|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976) | Ar Aghaidh (CUID II Cáin Bhronntanais) |
AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976
CUID I Réamhráiteach | ||
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. 1882, c. 38. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-eilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | folaíonn “leas iomlán”, i ndáil le maoin, leas duine a bhfuil cumhacht cheapacháin ghinearálta ar an maoin aige; | |
[EN] | ciallaíonn “duine cuntasach” duine atá cuntasach i gcáin a íoc de bhua alt 35; | |
[EN] | folaíonn “sochar” aon eastát, leas, ioncam nó ceart; | |
[EN] | folaíonn “leanbh”— | |
[EN] | (a) leasleanbh; | |
[EN] | (b) leanbh a uchtaíodh— | |
[EN] | (i) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974; nó | |
[EN] | (ii) faoi dhlí uchtála, seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, is uchtáil a bhfuil léi, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí, an éifeacht chéanna go substaintiúil i ndáil le cearta maoine (lena n-áirítear an dlí comharbais) atá le huchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, sa Stát i ndáil leis na cearta sin; | |
[EN] | ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “dáta na diúscartha”— | |
[EN] | (a) i gcás uachta, dáta báis an tiomnóra; | |
[EN] | (b) i gcás díthiomnachta nó páirt-díthiomnachta, dáta báis an díthiomnóra; | |
[EN] | (c) i gcás sochair faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965 , dáta báis an tiomnóra iomchuí nó an éagaigh iomchuí eile, agus go comhréireach i gcás sochair chomhchineáil faoi dhlí críche eile; | |
[EN] | (d) i gcás diúscartha ar mainneachtain í ceart nó cumhacht a fheidhmiú, dáta an trátha ba dhéanaí a d'fhéadfadh an diúscróir an ceart nó an chumhacht a fheidhmiú dá mbeadh sé sui juris agus gan aon mhíchumas coirp air; agus | |
[EN] | (e) in aon chás eile, an dáta a rinne an diúscróir an gníomh (nó, má bhíonn níos mó ná gníomh amháin san áireamh, an gníomh deiridh) trínar sholáthraigh sé, nó trínar cheangail sé air féin go soláthródh sé, an mhaoin a bhí ar áireamh sa diúscairt; | |
[EN] | ciallaíonn “dáta an bhronntanais” dáta an teagmhais ar a dtagann an deontaí, nó aon duine le ceart an deontaí nó thar a cheann, chun teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige, agus déanfar tagairt don tráth a glacadh bronntanas a fhorléiriú mar thagairt do dháta an bhronntanais; | |
[EN] | ciallaíonn “dáta na hoidhreachta”— | |
[EN] | (a) i gcás ina dtagann an comharba, nó aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann, chun teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige ar aon teagmhas dá dtagraítear in alt 3 (2) tarlú, dáta an teagmhais; | |
[EN] | (b) i gcás bronntanas a ndéanann oidhreacht de mar gheall ar é a ghlacadh faoi dhiúscairt más dáta laistigh de dhá bhliain roimh dháta báis an diúscróra dáta na diúscartha, an dáta arbh é dáta an bhronntanais é dá mba bhronntanas an teideal; agus | |
[EN] | (c) in aon chás eile, dáta an bháis is déanaí a chaithfeadh tarlú le go bhféadfadh an comharba, nó aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann, teacht chun teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige, | |
[EN] | agus déanfar tagairt do thráth na hoidhreachta a ghlacadh a fhorléiriú mar thagairt do dháta na hoidhreachta; | |
[EN] | ciallaíonn “iontaobhas lánroghnach” aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas le ioncam nó caipiteal nó le cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine a chur chun sochair, nó le cumhacht sin a chur chun sochair, d'aon duine nó daoine nó d'aon duine amháin nó níos mó de líon nó d'aicme daoine cibé acu de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile é agus d'ainneoin cumhacht a bheith ann an t-ioncam go léir nó aon chuid den ioncam a charnadh; | |
