Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Drugaí Rialaithe)

12 1977


Uimhir 12 de 1977


AN tACHT UM MÍ-ÚSÁID DRUGAÍ, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR COSC LE MÍ-ÚSÁID DRUGAÍ ÁIRITHE ATÁ CONTÚIRTEACH NÓ ATÁ DÍOBHÁLACH AR BHEALAÍ EILE, DÁ CHUMASÚ DON AIRE SLÁINTE CHUIGE SIN RIALACHÁIN ÁIRITHE A DHÉANAMH MAIDIR LEIS NA DRUGAÍ SIN, DÁ CHUMASÚ DON AIRE SIN A FHORÁIL GUR NIMHEANNA SUBSTAINTÍ ÁIRITHE CHUN CRÍOCHA NA nACHTANNA CÓGAISÍOCHTA, 1875 GO 1962, DO LEASÚ AN ACHTA PHARMACOPOEIA, 1931 , ACHT NA NIMHEANNA, 1961 , AN ACHTA CÓGAISÍOCHTA, 1962 , AGUS NA nACHTANNA SLÁINTE, 1947 GO 1970, D'AISGHAIRM ACHT NA nDRUGANNA DAINSÉARACHA, 1934 , AGUS ALT 78 DEN ACHT SLÁINTE, 1970 , AGUS DO DHÉANAMH FORÁLACHA ÁIRITHE EILE MAIDIR LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Bealtaine, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1928, Uimh. 25 .

1951, Uimh. 30 .

1890, c. 48.

1927, Uimh. 25 .

1875, c. 57.

1931, Uimh. 36 .

1931, Uimh. 36 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “cannabas” (ach amháin i “roisín cannabais”) cinn bhlátha nó cinn toraidh aon phlanda den ghéanas Cannabis nár baineadh an roisín as, cibé ainm a thabharfaí orthu;

ciallaíonn “roisín cannabais” an roisín scartha, cibé acu amh nó íonaithe dó, a fhaightear ó aon phlanda den ghéanas Cannabis;

ciallaíonn “Bord na bhFiaclóirí” Bord na bhFiaclóirí a bunaíodh faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

tá le “oideas arna eisiúint go cuí” an bhrí a shanntar dó le halt 18 den Acht seo;

tá le “oideas brionnaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 18 den Acht seo;

folaíonn “talamh” talamh atá clúdaithe go hiomlán nó go páirteach le huisce;

ciallaíonn “Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis” Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis a bunaíodh faoi Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “poipín óipiam” an planda den speiceas Papaver somniferum L;

ciallaíonn “cógaiseoir” poitigéir cógaisíochta cláraithe, poitigéir agus drugadóir urghnaimh cláraithe agus drugadóir cláraithe;

ciallaíonn “óipiam ullmhaithe” óipiam arna ullmhú lena chaitheamh agus folaíonn sé dríodar agus fuílligh eile a bhíonn fágtha tar éis óipiam a chaitheamh;

ciallaíonn “cleachtóir” lia-chleachtóir cláraithe, fiaclóir cláraithe agus tréidlia cláraithe;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

ciallaíonn “poitigéir agus drugadóir urghnaimh cláraithe” duine atá cláraithe i gclár na bpoitigéirí agus na ndrugadóirí urghnaimh a bunaíodh faoin Acht Cógaisíochta, 1951 ;

ciallaíonn “drugadóir cláraithe” duine atá cláraithe i gclár na ndrugadóirí cláraithe in Éirinn a bunaíodh faoin Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 ;

ciallaíonn “poitigéir cógaisíochta cláraithe” duine atá cláraithe i gclár na bpoitigéirí cógaisíochta d'Éirinn a bunaíodh faoin Pharmacy Act (Ireland), 1875;

ciallaíonn “tréidlia cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 ;

ciallaíonn “údarás clárúcháin” cibé údarás acu seo a leanas a éileoidh an comhthéacs, eadhon, Bord na bhFiaclóirí, Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus Comhairle na dTréidlianna;

ciallaíonn “an freagróir” i ndáil le tarchur faoi alt 8 nó alt 9 den Acht seo an cleachtóir a ndéantar an tarchur ina leith;

tá le “treoir speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 7 (2) den Acht seo;

folaíonn “soláthar” rud a thabhairt gan íoc as;

tá le “treoir shealadach” an bhrí a shanntar dó le halt 9 (2) den Acht seo;

ciallaíonn “Comhairle na dTréidlianna” Comhairle na Máinliaigh Beithíoch a bunaíodh faoi Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 .

(2) Chun críocha an Achta seo, aon druga rialaithe, píopa, acra nó doiciméad atá faoina rialú ag duine agus i gcoimeád ag duine eile atá faoi rialú an duine sin nó, sa chás nach bhfuil sé faoi rialú an duine sin, a ghníomhaíonn thar a cheann, cibé acu mar ghníomhaire nó eile é, measfar é a bheith ina sheilbh ag an duine sin, agus déanfar forálacha alt 16 agus alt 18 mar aon leis na forálacha den Acht seo a bhaineann le seilbh ar dhrugaí rialaithe a fhorléiriú, agus beidh éifeacht acu, de réir a bhfuil foráilte anseo roimhe seo.

Drugaí rialaithe.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “druga rialaithe” aon substaint, táirge nó ullmhóid (seachas substaint, táirge nó ullmhóid a shonrófar in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a mbeidh dearbhaithe ina leith de thuras na huaire de bhun fho-alt (2) den alt seo gur druga rialaithe é chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú gur druga rialaithe chun críocha an Achta seo aon substaint, táirge nó ullmhóid (nach substaint, táirge nó ullmhóid a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) agus, fad a bheidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, beidh éifeacht ag an Acht seo maidir le haon substaint, táirge nó ullmhóid a shonrófar san ordú amhail is dá mbeadh an tsubstaint, an táirge nó an ullmhóid sonraithe sa Sceideal sin.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú nach mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le substaint, táirge nó ullmhóid a shonrófar san ordú seo agus a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus, fad a bheidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le substaint, táirge nó ullmhóid a shonrófar san ordú.

(4) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Sealbhú drugaí rialaithe a shrianadh.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus alt 4 (3) den Acht seo, ní bheidh druga rialaithe ina sheilbh ag duine.

(2) Duine a mbeidh druga rialaithe ina sheilbh aige de shárú ar fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú nach mbainfidh fo-alt (1) den alt seo le druga rialaithe a shonrófar san ordú agus, fad a bheidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm ní bhainfidh an toirmeasc san fho-alt sin (1) le druga ar druga rialaithe é a shonrófar san ordú.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin á cheadú drugaí rialaithe a shealbhú.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á chumasú d'aon duine nó do dhaoine d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe druga rialaithe a shealbhú in imthosca forordaithe nó chun críocha forordaithe, faoi réir cibé coinníollacha (más ann), nó faoi réim agus de réir cibé ceadúnas a fhorordófar.

(2) Faoi réir alt 13 den Acht seo, feidhmeoidh an tAire a chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ar dhóigh go n-áiritheofar nach mbeidh sé neamhdhleathach faoin Acht seo do chleachtóir ná do chógaiseoir druga rialaithe a bheith ina sheilbh aige chun críche a ghairme nó a ghnó.

(3) Is dleathach d'aon duine, nó do dhuine d'aicme nó de thuairisc a shonrófar i rialacháin faoin alt seo, druga rialaithe a shonrófar sna rialacháin sin a shealbhú in imthosca forordaithe nó chun críocha forordaithe, de réir mar is iomchuí, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé aon choinníollacha a shonrófar sna rialacháin sin nó a ghabhfaidh le ceadúnas arna dheonú faoin Acht seo agus is infheidhme sa chás áirithe.

Rialacháin chun mí-úsáid drugaí rialaithe a chosc.

5. —(1) Chun mí-úsáid drugaí rialaithe a chosc, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) á thoirmeasc go hiomlán, nó á cheadú faoi réir cibé coinníollacha nó eisceachtaí a shonrófar sna rialacháin, nó faoi réir aon cheadúnas, cead nó foirm eile údaráis a shonrófar amhlaidh—

(i) drugaí rialaithe a mhonarú, a tháirgeadh nó a ullmhú,

(ii) drugaí rialaithe a allmhairiú nó a onnmhairiú,

(iii) drugaí rialaithe a sholáthar, nó a thairiscint iad a sholáthar, nó iad a dháileadh,

(iv) drugaí rialaithe a iompar,

(b) á cheangal doiciméid fhorordaithe a úsáid ar dhóigh fhorordaithe i ndáil le hidirbhearta forordaithe a bhaineann le drugaí rialaithe agus á cheangal cóipeanna de na doiciméid sin a chur ar fáil do dhaoine forordaithe, nó do dhaoine d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe;

(c) á cheangal réamhchúraimí forordaithe a ghlacadh chun a áirithint go mbeidh drugaí rialaithe faoi shlánchoimeád,

(d) á cheangal taifid fhorordaithe a choimeád i dtaobh drugaí rialaithe, agus féadfaidh rialacháin faoin alt seo a shonrú conas a bheidh na taifid sin le coimeád agus le cothabháil agus féadfaidh na rialacháin sin a fhoráil freisin faisnéis i dtaobh na dtaifead sin a chur ar fáil i cibé imthosca, agus ar cibé dóigh, a fhorordófar,

(e) á fhoráil go, ndéanfaidh daoine forordaithe scrúdú ar na réamhchúraimí a ghlactar nó ar na taifid a choimeádtar de bhun rialachán faoin Acht seo,

(f) ag rialú eisiúint oideas do dhrugaí rialaithe, agus soláthar drugaí rialaithe ar oideas, ag lia-chleachtóirí cláraithe, ag fiaclóirí cláraithe nó ag tréidlianna cláraithe,

(g) á cheangal ar dhaoine ag urghnamh oideas do dhrugaí rialaithe cibé faisnéis a fhorordófar maidir leis na hoidis sin a thabhairt don Aire,

(h) ag rialáil nó ag rialú pacáistiú agus lipéadú drugaí rialaithe, agus féadfaidh na rialacháin sin a cheangal go háirithe sonraí forordaithe i taobh drugaí rialaithe nó ráiteas forordaithe (lena n-áirítear rabhadh nó faichill) i dtaobh na ndrugaí sin a chlóbhualadh ar an taobh amuigh d'aon phaicéad nó coimeádán a úsáidtear i ndíol, i soláthar nó i ndáileadh drugaí rialaithe nó ar aon lipéad a bheidh greamaithe den phaicéad nó den choimeádán sin.

