|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Forálacha Idirlinne agus Cosaint) |
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1985 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM LÁN-AOIS, 1985 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Forálacha Idirlinne agus Cosaint | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1985 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM LÁN-AOIS, 1985 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE LÁN-AOIS AGUS LEIS AN AM A SLÁNAÍONN DUINE AOIS ÁIR-ITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE I nDÁIL LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Feabhra, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | forléireofar “aois iomlán” de réir alt 2; | |
[EN] | ciallaíonn “foráil reachtúil” aon fhoráil de chuid reachta (de réir bhrí alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ) nó de chuid aon ionstraime reachtúla (de réir na brí sin a dúradh) arna déanamh faoi chumhacht nó údarás a thugtar le reacht den sórt sin. | |
[EN] | (2) Tagairt san Acht seo d'alt nó don Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil reachtúil éigin eile atá i gceist. | |
[EN] | (3) Tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur foráil éigin eile atá i gceist. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairt d'aon fhoráil reachtúil eile, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don fhoráil reachtúil sin arna leasú le haon fhoráil reachtúil eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi aon fhoráil reachtúil den sórt sin. | |
[EN] |
Lán-aois a ísliú. |
2. —(1) I gcás nach mbeidh bliain is fiche d'aois slánaithe ag duine roimh thosach feidhme an Achta seo, slánóidh sé aois iomlán faoi réir alt 4— |
[EN] | (a) ar an tosach feidhme sin má bhíonn ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige nó má tá nó má bhí sé pósta, nó | |
[EN] | (b) tar éis an tosach feidhme sin nuair a shlánóidh sé ocht mbliana déag d'aois nó, i gcás ina bpósfaidh sé sula slánóidh sé an aois sin, ar phósadh dó. | |
[EN] | (2) Tá feidhm le fo-alt (1) chun críocha aon rialach dlí agus, cheal mínithe nó mura léir a mhalairt a bheith i gceist, maidir le forléiriú na bhfocal “lán-aois”, “aois iomlán”, “naíonacht”, “naíon”, “mionaoiseach”, “mionaois” agus focail ghaolmhara agus abairtí gaolmhara eile— | |
[EN] | (a) in aon fhoráil reachtúil arna rith nó arna déanamh roimh thosach feidhme an Achta seo, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, agus | |
[EN] | (b) in aon ghníomhas, uacht, ordú cúirte nó ionstraim eile (nach foráil reachtúil) arna dhéanamh nó arna déanamh ar an tosach feidhme sin nó dá éis. | |
[EN] | (3) I gcás a mbeidh, in aon fhoráil reachtúil arna rith nó arna déanamh roimh thosach feidhme an Achta seo, tagairt d'aois bliain is fiche, déanfar an fhoráil sin, faoi réir fho-alt (4), a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi amhail is dá mba thagairt d'aois iomlán an tagairt inti. | |
[EN] | (4) (a) Ní dhéanann an t-alt seo difear d'fhorléiriú aon tagartha d'aois bliain is fiche, nó aon fhocail nó abairte lena mbaineann fo-alt (2), in aon fhoráil reachtúil lena mbaineann an fo-alt seo. | |
[EN] | (b) Baineann an fo-alt seo leo seo a leanas: | |
[EN] | (i) the Marriages (Ireland) Act, 1844, | |
[EN] | (ii) the Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863, | |
[EN] | (iii) the Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, | |
[EN] | (iv) Acht na bPóstaí, 1972 , | |
[EN] | (v) na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, | |
[EN] | (vi) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984, | |
[EN] | (vii) na hAchtanna Cánach Ioncaim agus aon fhoráil reachtúil eile a bhaineann le haon cháin nó dleacht eile atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorchur, a aisghairm, a loghadh, a athrú nó a rialáil, | |
[EN] | (viii) aon fhoráil d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , nó den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a dhéanann socrú maidir le híocaíochtaí a dhéanfar chun leanaí a chothabháil nó a chothú go dtí bliain is fiche d'aois, | |
[EN] | (ix) aon fhoráil reachtúil a dhéanann socrú maidir le pinsean nó liúntas eile a íoc le haghaidh leanaí suas go dtí bliain is fiche d'aois, agus | |
[EN] | (x) aon fhoráil reachtúil a bhaineann le príosúin, le Foras Naomh Pádraig nó le haon áit eile chun daoine a choimeád. | |
[EN] |
Tuairisc ar dhuine nach bhfuil aois iomlán aige. |
3. —Féadfar mionaoiseach seachas naíon a thabhairt ar dhuine nach bhfuil aois iomlán aige agus, dá réir sin, ciallaíonn “mionaoiseach” san Acht seo duine den sórt sin. |
