|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nALTRAÍ, 1985) | Ar Aghaidh (CUID II An Bord Altranais) |
ACHT NA nALTRAÍ, 1985
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar Acht na nAltraí, 1985 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” An Bord Altranais nó the Nursing Board a bhunaítear leis an Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheaptar ina lá bunaithe faoi alt 4 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunóidh an Bord faoi alt 13 (2) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an Seanbhord” an Bord Altranais a bunaíodh faoi Acht na nAltran, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Ballstát” stát, seachas an Stát, ar comhalta é de Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa; | |
[EN] | ciallaíonn “cnáimhseach” duine a bhfuil a ainm taifeadta i roinn na gcnáimhseach den chlár; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte; | |
[EN] | ciallaíonn “altra” bean nó fear a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa chlár agus folaíonn sé cnáimhseach agus folaíonn “altracht” “cnáimhseachas”; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacha arna ndéanamh ag an mBord; | |
[EN] | ciallaíonn “an clár” clár na n-altraí a bhunaítear faoi alt 27 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978; | |
[EN] | ciallaíonn “rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 26 den Acht seo. | |
[EN] |
Tosach feidhme. |
3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo. |
[EN] |
An lá bunaithe. |
4. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
Aisghairm. |
5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |