|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEOR-ANTA, 1960 GO 1982. [21 Meitheamh, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1982, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Acht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 . |
2. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 (a chuireann £75,000,000 de theorainn leis an ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£100,000,000” a chur, i bhfo-alt (3), in ionad “£75,000,000” (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
|