27 1982


Uimhir 27 de 1982


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE, 1981 . [27 Nollaig, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 .

Leasú ar ailt 10 agus 11 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe. 1981.

2. —(1) I gcás ina bhfaighidh an Ghníomhaireacht airgead ar iasacht ar scór banna nó urrús eile a bhunaigh agus a d'eisigh sí agus faoi réir coinníll go mbeidh, tráth fuascailte an urrúis, méid, arb é a bheidh ann méid de bhreis ar an méid a fuair an Ghníomhaireacht ar iasacht iarbhír agus é arna ríomh ag féachaint don treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí nó i cibé slí eile a shonrófar sa choinníoll, iníoctha ag an nGníomhaireacht ar dhóigh seachas i gcuntas úis, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní chuirfear an méid i gcuntas chun críocha alt 10 (3) den Phríomh-Acht, agus

(b) maidir le haon ráthaíocht faoi alt 11 den Phríomh-Acht a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an airgead, déanfar na tagairtí don phríomhshuim i bhfo-alt (1) den alt sin agus, nuair is iomchuí é, an tagairt do phríomhshuim i bhfo-alt (7) (a) den alt sin, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt don méid.

(2) San alt seo ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí” An Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí—Gach Ítim, a thiomsaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 agus 1982, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981

1981, Uimh. 37