|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (TEAGHAISÍ PRÍOBHÁIDEACHA AR CÍOS), 1982) | Ar Aghaidh (CUID II Tionóntachtaí Teaghaisí Áirithe) |
ACHT NA dTITHE (TEAGHAISÍ PRÍOBHÁIDEACHA AR CÍOS), 1982
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
[EN] |
Léiriú i gcoitinne. |
2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Dúiche; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghais” teach atá ligthe mar theaghais ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon teach, cibé acu atá nó nach bhfuil an tionónta i bpáirt le haon daoine eile in aon chuid di nó in aon chóiríocht, aosáid nó saoráid maidir leis an gcéanna; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás tithíochta”— | |
[EN] | (a) i gcás contae, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae, | |
[EN] | (b) i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus | |
[EN] | (c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair, | |
[EN] | agus forléireofar tagairtí do limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “tiarna talún” an duine atá i dteideal de thuras na huaire an cíos is iníoctha i leith teaghaise a fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile); | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil. | |
[EN] | (2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist. | |
[EN] | (3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó do roinn ar bith eile is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá i gceist. | |
[EN] |
Caiteachas. |
3. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Fógraí a sheirbheáil. |
4. —(1) I gcás ina mbeidh fógra nó éileamh faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin faoin Acht seo le tabhairt do dhuine nó le seirbheáil air, déanfar é a dhíriú chuige agus a thabhairt dó nó a sheirbheáil air i slí éigin acu seo a leanas: |
[EN] | (a) más faoina ainm a bheidh sé dírithe chuige, trína sheachadadh dó; | |
[EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin; | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta a bheidh cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar fógra nó éileamh faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin faoin Acht seo a thabhairt nó a sheirbheáil thar ceann duine, measfar gurbh é an duine sin a thug nó a sheirbheáil é. | |
[EN] |
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
5. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. |
[EN] |
Aisghairm. |
6. —Déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1960 , an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , agus ailt 10 agus 11 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971 , a aisghairm. |