[EN] |
An t-am a slánaíonn duine aois áirithe. |
4. —(1) Faoi réir fho-alt (3), is é an t-am a slánóidh duine aois áirithe arna sonrú i mblianta, chun críocha aon rialach dlí nó aon fhorála reachtúla, gníomhais, uachta nó ionstraime eile, tús chothrom lae iomchuí a dháta breithe. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) ach amháin má thiteann an cothrom lae iomchuí ar dháta is déanaí ná an dáta a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh agus, maidir le haon fhoráil reachtúil, gníomhas, uacht nó ionstraim eile, beidh éifeacht leis faoi réir aon fhorála sa chéanna. | |
[EN] | (3) (a) Déanfar an dáta a slánóidh duine ocht mbliana déag d'aois a ríomh, chun críocha aon fhorála reachtúla lena mbaineann an fo-alt seo, ar an modh céanna a ríomhtar é d'fhonn a chinneadh an bhfuil ceart ag duine vótáil i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann. | |
[EN] | (b) Baineann an fo-alt seo leis na hAchtanna seo a leanas— | |
[EN] | (i) na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1983, | |
[EN] | (ii) Achtanna Toghcháin an Uachtaráin, 1937 go 1973, | |
[EN] | (iii) Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile), 1937 go 1973, | |
[EN] | (iv) Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, | |
[EN] | (v) na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974, agus | |
[EN] | (vi) na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 . |
5. —Leasaítear leis seo an tAcht Cosanta, 1954 — |
[EN] | (a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 76: | |
[EN] | “Ar choinníoll nach mbainfidh an t-alt seo le duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois agus atá nó a bhí pósta tráth an fhianaithe sin.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí fho-alt (2) d'alt 107 a scriosadh. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 . |
6. —Leasaítear leis seo Alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 — |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
[EN] | “(3) Féadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh ar iarratas ó cheachtar tuismitheoir d'ainneoin na tuismitheoirí a bheith in aontíos an uair sin ach ní fhéadfar ordú a dhéanfar faoi mhír (a) d'fho-alt (2) a chur i bhfeidhm agus ní fhaibhreoidh aon dliteanas dá thairbhe fad a bheidh siad in aontíos, agus scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith aige má leanann siad orthu in aontíos ar feadh trí mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | |
[EN] | “(5) Folóidh aon tagairt do naíon san alt seo (seachas i mír (a) d'fho-alt (2)) tagairt do leanbh a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige agus a bhfuil míchumas meabhrach nó coirp air de mhéid nach bhfuil ar a chumas go réasúnach é féin a chothabháil go hiomlán.”. | |
[EN] |
Forálacha idirlinne agus cosaint. |
7. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha idirlinne agus leis na cosaintí atá sa Sceideal maidir le halt 2. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon rialach dlí, ní chaithfear le huacht ná le codaisíl, a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, chun críocha alt 2 nó an Sceidil, mar uacht nó mar chodaisíl a rinneadh ar an tosach feidhme sin nó dá éis de bhíthin amháin gur le codaisíl a forghníomhaíodh tar éis an tosach feidhme sin a daingníodh an uacht nó an chodaisíl. | |
[EN] | (3) Más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, go ndéantar breitheamh den Chúirt Dúiche, de bhua alt 2 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, nó cláraitheoir contae, de bhua alt 56 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a choimeád in oifig go dtí dáta ar an lá díreach roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis déanfar an barántas trína gcoimeádtar in oifig é amhlaidh, chun an tréimhse a shíneadh lena mbaineann an barántas sin, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis chun é a choimeád in oifig suas go dtí an chéad chothrom lae dá dháta breithe tar éis an tosach feidhme sin ach gan an dáta sin a áireamh. | |
[EN] |
Aisghairm. |
8. —Aisghairtear leis seo iad seo a leanas: |
[EN] | (a) an Infant Settlements Act, 1855, | |
[EN] | (b) an Infant Marriage Act, 1860, | |
[EN] | (c) in alt 6 den Employers and Workmen Act, 1875, an mhír darb uimhir (1.) agus an abairt dheireanach, agus | |
[EN] | (d) alt 13 (2) (d) den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 . | |
[EN] |
Gearrtheideal agus Tosach Feidhme. |
9. —(1) Féadfar an tAcht um Lán-Aois, 1985 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Mhárta, 1985. |