12 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1985


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú

2.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1963.

3.

Leasú ar ailt 44, 51, 64, 70 agus 92 d'Acht 1963.

4.

Toghthóir uachtaráin, etc.

5.

Toghchóras agus clárú i dtoghcháin uachtaráin.

6.

Leasú ar ailt 3 agus 29 d'Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937.

7.

Forléiriú (Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984).

8.

Leasú ar ailt 7, 20 agus 34 d'Acht an Reifrinn, 1942, agus ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis.

9.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1983

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1966

1966, Uimh. 1

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1973

1973, Uimh. 3

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Acht na nGiúiréithe, 1976

1976, Uimh. 4

Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937

1937, Uimh. 32

Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1973

Acht an Reifrinn, 1942

1942, Uimh. 8

Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1985


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN AN CEART VÓTÁLA A THABHAIRT DO DHAOINE ÁIRITHE, DE BHUN AIRTEAGAL 16.1.2° DEN BHUNREACHT, I dTOGHCHÁIN DO DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHT-ANNA TOGHCHÁIN, 1923 GO 1983, ACHTANNA TOGH-CHÁN AN UACHTARÁIN, 1937 GO 1973, AGUS ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1984. [7 Iúil, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Toghcháin (Leasú), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 .

(2) In ailt 3 (2), 4, 5 agus 7 den Acht seo, is ionann tagairt d'aon achtachán agus tagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile a achtaítear tar éis thosach feidhme an Achta seo.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1963.

2. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1963 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) I dteannta na ndaoine sin atá i dteideal a gcláraithe faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Dála i ndáilcheantar más duine é a bhfuil ocht mbliana déag slán aige agus, ar an dáta cáilitheach—

(i) a chomhlíon ceanglas fho-alt (1) (b) den alt seo, agus

(ii) a bhí—

(I) ina shaoránach Briotanach, nó

(II) ina náisiúnach de Bhallstát lenar bhain an fo-alt seo ar an dáta sin.

(b) Baineann an fo-alt seo le Ballstát arb é, de thuras na huaire, is ábhar dearbhaithe faoi fho-alt (1B) den alt seo.

(1B) Más é tuairim an Aire—

(a) go ndéantar le dlí Ballstáit a bhaineann le toghadh chomhaltaí Pharlaimint Náisiúnta an Bhallstáit sin, nó le toghadh teachtaí nó ionadaithe eile sa Pharlaimint sin nó chuici, a chumasú do shaoránaigh d'Éirinn, toisc iad a bheith ina saoránaigh den sórt sin agus ina gcónaí sa Bhallstát sin, vótáil i dtoghchán den sórt sin, agus

(b) gurb ionann, nó gurb ionann go substaintiúil, forálacha an dlí sin a chumasaíonn do shaoránaigh d'Éirinn a bhfuil cónaí orthu amhlaidh vótáil amhlaidh agus na forálacha sin a chumasaíonn do náisiúnaigh an Bhallstáit sin vótáil amhlaidh,

féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur Ballstát lena mbaineann fo-alt (1A) den alt seo an Ballstát sin.

(1C) Féadfaidh an tAire le hordú critéir nó nithe eile a shonrú a dtabharfar aird orthu chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil duine, chun críche an ailt seo, ina náisiúnach de Bhallstát agus féadfar a fhoráil leis an ordú sin go mbainfidh forálacha an ordaithe le gach Ballstát nó le cibé Ballstát nó Ballstáit a bheidh sonraithe san ordú.

(1D) I gcás—

(a) ordú faoi fho-alt (1C) den alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(b) Ballstát lena mbaineann an t-ordú a bheith, de thuras na huaire, ina Bhallstát lena mbaineann fo-alt (1A) den alt seo,

forléireofar clásal (II) d'fho-alt (1A) (a) (iii) den alt seo, agus beidh éifeacht leis, faoi réir fhorálacha an ordaithe.

(1E) (a) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(b) Má bheartaítear ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a dhéanamh, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu sin.

(1F) (a) Faoi réir fho-alt (1D), san alt seo—

ciallaíonn ‘saoránach Briotanach’ duine is saoránach Briotanach faoin Acht de chuid na Parlaiminte Briotanaí dá ngairtear an British Nationality Act 1981;

ciallaíonn ‘na Comhphobail Eorpacha’ Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;

ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát nó an Ríocht Aontaithe;

tá le ‘náisiúnach de Bhallstát’ an bhrí a shanntar dó leis na conarthaí ach amháin nach bhforléireofar é mar ní a thagraíonn don Ríocht Aontaithe ná mar ní a fholaíonn saoránach Briotanach;

ciallaíonn ‘na conarthaí’ na conarthaí, an coinbhinsiún agus an cinneadh atá luaite in alt 1 (1) d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , arna bhforlíonadh nó arna leasú sa tslí atá luaite san alt sin.

(b) An tagairt i mír (a) den fho-alt seo don Acht de chuid na Parlaiminte Briotanaí atá luaite sa mhír sin, is tagairt í don Acht sin arna achtú ag an bParlaimint sin an 30ú lá de Dheireadh Fómhair, 1981.”.

Leasú ar ailt 44, 51, 64, 70 agus 92 d'Acht 1963.

3. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 92, arna leasú le halt 21 (2) d'Acht 1977, d'Acht 1963 trí “clárú toghthóirí uachtaráin,” a chur isteach i ndiaidh “toghthóirí Dála,” agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an alt seo, leaghta amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Forléireofar Acht 1963 agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí tagairt do chlár toghthóirí uachtaráin in ionad gach ceann de na tagairtí do chlár toghthóirí Dála i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 44, i bhfo-alt (1), (2) (arna leasú le halt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1973 ) agus (4) d'alt 51, i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 64 agus i bhfo-ailt (1), (2) (arna leasú amhlaidh) agus (4) d'alt 70.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, in aon chás inar dóigh leis go mbaineann práinn nó deacracht speisialta leis, cibé oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon reacht, ordú nó rialachán maidir le clárú toghthóirí Dála, clárú toghthóirí uachtaráin, clárú toghthóirí Tionóil nó clárú toghthóirí i dtoghcháin áitiúla, maidir le stiúradh toghchán Dála, toghchán uachtaráin, toghchán Tionóil, toghchán áitiúil nó reifreann, is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht a bheith aige faoi réir forálacha an Achta seo.

Toghthóir uachtaráin, etc.

4. —(1) Chun críocha—

(a) Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985,

(b) Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, agus

(c) alt 92 (1), arna leasú le halt 21 (2) d'Acht 1977 agus le halt 3 (1) den Acht seo, d'Acht 1963,

ciallaíonn “toghthóir uachtaráin” duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán duine chun oifig Uachtarán na hÉireann.

(2) Chun críocha Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, ciallaíonn “toghthóir”, nuair a úsáidtear ina aonar é, duine a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

Toghchóras agus clárú i dtoghcháin uachtaráin.

5. —(1) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir uachtaráin i ndáilcheantar má tá ocht mbliana déag slán aige agus má bhí sé, ar an dáta cáilitheach—

(a) ina shaoránach d'Éirinn, agus

(b) ina ghnáthchónaí sa dáilcheantar sin.

(2) Beidh feidhm ag Cuid II d'Acht 1963 (seachas fo-alt (1), fo-ailt (1A), (1B), (1C), (1D), (1E) agus 1F) (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht seo) agus fo-alt (2) d'alt 5), arna leasú le halt 1 d'Acht 1966 agus le halt 4 d'Acht na nGiúiréithe, 1976 , maidir le clárú toghthóirí uachtaráin de bhun an ailt seo agus is é an clár dá dtagraítear in alt 6 (1) d'Acht 1963, a mhéid a bhaineann sé le daoine atá i dteideal vótáil i dtoghcháin uachtaráin, clár na dtoghthóirí uachtaráin.

(3) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo déanfar gach ceann de na tagairtí i bhfo-ailt (4), (5), (5A) (a cuireadh isteach le halt 1 d'Acht 1966) agus (6) d'alt 5 d'Acht 1963 do chríocha an ailt sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chríocha an ailt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “an dáta cáilitheach” an dáta a shonróidh an tAire Comhshaoil faoi alt 5 (6) d'Acht 1963.

Leasú ar ailt 3 agus 29 d'Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 .

6. —Leasaítear leis seo Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937

(a) trí “uachtaráin” a chur in ionad “Dála” sa mhíniú ar “rolla de thoghthóirí” in alt 3; agus

(b) trí “toghthóir uachtaráin” a chur in ionad “duine” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfo-ailt (2) agus (3) (a cuireadh isteach, iad araon, le halt 50 d'Acht 1963) d'alt 29,

agus tá an míniú sin agus na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú leis an alt seo, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.

ciallaíonn an abairt “rolla de thoghthóirí” rolla de sna daoine bheidh i dteideal vótála i dtoghachán uachtaráin;

2.

(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil ó cheann comhairimh toghcháin an uachtaráin i dtaobh toghchán uachtaráin a chur ar atráth chun vótaíocht a thógáil, páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach toghthóir uachtaráin a mbeidh a ainm ar liosta na bpostvótálaithe dá dháilcheantar.

(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, roimh chríochnú na vótaíochta, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an toghthóir uachtaráin sin maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí aige, comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéileálfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáthshlí.

Forléiriú (Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984).