(i) á cheangal go ndéanfar aon drugaí rialaithe nach bhfuil beartaithe a úsáid, i ngeall ar a riocht nó ar chúis ar bith eile, a dhíothú nó a dhiúscairt ar dhóigh fhorordaithe,

(j) á cheangal ar aon mhonaróir, gníomhaire monaróra nó mórdhíoltóir ar mian leis druga rialaithe a tharraingt siar ó bheith ar díol go poiblí fógra sé mhí a thabhairt faoin tarraingt siar sin a bheith beartaithe, mura deimhin leis an Aire gurb é leas an phobail é an druga rialaithe sin a tharraingt siar ar cibé fógra is giorra ná sin a chinnfidh an tAire.

(2) Faoi réir alt 13 den Acht seo, feidhmeoidh an tAire a chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin alt seo d'fhonn a áirithint nach neamhdhleathach faoin Acht seo—

(a) do chleachtóir, chun críche a ghairme, druga rialaithe a oideasú, a fhriotháil, a mhonarú, a chumasc nó a sholáthar,

(b) do chógaiseoir, chun críche a ghairme nó a ghnó, druga rialaithe a allmhairiú, a onnmhairiú, a iompar, a mhonarú, a chumasc nó a sholáthar,

ar choinníoll nach bhforléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a chumasóidh don Aire rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo á údarú do dhrugadóir cláraithe siopa a choimeád ar oscailt chun oidis liachta a chumasc nó a urghnamh.

Treoracha á thoirmeasc ar chleachtóirí nó ar chógaiseoirí a ciontaíodh i gcionta drugaí rialaithe a oideasú nó a sholáthar, etc.

6. —(1) Nuair a chiontófar cleachtóir nó cógaiseoir tar éis tosach feidhme an fho-ailt seo—

(a) i gcion faoin Acht seo, nó

(b) i gcion i gcoinne na nAchtanna Custam maidir le hallmhairiú nó onnmhairiú druga rialaithe,

féadfaidh an tAire treoir a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo i leith an duine sin.

(2) Is é a bheidh i dtreoir faoin bhfo-alt seo—

(a) i gcás an treoir a bhaint le cleachtóir, treoir á thoirmeasc air cibé drugaí rialaithe a shonrófar sa treoir a shealbhú, a oideasú, a fhriotháil, a mhonarú, a chumasc agus a sholáthar, agus á thoirmeasc air údarás a thabhairt chun iad a fhriotháil agus a sholáthar,

(b) i gcás an treoir a bhaint le cógaiseoir, treoir á thoirmeasc air cibé drugaí rialaithe a shonrófar sa treoir a shealbhú, a mhonarú, a chumasc agus a sholáthar, agus á thoirmeasc air maoirsiú agus rialú a dhéanamh ar a monarú, ar a gcumasc agus ar a soláthar.

(3) Féadfaidh an tAire treoir a thabhairt aon uair ag cealú nó ag fionraí aon treoir a bheidh tugtha aige faoi fho-alt (2) den alt seo, nó ag cealú aon treoir uaidh faoin bhfo-alt seo, trínar fionraíodh treoir a tugadh amhlaidh.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip d'aon treoir a thabharfaidh sé faoin alt seo a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann sí agus cuirfidh sé faoi deara fógra faoi aon treoir den sórt sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus ar cibé dóigh (más ann) is cuí leis an Aire.

(5) Beidh éifeacht ag treoir faoin alt seo nuair a sheirbheálfar cóip di ar an duine lena mbaineann sí.

(6) Aon duine a sháróidh treoir a tugadh faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Treoracha speisialtaá thoirmeasc drugaí rialaithe a oideasú etc. i gcásannaáirithe.

7. —(1) Má chreideann an tAire go bhfuil, nó go raibh, cleachtóir, tar éis tosach feidhme an ailt seo, ag oideasú, ag friotháil, nó ag soláthar druga rialaithe go neamh-aireach nó á údarú é a fhriotháil nó a sholáthar amhlaidh, féadfaidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, treoir a thabhairt i leith an chleachtóra á thoirmeasc air cibé drugaí rialaithe a shonrófar sa treoir a oideasú, a fhriotháil nó a sholáthar, nó a bhfriotháil nó a soláthar a údarú.

(2) Tiocfaidh treoir a thabharfar de bhun an ailt seo (dá ngairtear treoir speisialta anseo feasta san Acht seo) i bhfeidhm nuair a thabharfar cóip di don chleachtóir lena mbaineann agus, faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus alt 11 (1) den Acht seo, fanfaidh an treoir speisialta i ngníomh go dtí go gcealófar í.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an údarás clárúcháin lena mbaineann, oibriú treorach speisialta a fhionraí.

(4) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an údarás clárúcháin lena mbaineann, treoir speisialta a chealú.

(5) Nuair a dhéanfaidh an tAire oibriú treorach speisialta a fhionraí nó treoir speisialta a chealú, cuirfidh sé faoi deara fógra dá réir sin a thabhairt don chleachtóir lena mbaineann an treoir speisialta agus, a luaithe is féidir, cuirfidh sé faoi deara fógra faoin bhfionraí nó faoin gcealú a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(6) Duine a sháróidh treoir speisialta, beidh sé ciontach i gcion.

Imscrúdú cásanna má mheasann an tAire go bhfuil forais ann chun treoir speisialta a thabhairt.

8. —(1) Má mheasann an tAire go bhfuil forais ann chun treoir speisialta a thabhairt, tarchuirfidh sé an t-ábhar lena imscrúdú—

(a) chuig Bord na bhFiaclóirí, más fiaclóir cláraithe an cleachtóir áirithe,

(b) chuig Comhairle Cláraitheachta na nDochtúirí Leighis, más lia-chleachtóir cláraithe an cleachtóir áirithe,

(c) chuig Comhairle na dTréidlianna, más tréidlia cláraithe an cleachtóir áirithe,

ach más comhalta de níos mó ná ceann amháin de na gairmeacha réamhráite an cleachtóir áirithe ní tharchuirfidh an tAire an t-ábhar lena imscrúdú ach chuig ceann amháin de na comhlachtaí réamhráite.

(2) Nuair a tharchuirfidh an tAire ábhar lena imscrúdú faoi fho-alt (1) den alt seo, bunóidh an t-údarás clárúcháin áirithe coiste fiosrúcháin láithreach, a bheidh comhdhéanta chun na críche sin de réir aon rialachán, arna ndéanamh de bhun alt 12 den Acht seo, atá bainteach leis, agus is é dualgas an choiste a bhunófar amhlaidh an cás a imscrúdú agus tuarascáil air a thabhairt don Aire.

(3) Nuair a chinnfidh coiste fiosrúcháin. arna bhunú de bhun fho-alt (2) den alt seo, nach raibh aon iompar a luaitear in alt 7 (1) den Acht seo ar siúl ag an bhfreagróir, nó má chinneann sé go raibh iompar den sórt sin ar siúl ag an bhfreagróir ach nach bhfuil sé á mholadh aon treoir speisialta a thabhairt ina leith, cuirfidh an tAire faoi deara fógra a thabhairt don fhreagróir á rá gur bhreithnigh an coiste an t-ábhar agus nach bhfuil siad á mholadh an treoir speisialta sin a thabhairt.

(4) Nuair a chinnfidh coiste fiosrúcháin, arna bhunú de bhun fho-alt (2) den alt seo, go raibh mí-iompar mar atá luaite in alt 7 (1) den Acht seo ar siúl ag an bhfreagróir agus go measfaidh sé gur chóir treoir speisialta a thabhairt ina leith, cuirfidh an coiste moladh dá réir sin sa tuarascáil chuig an Aire maille le moladh á chur in iúl cad iad na drugaí rialaithe a mheasann an coiste ba chóir a shonrú sa treoir nó á chur in iúl gur chóir go mbainfeadh an treoir sin le gach druga rialaithe.

(5) Nuair a dhéanfaidh coiste fiosrúcháin moladh de bhun fho-alt (4) den alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara fógra a thabhairt don fhreagróir á insint cé acu atá nó nach bhfuil beartaithe aige treoir speisialta a thabhairt de bhun an mholta, agus má tá—

(a) leagfar amach san fhógra téarmaí na treorach speisialta atá beartaithe, agus

(b) cuirfidh an fógra i bhfios don fhreagróir go mbreithneofar aon uiríolla maidir leis an gcás a dhéanfaidh sé féin, nó a dhéanfar thar a cheann, i scríbhinn chun an Aire, agus a gheobhaidh an tAire laistigh de thréimhse ocht lá is fiche ón dáta a tugadh an fógra.

(6) Má fhaigheann an tAire aon uiríolla i scríbhinn ó fhreagróir nó thar a cheann, laistigh den tréimhse a luaitear i bhfo-alt (5) den alt seo, tarchuirfidh an tAire an cás chuig an údarás clárúcháin ag ar bunaíodh an coiste fiosrúcháin.

(7) Nuair a tharchuirfidh an tAire cás chuig údarás clárúcháin de bhun fho-alt (6) den alt seo, bunóidh an t-údarás sin coiste comhairleach láithreach, a bheidh comhdhéanta chun na críche de réir aon rialachán, arna ndéanamh de bhun alt 12 den Acht seo, atá bainteach leis, agus is é dualgas an choiste chomhairligh a bhunófar amhlaidh an cás agus na huiríolla chuig an Aire a bhreithniú agus comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh feidhmiú na gcumhachtaí a shonraítear i bhfo-alt (8) den alt seo aige.

(8) Má bhíonn an tréimhse chun uiríolla a dhéanamh faoin alt seo dulta in éag agus go mbeidh an tAire tar éis breithniú a dhéanamh ar chomhairle ón gcoiste comhairleach a bunaíodh de bhun fho-alt (7) den alt seo maidir le cás a tharchuir an tAire faoi fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh an tAire—

(a) treoir speisialta a thabhairt i leith an fhreagróra ag sonrú gach ceann nó aon cheann de na drugaí rialaithe a luadh i moladh ó choiste fiosrúcháin maidir leis an gcás, nó

(b) a ordú an cás a tharchur ar ais chuig an gcoiste fiosrúcháin nó é a tharchur chuig an údarás clárúcháin lena mbaineann d'fhonn é a tharchur chuig coiste fiosrúcháin nua arna bhúnú de bhun an Achta seo agus arna chomhdhéanamh de réir aon rialachán faoi alt 12 den Acht seo atá bainteach leis, nó

(c) a chinneadh nach dtabharfar treoir speisialta;

agus má chinneann an tAire de bhun an ailt seo gan treoir speisialta a thabhairt, cuirfidh sé é sin in iúl don fhreagróir.

(9) Nuair a tharchuirfear cás ar ais chuig coiste fiosrúcháin de bhun fho-alt (8) den alt seo, is é dualgas an choiste an cás a athbhreithniú agus tuilleadh comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh feidhmiú na gcumhachtaí a shonraítear i míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (8) den alt seo aige, de bhun an fho-alt seo, agus, nuair a bheidh an cás á athbhreithniú ag an gcoiste, má dhéanann sé aon chinneadh nó moladh nó má thugann sé aon chomhairle atá éagsúil le cinneadh a rinneadh nó le comhairle a tugadh cheana sa chás, beidh feidhm ag na forálacha sin d'fho-ailt (3) go (8) den alt seo is iomchuí sna himthosca áirithe amhail is dá mba chinneadh nó moladh é a rinneadh sa chéad ásc nó comhairle a tugadh ar an gcéad ásc ón gcoiste.

(10) Nuair a bheidh cás a tarchuireadh de bhun fho-alt (8) den alt seo lena tharchur chuig coiste fiosrúcháin nua á bhreithniú ag an gcoiste fiosrúcháin sin, beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (8) den alt seo amhail is dá mbeadh an cás tarchurtha chuig an gcoiste faoi fho-alt (2) den alt seo, agus nuair a bheidh an cás á bhreithniú ag an gcoiste ní thabharfaidh sé aird ar aon chinneadh ná moladh a rinneadh ná ar aon chomhairle a tugadh cheana i leith an cháis de bhun an ailt seo.

(11) Nuair a thabharfaidh an tAire treoir speisialta nó a dhéanfaidh sé ordú de bhun fho-alt (8) den alt seo, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, cóip den treoir speisialta nó den ordú, cibé acu é, a sheirbheáil ar an bhfreagróir agus, i gcás treorach speisialta, cuirfidh sé faoi deara freisin cóip den treoir a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar cibé dóigh eile (más ann) is cuí leis an Aire.

Toirmeasc ar oideasú etc. i gcásanna práinne.

9. —(1) Má mheasann an tAire go bhfuil forais ann chun treoir speisialta a thabhairt agus gur gá mar gheall ar imthosca an cháis an treoir sin a thabhairt faoi phráinn, féadfaidh sé, faoi réir fho-ailt (3) go (7) den alt seo, an treoir speisialta sin a thabhairt de bhua an ailt seo.

(2) Féadfar cibé drugaí rialaithe is cuí leis an Aire a shonrú dtreoir speisialta a thabharfar de bhua an ailt seo (dá ngairtear treoir shealadach anseo feasta san Acht seo).

(3) Nuair a bheartóidh an tAire treoir shealadach a thabhairt, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) tarchuirfidh sé an cás chuig painéal comhairleach, a bheidh comhdhéanta chun na críche de réir aon rialacháin, arna ndéanamh faoi alt 12 den Acht seo, atá bainteach leis,

(b) is é dualgas an phainéil chomhairligh, tar éis caoi a thabhairt don fhreagróir láithriú os comhair an phainéil agus éisteacht a fháil uaidh, breithniú a dhéanamh ar imthosca an cháis, a mhéid is eol dó iad, agus a chur i bhfios don Aire an measann sé ón bhfaisnéis os comhair an phainéil, forais réasunacha a bheith ann chun a mheas go raibh iompar mar a luaitear in alt 7 (1) den Acht seo ar siúl ag an bhfreagróir, agus

(c) ní thabharfaidh an tAire treoir shealadach mura dtuairisceoidh an painéal comhairleach go measann sé, ón bhfaisnéis os a chomhair, forais réasúnacha a bheith ann chun é sin a mheas.

(4) Nuair a thabharfaidh an tAire treoir shealadach, tarchuirfidh sé an t-ábhar láithreach lena imscrúdú, mura mbeidh sin déanta aige cheana—

(a) chuig Bord na bhFiaclóirí, más fiaclóir cláraithe an cleachtóir lena mbaineann an treoir shealadach,

(b) chuig Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis, más lia-chleachtóir cláraithe an cleachtóir sin,

(c) chuig Comhairle na dTréidlianna, más tréidlia cláraithe an cleachtóir sin,

agus bainfidh na forálacha seo a leanas d'alt 8 den Acht seo, is é sin, an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1), agus fo-ailt (2) go (11), leis an ábhar amhail is dá mba faoin bhfo-alt sin (1) a bhí an t-ábhar á tharchur.

(5) Faoi réir fho-alt (6) agus (7) den alt seo, tiocfaidh treoir shealadach i bhfeidhm nuair a thabharfar cóip don chleachtóir lena mbaineann agus fanfaidh sí i ngníomh go dtí—

(a) go mbeidh deireadh le tréimhse sé sheachtain dar tosach lá na treorach a thabhairt, sa chás nach seirbheálfar fógra a bhaineann leis an treoir de bhun fho-alt (6) den alt seo, agus

(b) go mbeidh deireadh leis an tréimhse ocht lá is fiche lena mbaineann an fógra, sa chás go seirbheálfar an fógra sin.

(6) Nuair a thabharfar treoir shealadach am ar bith tar éis an t-ábhar a tharchur chuig údarás clárúcháin lena imscrúdú, féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an údarás, ó am go ham, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcleachtóir lena mbaineann an treoir shealadach, agus le linn di sin a bheith i ngníomh, tréimhse feidhme na treorach sealadaí a fhadú nó í a fhadú tuilleadh go ceann ocht lá is fiche eile ón am a chríochnódh an tréimhse sin mura mbeadh sin.

(7) Gan dochar d'fho-alt (5) den alt seo, scoirfidh treoir shealadach (mura mbeidh sí cealaithe roimhe sin faoin alt seo) d'éifeacht a bheith aici má tharlaíonn aon ní acu seo a leanas:

(a) fógra a sheirbheáil a cheanglaítear a sheirbheáil le halt 8 (3) den Acht seo, arna chur chun feidhme le fo-alt (4) den alt seo, agus atá bainteach leis an gcás,

(b) fógra a sheirbheáil a cheanglaítear a sheirbheáil le halt 8 (5) den Acht seo, arna chur chun feidhme amhlaidh, agus atá bainteach leis an gcás agus a deir nach bhfuil beartaithe ag an Aire treoir speisialta a thabhairt,

(c) cóip de threoir a bhaineann leis an gcás, a sheirbheáil de bhun alt 8 (11) den Acht seo,

(d) cinneadh a dhéanamh ag an Aire de bhun alt 8 (8) (c) den Acht seo agus a bhaineann leis an gcás.

(8) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an bpainéal comhairleach áirithe, oibriú treorach sealadaí a fhionraí go ceann cibé tréimhse is iomchuí leis sa chás áirithe.

(9) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an údarás clárúcháin áirithe, treoir shealadach a chealú.

(10) Nuair a chuirfidh an tAire oibriú treorach sealadaí ar fionraí nó a chealóidh sé treoir shealadach, cuirfidh sé faoi deara fógra faoin bhfionraí nó faoin gcealú sin a sheirbheáil ar an gcleachtóir áirithe.

(11) Más rud é—

(a) go ndéanfar treoir shealadach a thabhairt, a chealú nó a fhionraí nó go scoirfidh sí d'éifeacht a bheith aici de bhua fho-alt (7) den alt seo, nó

(b) go seirbheálfar fógra de bhun fho-alt (6) den alt seo,

cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil faoin treoir shealadach, faoin gcealú, faoin bhfionraí nó faoin scor, nó faoi sheirbheáil an fhógra de bhun an fho-ailt sin (6), cibé acu is iomchuí.

Imscrúdú ar thionscnamh Bhord na bhFiaclóirí, Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis nó Chomhairle na dTréidlianna.

10. —(1) Más rud é go gcreidfidh—

(a) Bord na bhFiaclóirí go bhfuil nó go raibh cleachtóir is fiaclóir cláraithe,

(b) Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis go bhfuil nó go raibh cleachtóir is lia-chleachtóir cláraithe,

(c) Comhairle na dTréidlianna go bhfuil nó go raibh cleachtóir is tréidlia cláraithe,

tar éis tosach feidhme an ailt seo, ag oideasú, ag friotháil nó ag soláthar aon drugaí rialaithe go neamh-aireach nó á údarú iad a fhriotháil nó a sholáthar go neamh-aireach, féadfaidh an chomhairle nó an bord, cibé acu é, coiste fiosrúcháin a bhunú, a bheidh comhdhéanta chun na críche de réir forálacha aon rialachán, arna ndéanamh faoi alt 12 den Acht seo, atá bainteach leis, agus is é dualgas an choiste an cás a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt ina thaobh don Aire.

(2) Nuair a bhunófar coiste fiosrúcháin de bhun fho-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 8 den Acht seo i leith an cháis amhail is dá mbeadh an coiste arna bhunú de bhun fho-alt (2) den alt sin agus má dhéanann an coiste moladh de bhun an fho-ailt sin (4), arna chur chun feidhme leis an alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (11) den alt sin 8 i leith an cháis amhail mar a bheadh feidhm acu dá mbeadh an coiste arna bhunú amhlaidh, agus nuair a bheidh a bhfuil foráilte anseo roimhse seo á chur chun feidhme forléireofar gach tagairt do “freagróir” san alt sin 8 mar thagairt don chleachtóir ar bunaíodh an coiste ina leith.

Achomhairc

11. —(1) Aon chleachtóir nó cógaiseoir arb éagóir leis treoir faoi alt 6 (2) den Acht seo, nó treoir speisialta nó treoir shealadach, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná trí sheachtain tar éis an lae ar a dtiocfaidh an treoir faoin alt sin 6 (2), nó treoir speisialta nó treoir shealadach, cibé acu é, i bhfeidhm, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus féadfaidh an Chúirt sin—

(a) le hordú eatramhach, oibriú na treorach faoin alt sin 6 (2), nó na treorach speisialta nó na treorach sealadaí a fhionraí, go ginearálta nó ar dhóigh áirithe, go dtí go gcinnfear na himeachtaí go críochnaitheach,

(b) an treoir faoin alt sin 6 (2), nó an treoir speisialta nó an treoir shealadach a dhaingniú le modhnú nó gan mhodhnú nó féadfaidh sí í a chealú.

(2) Nuair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt treoir faoi alt 6 (2) den Acht seo, nó treoir speisialta nó treoir shealadach a fhionraí, a chealú nó a dhaingniú le modhnuithe, ní dhéanfaidh ordú na Cúirte dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh ar scór na treorach sula ndearnadh an t-ordú.

(3) Nuair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt treoir faoi alt 6 (2) den Acht seo, nó treoir speisialta nó treoir shealadach a fhionraí nó a chealú, cuirfidh an tAire faoi deara fógra ina thaobh sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.

Rialacháin (coistí agus painéil).

12. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh le haon údarás clárúcháin lena mbaineann, rialacháin a dhéanamh maidir le comhdhéanamh agus nós imeachta coistí fiosrúcháin nó coistí comhairleacha nó painéil chomhairleacha a bhunófar de bhun alt 8 nó 9 den Acht seo.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo agus aon rialachán, arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, atá bainteach leis, féadfaidh coiste nó painéal comhairleach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a nós imeachta agus a ghnó a rialú.

Cumhachtaí breise maidir le drugaí rialaithe áirithe.

13. —(1) Más rud é, i gcás aon druga rialaithe, gurb é tuairim an Aire é a bheith le leas an phobail—

(a) monarú, táirgeadh, ullmhú, díol, soláthar, dáileadh agus sealbhú an druga sin a bheith neamhdhleathach go hiomlán nó a bheith neamhdhleathach ach amháin chun críocha taighde nó chun críocha speisialta eile a shonrófar in ordú faoin alt seo, nó

(b) é a bheith neamhdhleathach d'aon duine ar cleachtóir nó ar cógaiseoir é an druga sin a bheith ina sheilbh aige nó aon ní dá luaitear in alt 5 (2) den Acht seo a dhéanamh i ndáil leis an druga sin ach amháin faoi cheadúnas nó faoi údarás eile arna eisiúint ag an Aire,

féadfaidh sé, le hordú, an druga sin a shainiú mar dhruga a mbaineann an fo-alt seo leis, agus fad a bheidh ordú i bhfeidhm faoin alt seo ag sainiú druga rialaithe mar dhruga a mbaineann an fo-alt seo leis, ní bheidh feidhm ag alt 4 (2) den Acht seo ná ag an alt sin 5 (2) maidir leis an druga sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

Ceadúnais etc.

14. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnais a dheonú nó ceadanna nó údaráis a eisiúint chun aon chríocha de chuid an Achta seo agus féadfaidh sé coinníollacha a chur ag gabháil le haon cheadúnas, cead nó údarás den sórt sin nó na coinníollacha sin a athrú agus aon cheadúnas, cead nó údarás den sórt sin a chúlghairm.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal táillí forordaithe a íoc as ceadúnas, cead nó údarás a dheonú nó a eisiúint faoin alt seo.

Sealbhú drugaí rialaithe lena ndíol nó lena soláthar go neamhdhleathach.

15. —(1) Aon duine a mbeidh druga rialaithe ina sheilbh aige, cibé acu go dleathach é nó nach ea, chun é a dhíol le duine eile nó a sholáthar dó ar dhóigh eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Faoi réir alt 29 (3) den Acht seo, in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (1) den alt seo, má chruthaítear go raibh druga rialaithe ina sheilbh ag duine agus gur deimhin leis an gcúirt ag féachaint don chainníocht den druga rialaithe a bhí ina sheilbh ag an duine sin nó d'aon ní eile is iomchuí leis an gcúirt, go luíonn sé le réasún a mheas nach raibh sé beartaithe ag an duine sin an druga rialaithe a bheith le húsáid láithreach aige go pearsanta, toimhdeofar, go dtí gur deimhin a mhalairt leis an gcúirt, go raibh an druga rialaithe ina sheilbh ag an duine sin lena dhíol le duine eile nó lena sholáthar dó ar dhóigh eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo.

Toirmeasc ar ghníomhaíochtaí áirithe, etc. a bhaineann le hóipiam.

16. —(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) óipiam ullmhaithe a chaitheamh ná a úsáid ar dhóigh eile,

(b) áit a ghnáthú a úsáidtear chun óipiam ullmhaithe a chaitheamh nó a úsáid ar dhóigh eile, ná

(c) ní shealbhóidh sé amhlaidh—

(i) aon phíopaí ná acraí eile a bheidh déanta nó cóirithe chun a n-úsáidte i ndáil le hóipiam a chaitheamh, is é sin, píopaí nó aoraí a d'úsáid sé féin nó a úsáideadh. go bhfios dó, agus le cead uaidh, chuige sin nó a bhfuil beartaithe aige iad a úsáid nó a cheadú do dhaoine eile iad a úsáid chuige sin, nó

(ii) aon acraí a d'úsáid sé féin nó a úsáideadh, go bhfios dó, agus le cead uaidh, i ndáil le hóipiam a ullmhú lena chaitheamh.

(2) Duine a sháróidh foráil d'fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc ar phoipín óipiam nó planda cannabais a shaothrú.

17. —(1) Ní shaothróidh duine poipín óipiam ná aon phlanda den ghéanas Cannabis ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna eisiúint ag an Aire chun na críche sin.

(2) Gach duine a shaothróidh poipín óipiam nó planda den ghéanas Cannabis, de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Oidis a brionnaíodh nó a athraíodh go calaoiseach.

18. —(1) Ní bhrionnóidh duine doiciméad a airbheartaíonn gurb oideas arna eisiúint ag cleachtóir é (doiciméad dá ngairtear oideas brionnaithe san Acht seo).

(2) Ní athróidh ná ní úsáidfidh duine, le hintinn mheabhlaireachta, oideas arna eisiúint go cuí ag cleachtóir (doiciméad dá ngairtear oideas arna eisiúint go cuí san Acht seo).

(3) Ní shealbhóidh duine oideas brionnaithe ná oideas arna eisiúint go cuí a athraíodh le hintinn mheabhlaireachta.

(4) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le rialacháin nach mbeidh feidhm, in imthosca a shonrófar sna rialacháin, ag fo-alt (3) den alt seo maidir le daoine d'aicme nó de thuairsic fhorordaithe agus, fad a bheidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, forléireofar an fo-alt sin (3) de réir na rialachán sin agus beidh éifeacht aige faoi réir na rialachán.

(5) Duine a sháróidh foráil den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Áititheoirí etc. a cheadóidh gníomhaíochtaí áirithe ar talamh, ar fheithicil nó arárthach a bheith ciontach i gcion.

19. —(1) Duine is áititheoir ar thalamh, ar fheithicil nó ar árthach nó atá i gceannas, nó a bhfuil cúram air i mbainistíocht, an chéanna, agus a cheadóidh nó a fhulaingeoidh go feasach aon ní díobh seo a leanas a bheith ar siúl ar an talamh, ar an bhfeithicil nó ar an árthach, eadhon—

(a) poipín óipiam nó aon phlanda den ghéanas Cannabis a shaothrú contrártha d'alt 17 den Acht seo,

(b) óipiam a ullmhú lena chaitheamh,

(c) cannabas a ullmhú lena chaitheamh,

(d) cannabas, roisín cannabais nó óipiam ullmhaithe a chaitheamh,

(e) druga rialaithe a mhonarú, a tháirgeadh nó a ullmhú, de shárú ar rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5 den Acht seo,

(f) druga rialaithe a allmhairiú nó a onnmhairiú, de shárú ar na rialacháin sin,

(g) druga rialaithe a dhíol, a sholáthar nó a dháileadh, de shárú ar na rialacháin sin,

(h) aon iarracht a dhéanamh chun na rialacháin sin a shárú amhlaidh, nó

(i) druga rialaithe a shealbhú de shárú ar alt 3 den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) Nuair a chruthófar in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (1) den alt seo gur tharla gníomhaíocht nó sárú mar a luaitear san fho-alt sin (1) ar thalamh áirithe nó ar fheithicil áirithe nó ar árthach áirithe agus go raibh an cosantóir tráth an chiona líomhnaithe, ag áitiú, i gceannas, nó i gcúram bainistíochta, na talún, na feithicle nó an árthaigh sin, cibé acu é, toimhdeofar go dtí gur deimhin leis an gcúirt a mhalairt, gur tharla an ghníomhaíocht nó an sárú go bhfios don chosantóir.

Cionta a bhaineann le gníomhartha lasmuigh den Stát.

20. —(1) Aon duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh dó nó a thabharfaidh air, cion a dhéanamh, in áit lasmuigh den Stát, atá inphionósaithe faoi dhlí comhréire a bheidh i bhfeidhm san áit sin, beidh sé ciontach i gcion.

(2) San alt seo ciallaíonn “dlí comhréire” dlí a ndeirtear i ndeimhniú a airbheartaíonn a bheith arna eisiúint ag rialtas tíre lasmuigh den Stát, nó thar a cheann, gur dlí é a fhorálann rialú sa tír sin ar mhonarú, táirgeadh, soláthar, úsáid, onnmhairiú nó allmhairiú drugaí atá contúirteach nó atá díobhálach ar dhóigh eile de bhun aon chonradh, coinbhinsiún, prótacal nó comhaontú eile idir stáit agus é sin arna ullmhú nó arna chur i ngníomh ag Cumann na Náisiún nó ag Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, nó faoina gcoimirce, agus feidhm aige de thuras na huaire.

(3) Aon ráiteas a bheidh i ndeimhniú a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo i dtaobh éifeacht an dlí a luaitear sa deimhniú, nó aon ráiteas den sórt sin á rá go mbunaíonn fíorais ar bith cion in aghaidh an dlí a luaitear amhlaidh, beidh sé, chun críocha aon imeachtaí faoin Acht seo, ina fhianaise ar na nithe a bheidh ráite.

Iarrachtaí etc. agus cionta ilghnéitheacha eile.

21. —(1) Duine a fhéachfaidh le cion a dhéanamh faoin Acht seo, nó a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh dó nó a thabharfaidh air cion a dhéanamh faoin Acht seo, nó a shirfidh nó a ghríosóidh aon duine eile chun cion a dhéanamh faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a sháróidh rialacháin faoin Acht seo nó a mhainneoidh iad a chomhlíonadh, cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh é, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon oibleagáide atá air faisnéis a thabhairt de bhua rialachán faoin Acht seo, aon fhaisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach in aon sonra ábhartha nó faisnéis a bheidh bréagach amhlaidh a thabhairt go neamh-aireach, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, comhalta den Gharda Síochána nó duine arna údarú go cuí faoin Acht seo agus é ag feidhmiú cumhachta go dleathach a thugtar leis an Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus, más rud é, i gcás ciona leanúnaigh, go leanfar leis an mbacadh nó leis an gcosc tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise.

