|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Clárú) |
ACHT NA nALTRAÍ, 1985
[EN] | ||
[EN] |
CUID II An Bord Altranais | |
[EN] |
An Bord Altranais a bhunú. |
6. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar An Bord Altranais, nó sa Bhéarla the Nursing Board (dá ngairtear an Bord san Acht seo) a mbeidh mar chúram ginearálta air oideachas gairmiúil agus oiliúint agus iompar gairmiúil de chaighdeán ard a chur chun cinn i measc altraí, agus a chomhallfaidh, go háirithe, na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo. |
[EN] | (2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord, faoi réir fhorálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil. | |
[EN] | (4) Bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an mBord. | |
[EN] |
An Seanbhord a dhíscaoileadh. |
7. —(1) Beidh an Seanbhord arna dhíscaoileadh de bhua an ailt seo an lá bunaithe. |
[EN] | (2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Seanbhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan tíolacadh ná sannadh ach faoi réir aistriú, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá chuid féin ag an mBord nó dílsithe dó nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás). | |
[EN] | (3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an tSeanbhoird, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an mBord á iarraidh sin aon tráth an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Bhoird. | |
[EN] | (4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Bord, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin. | |
[EN] | (5) Gach fiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Seanbhord agus gan íoc agus gan ghlanadh aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh agus glanfaidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord agus a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin. | |
[EN] | (6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Seanbhord agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Bord ann in ionad an tSeanbhoird agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an mBord nó ina aghaidh. | |
[EN] | (7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an Seanbhord, cuirfear ainm an Bhoird in ionad ainm an tSeanbhoird agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar na gcur-in-ionad sin. | |
[EN] | (8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Bhord. | |
[EN] | (9) Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Seanbhord agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Bhoird ann in ionad ainm an tSeanbhoird agus beidh gach conradh den sórt sin infheidhmithe dá réir sin ag an mBord nó ina aghaidh. | |
[EN] |
Séala an Bhoird. |
8. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe. |
[EN] | (2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú Uachtarán an Bhoird nó le síniú cibé comhalta eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin. | |
[EN] | (3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt. | |
[EN] |
Comhaltas an Bhoird. |
9. —(1) Is é a bheidh ar an mBord 29 gcomhalta agus is mar seo a leanas a cheapfar iad, is é sin le rá— |
[EN] | (a) cúigear altra a chónaíonn sa Stát agus a bhíonn ag gabháil d'oiliúint altraí, agus | |
[EN] | (i) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí san altracht ghinearálta, | |
[EN] | (ii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí san altracht phéidiatraiceach, | |
[EN] | (iii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí san altracht shíciatrach, | |
[EN] | (iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí i gcúram daoine meabhairéislinneacha, agus, | |
[EN] | (v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí sa chnáimhseachas, | |
[EN] | arna dtoghadh ag altraí; | |
[EN] | (b) cúigear altra a chónaíonn sa Stát agus a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta agus— | |
[EN] | (i) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta ginearálta, | |
[EN] | (ii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta sláinte poiblí, | |
[EN] | (iii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta síciatraí, | |
[EN] | (iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh an chnáimhseachais, agus, | |
[EN] | (v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh altracht daoine meabhairéislinneacha, | |
[EN] | arna dtoghadh ag altraí; | |
[EN] | (c) seachtar altra a chónaíonn sa Stát agus a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil na haltrachta, agus— | |
[EN] | (i) a mbeidh beirt acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil san altracht ghinearálta, | |
[EN] | (ii) a mbeidh beirt acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil san altracht shíciatrach, | |
[EN] | (iii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil sa chnáimhseachas, | |
[EN] | (iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil san altracht sláinte poiblí, agus | |
[EN] | (v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil in altracht daoine meabhairéislinneacha, | |
[EN] | arna dtoghadh ag altraí; | |
[EN] | (d) dhá dhuine dhéag arna gceapadh ag an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí nó eagraíochtaí a mheasann sé is oiriúnach chun comhairle a chur air, agus | |
[EN] | (i) a mbeidh duine amháin acu ina lia-chleachtóir cláraithe a bhíonn ag gabháil do chleachtadh na míochaine in ospidéal a bheidh ceadaithe ag an mBord chun oiliúint a chur ar altraí ginearálta, | |
