An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Cáin Chorparáide: Cuideachtaí Árachais) Ar Aghaidh (Caibidil IX Scéimeanna Brabús-Roinnte)

14 1982

AN tACHT AIRGEADAIS, 1982

Caibidil VIII

Cáin Chorparáide: Faoiseamh maidir le Méadú ar Fhostaíocht

Léiriú (Caibidil VIII).

43. —Sa Chaibidil seo—

tá le “buntréimhse” an bhrí a shanntar dó le halt 44;

tá le “seachtain ranníoca”, “ranníocóir fostaithe” agus “ranniocaí fostaíochta” na bríonna céanna atá leo san Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta sa bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1983;

ciallaíonn “trádáil” trádáil nó gairm.

Buntréimhse.

44. —Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn an bhuntréimhse i ndáil le trádáil an bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1982, nó, más giorra ná sin í, an tréimhse ón dáta a seoladh an trádáil i gcéaduair go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1982, agus beidh feidhm ag an mbuntréimhse i ndáil leis an trádáil cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil á seoladh, le linn na buntréimhse go léir nó le linn coda di, ag duine seachas ag an gcuideachta a bheidh á seoladh sa tréimhse iomchuí nó cibé acu a bhí nó nach raibh codanna leithleacha den trádáil á seoladh ag daoine éagsúla.

Asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh.

45. —(1) I gcás ina n-éileoidh agus ina gcruthóidh cuideachta a bhí ag seoladh trádála sa Stát an 1ú lá d'Eanáir, 1982, gur mó an uimhir (dá ngairtear “an chéad uimhir” anseo feasta san alt seo) de ranníocaí fostaíochta is iníoctha ag an gcuideachta i dtréimhse iomchuí i leith na ranníocóirí fostaithe uile atá fostaithe ar feadh bunús a gcuid ama go léir i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin ná an uimhir (dá ngairtear “an dara huimhir” anseo feasta san alt seo) a chinnfear de réir fhorálacha fho-alt (2), ansin, le linn an t-ioncam ón trádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse iomchuí nó ar cuid di an tréimhse iomchuí, beidh an chuideachta i dteideal méid a asbhaint a ríomhfar trí £10 a iolrú ar an mbreis atá ag an gcéad uimhir ar an dara huimhir.

(2) Chun críocha fho-alt (1) cinnfear an dara huimhir de réir na foirmle

A ×

B

__

C

i gcás—

arb é A an uimhir de ranníocaí fostaíochta is iníoctha sa bhuntréimhse i leith na ranníocóirí fostaithe uile a bhí fostaithe ar feadh bunús a gcuid ama go léir i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin,

arb é B an uimhir seachtainí ranníoca sa tréimhse iomchuí, agus

arb é C an uimhir seachtainí ranníoca sa bhuntréimhse.

Cionroinntí de dhroim cuid den trádáil a aistriú.

46. —I gcás ina dtarlaíonn nó inar tharla aon athrú, an 1ú lá d'Iúil, 1981, nó aon lá dá éis, trína ndéantar, nó trína ndearnadh, cuid de thrádáil a aistriú chuig aon duine, déanfar an uimhir de ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith ranníocóirí fostaithe a chionroinnt chun críocha ailt 45 agus 47 agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin ar cibé slí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is cóir ag féachaint do na himthosca go léir.

An uimhir de ranníocaí fostaíochta a chinneadh.

47. —Chun críocha na Caibidle seo is é a bheidh san uimhir de ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith ranníocóra fhostaithe in aon tréimhse uimhir is ionann agus an uimhir seachtainí ranníoca sa tréimhse sin a ndearnadh nó a ndéanfaí, mura mbeadh alt 10(1) (c) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , an ranníoc nó na ranníocaí iomchuí i leith an ranníocóra fhostaithe sin a íoc ina leith.

Comharbas ar thrádáil.

48. —I gcás ina dtiocfaidh cuideachta i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil atá á seoladh ag cuideachta eile measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an trádáil nó an chuid den trádáil á seoladh ag an gcéad chuideachta a luaitear ón dáta a thosaigh an chuideachta eile ar an trádáil a sheoladh.

Éilimh.

49. —Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte de bhua na Caibidle seo le linn a hioncam trádála do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh mura ndéanfaidh sí éileamh ar an asbhaint roimh an dáta a dtiocfaidh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte.