | |
[EN] | folaíonn “scaireanna” stoc, agus déileálfar le haon scaireanna nó bintiúir a bheidh ar áireamh in aon litir leithroinnte nó in aon ionstraim dá samhail mar scaireanna nó bintiúir a eisíodh mura bhfanfaidh an ceart chun na scaireanna nó na mbintiúr a thugtar dá dhroim sin faoi choinníoll go dtí go mbeidh glactha leo agus nach mbeidh aon ghlacadh déanta; | |
[EN] | tá le “trádáil” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Cánach Ioncaim; | |
[EN] | tá le “stoc trádála” an bhrí a shanntar dó le halt 62 (2) den Acht Cánach Ioncaim 1967; | |
[EN] | ciallaíonn “iontaobhas aonad” aon socruithe arna ndéanamh chun saoráidí a sholáthar, nó arb é a n-éifeacht saoráidí a sholáthar, le go mbeadh sealbhóirí aonad páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó maoin eile de chineál ar bith a fháil, a theachtadh, a bhainistí nó a dhiúscairt; | |
[EN] | ciallaíonn “aonaid”, i ndáil le hiontaobhas aonad, aon aonaid (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) a bhfuil na leasanna tairbhiúla sna sócmhainní atá faoi réir na n-iontaobhas in iontaobhas aonad roinnte iontu; | |
[EN] | ciallaíonn “sealbhóir aonad”, i ndáil le hiontaobhas aonad, duine is sealbhóir ar aonaid san iontaobhas aonad; | |
[EN] | tá le “sócmhainn chnaoiteach” an bhrí a shanntar dó le mír 8 de Sceideal 1 agus le mír 1 de Sceideal 3; | |
[EN] | ciallaíonn “bliain mheasúnachta”, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil, bliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán agus léiríonn “1974-75” agus mar sin de blianta measúnachta mar atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo, cinnfear de réir alt 33 aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí san Acht seo do bhean phósta a chónaíonn lena fearchéile a fhorléiriú de réir fho-alt (1) agus (2) d'alt 196 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (4) Aon fhoráil san Acht a chuirfidh i gcás go bhfuil sócmhainní á ndíol agus á n-athfháil láithreach ní bheidh sé le tuiscint aisti go bhfuil aon chaiteachas á thabhú mar chaiteachas a ghabhann leis an díol nó leis an athfháil. | |
[EN] | (5) Ní fholóidh tagairtí do bhrabúis nó do ghnóchain sna hAchtanna Cánach Ioncaim aon tagairtí do ghnóchain inmhuirearaithe. | |
[EN] | (6) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin. | |
[EN] | (7) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
(8) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. |