(5) Aon duine a cheilfidh aon druga rialaithe ar dhuine agus é ag feidhmiú cumhachta go dleathach faoi alt 24 den Acht seo, nó a mhainneoidh gan chúis réasúnach aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabhairt ar aird arna cheangal go cuí air é a thabhairt ar aird faoin alt sin, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Aon duine a sháróidh coinníoll a ghabhann le ceadúnas, le cead nó le húdarás arna dheonú nó arna eisiúint ag an Aire faoin Acht seo (seachas alt 24) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(7) Aon duine a dhéanfaidh, d'fhonn a thabhairt go ndeonófaí nó go n-eiseofaí nó go n-athnuafaí ceadúnas, cead nó údarás dó féin nó do dhuine eile faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo—

(a) aon ráiteas nó faisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach i sonra ábhartha nó faisnéis atá bréagach amhlaidh a thabhairt go neamh-aireach, nó

(b) aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabhairt ar aird nó a úsáid ar dhóigh eile ar feasach dó ráiteas nó faisnéis a bheith ann is eol dó a bheith bréagach i sonra ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion.

Dualgas cruthúnais.

22. —(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, ní gá fianaise a thabhairt chun a thaispeáint nach bhfuil ar marthain—

(a) aon ordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht seo:

(b) aon cheadúnas, cead nó údarás faoin Acht seo,

agus dá réir sin is ar an duine a bheidh ag iarraidh leas a bhaint as a luífidh sé de dhualgas a chruthú go bhfuil aon cheadúnas, cead nó údarás den sórt sin ar marthain.

(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, ní gá don inchúisitheoir a chruthú—

(a) nach raibh an cosantóir, tráth an chiona, ina dhuine lenar bhain rialacháin arna ndéanamh faoi alt 4 den Acht seo,

(b) go raibh an cosantóir, tráth an chiona, ina dhuine lenar bhain eisceacht faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5 den Acht seo, agus

i gcás go n-éileoidh an cosantóir—

(i) go raibh druga rialaithe ina sheilbh go dleathach aige de bhua an ailt sin 4,

(ii) gur duine é lenar bhain eisceacht den sórt sin,

is ar an gcosantóir a luífidh sé de dhualgas a chruthú go raibh an druga sin ina sheilbh aige go dleathach nó gur duine den sórt sin é, cibé acu is cuí.

Cumhacht an Gharda Síochána chun daoine, feithiclí, árthaí nó aerárthaí a chuardach.

23. —(1) Comhalta den Gharda Síochána a bhfuil amhras aige, le cúis réasúnach, druga rialaithe a bheith ina sheilbh ag duine, de shárú ar an Acht seo, féadfaidh sé, gan bharántas—

(a) an duine sin a chuardach, agus más gá leis é, an duine sin a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is gá go réasúnach leis an gcuardach a dhéanamh,

(b) aon fheithicil, árthach nó aerárthach a chuardach a bhfuil amhras aige go bhfaighfí an druga sin ann agus, d'fhonn an cuardach sin a dhéanamh, féadfaidh sé, más cuí leis é, a cheangal ar an duine i gceannas na feithicle, an árthaigh nó an aerárthaigh sin de thuras na huaire, í a stopadh agus tar éis a stoptha gan í a ghluaiseacht nó, i gcás an fheithicil, an t-árthach nó an t-aerárthach sin a bheith ina stad cheana féin, gan í a ghluaiseacht, nó

(c) aon rud a urghabháil agus a choinneáil a gheofar i gcúrsa cuardaigh faoin alt seo más dóigh leis, ar an gcúis sin, gur rud í a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo.

(2) Ní rachaidh aon ní san alt seo chun dochair d'aon chumhacht chun maoin a chuardach nó a urghabháil nó a choinneáil, más cumhacht í a fhéadfaidh comhalta den Gharda Síochána a fheidhmiú ar leith ón alt seo.

Cumhachtaí chun drugaí, leabhair nó doiciméid a iniúchadh agus aéileamh go dtabharfaí ar aird iad.

24. —(1) Chun an tAcht seo agus rialacháin arna ndéanamh faoi a fhorghníomhú, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó duine arna údarú ag an Aire chuige sin i scríbhinn, gach tráth réasúnach—

(a) dul isteach in aon fhoirgneamh nó áitreabh eile ina bhfuil gnó á sheoladh ag duine mar tháirgeoir, monaróir, díoltóir nó dáileoir drugaí rialaithe,

(b) a cheangal ar aon duine den sórt sin, nó ar aon duine ar fostú i ndáil le gnó den sórt sin, aon drugaí rialaithe ina sheilbh nó faoina rialú a thabhairt ar aird,

(c) a cheangal ar aon duine den sórt sin, nó ar aon duine ar fostú amhlaidh, aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le hidirbhearta i dtaobh drugaí rialaithe agus atá ina sheilbh nó faoina rialú, a thabhairt ar aird, agus

(d) aon druga rialaithe, leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabharfar ar aird de bhun ceanglas faoin alt seo a iniúchadh.

(2) Gach duine a bheidh údaraithe ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, tabharfar deimhniú a údaráis dó agus má cheanglaítear ar aon duine den sórt sin an deimhniú sin a thabhairt ar aird nuair a éileoidh sé go bhfuil cumhacht á feidhmiú aige de bhua an ailt seo, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe aige gan an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

Cumhacht chun duine a ghabháil.

25. —(1) Má bhíonn amhras ag comhalta den Gharda Síochána, le cúis réasúnach, go ndearnadh cion faoi alt 15 den Acht seo agus go bhfuil amhras aige amhlaidh ar dhuine go ndearna seisean an cion, féadfaidh sé an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(2) Má bhíonn amhras ag comhalta den Gharda Síochána, le cúis réasúnach,

(a) go ndearnadh cion faoin Acht seo, seachas cion faoi alt 15, nó gur féachadh lena dhéanamh, agus

(b) ar dhuine go ndearna seisean an cion nó gur fhéach sé lena dhéanamh,

ansin, más rud é—

(c) go mbeidh amhras ag an gcomhalta, le cúis réasúnach, mura ngabhfar an duine sin, go n-éalóidh sé chun dul saor ó chóir an dlí nó go gcuirfidh sé bac ar chúrsa an cheartais, nó

(d) tar éis fiafraí a chur ar an duine sin, go mbeidh amhras ag an gcomhalta, le cúis réasúnach, cé hé féin nó cá gcónaíonn sé, nó

(e) tar éis fiafraí a chur ar an duine sin, go bhfuil a fhios aige nach gcónaíonn sé de ghnáth sa Stát, nó go bhfuil amhras réasúnach aige i dtaobh é a bheith ina chónaí amhlaidh,

féadfaidh sé an duine sin a ghabháil gan bharántas.

Barántais chuardaigh.

26. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána, as faisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána, go bhfuil ciús réasúnach le hamhras a bheith aige—

(a) go bhfuil druga rialaithe, oideas brionnaithe, nó oideas arna eisiúint go cuí, a athraíodh go héagórach, ina sheilbh ag duine, de shárú ar an Acht seo, ar aon áitreabh, agus go bhfuil an druga nó an t-oideas sin in áitreabh áirithe, nó

(b) go bhfuil i seilbh dhuine ar aon áitreabh doiciméad a bhaineann nó a ghabhann go díreach nó go neamhdhíreach le hidirbheart nó déileáil a bhí, nó le idirbheart nó déileáil bheartaithe a bheadh, dá gcuirfí an céanna i gcrích, ina chion faoin Acht seo nó, i gcás idirbheart nó déileáil a cuireadh i gcrích nó a beartaíodh a chur i gcrích in áit lasmuigh den Stát, a bheadh ina chion in aghaidh foráil i ndlí comhréire de réir brí alt 20 den Acht, agus feidhm aici san áit sin,

féadfaidh an Breitheamh nó an Feidhmeannach sin barántas cuardaigh a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a eisiúint.

(2) Beidh sé sainráite i mbarántas cuardaigh a eiseofar faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun go n-údaróidh, do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána, maille le cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána is gá, dul isteach, le forneart más gá, san áitreabh atá ainmnithe sa bharántas aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí ó dháta an bharántais a eisiúint, chun an t-áitreabh agus aon daoine a gheofar ann a chuardach, chun aon substaint nó earra a gheofar ann a scrúdú, chun aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a gheofar ann a iniúchadh agus, má tá cúis réasúnach ann le bheith in amhras go bhfuil cion á dhéanamh, nó déanta, faoin Acht seo maidir leis an tsubstaint nó leis an earra a fuarthas san áitreabh nó gur doiciméad a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo doiciméad a fuarthas amhlaidh nó gur taifead nó doiciméad eile é a bhfuil cúis ag an gcomhalta chun a chreidiúint gur doiciméad é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, chun an tsubstaint, an t-earra nó an doiciméad, cibé acu é, a urghabháil agus a choinneáil.

Pionóis.

27. —(1) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo, dlífear—

(a) más cannabas nó roisín cannabais an druga rialaithe iomchuí agus gur deimhin leis an gcúirt go raibh an druga sin ina sheilbh ag an duine sin lena úsáid go pearsanta:

(i) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air ar é a chiontú go hachomair,

(ii) i gcás an dara cion, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air ar é a chiontú go hachomair;

(iii) i gcás an tríú cion nó cion dá éis sin, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht le chéile, a chur air ar é a chiontú go hachomair.

(b) in aon chás eile—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad déag punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 6 nó alt 7 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 15 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 16 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(5) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 17 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(6) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 18 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná seacht gcéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(7) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 19 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air;

(8) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 20 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad in caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(9) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 21 (1) den Acht seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion substainteach agus i gcás ina bhforáiltear leis an Acht seo pionós a chur ar dhuine ar é a chiontú ar dhíotáil i ndáil leis an gcion substainteach, dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne ar dhíotáil agus, má chiontaítear é, dlífear é a phionósú amhail is dá mba rud é gur ciontaíodh ar dhíotáil é sa chion substainteach.

(10) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 21 (2) den Acht seo dlífear—

(a) más é rialachán a ndearnadh an cion ina leith rialachán arna dhéanamh de bhun alt 5 (1) (a) den Acht seo, seachas rialachán a rialaíonn iompar drugaí rialaithe—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná trí mhíle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, agus

(b) más é rialachán a ndearnadh an cion ina leith rialachán arna dhéanamh seachas faoin alt sin 5 (1) (a) nó rialachán a rialaíonn iompar drugaí rialaithe—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air;

(11) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 21 den Acht seo, seachas cion a luaitear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(12) San alt seo—

ciallaíonn “druga rialaithe iomchuí” an druga rialaithe a ndearnadh an cion ina leith;

ciallaíonn “cion substainteach” an cion faoin Acht seo ar díríodh ina leith an iarracht nó, de réir mar a bheidh, an cabhrú, an neartú, an comhairliú, an tabhairt i gcrích, an sireadh nó an gríosú.

Cumhacht na cúirte chun daoine a ciontaíodh faoi alt 3, 15, 16, 17 nó 18 a athchur agus chun tuarascáil a fháil agus i gcásanna áirithe socrú a dhéanamh le cóir liachta nó aireachas a chur ar fáil do na daoine sin.