[EN] | ciallaíonn “diúscróir”, i ndáil le diúscairt, an duine a rinne an mhaoin a bhí ar áireamh sa diúscairt a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, chun críche na diúscartha, agus in aon chás inar uimhir daoine, agus nach duine amháin, a sholáthraigh an mhaoin, measfar gurb é an diúscróir gach duine acu a mhéid a sholáthraigh sé amhlaidh an mhaoin; agus chun críocha an mhínithe seo— | |
[EN] | (a) is é an tiomnóir an diúscróir i gcás diúscairt dá dtagraítear i mír (k) den mhíniú ar “diúscairt”; | |
[EN] | (b) is é an díthiomnóir an diúscróir i gcás diúscairt dá dtagraítear i mír (l) den mhíniú sin; | |
[EN] | (c) is é an t-éagach dá dtagraítear i mír (m) den mhíniú sin an diúscróir i gcás diúscairt dá dtagraítear sa mhír sin; agus | |
[EN] | (d) duine a rinne comhshocraíocht chómhalartach le duine eile trínar sholáthraigh an duine eile sin maoin a bhí ar áireamh sa diúscairt measfar gurb é a sholáthraigh an mhaoin sin; | |
[EN] | folaíonn “diúscairt”— | |
[EN] | (a) aon ghníomh nó neamhghníomh ag duine ar toradh air luach a eastáit, díreach tar éis an ghnímh nó an neamhghnímh sin, a bheith níos lú ná mar bheadh sé mura mbeadh an gníomh nó an neamhghníomh sin; | |
[EN] | (b) aon iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, arna dhéanamh de ghníomhaíocht amháin nó de chomhghníomhaíochtaí; | |
[EN] | (c) fiach nó ceart eile a bhunú is infheidhmithe in aghaidh an diúscróra féin nó in aghaidh aon eastáit nó leasa dá chuid i maoin; | |
[EN] | (d) airgead a íoc; | |
[EN] | (e) scaireanna i gcuideachta a leithroinnt; | |
[EN] | (f) aon sochar a dheonú nó a bhunú; | |
[EN] | (g) aon léas, morgáiste, muirear, ceadúnas, rogha, cumhacht, comhpháirtíocht nó nasc-thionóntacht nó eastát eile nó leas eile i maoin nó thar mhaoin a dheonú nó a bhunú; | |
[EN] | (h) aon fhiach nó sochar eile a scaoileadh, a fhorghéilleadh, a ghéilleadh nó a thréigean, nó a mhainniú ceart a fheidhmiú; agus, chun críche na míre seo, measfar fiach nó sochar a bheith scaoilte ar theacht dó chun bheith neamh-infheidhmithe trí chaingean mar gheall ar am a bheith caite (ach amháin a mhéid a ghnóthófar é tar éis dó teacht chun bheith neamh-infheidhmithe amhlaidh); | |
[EN] | (i) cumhacht cheapacháin ghinearálta a fheidhmiú i bhfabhar aon duine seachas sealbhóir na cumhachta; | |
[EN] | (j) donatio mortis causa; | |
[EN] | (k) uacht nó diúscairt tiomnach eile; | |
[EN] | (l) díthiomnacht, iomlán nó páirteach; | |
[EN] | (m) scair a íoc mar cheart dlíthiúil faoi Chuid IX den Acht Comharbais, 1965 , le céile éagaigh, nó soláthar a dhéanamh do bhaintreach éagaigh, nó do leanbh le héagach, faoi alt 56 nó faoi alt 117 den Acht Comharbais, 1965 , nó scair nó soláthar comhchineáil a íoc nó a dhéanamh, ar éagach d'fháil bháis, le haon duine nó chun sochair d'aon duine faoi dhlí críche eile; agus | |
[EN] | (n) rún a rith cuideachta agus a meastar le fo-alt (3) gur diúscairt é; | |
[EN] | ciallaíonn “deontaí” duine a ghlacann bronntanas; | |
[EN] | ciallaíonn “teideal seilbhe” ceart láithreach chun sealúchais mhaoine i gcodarsna cheart den sórt sin san am le teacht, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo measfar freisin, chun críocha an Achta seo, teideal seilbhe a bheith ag duine chun leasa nó scaire i gcomhpháirtíocht, i gcomhthionóntacht nó in eastát duine éagtha inar comhpháirtí, comhthionónta nó tairbhí, de réir mar a bheidh, é, ach ní mheasfar teideal seilbhe a bheith aige chun leasa fheifigh go dtí go dtarlóidh teagmhas trína scoireann an leas sin de bheith ina leas feifeach; | |
