|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil | |
[EN] |
Léiriú (Cuid V). |
97. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
[EN] |
Sochair áirithe a bheith díolmhaithe. |
98. —I gcás ina ndéanfar, ar threoir ón diúscróir, bronntanas nó oidhreacht a ghlacadh saor ó cháin ar dháta an Achta seo a rith nó dáta dá éis, measfar go n-áireofar ar an sochar a ghlacfar méid na cánach is inmhuirearaithe ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht sin ach nach n-áireofar méid na cánach is inmhuirearaithe ar an gcáin sin. |
[EN] |
Leasú ar alt 5 (measfar bronntanas a bheith glactha) den Phríomh-Acht. |
99. —Beidh éifeacht le halt 5(6) den Phríomh-Acht, maidir le bronntanas nó oidhreacht a mheasfar a bheith glactha an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, ionann is dá ndéanfaí— |
[EN] | (a) i mír (a), “, roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974,” a scriosadh, agus | |
[EN] | (b) i mír (b), “roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974,” a scriosadh. | |
[EN] |
Leasú ar alt 19 (luach maoine talmhaíochta) den Phríomh-Acht. |
100. —Beidh éifeacht le halt 19 den Phríomh-Acht, maidir le bronntanas nó oidhreacht a ghlacfar an lú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “£200,000” in ionad “£150,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) gach áit a bhfuil sé. |
[EN] |
Leasú ar alt 36 (tuairisceáin a sheachadadh) den Phríomh-Acht. |
101. —(1) Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )— |
[EN] | “(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas— | |
[EN] | (a) i gcás ar mó luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, ná méid is ionann agus 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a mbeidh, ar dháta an bhronntanais sin, cáin inmhuirearaithe maidir le bronntanas a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais, | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin. ar dháta nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó dhiúscróir ar bith agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a comhiomlánaíodh amhlaidh agus a ghlac an deontaí sin ó dhiúscróir ar bith ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i mír (a) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh, | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin, ar dháta nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó dhiúscróir ar bith agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a comhiomlánaíodh amhlaidh agus a ghlac an deontaí sin ó dhiúscróir ar bith ó mhéid is mó ná an méid a shonraítear i mír (a) nó | |
[EN] | (d) i gcás na Coimisinéirí á cheangal trí fhógra i scríbhinn ar an deontaí tuairisceán a sheachadadh, | |
[EN] | agus chun críocha an fho-ailt seo, folaíonn tagairt do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach tagairt do chuid de bhronntanas nó do chuid de bhronntanas inchánach, de réir mar a bheidh.”. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais a ghlacfar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis. | |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
102. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) i gCuid I— | |
[EN] | (i) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 3, 4 agus 7: | |
[EN] | “3. Faoi réir fhorálacha mhír. 6, déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás nach mbeidh aon bhronntanas inchánach eile nó aon oidhreacht inchánach eile, lenar bhain an Tábla iomchuí céanna, glactha ag an deontaí nó ag an gcomharba an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, a ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme ar an luach inchánach sin faoin Tábla iomchuí sin. | |
[EN] | 4. Faoi réir fhorálacha mhír 6, déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás ina mbeidh an deontaí nó an comharba tar éis bronntanas inchánach amháin nó níos mó, nó oidhreacht inchánach amháin nó níos mó, lenar bhain an Tábla iomchuí céanna, a ghlacadh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, a ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme faoin Tábla iomchuí sin ar an gcuid sin de chomhiomlán— | |
[EN] | (a) an luacha inchánach sin; agus | |
[EN] | (b) luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach uile den sórt sin roimhe sin, | |
[EN] | arb í an chuid is airde í den chomhiomlán sin agus is comhionann leis an luach inchánach sin. | |
[EN] | 7. Chun críocha an Sceidil seo, comhairfear mar aon ní amháin na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a bheidh deontaí nó comharba tar éis a ghlacadh an lá céanna ó dhiúscróir amháin nó ó dhiúscróirí leithleacha i gcás ina mbainfidh an Tábla iomchuí céanna leis na bronntanais agus na hoidhreachtaí uile den sórt sin agus chun an méid cánach a fhionnadh is iníoctha ar bhronntanas amháin, nó ar oidhreacht amháin, de bhronntanais leithleacha nó d'oidhreachtaí leithleacha a glacadh amhlaidh an lá céanna, déanfar an méid cánach a bheidh ríofa faoin Sceideal seo mar mhéid cánach is iníoctha ar na bronntanais nó na hoidhreachtaí sin uile a glacadh an lá sin, agus a comhaireadh mar aon ní amháin, a chionroinnt go rátúil de réir luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na m-oidhreachtaí leacha a glacadh amhlaidh an lá céanna.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ): | |
[EN] | “11. Chun críocha an Sceidil seo, folaionn tagairt do bhronntanas nó d'oidhreacht, nó do bhronntanas inchánach nó d'oidhreacht inchánach, tagairt do chuid de bhronntanas nó d'oidhreacht, nó do chuid de bhronntanas inchánach nó d'oidhreacht inchánach, de réir mar a bheidh.”, | |
[EN] | agus | |
(b) i mír 1 de Chuid I agus i gCuid II, trí, “nó na diúscróirí” a chur isteach i ndiaidh “diúscróir” gach áit a bhfuil sé. | ||
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis. |