28. —(1) (a) Nuair a chiontófar duine i gcion faoi alt 3 den Acht seo seachas an chéad chion nó an dara cion a bhféadfaí pionós a fhorchur ina leith faoi alt 27 (1) (a) den Acht seo, nó i gcion faoi alt 15 nó 16 den Acht seo, nó as iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh, athchuirfidh an chúirt an duine sin go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sí is gá chun críocha an ailt seo (is é sin, tréimhse nach faide ná ocht lá i gcás athchur faoi choimeád), agus iarrfaidh sí ar bhord sláinte, ar oifigeach leasa cúirte nó ar chomhlacht nó duine eile is iomchuí leis an gcúirt—

(i) a chur faoi deara tuarascáil liachta i scríbhinn a sholáthar don chúirt i dtaobh an duine chiontaithe mar aon le cibé moltaí (más ann) maidir le cóireáil liachta a mheasfaidh an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do riachtanais an duine chiontaithe, agus

(ii) tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don chúirt ar imthosca gairme agus oideachais an duine chiontaithe agus a chúlra sóisialach, mar aon le cibé moltaí (más ann) faoi aireachas a mheasann an comhlacht nó an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do na riachtanais sin.

(b) I gcás duine a chiontú sa chéad chion nó sa dara cion faoi alt 3 den Acht seo a bhféadfaí pionós a fhorchur ina leith faoin alt sin 27 (1) (a) nó i gcion faoi alt 17 nó 18 den Acht seo, nó as iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh, agus go measfaidh an chúirt, ag féachaint d'imthosca an cháis, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, féadfaidh an chúirt an duine a athchur faoi bhannaí go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sí is gá chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh sí a iarraidh ar bhord sláinte, ar oifigeach leasa cúirte nó ar chomhlacht nó duine eile, is iomchuí leis an gcúirt,—

(i) a chur faoi deara tuarascáil liachta i scríbhinn a sholáthar don chúirt i dtaobh an duine chiontaithe mar aon le cibé moltaí (más ann) maidir le cóireáil liachta a mheasfaidh an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do riachtanais an duine chiontaithe, agus

(ii) tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don chúirt i dtaobh imthosca gairme agus oideachais an duine chiontaithe agus a chúlra sóisialach, mar aon le cibé moltaí (más ann) faoi aireachas a mheasann an comhlacht nó an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do na riachtanais sin.

(2) Tar éis don chúirt na tuarascálacha a bhreithniú, a soláthraíodh de bhun fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an chúirt, más é a tuairim gur chóir sin a dhéanamh ar mhaithe le leas an duine chiontaithe in ionad pionós a fhorchur faoi alt 27 den Acht seo, ach faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ceachtar ní acu seo a leanas:

(a) cead a thabhairt don duine lena mbaineann dul i gcúirtbhanna ina mbeidh cibé coinníollacha acu seo a leanas is iomchuí leis an gcúirt ag féachaint d'imthosca an cháis agus do leas an duine sin, eadhon—

(i) coinníoli go gcuirfear an duine lena mbaineann faoi mhaoirseacht cibé comhlacht (lena n-áirítear bord sláinte) nó cibé duine a bheidh ainmnithe san ordú agus ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú,

(ii) coinníoll á cheangal ar an duine sin dul faoin gcóireáil liachta a moladh sa tuarascáil,

(iii) coinníoll á cheangal ar an duine dul faoin gcóireáil bhfaighidh sé an chóireáil sin freastal ar ospidéal, clinic nó ionad eile a shonrófar san ordú, nó fanacht ann, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh,

(iv) coinníoll á cheangal ar an duine sin freastal ar chúrsa sonraithe oideachais, teagaisc nó oiliúna, ar cúrsa é a thabharfadh, i dtuairim na cúirte, dá ngabhfadh an duine sin leis, feabhas ar a dheiseanna gairme nó ar a imthosca sóisialacha, a d'éascódh a athinmheachan sóisialach nó a laghdódh an dóchúlacht go ndéanfadh sé cion eile faoin Acht seo, nó

(b) ordú a thabhairt an duine sin a choinneáil faoi choimeád i gcoimeádlann chóireála sonraithe ar feadh tréimhse nach faide ná an uastréimhse príosúnachta a fhéadfaidh an chúirt a fhorchur mar gheall ar an gcion lena mbaineann an ciontú, nó tréimhse bliana, cibé tréimhse díobh is giorra.

(3) Féadfaidh cúirt, más oiriúnach léi é, breithniú a dhéanamh ar dhóigh seachas go poiblí—

(a) ar thuarascáil faoi fho-alt (1) den alt seo,

(b) féachaint an gceadóidh nó nach gceadóidh sí duine a ligean faoi chúirtbhanna a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó

(c) féachaint an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

(4) In aon imeachtaí ina mbreithneofar tuarascáil arna soláthar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an chúirt, má chreideann sí gurb é leas an duine lena mbaineann sé gan fios a bheith aige ar ábhar na tuarascála, an tuarascáil a choimeád uaidh, ach ní fhorléireofar a bhfuil ráite anseo roimhe seo mar bhac ar aon abhcóide nó aturnae a láithreoidh thar ceann an duine sin sna himeachtaí an tuarascáil a fheiceáil nó, más cuí sin, aon ní dá bhfuil sa tuarascáil a thabhairt faoi cheist nó faoi thrácht.

(5) Nuair a líomhnófar don chúirt gur sháraigh duine cúirtbhanna ina ndeachaigh sé faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an chúirt, d'ainneoin an cinneadh a rinne sí faoin bhfo-alt sin (2), a ordú go dtabharfar an duine sin os comhair na cúirte, agus, más deimhin léi gur sháraigh an duine sin an cúirtbhanna, féadfaidh sí an cúirtbhanna a eistréatadh agus, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ordú dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo a dhéanamh i leith an duine sin nó déileáil leis an gcás de réir forálacha alt 27 den Acht seo amhail is nár tugadh an bhreith.

(6) Más léir leis an gcúirt am ar bith le linn tréimhse choinneála i gcoimeádlann chóireála ainmnithe, ar iarratas arna dhéanamh ag an ionchúisitheoir nó ag an duine atá faoi choinneáil nó thar a cheann, nó ar theachtaireacht a fháil, i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire, ó lia-chleachtóir údaraithe, nach bhfuil nó go mb'fhéidir nach bhfuil ar ala na huaire gá a thuilleadh ag an duine faoi choinneáil faoin Acht seo leis an gcóireáil nó leis an aireachas a mheas an chúirt a bheith riachtanach dó roimhe sin nó nach bhfuil sé, nó go mb'fhéidir nach bhfuil sé, le barr a leasa féin nó le barr leasa daoine eile sa choimeádlann sin in ala na huaire sin é a choinneáil faoi choimeád níos faide sa choimeádlann chóireála ainmnithe sin, féadfaidh an chúirt, d'ainneoin na breithe a thug sí faoi fho-alt (2) den alt seo, a ordú an duine sin a thabhairt os comhair na cúirte.

(7) Nuair a thabharfar duine os comhair na cúirte de bhun ordú fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh an chúirt an cás a fhiosrú agus éisteacht le cibé fianaise is iomchuí léi, agus más deimhin leis an gcúirt tar éis imthosca an cháis a bhreithniú nach bhfuil gá a thuilleadh ag an duine sin leis an gcóireáil nó leis an aireachas dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo, nó nach mbeadh sé le barr a leasa féin nó le barr leasa daoine eile sa choimeádlann é a choinneáil faoi choimeád níos faide sa choimeádlann chóireála ainmnithe sin, féadfaidh an chúirt, d'ainneoin an cinneadh a rinne sí faoi fho-alt (2) den alt seo, an t-ordú iomchuí a rinne sí faoin bhfo-alt sin (2) a chúlghairm agus, faoi réir fho-alt (8) den alt seo,

(a) cead a thabhairt don duine sin dul i gcúirtbhanna, a thuairiscítear san fho-alt sin (2) más é tuairim na cúirte go mbeadh sé le leas an duine sin déanamh amhlaidh, nó

(b) ordú a thabhairt an duine a choinneáil go ceann tréimhse nach faide ná a bhfuil gan caitheamh den tréimhse a sonraíodh san ordú cúlghairthe i gcoimeádlann chóireála seachas an ceann a sonraíodh amhlaidh, nó

(c) a chinneadh gan aon phionós a fhorchur faoi alt 27 den Acht seo, nó

(d) má mheasann sí gur cuí sin agus faoi réir fho-alt (9) den alt seo, déileáil leis an gcion de réir alt 27 den Acht seo.

(8) Ní thabharfaidh an chúirt, faoin alt seo—

(a) cead do dhuine dul i gcúirtbhanna ina mbeidh coinníoll á cheangal air fanacht le haghaidh cóireáil liachta in ospidéal, i gclinic nó in áit eile a shonrófar, ná

(b) ordú an duine a choinneáil i gcoimeádlann chóireála,

mura rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an lia-chleachtóir i gceannas ar an ospidéal, ar an gclinic, ar an gcoimeádlann chóireála nó ar an áit áirithe eile nó le lia-chleachtóir arna ainmniú ag an liachleachtóir atá i gceannas amhlaidh, nó tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil ó lia-chleachtóir acu sin, gur deimhin leis an gcúirt gur bheart iomchuí é an cead a thabhairt nó an t-ordú a dhéanamh ag féachaint do riachtanais an duine agus nár dhochar é do chumas an ospidéil, na clinice, na coimeádlainne cóireála nó na háite eile cóireáil nó aireachas a chur ar fáil do dhaoine.

(9) Má chinneann cúirt, de bhun fho-alt (7) den alt seo, pianbhreith phríosúnachta a fhorchur faoi alt 27 den Act seo, ní bheidh an tréimhse phríosúnachta a fhéadfar a fhorchur amhlaidh níos faide ná an bhreis atá ag an uastéarma príosúnachta a d'fhéadfadh an chúirt sin a fhorchur ar dhóigh eile faoin alt sin 27, mar gheall ar an gcion inar ciontaíodh an duine, ar an tréimhse a bheidh caite cheana féin aige i gcoimeád de dhroim an ordaithe a chúlghair an chúirt.

(10) Féadfaidh an tAire, le hordú, foras a ainmniú mar choimeádlann chóireála ainmnithe chun críche an ailt seo, más dóigh leis é a bheith oiriúnach chun cóireáil liachta nó aireachas a chur ar fáil do dhaoine a bhféadfaí ordú a dhéanamh ina leith faoin alt seo, nó cuid shonraithe d'fhoras den sórt sin a ainmniú amhlaidh.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “lia-chleachtóir údaraithe” lia-chleachtóir cláraithe arna údarú chun críocha an ailt seo i scríbhinn ag an Aire nó lia-chleachtóir cláraithe d'aicme arna sonrú ag an Aire mar aicme atá údaraithe chun na gcríocha sin;

tá le “bord sláinte” an bhrí atá leis sna hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970.

