|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 13 de 1982 | ||
[EN] |
AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1982 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEOR-ANTA, 1960 GO 1979. [13 Iúil, 1982] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Léiriú agus forléiriú. |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1979 ; | |||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 . | |||||||
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £25,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£50,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1979), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £25,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£50,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1979), agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht (a chuireann £60,000,000 de theorainn leis an ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£75,000,000” a chur in ionad “£60,000,000” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1979) i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Luach saothair oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachta. |
5. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1979 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6: | ||||||
[EN] | “6.—(1) Íocfaidh an Chuideachta lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is cuí leis an gCuideachta, faoi réir, i gcás a príomh-oifigigh (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | |||||||
[EN] | (2) Le linn don Chuideachta bheith ag cinneadh cad é an luach saothair nó cad iad na liúntais i leith caiteachas a bheidh le híoc aici lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó cad iad na téarmaí nó na coinníollacha faoina dteachtann nó faoina dteachtfaidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, tabharfaidh an Chuideachta aird ar threoirlínte an Rialtais nó ar threoirlínte a aontaíodh ar bhonn náisiúnta a bhfuil feidhm acu de thuras na huaire, nó ar bheartas an Rialtais i dtaobh luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bhfuil feidhm aige amhlaidh, agus, i dteannta a bhfuil ansin roimhe seo, déanfaidh an Chuideachta de réir aon treoracha maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Chuideachta le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.”. | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1979, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
|