29 1975


Uimhir 29 de 1975


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (Uimh. 2), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 GO 1975.

[19 Nollaig, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1969, Uimh. 32 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

1972, Uimh. 9 .

1956, Uimh. 48 .

1959, Uimh. 26 .

2. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht um Fhorbairt Tionscail, 1972 ) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas ón Údarás faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 d'Acht 1952) ón bhForas Tionscal agus ón Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969, agus faoi na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969, agus ón Údarás faoin Acht seo, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal agus ón Aire ar scór ráthaíochtaí a thug an Foras Tionscal agus an tAire faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959 , agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal nó ón Údarás faoi alt 4 d'Acht 1966 agus na n-íocaíochtaí ón Údarás faoi alt 15 den Acht seo thar £400,000,000.

(b) Ní rachaidh comhiomlán an airgid a bheidh ráthaithe i leith príomhshuime ag an Údarás faoi alt 37 den Acht seo agus a bheidh gan aisíoc, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás i leith príomhshuime ar scór ráthaíochtaí faoin alt sin thar £100,000,000 aon tráth.

(3) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 d'Acht 1952, faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus faoi fho-alt (1) (b) den alt seo (gan aon mhéideanna a áireamh a theastóidh ón Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá chuid oibleagáidí nó dliteanas de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo) thar £400,000,000.

(b) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá chuid oibleagáidí nó dliteanas de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo i leith príomhshuime thar £100,000,000.

(c) Maidir le ráthaíocht dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo agus san fho-alt roimhe seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar gurb é atá sna tagairtí do phríomhshuim sna míreanna sin tagairtí do mhéid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas na príomhshuime iarbhír é tráth na ráthaíochta a thabhairt.”.

Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní thabharfaidh an tUdáras, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht faoin alt seo, maidir le gnóthas tionscail áirithe, go n-aisíocfar thar £500,000 príomhshuime.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1975, mar aon ní amháin agus beidh sé ar áireamh sa chomhlua, na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1975.