[EN] | (ii) a mbeidh duine amháin acu ina lia-chleachtóir cláraithe a bhíonn ag gabháil do chleachtadh na míochaine in ospidéal a bheidh ceadaithe ag an mBord chun oiliúint a chur ar altraí síciatracha, | |
[EN] | (iii) a mbeidh duine amháin acu ina lia-chleachtóir cláraithe a bhíonn ag gabháil do chleachtadh na hasaoideolaíochta in ospidéal a bheidh ceadaithe ag an mBord chun oiliúint a chur ar chnáimhseacha, | |
[EN] | (iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach do bhainistíocht bord sláinte, | |
[EN] | (v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach do bhainistíocht ospidéal, seachas ospidéal a riarann boird sláinte, | |
[EN] | (vi) a mbeidh beirt acu ionadaitheach don Roinn Sláinte, | |
[EN] | (vii) a mbeidh duine le taithí i gcúrsaí oideachais ar dhuine amháin acu, | |
[EN] | (viii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'fhorais oideachais tríú leibhéal a bhíonn ag gabháil d'oideachas agus d'oiliúint a chur ar altraí, | |
[EN] | (ix) a mbeidh duine amháin acu ina altra, agus | |
[EN] | (x) a mbeidh beirt acu ionadaitheach do leas an phobail i gcoitinne. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire ceapachán de bhun mhír (d) (vii) nó mhír (d) (viii) d'fho-alt (1) den alt seo gan toiliú an Aire Oideachais. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, forálacha fho-alt (1) den alt seo a athrú. | |
[EN] | (4) Aon uair a bheartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] |
Daoine a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord. |
10. —Déanfaidh an tAire gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun an chéad Bhoird a bhunófar tar éis thosach feidhme an Achta seo agus déanfaidh an Bord gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun aon Bhoird ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Comhaltaí den Bhord a thoghadh. |
11. —(1) Roimh an lá bunaithe, i gcás an chéad toghchán comhaltaí chun an Bhoird de bhun an Achta seo, agus roimh thosach a dtéarma oifige i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, déanfar na comhaltaí den Bhord a bheidh le toghadh de réir alt 9 (1) (a), (b) agus (c) den Acht seo a thoghadh trí thoghchán a dhéanfar de réir rialacha a bheidh déanta ag an Aire, i gcás an chéad toghcháin, agus de réir rialacha a bheidh déanta ag an mBord, le ceadú an Aire, i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, agus féadfaidh aon rialacha den sórt sin a shonrú, go háirithe, na cáilíochtaí nach mór a bheith ag iarrthóirí lena dtoghadh chun an Bhoird, na daoine a bheidh i dteideal iarrthóir a ainmniú lena thoghadh nó vótáil i dtoghchán agus féadfaidh siad aicme nó aicmí faoi leith altraí a shonrú a bheidh i dteideal vótáil ar son aon aicme faoi leith altraí. |
[EN] | (2) I gcás an chéad toghcháin chun an Bhoird, is é an tAire a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin, agus i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, is é an Bord a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin. | |
[EN] |
Céad chruinniú an Bhoird. |
12. —(1) Tionólfar céad chruinniú an Bhoird lá a cheapfaidh an tAire agus cuirfidh an tAire tráth agus ionad an chruinnithe sin in iúl do chomhaltaí an Bhoird. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an Bord le chéile ag an tráth agus san ionad a cheapfaidh an tAire faoin alt seo dá chéad chruinniú agus air sin rachaidh sé i mbun a dhualgas faoin Acht sin. | |
[EN] |
Coistí de chuid an Bhoird. |
13. —(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, coistí a bhunú ó am go ham chun cibé feidhmeanna, más aon fheidhmeanna iad, den Bhord a fheidhmiú is fearr nó is caothúla a fhéadfar, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Bord do choiste. |
[EN] | (2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, bunóidh an Bord coiste i ndáil lena fheidhmeanna de bhun Chuid V den Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más cuí sin leis an mBord, ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo, seachas an coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (4) Ní foláir gur comhalta den Bhord cathaoirleach gach coiste a bhunofar faoin alt seo ar choinníoll, i gcás an choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, gur comhalta den Bhord seachas Uachtarán nó Leas-Uachtarán an Bhoird an cathaoirleach. | |
[EN] | (5) Ní foláir gur comhalta den Bhord gach comhalta den choiste a bhunófar faoi fho-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (6) Is daoine a ceapadh trína dtoghadh chun an Bhoird a bheidh i dtromlach comhaltaí an choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus is daoine seachas daoine a ceapadh trína dtoghadh chun an Bhoird a bheidh in aon trian ar a laghad de chomhaltaí an choiste sin. | |
[EN] | (7) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord mura scaoilfidh an Bord, tráth ar bith, leis an daingniú sin a bheith riachtanach. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Bord, faoi réir fhorálacha an Achta seo, nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil. | |
[EN] |
Caiteachais comhaltaí den Bhord agus de choistí. |
14. —Íocfar le comhalta den Bhord nó d'aon choiste a bhunóidh an Bord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé liúntais i leith caiteachais taistil agus cothaithe a thabhóidh sé i ndáil le freastal ar chruinniú den Bhord nó ar shlí eile i ndáil le gnó an Bhoird a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. |
[EN] |
An Bord a chur as oifig. |
