|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL A) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1984
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Coistí Pinsin Áitiúla do Scor, etc. agus Forálacha Iarmhartacha | |
[EN] |
Aisghairm (coistí pinsin áitiúla do scor, etc.,). |
18. —Aisghairtear leis seo ailt 162 (2), 164, 165 agus 166 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais. |
19. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críocha Chaibidil 3 de Chuid III den Phríomh-Acht. |
[EN] | (2) Déanfaidh gach oifigeach a cheapfar amhlaidh gach éileamh ar phinsean seanaoise nó ina leith agus aon cheist a thógfar de thoradh nó i leith an phinsin sin a bheidh tarchurtha chuige ag an Aire a imscrúdú agus tuairisc a thabhairt don Aire orthu. | |
[EN] |
Oifigí áirithe do choistí pinsin áitiúla do scor agus foráil le haghaidh cúitimh. |
20. —(1) Scoirfidh oifig chléireach do choiste pinsin áitiúil agus oifig chléireach d'fhochoiste pinsin áitiúil de bheith ann. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh chun cúiteamh a íoc le cléireach a bhí, tráth scor a oifige de bhua an ailt seo, ag fáil an luach saothair is iníoctha i leith a oifige agus a bhí i dteideal an luach saothair sin a choimeád. | |
[EN] | (3) Beidh méid an chúitimh is iníoctha le duine faoin alt seo comhionann le— | |
[EN] | (a) luach saothair seachtaine in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís suas go dtí cúig bliana déag, agus | |
[EN] | (b) luach saothair coicíse in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís de bhreis ar chúig bliana déag, | |
[EN] | faoi réir uasmhéid de luach saothair ocht seachtaine is seachtó agus á ghlacadh gurb é a luach saothair an luach saothair ab iníoctha leis tráth scor a oifige de bhua an ailt seo. | |
[EN] |
Alt 4 den Phríomh-Acht (caiteachais) a leasú tuilleadh. |
21. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí “agus caiteachais na gcoistí pinsean áitiúla faoi Chaibidil 3 de Chuid III suas go dtí méid a cheadóidh an tAire” a scriosadh i bhfo-alt (1). |
[EN] |
Leasú ar alt 159 den Phríomh-Acht (coinníollacha reachtúla maidir le pinsin seanaoise). |
22. —Leasaítear leis seo alt 159 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1): |
[EN] | “(c) nach mbeidh acmhainn an duine arna ríomh de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal níos mó ná an t-uasmhéid iomchuí acmhainne ag ar féidir pinsean a íoc leis an duine sin de réir alt 161.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 167 den Phríomh-Acht (tosach feidhme pinsean seanaoise). |
23. —Leasaítear leis seo alt 167 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): |
[EN] | “(2) Faoi réir rialacháin faoi alt 170 (4), má lamháiltear pinsean seanaoise den chéad uair, tosóidh an pinsean ag faibhriú an chéad Aoine tar éis an dáta a bhfaighidh an tAire an t-éileamh ar an bpinsean nó an chéad Aoine tar éis an dáta a dtiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith i dteideal an phinsin den chéad uair, cibé acu is déanaí nó, más Aoine an dáta is déanaí den dá dháta sin. an Aoine sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 169 den Phríomh-Acht (imeachtaí dlíthiúla). |
24. —Leasaítear leis seo alt 169 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) trí fho-alt (6) a scriosadh, agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7): | |
[EN] | “(7) Má dhlíonn aon duine atá ag fáil pinsin seanaoise aon suimeanna faoi fho-alt (3) a aisíoc leis an Aire beidh an tAire, gan dochar dá chumhachtaí faoin bhfo-alt sin, i dteideal a ordú go mbainfear na suimeanna sin as aon suimeanna a mbeidh teideal ag an duine sin chucu ar chuntas pinsin seanaoise, mar a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh chun na críche faoi alt 170: ar choinníoll, i gcás ionadaí pearsanta, gur as aon suim a mbeidh teideal ag an duine sin chuici mar ionadaí pearsanta a dhéanfar an asbhaint.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 170 den Phríomh-Acht (rialacháin). |
25. —Leasaítear leis seo alt 170 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) go (3): |
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire, i gcomhar leis an bPost (a mhéid a bhainfidh leis an bPost), rialacháin a dhéanamh chun críocha na Caibidle seo— | |
[EN] | (a) ina sonrófar an fhianaise a éileofar maidir le coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh, agus | |
[EN] | (b) ina sonrófar an tslí a bhféadfar éilimh ar phinsin a dhéanamh. | |
[EN] | (2) Forálfar le rialacháin go gcumasófar d'éilitheoirí ar phinsin a n-éilimh a dhéanamh agus faisnéis i dtaobh pinsin seanaoise faoin gCaibidil seo a fháil tríd an bPost agus go lamhálfar éilimh ar phinsin go sealadach roimh an dáta a thiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith iarbhír i dteideal an phinsin i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a leagfar síos leis na rialacháin. | |
[EN] | (3) Féadfar rialacháin a dhéanamh freisin trína gcumasófar duine a cheapadh a dhéanfaidh, thar ceann aon éilitheora nó pinsinéara nach bhfuil in ann gníomhú, de dheasca aon éagumais meabhrach nó éagumais eile, aon cheart a fheidhmiú a mbeidh teideal ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir sin chuige faoin gCaibidil seo agus go n-údarófar d'aon duine a bheidh ceaptha amhlaidh aon suimeanna is iníoctha mar phinsean seanaoise a ghlacadh thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora nó an phinsinéara.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 175 den Phríomh-Acht (pinsean dall). |
26. —Leasaítear leis seo alt 175 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Beidh gach dall a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige i dteideal cibé pinsean (dá ngairtear pinsean dall san Acht seo) a fháil, agus leanúint á fháil, a bheadh sé i dteideal a fháil faoin gCaibidil seo dá mbeadh aois inphinsin slánaithe aige; agus beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo ar gach bealach i gcás an duine sin faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá in alt 159 (1) (a) na coinníollacha nach foláir gur duine é an duine sin a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus go bhfuil sé chomh dall sin nach féidir leis aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis leanúint dá ghnáth-shlí bheatha.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 296 den Phríomh-Acht (cinntí oifigeach breithiúnachta). |
27. —Leasaítear leis seo alt 296 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2): |
[EN] | “(b) faoi Chuid III (cúnamh sóisialach) seachas Caibidil 6 (liúntas leasa forlíontach),”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht (achomhairc, etc.). |
28. —Leasaítear leis seo alt 298 den Phríomh-Acht trí— |
[EN] | (a) “nó coiste pinsin áitiúil” i bhfo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) fo-alt (2), | |
a scriosadh. | ||
[EN] |
Leanúnachas na Coda seo le forálacha aisghairthe agus leasaithe. |
29. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun leanúnachas na Coda seo le haon fhorálacha a aisghairfear nó a leasófar leis an gCuid seo a áirithiú. |
[EN] |
Tosach feidhme na Coda seo. |
30. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |