An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983) Ar Aghaidh (CUID II An Post agus Bord Telecom Éireann a bhunú)

24 1983

AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cuideachta” an chuideachta poist nó an chuideachta teileachumarsáide, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus na hAchtanna atá, de bhua aon achtacháin, le forléiriú leis mar aon Acht amháin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “Aire” an tAire Poist agus Telegrafa;

ciallaíonn “cuideachta poist” an chuideachta dá dtagraítear in alt 10 (1) (a);

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an gcuideachta chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta fostaithe, nó le coinníollacha oibre fostaithe;

ciallaíonn “cumainn agus comhlachais aitheanta” cumainn agus comhlachais atá aitheanta ag an gcuideachta poist chun críocha caibidlí a bhaineann leis na conarthaí a dhéanann an chuideachta le máistrí poist;

ciallaíonn “údarás Stáit” údarás arb éard é—

(a) Aire Rialtais,

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) Coimisiún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “cuideachta teileachumarsáide” an chuideachta dá dtagraítear in alt 10 (1) (b);

ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a cheaptar ina lá dílseacháin faoi alt 9 (2).

(2) Aon fhocal nó abairt dá sanntar brí áirithe leis na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951, leis na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958, nó leis na Telegraph Acts, 1863 to 1916, tá leis nó léi san Acht seo an bhrí a shanntar amhlaidh dó nó di, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.

(3) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(5) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain, nó faoi.

(6) I gcás inar feidhm de chuid fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ), faoi mheabhrán comhlachais na fochuideachta, feidhm ar bith de chuid ceachtar cuideachta, beidh feidhm ag gach foráil den Acht seo, nó d'aon achtachán eile a bhaineann leis an gcuideachta, maidir leis an bhfochuideachta mar atá feidhm aici maidir leis an gcuideachta, i leith na feidhme sin.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

3. —Gach ordú (seachas ordú faoi mhír 2 den Dara Sceideal) agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire, an tAire Airgeadais nó an tAire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta faoin Acht seo nó a dhéanfaidh an chuideachta poist faoi alt 84 nó an chuideachta teileachumarsáide faoi alt 98, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Pionóis.

4. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi—

(a) alt 45 den Telegraph Act, 1863,

(b) alt 6 den Telegraph Act, 1869,

(c) alt 11 den Post Office (Protection) Act, 1884,

(d) alt 53A (a chuirtear isteach leis an gCeathrú Sceideal) nó 62 den Post Office Act, 1908,

(e) alt 13 den Acht um Oifig an Phoist (Leasú), 1951 , nó

(f) alt 37, 63, 84, 87, 98 nó 99 den Acht seo,

dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Ar dhuine a chiontú ar díotáil i leith cion lena mbaineann fo-alt (1), féadfaidh an chúirt, i dteannta aon phionóis eile, a ordú go bhforghéillfear aon ghaireas, trealamh nó ní eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (1) amhail is dá mbeadh na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (i) den alt seo sonraithe ann in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(4) I gcás cion lena mbaineann fo-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir, nó rúnaí ar an gcomhlacht sin, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, cibé acu é, ciontach freisin sa chion sin.

Imeachtaí.

5. —(1) Féadfaidh an chuideachta poist nó an chuideachta teileachumarsáide, de réir mar a bheidh, imeachtaí achoimre i leith cion faoi alt 37 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) Féadfaidh an chuideachta poist imeachtaí achoimre i leith cion faoi alt 63 nó 84 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(3) Féadfaidh an chuideachta teileachumarsáide imeachtaí achoimre i leith cion faoi alt 87, 98 (1), 98 (3) nó 99 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(4) Féadfaidh an chuideachta poist imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i leith cion—

(a) faoin Railways (Conveyance of Mails) Act, 1838,

(b) faoin Stamp Act, 1891,

(c) faoin Stamp Duties Management Act, 1891,

(d) faoi na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958,

(e) faoin Forgery Act, 1913,

(f) faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 ,

(g) faoin na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951, i ndáil le haon fheidhm de chuid na cuideachta poist.

(5) Féadfaidh an chuideachta teileachumarsáide imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i leith cion—

(a) faoi na Telegraph Acts, 1863 to 1916,

(b) faoin Post Office (Protection) Act, 1884,

(c) faoi na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951,

i ndáil le haon fheidhm de chuid na cuideachta teileachumarsáide.

(6) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i leith cion faoi alt 6 den Telegraph Act, 1869, nó faoi alt 37, 63, 84, 87 nó 98 den Acht seo.

(7) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith cion lena mbaineann aon fhoráil den Act seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus cúlghairm.

7. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Tríú Sceideal a aisghairm nó a chúlghairm le héifeacht ón lá dílseacháin go feadh an mhéid a shonraítear sa tríú colún.

Leasú iarmhartach ar achtacháin.

8. —(1) Beidh éifeacht, ar an lá dílseacháin agus dá éis, le gach achtachán a luaitear sa Cheathrú Sceideal amhail mar a leasaítear é sa tríú colún agus forléireofar é dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, d'fhonn lánéifeacht a thabhairt don sannadh feidhmeanna a dhéantar faoin Acht seo chuig ceachtar cuideachta, aon achtachán a oiriúnú le toiliú aon Aire eile atá freagrach i riaradh an achtacháin sin.