7. —(1) Déanfar gach ceann de na tagairtí in Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, don chlár de thoghthóirí a fhorléiriú mar thagairt do chlár de na daoine atá i dteideal vótáil i dtoghchán uachtaráin.

(2) San alt seo tá le “toghchán uachtaráin” an bhrí a shanntar do “toghachán uachtaráin” le halt 3 d'Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 .

Leasú ar ailt 7, 20 agus 34 d'Acht an Reifrinn, 1942 , agus ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis.

8. —Leasaítear leis seo Acht an Reifrinn, 1942

(a) trí “de thoghthóirí uachtaráin a bheidh cláraithe sa chlár de thoghthóirí uachtaráin” a chur in ionad “de thoghthóirí Dála bheidh cláruithe sa chlár de thoghthóirí” i bhfo-alt (2) d'alt 7;

(b) trí “uachtaráin” a chur in ionad “Dála” i bhfo-alt (3) d'alt 7;

(c) trí “toghthóir uachtaráin” a chur in ionad “duine” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1), i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 69 d'Acht 1963), agus i bhfo-alt (3) (arna chur isteach amhlaidh) d'alt 20;

(d) trí “de thoghthóirí uachtaráin sa chlár de thoghthóirí uachtaráin” a chur in ionad “de thoghthóirí Dála sa rolla de thoghthóirí” i mír (b) d'alt 34 (2); agus

(e) trí “uachtaráin” a chur in ionad “Dála” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfomhír (b) de Riail 32 (1) den Chéad Sceideal,

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3) den alt sin 7, an t-alt sin 20, mír (b) agus fomhír (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1, 2, 3 agus 4, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.

(2) Pé uair, tar éis dáta an Achta so do rith, a thiocfaidh clár de thoghthóirí i bhfeidhm, cuirfidh gach oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn láithreach ráiteas sa bhfuirm orduithe i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí uachtaráin a bheidh cláraithe sa chlár de thoghthóirí uachtaráin i ngach dáilcheanntar no cuid de dháilcheanntar i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta san.

(3) Pé uair a thárlóidh an uimhir de thoghthóirí uachtaráin, is abhar do ráiteas a bheidh curtha ag oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn de bhun an ailt seo, d'athrú tré bhreith ar athchomhairc no tré earráidí do cheartú no ar chúis ar bith eile déanfaidh an t-oifigeach clárathachta san an t-athrú san agus na sonnraí ina thaobh do thuairisciú láithreach do cheann chóimhrimh an reifrinn.

2.

20.—(1) Gach toghthóir uachtaráin a mbeidh a ainm ar an liost de phostvótálaithe do dháilcheanntar le linn vótaíochta i reifreann, beidh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar san sa vótaíocht sa reifreann san tréna pháipéar ballóide de chur leis an bpost go dtí an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san agus ní bheidh sé i dteideal vótáil sa reifreann san ar aon tslí eile.

(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dáta an ordaithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach toghthóir uachtaráin a mbeidh a ainm ar liosta na bpostvótálaithe dá dháilcheanntar.

(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, roimh chríochnú na vótaíochta, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an toghthóir uachtaráin sin, maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí aige, comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéiléalfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáthshlí.

3.

(b) maidir leis na sonnraí bheidh sa deimhniú san i dtaobh na vótála go léir sa reifreann iomlán no i dtaobh toradh an reifrinn mar a bheidh luaidhte sa deimhniú san, ar scór earráide ar thaobh chinn chóimhrimh an reifrinn no, i gcás gnáth-reifrinn, ar scór earráide maidir leis an líon de thoghthóirí uachtaráin sa chlár de thoghthóirí uachtaráin bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

4.

(b) i gcás gnáth-reifrinn, an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra is abhar don reifrinn, an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san, agus, más mó an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san ná an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra san, an líon iomlán de thoghthóirí uachtaráin sa rolla de thoghthóirí i bhfeidhm de thurus na huaire, agus cé acu is lugha no nach lugha an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san ná trí tríochad agus trian per cent. de líon iomlán san de thoghthóirí uachtaráin, agus in aon chás cé acu diúltuíodh don togra san sa reifreann san no nár diúltuíodh;

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1985, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1983, agus d'ailt 1, 2 agus 3 (1), agus d'alt 4, a mhéid a bhaineann sé le hAcht 1963, den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1973, agus d'ailt 3 agus 4, a mhéid a bhaineann siad le toghcháin uachtaráin, agus d'ailt 1, 5 agus 6 den Acht seo le chéile.

(4) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, agus d'ailt 3 agus 4, a mhéid a bhaineann siad le reifreann, agus d'ailt 1, 7 agus 8 den Acht seo le chéile.

(5) Forléireofar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1985, mar aon Acht amháin.

(6) Forléireofar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, mar aon Acht amháin.