|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1985
[EN] | ||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin | |
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta | ||
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 138— | ||
(i) i mír (a), trí “£3,800” a chur in ionad “£3,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | ||
(ii) i mír (b), trí “£ 2,400” a chur in ionad “£2,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) agus trí “£3,800” a chur in ionad “£3,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), agus | ||
(iii) i mír (c), trí “£1,900” a chur in ionad “£1,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), agus | ||
(b) in alt 141 (1A), trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) gach áit a bhfuil sé i míreanna (b) agus (c). | ||
2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£2,500” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1). | ||
3. Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , i bhfo-alt (2), trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) gach áit a bhfuil sé agus trí “£1,400” a chur in ionad “£1,200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ). |