|
||||
|
Ar Aghaidh (SCEIDEAL A) |
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 5 de 1985 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1985 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 5 de 1985 | ||||||||||||
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1985 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1984. [28 Márta, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua). |
2. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V den Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1984). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 4ú lá d'Iúil, 1985, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 8ú lá d'Iúil, 1985, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 11ú lá d'Iúil, 1985, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 12ú lá d'Iúil, 1985. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua). |
3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1984). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 3ú lá d'Iúil, 1985, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 11ú lá d'Iúil, 1985, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 12ú lá d'Iúil, 1985, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 8ú lá d'Iúil, 1985. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh. |
4. —(1) Leasaítear leis seo alt 232B (a bhaineann le teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1984) trí “£100” a chur in ionad “£95” gach áit a bhfuil sé agus trí “£18” a chur in ionad “£15”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 232C (a bhaineann leis an ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1984) trí “£2.50” a chur i bhfo-alt (2) (b) in ionad “£1.75”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Baineann an t-alt seo le haon éileamh ar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh a gheofar an 11ú lá d'Iúil, 1985, nó dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 73 den Phríomh-Acht (sochar páchoibhneasa). |
5. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht trí “£49” a chur in ionad “£43” (a cuireadh isteach le hAcht 1984). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985 nó dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh). |
6. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £13,800 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1985. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí). |
7. —(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 12: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “13. Fostaíocht mar chathaoirleach, leaschathaoirleach nó gnáthchomhalta den Chúirt Oibreachais arna bunú faoin Acht Caidrimh Thionscail, 1946 .”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht (árachas modhnaithe). |
8. —Leasaítear leis seo alt 7 (1) den Phríomh-Acht trí “12 agus 13 (arna chur isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1985 )” a chur in ionad “agus 12” i mír (a). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht (fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde)). |
9. —Leasaítear leis seo alt 38 (3) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(g) fostaíocht a shonraítear i mír 13 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1985 ) de Chuid I den Chéad Sceideal.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an b Príomh-Acht (Fostaíochtaí Eiscthe). |
10. —(1) Leasaítear leis seo Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 8 agus 9: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “8. Fostaíocht, seachas fostaíocht sna Fórsaí Cosanta, mar liachleachtóir cláraithe nó lia-chleachtóir arna chlárú go sealadach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 9. Fostaíocht, seachas fostaíocht sna Fórsaí Cosanta, mar fhiaclóir cláraithe.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1985. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 135 den Phríomh-Acht (Léiriú, Cuid III, Caibidil 2). |
11. —Leasaítear leis seo alt 135 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2A) Chun críocha na Caibidle seo, maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadú ag an gComhairle Oiliúna, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | déanfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ag áireamh aon dá thréimhse leanúnacha dífhostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 20 seachtain eatarthu mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta amháin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Fíneálacha a mhéadú. |
12. —Maidir le duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear fíneáil in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) de Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcas é a chiontú go hachomair, in ionad na fíneála dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, dlífear an fhíneáil a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcas é a chiontú ar díotáil, in ionad na fíneála dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (5) den Sceideal sin, dlífear an fhíneáil a shonraítear i gcolún (6) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus forléireofar aon alt den sórt sin agus beidh éifeacht leis dá réir. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais (Cuid III, Caibidil 2). |
13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 143: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gan sochair a dhul thar thuilleamh roimh thionóisc. |
14. —Leasaítear leis seo alt 56 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3A) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo maidir le cibé aicme nó aicmí d'oibrithe deonacha a bheidh forordaithe.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
15. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985, a ghairm díobh le chéile. |