[EN] | folaíonn “cumhacht cheapacháin ghinearálta” gach cumhacht, ceart, nó údarás, cibé acu le huacht agus ar an modh sin amháin nó ar shlí eile is infheidhmithe an céanna, a chumasódh dá shealbhóir cibé duine is oiriúnach leis a cheapadh nó maoin a dhiúscairt chuige nó an chumhacht, an ceart nó an t-údarás sin a fháil, ach gan aon chumhacht a áireamh is infheidhmithe go heisiatach i gcáil mhuiníneach faoi dhiúscairt nach diúscairt aige féin, nó is infheidhmithe ag tionónta saoil faoin Settled Land Act, 1882, nó mar mhorgáistí; | |
[EN] | ciallaíonn “bronntanas” bronntanas a meastar leis an Acht seo duine dá ghlacadh; | |
[EN] | ciallaíonn “oidhreacht” oidhreacht a meastar leis an Acht seo duine dá glacadh; | |
[EN] | folaíonn “leas feifeach” eastát i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse agus gach leas todhchaí eile, dílsithe nó teagmhasach, ach ní fholaíonn sé frithdhlíse atá feifeach ar fhoirceannadh léasa; | |
[EN] | ciallaíonn “leas teoranta”— | |
[EN] | (a) leas (seachas leas léasach) ar feadh saoil nó saol nó ar feadh tréimhse cinnte; nó | |
[EN] | (b) aon leas eile nach leas iomlán; | |
[EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 ; | |
[EN] | ciallaíonn margadhluach, i ndáil le maoin, margadhluach na maoine sin arna fhionnadh de réir ailt 15, 16 agus 17; | |
[EN] | ciallaíonn “leanbh mionaoiseach” leanbh nach bhfuil 21 bliain d'aois slán aige; | |
[EN] | ciallaíonn “maoin phearsanta” aon mhaoin seachas maoin réadach; | |
[EN] | ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir nó riarthóir duine éagtha de thuras na huaire agus folaíonn sé aon duine a ghlacann seilbh ar mhaoin duine éagtha nó a idirláimhsíonn an mhaoin sin agus folaíonn sé freisin aon duine a bhfuil aige, i ndáil leis an duine éagtha, faoi dhlí tíre eile, aon fheidhmeanna ar comhréir le feidhmeanna seiceadóra nó riarthóra chun críocha riaracháin faoi dhlí an Stáit; | |
[EN] | folaíonn “maoin” cearta agus leasanna d'aon chineál; | |
[EN] | ciallaíonn “maoin réadach” maoin réadach agus maoin airnéise réadaí; | |
[EN] | ciallaíonn “rialacháin” rialacháin faoi alt 71; | |
[EN] | ciallaíonn “gaol” gaol de réir brí fho-alt (4); | |
[EN] | ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán den sórt dá dtagraítear in alt 36; | |
[EN] | folaíonn “scair”, i ndáil le cuideachta, aon leas d'aon sórt sa chuideachta ar comhchineál le scair sa chuideachta, agus forléireofar “scairshealbhóir” dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “cumhacht cheapacháin speisialta” cumhacht cheapacháin nach cumhacht cheapacháin ghinearálta; | |
[EN] | ciallaíonn “comharba” duine a ghlacann oidhreacht; | |
[EN] | ciallaíonn “cáin” aon cháin is inmhuirearaithe faoin Acht seo; | |
[EN] | tá le “dáta luachála” an bhrí a shanntar dó le halt 21. | |
[EN] | (2) Chun críche an mhínithe ar “cumhacht cheapacháin ghinearálta” atá i bhfo-alt (1), measfar cumhacht cheapacháin ghinearálta a bheith ag duine— | |
[EN] | (a) d'ainneoin nach bhfuil sé sui juris nó go bhfuil míchumas coirp air; | |
[EN] | (b) ar airgead atá de chumhacht ghinearálta aige a mhuirearú ar mhaoin; agus | |
[EN] | (c) ar mhaoin ar tionónta sainoidhreach seilbhe uirthi é. | |
[EN] | (3) Chun críche an mhínithe ar “diúscairt” atá i bhfo-alt (1), measfar, maidir le rún a rith ag cuideachta dá dtiocfaidh, go díreach nó go hindíreach, trí na cearta a bheidh ag gabháil le haon scair sa chuideachta a mhúchadh nó a athrú, go méadóidh luach eastáit aon scairshealbhóra sa chuideachta ar chostas eastát aon scairshealbhóra eile, gur diúscairt é a rinne an scairshealbhóir eile sin dá bhféadfadh sé rith an rúin a chosc trí vótáil ina aghaidh nó ar mhodh eile; agus san fho-alt seo, folaíonn “scair” bintiúr agus stoc iasachta agus folaíonn “scairshealbhóir” sealbhóir bintiúir agus sealbhóir stoic iasachta. | |
[EN] | (4) Chun críocha an Achta seo, is gaolta do dhuine na daoine seo a leanas agus ní gaol dó aon duine eile, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) céile an duine chéadluaite; | |
[EN] | (b) athair agus máthair an duine chéadluaite agus aon leanbh. uncail nó aintín dó; | |
[EN] | (c) aon leanbh (seachas an duine chéadluaithe), agus aon leanbh linbh le haon duine is gaol, de bhua mhír (a) nó (b), don duine chéadluaite; agus | |
[EN] | (d) céile duine is gaol, de bhua mhír (b) nó (c), don duine chéadluaite; | |
[EN] | (e) seanathair nó seanmháthair don duine chéadluaite. | |
[EN] | (5) Chun críocha an Achta seo— | |
[EN] | (a) an gaol idir leanbh, a uchtaíodh sa tslí dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “leanbh” atá i bhfo-alt (1), agus aon duine eile, nó idir daoine eile, a bheadh ann dá mba don uchtóir nó do na huchtóirí de phósadh dleathach a rugadh an leanbh sin, measfar é a bheith idir an leanbh sin agus an duine eile sin nó idir na daoine eile sin, agus measfar deireadh a bheith leis an ngaol a bhí idir aon leanbh den sórt sin agus aon duine sular uchtaíodh amhlaidh é; agus | |
[EN] | (b) leanbh neamhdhlisteanach nach bhfuil— | |
[EN] | (i) dlisteanaithe; nó | |
[EN] | (ii) uchtaithe— | |
[EN] | (I) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974; nó | |
[EN] | (II) faoi dhlí uchtála seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, lena bhfuil an éifeacht dá dtagraítear i mír (b) (ii) den mhíniú ar “leanbh” atá i bhfo-alt (1), | |
[EN] | is leanbh dá mháthair é. | |
[EN] | (6) San Acht seo, déanfar tagairtí d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (7) San Acht seo, is tagairt d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo aon tagairt d'alt nó do Sceideal mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (8) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] |
Brí “ar bhás”. |
3. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “ar bhás”, i ndáil le duine a thagann chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige— |
[EN] | (a) ar bhás duine nó tráth nach indéanta amach ach amháin faoi threoir báis duine; | |
[EN] | (b) faoi dhiúscairt i gcás inarb é dáta báis an diúscróra dáta na diúscartha; | |
[EN] | (c) faoi dhiúscairt arb é an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin agus ar dáta laistigh de dhá bhliain roimh dháta báis an diúscróra dáta na diúscartha; nó | |
[EN] | (d) ar aon teagmhas den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) tarlú tar éis deireadh a theacht le leas saoil idirghabhálach. | |
[EN] | (2) Is iad na teagmhais dá dtagraítear i bhfo-alt 1 (d) aon teagmhas acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) aon mhuirear, eastát, leas nó iontaobhas foirceannadh nó loiceadh; | |
[EN] | (b) cumhacht cheapacháin speisialta a fheidhmiú; | |
[EN] | (c) i gcás inar tugadh sochar faoi dhiúscairt i dtéarmaí de shórt nach bhféadfaí méid nó luach an tsochair a dhéanamh amach ó am go ham ach amháin trí mhaoin a íoc nó a chur chun feidhme iarbhír chun éifeacht a thabhairt don sochar, aon íocaíocht a íoc nó an mhaoin a chur chun feidhme; nó | |
[EN] | (d) aon teagmhas eile a dhéanann, faoi dhiúscairt, difear don cheart chun maoine, nó do shealúchas maoine. |