Cosaint go ginearálta.

29. —(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a gcruthófar iontu gur shealbhaigh nó gur sholáthraigh an cosantóir druga rialaithe, ní éigiontófar an cosantóir sa chion inar cúisíodh é de bhrí amháin gur chruthaigh sé nach raibh fios ná amhras aige ná cúis amhrais aige gurbh é an druga rialaithe áirithe a líomhnaíodh a bhí sa tsubstaint, sa táirge nó san ullmhóid áirithe.

(2) In aon imeachtaí den sórt sin ina gcruthófar gur shealbhaigh an cosantóir druga rialaithe nó oideas brionnaithe nó oideas arna eisiúint go cuí a athraíodh le hintinn mheabhlaireachta, is cosaint é a chruthú—

(a) nach raibh a fhios aige ná cúis réasúnach amhrais aige—

(i) gurbh éard a bhí ina sheilbh aige druga rialaithe nó oideas den sórt sin, cibé acu is iomchuí, nó

(ii) go raibh druga rialaithe nó oideas den sórt sin, cibé acu is iomchuí, ina sheilbh aige, nó

(b) gur chreid sé gur dhruga rialaithe, nó gur dhruga rialaithe d'aicme nó de thuairisc áirithe, an tsubstaint, an táirge nó an ullmhóid agus dá mba é an druga rialaithe sin nó druga rialaithe den aicme nó den tuairisc sin a bhí iarbhír sa tsubstaint, sa táirge nó san ullmhóid, nach mbeadh cion faoin Acht seo á dhéanamh aige san am áirithe sin, nó

(c) ó bhí fios nó amhras aige gur dhruga nó oideas den sórt sin é gur ghabh sé nó gur choimeád sé seilbh air chun—

(i) duine eile a chosc ar chion a dhéanamh nó leanúint dá dhéanamh i ndáil leis an druga nó leis an doiciméad, cibé acu is iomchuí, nó

(ii) é a sheachadadh i gcoimeád duine le teideal dleathach é a ghlacadh i gcoimeád,

agus go ndearna sé, a luaithe ab fhéidir, gach beart a bhí inghlactha aige de réir réasúin chun an druga nó an doiciméad a dhíothú nó é a thabhairt i gcoimeád do dhuine den sórt sin.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 15 den Acht seo, féadfaidh cosantóir an toimhde a rinneadh de réir fho-alt (2) den alt sin a fhrisnéis trína shuíomh go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an druga rialaithe lena mbaineann na himeachtaí ina sheilbh go dleathach aige de bhua rialachán faoi alt 4 den Acht seo.

(4) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 19 den Acht seo, is cosaint é a shuíomh go ndearna an cosantóir bearta chun cosc a chur le tarlú nó le leanúnachas na gníomhaíochta nó an tsáraithe lena mbaineann an cion líomhnaithe agus, sna himthosca áirithe, go ndearnadh na bearta sin a luaithe ab fhéidir agus go raibh siad réasúnach.

(5) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 16, 17 nó 21 (2) den Acht seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú nach raibh fios ná amhras ná cúis amhrais aige fíoras éigin a bheith ann a líomhnaigh an t-ionchúisitheoir agus ar gá don ionchúisitheoir é a chruthú má tá an cosantóir le ciontú sa chion inar cúisíodh é.

(6) In aon imeachtaí mar gheall ar iarracht chun cion a dhéanamh faoin Acht seo, féadfaidh gach cosaint dá luaitear i bhfo-alt (2) nó (5) den alt seo, arna mhodhnú mar is gá, a bheith ar fáil don chosantóir.

(7) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, ní choiscfidh aon ní san alt seo ar dhuine cosaint a ghabháil chuige a bheadh, ar leith ón alt seo, ar fáil dó lena gabháil chuige in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo.

Forghéilleadh.

30. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh cúirt a chiontóidh duine i gcion faoin Acht seo a ordú go ndéanfar aon rud ar suíodh baint a bheith aige leis an gcion, chun sástacht na cúirte, a fhorghéilleadh agus é a dhíothú nó déileáil leis ar cibé dóigh eile is oiriúnach leis an gcúirt.

(2) Ní ordóidh cúirt aon rud a fhorghéilleadh faoin alt seo má dhéanann duine a éilíonn gurb é an t-úinéir é, nó go bhfuil leas aige ann ar dhóigh eile, iarratas go n-éistfeadh an chúirt é, mura rud é gur tugadh caoi dó cúis a shuíomh le nach ndéanfaí an t-ordú.

Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe.

31. —Nuair is comhlacht corpraithe, nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe, a dhéanfaidh cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú, cúlcheadú nó ceadú ó aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta sin, nó gur éascaíodh a dhéanamh trí mhainneachtain ar bith ag aon duine den sórt sin, beidh an duine sin ciontach sa chion.

Nimheanna chun críocha na nAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1962.

1961, Uimh. 12 .

32. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is nimh chun críocha na nAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1962, aon substaint a mbeidh sé dearbhaithe ina leith de thuras na huaire faoi alt 14 d'Acht na Nimheanna, 1961 , gur nimh í chun críocha na rialachán a rinneadh faoin alt sin, agus forléireofar tagairtí sna hAchtanna sin do nimheanna mar thagairtí do shubstaintí is ábhar do na dearbhuithe sin.

(2) Nuair a fhorálann rialacháin faoi alt 14 d'Acht na Nimheanna, 1961 , go bhfuil substaint lena mbaineann dearbhú sna rialacháin le háireamh, in imthosca sonraithe, mar shubstaint nach ábhar don dearbhú, ansin, sa chás sin, measfar fo-alt (1) den alt seo a bheith gan feidhm maidir leis an tsubstaint sna himthosca sin.

Leasú ar Acht na Nimheanna, 1961 .

33. —(1) Leasófar Acht na Nimheanna, 1961 , mar a leanas:

(a) leasaítear leis seo alt 4 (1)—

(i) trí “agus ar duine a bhfuil eolas agus taithí aige ar mhonarú ullmhóidí ina bhfuil nimheanna duine acu” a chur le mír (b), agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c),

“(cc) duine amháin arb ánra, gnáthchomhalta nó ceadúnach é d'Institiúid Ceimice na hÉireann,”;

(b) leasaítear leis seo alt 14 (3) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (j) go (l):

“(j) foráil a bheith iontu chun go gcuirfear i bhfeidhm agus go bhforghníomhófar forálacha na rialachán—

(i) ag oifigigh don Aire,

(ii) le toiliú an Aire Talmhaíochta, ag oifigigh don Aire sin,

(iii) ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus a oifigigh, agus

(iv) ag boird sláinte agus a n-oifigigh,

(k) a chumasú d'aon oifigeach den sórt sin (le húdarás i scríbhinn, i gcás oifigeach don Aire nó don Aire Talmhaíochta, ó cibé Aire díobh sin is iomchuí, le húdarás i scríbhinn, i gcás oifigeach do Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, ón gCumann sin, agus le húdarás i scríbhinn, i gcás oifigeach do bhord sláinte, ón mbord) dul isteach gach tráth réasúnach i bhfoirgneamh d'aicme nó de thuairisc a shonrófar sna rialacháin chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil sárú á dhéanamh, nó déanta, ar na rialacháin agus aon substaint nó earra a shonrófar amhlaidh a iniúchadh agus a cheangal go dtabharfar ar aird aon leabhar, taifead nó doiciméad eile d'aicme nó de thuairisc a shonrófar amhlaidh agus an céanna a iniúchadh agus, más cuí leis é, cóipeanna a thógáil d'aon iontráil sa chéanna,

(l) a fhoráil go bhféadfaidh na hoifigigh sin, agus údarás acu amhlaidh, samplaí a ghlacadh (gan íocaíocht) de nimheanna nó de na substaintí sin lena dtástáil, lena scrúdú nó lena n-anailísiú.

(m) an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailíse den sórt sin a fhorordú mar aon leis na haicmí daoine a thabharfaidh an deimhniú nó an fhianaise sin,

(n) a fhoráil go nglacfar le haon deimhniú nó fianaise eile a shonrófar faoi mhír (m) den fho-alt seo agus a thabharfar maidir leis an tástáil nó leis an scrúdú nó leis an anailísiú ar shampla mar fhianaise, i gcás an tsampla sin, chun críocha uile an toraidh,

(o) a fhoráil go ndéanfaidh an tAire nó Cumann Cógaiseoirí na hÉireann nó boird sláinte cionta faoi alt 17 den Acht seo i ndáil leis na rialacháin a ionchúiseamh, agus

(p) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe a ghabhann leis na nithe sin anseo roimhe seo.”;

(c) déantar leis seo an t-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15:

“Fianaisear thoradh tástálacha, scrúduithe nó anailísí áirithe.

15A—Nuair a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo go bhfuil deimhniú nó fianaise eile le bheith ina fhianaise chun gach críche ar thoradh na tástála nó an scrúdaithe nó na hanailíse ar shampla, glacfaidh cúirt leis an deimhniú nó leis an bhfianaise eile sin, nó go suífear a mhalairt, maidir leis an sampla sin, mar leorfhianaise ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó na hanailíse.”.

(2) Féadfaidh rialacháin faoi alt 14 nó 15 d'Acht na Nimheanna, 1961 , a fhoráil maidir le substaint ar dearbhaíodh gur nimh í chun críocha na rialachán sin nó forála de chuid na rialachán sin, go ndéanfar, chun críocha cibé alt díobh sin is iomchuí agus chun críocha na rialachán nó na forála lena mbaineann an dearbhú, an tsubstaint sin a áireamh sna himthosca a shonraítear sna rialacháin mar shubstaint nach mbaineann an dearbhú léi.

Leasú ar alt 2 den Acht Cógaisíochta, 1962 .

1962, Uimh. 14 .

34. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Cógaisíochta, 1962 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní sárú ar fho-alt (2) den alt seo é ag duine siopa a choimeád ar oscailt chun substaint a dhíol ar dearbhaíodh gur nimh í chun críocha rialachán arna ndéanamh faoi alt 14 d'Acht na Nimheanna, 1961 , más duine é, nó ball d'aicme daoine, a fhéadfaidh de bhun na rialachán sin an tsubstaint a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád lena díol.”.

Leasú ar an Acht Pharmacopoeia, 1931 .

1931, Uimh. 22 .

35. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas an tAcht Pharmacopoeia, 1931 :

(a) forléireofar alt 2 (1) agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba thagairt don Aire Sláinte an tagairt atá ann don Chomhairle;

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 2:

“(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le rialacháin, cibé modhnuithe is cuí leis a dhéanamh (trí scriosadh, breisiú nó leasú) sa Pharmacopoeia Briotanach a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire sa Bhreatain Mhór.”;

(c) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 3:

“(2) Deimhniú a bheidh formhuinithe ar leabhar a airbheartóidh a bheith ina cóip é den Pharmacopoeia Briotanach agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire Sláinte á dheimhniú gurb éard é an leabhar sin cóip den Pharmacopoeia Briotanach a bhí i bhfeidhm sa Bhreatain Mhór lá nó laethanta sonraithe, nó le linn tréimhse sonraithe, glacfar leis in aon imeachtaí dlíthiúla, nó go suífear a mhalairt, mar fhianaise ar na fíorais a deimhníodh amhlaidh, agus ní gá sna himeachtaí sin cruthúnas a thabhairt ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú ná gurb oifigeach don Aire sin an duine sin.”; agus

(d) cuirfear an t-alt nua seo a leanas isteach i ndiaidh alt 4:

“Rialacháin.

4A.—Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoin bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.

(2) Amhail ar an lá sonraithe agus uaidh sin amach forléireofar alt 4 den Acht Pharmacopoeia, 1931 , agus beidh éifeacht aige amhail is dá mbeadh—

(a) “nó as an Pharmacopoeia Eorpach” curtha isteach i ndiaidh “as Pharmacopoeia Shaorstáit Éireann” i bhfo-alt (1), agus

(b) an fo-alt seo a leanas curtha leis an alt:

“(3) San alt seo ciallaíonn ‘an Pharmacopoeia Eorpach’ an Pharmacopoeia a oibríodh amach faoi choimirce Chomhairle na hEorpa de bhun an Choinbhinsiúin chuige sin a rinneadh i Strasbourg an 22ú lá d'Iúil, 1964.”.

(3) San alt seo ciallaíonn “an lá sonraithe” an lá a bheidh sonraithe chun críocha an ailt seo i bhfógra arna fhoilsiú ag an Aire san Iris Oifigiúil.

Leasú ar alt 65 den Acht Sláinte, 1947 .

1947, Uimh. 28 .

1953, Uimh. 26 .

1970, Uimh. 1 .

36. —Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Sláinte, 1947 , arna leasú le halt 39 den Acht Sláinte, 1953 , agus le halt 6 den Acht Sláinte, 1970

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (j) d'fho-alt (3):

“(j) chun na rialacháin a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú—

(i) ag oifigigh don Aire,

(ii) ag boird sláinte agus a n-oifigigh;

(iii) ag oifigigh Chustam agus Máil, le toiliú an Aire Airgeadais,

(iv) ag oifigigh don Aire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire sin,

(v) ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus a oifigigh;

(k) chun a chumasú d'aon oifigeach den sórt sin (le húdarás i scríbhinn, i gcás oifigeach don Aire nó don Aire Tionscail agus Tráchtála nó oifigeach Custam agus Máil, ó Aire díobh sin nó ón Aire Airgeadais, de réir mar is iomchuí, le húdarás i scríbhinn, i gcás oifigeach do bhord sláinte, ón mbord, agus le húdarás i scríbhinn, i gcás oifigeach de Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, ón gCumann sin) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh d'aicme nó de thuairisc a shonrófar sna rialacháin chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil sárú á dhéanamh, nó déanta, ar na rialacháin, agus aon substaint nó earra d'aicme nó do thuairisc a shonrófar amhlaidh a iniúchadh nó a scrúdú agus a cheangal go dtabharfar ar aird aon leabhar, taifead nó doiciméad eile d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe agus an céanna a iniúchadh agus, más cuí leis é, cóipeanna a thógáil d'aon iontráil sa chéanna:

(l) chun a fhoráil go bhféadfaidh na hoifigigh sin, agus údarás acu amhlaidh, samplaí a ghlacadh (gan íocaíocht) de na substaintí nó de na hearraí sin lena dtástáil, lena scrúdú nó lena n-anailísiú;

(m) chun an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailíse den sórt sin a fhorordú mar aon leis na haicmí daoine a thabharfaidh an deimhniú nó an fhianaise sin; agus

(n) chun a fhoráil go nglacfar le haon deimhniú nó fianaise eile a shonrófar faoi mhír (m) den fho-alt seo agus a thabharfar maidir leis an tástáil nó leis an scrúdú nó leis an anailísiú, ar shampla mar fhianaise, i gcás an tsampla sin, chun críocha uile an toraidh.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Féadfaidh an tAire, Cumann Cógaiseoirí na hÉireann nó an bord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin a rinneadh é cion faoin alt seo a ionchúiseamh.”.

Fógraí a sheirbheáil etc.

1963, Uimh. 33 .

37. —(1) Nuair a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo nó le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo fógra nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó nó a chur chuige, féadfar é a sheirbheáil air nó a thabhairt dó nó a chur chuige—

(a) trína sheachadadh dó,

(b) i gcás duine seachas comhlacht corpraithe, trína chur leis an bpost i gclúdach a dhíreofar chuige ag an seoladh ina mbíonn gnáthchónaí air nó gnó á sheoladh aige ann, nó

(c) i gcás comhlachta chorpraithe, trína chur leis an bpost i gclúdach a dhíreofar chuig rúnaí nó príomhoifigeach an chomhlachta ag an seoladh ina mbíonn gnó á sheoladh ag an gcomhlacht sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gnó a bheith á sheoladh ina hoifigí cláraithe ag cuideachta a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnó a bheith á sheoladh ina phríomhoifig nó ina phríomháit ghnó ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe daoine.

Rialacháin go ginearálta; orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

38. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhair dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar forordaithe, ar an gcoinníoll, sa mhéid go bhforálann aon rialacháin den sórt sin táillí a mhuirearú, nach ndéanfar na rialacháin sin gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo feidhm a bheith acu maidir le drugaí rialaithe go ginearálta, le drugaí rialaithe d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe, nó le druga nó drugaí rialaithe forordaithe.

(3) Gach rialachán agus gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 8 (8) nó ordú dá dtagraítear in alt 11 nó in alt 28), leagfar iad faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú, cibé acu é, ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachan nó faoin ordú.

Caiteachais.

39. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Airgead is iníoctha faoin Acht a bhailiú agus a dhiúscairt.

1879, c. 58.

40. —Déanfar an t-airgead go léir is iníoctha faoi rialacháin faoin Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh ar cibé dóigh a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus déanfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste mar a ordóídh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le hairgead a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus is iníoctha leis an Aire.

Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934 , a aisghairm, agus foráil idirthréimhseach.

1934, Uimh. 1 .

41. —(1) Aisghairtear leis seo Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934 .

(2) Má thagann foráil den Acht seo, seachas fo-alt (1) den alt seo, i bhfeidhm lá is luaithe ná an lá a thiocfaidh an fo-alt sin (1) i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, eadhon, maidir leis an tréimhse dar tosach an lá a thiocfaidh an fhoráil chéadluaite i bhfeidhm agus dar críoch an lá a thiocfaidh an fo-alt sin (1) i bhfeidhm, ní cion faoi Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934 , gníomh nó neamhghníomh is cion faoin Acht seo.

Aisghairm ilghnéitheach agus forálacha idirthréimhseacha.

1970, Uimh. 1 .

42. —(1) Déantar leis seo:

(a) (i) “a fhoilsítear” a chur in ionad “fhoillsíonn an General Council of Medical Education and Registration of the United Kingdom” in alt 1 den Acht Pharmacopoeia, 1931 , agus

(ii) alt 2 (3) den Acht sin a aisghairm; agus

(b) alt 78 den Acht Sláinte, 1970 a aisghairm.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin—

(a) go ndéanfar clár a sonraíodh sna rialacháin agus atá á choimeád aige faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 78 den Acht Sláinte, 1970 , a chur le clár a bheidh le coimeád aige chun críocha rialachán faoin Acht seo agus go measfar gur cuid den chlár sin é, nó

(b) go measfar cibé ceadúnas, cead nó foirm eile údaráis faoin Acht seo a bheidh sonraithe sna rialacháin a bheith deonaithe, eisithe nó tugtha, de réir mar is iomchuí, d'aon duine, ar duine é a raibh a ainm, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar chlár a sonraíodh sna rialacháin agus a bhí á choimeád ag an Aire faoin alt sin 78.

(3) D'ainneoin alt 41 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil go measfar cibé ceadúnas, cead nó foirm a bheidh sonraithe sna rialacháin a bheith deonaithe, eisithe nó tugtha, de réir mar is iomchuí, d'aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina shealbhóir ar cheadúnas, cead nó údarás eile a deonaíodh, a eisíodh nó a tugadh faoi Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934 .

(4) I gcás forálacha a luaitear i mír (b) d'fho-alt (2) nó i bhfo-alt (3) den alt seo a bheith i rialacháin faoin alt seo, féadfaidh forálacha a bheith sna rialacháin sin freisin—

(a) á mheas aon cheadúnas, cead nó foirm eile údaráis a bheith deonaithe, eisithe nó tugtha faoi réir coinníollacha a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(b) á chumasú don Aire in imthosca áirithe a ordú go scoirfidh forálacha i rialacháin faoin alt seo d'éifeacht a bheith acu maidir le duine áirithe.

(5) Nuair a thabharfaidh an tAire go cuí ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo, scoirfidh na forálacha a shonrófar san ordú d'éifeacht a bheith acu, de réir an ordaithe, maidir leis an duine lena mbaineann an t-ordú.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

43. —(1) Féadfar an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo agus alt 41 (2) den Acht seo i ngníomh ar an Acht seo a rith agus tiocfaidh críocha agus forálacha eile an Achta seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe den sórt sin, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus i gcás forálacha éagsúla den Acht seo.

(3) Féadfar na hAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1977, a ghairm de na hAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1962, maille le hailt 32 agus 34 den Acht seo.

(4) Féadfar na hAchtanna Pharmacopoeia, 1931 agus 1977, a ghairm den Acht Pharmacopoeia, 1931 , maille le halt 35 den Acht seo, agus le alt 42 den Acht seo a mhéid a leasaíonn sé an tAcht sin.

(5) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1977, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, maille le halt 36 den Acht seo, agus le halt 42 den Acht seo a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin.

(6) Féadfar Achtanna na Nimheanna, 1961 agus 1977, a ghairm d'Acht na Nimheanna, 1961 , maille le halt 33 den Acht seo.