15. —(1) Má mhainníonn nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an Bord aon fheidhm a bheidh sannta dó faoin Acht seo a chomhlíonadh féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Bhord an fheidhm sin a fheidhmiú agus chun na críche sin cibé nithe nó rudaí eile a ghabhann nó a bhaineann leis an bhfeidhm agus a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an Bord déanamh de réir aon ordachán ón Aire a bheidh in ordú a dhéanfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an Bhoird a chur as oifig. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo cibé forálacha a bheith ann a mheasfaidh an tAire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh d'ainneoin comhaltaí an Bhoird a bheith curtha as oifig agus féadfaidh aon ordú den sórt sin, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (5) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin agus i gcás ordú a rinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar na comhaltaí den Bhord a cuireadh as oifig de bhua an ordaithe a chur ar ais in oifig ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin ag aon duine nó daoine a ceapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú faoin ordú agus dá bhua. | |
[EN] |
Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin. |
16. —(1) Beidh príomh-oifigeach ann a ghníomhóidh mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird agus ar a dtabharfar Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird. |
[EN] | (2) Is é an Bord a cheapfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Bord ó am go ham, le toiliú an Aire. | |
[EN] | (3) Íocfaidh an Bord lena Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin as cistí a bheidh faoina réir aige cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Bhord leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe ach amháin leis an toiliú sin. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh eile don Bhord. |
17. —(1) I dteannta an Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, ceapfar cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord. |
[EN] | (2) Is é an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin a cheapfaidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord agus sealbhóidh sé a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ó am go ham. | |
[EN] | (3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, seachas an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, as cistí a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ó am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Bhord nó don Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann an dearbhú, ach amháin leis an toiliú sin. | |
[EN] |
Teorainneacha aoise. |
18. —Duine is buanoifigeach don Bhord, scoirfidh sé de bheith ina bhuanoifigeach ar é do shlánú 65 bliana d'aois. |
[EN] |
Aoisliúntas. |
19. —Bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , leis an mBord agus lena oifigigh agus lena sheirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil an Bord agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh d'údarás áitiúil iadsan agus bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , leis an mBord agus lena oifigigh agus lena sheirbhísigh ionann is dá mba chomhlacht lena mbaineann alt 2 den Acht sin an Bord agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh do chomhlacht den sórt sin iadsan, ach beidh feidhm ag an dá Acht sin maidir leis an mBord faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe ar aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , agus modhnuithe i ndáil le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Comhshaoil. |
[EN] |
Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach. |
20. —(1) Más rud é, i gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord— |
[EN] | (a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó | |
[EN] | (b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó | |
[EN] | (c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, | |
[EN] | beidh sé ar iasacht air sin ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a thofa nó a ainmnithe amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin. | |
[EN] | (2) Duine a bheidh, de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord. | |
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an mBord le haghaidh aon sochair aoisliúntais. | |
[EN] |
Cuntais an Bhoird. |
21. —(1) Coimeádfaidh an Bord na cuntais go léir is cuí ar ioncam agus ar chaiteachais uile an Bhoird agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus coimeádfaidh an Bord na cuntais go léir is cuí ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Bhoird. |
[EN] | (2) Déanfar cuntais an Bhoird a iniúchadh uair ar a laghad gach bliain ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin agus déanfaidh an Bord táillí an iniúchóra sin agus costais an iniúchta sin i gcoitinne a íoc a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta den sórt sin. | |
[EN] | (3) Déanfar, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, cóip de chuntais an Bhoird agus deimhniú an iniúchóra agus a thuarascáil orthu a thabhairt don Aire. | |
[EN] | (4) Cuirfidh an Bord faoi deara, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, na cuntais sin agus deimhniú agus tuarascáil an iniúchóra orthu a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol, agus díreach tar éis gach foilsithe den sórt sin, déanfar cóip de na cuntais sin agus an deimhniú agus an tuarascáil sin orthu, arna gcló agus arna bhfoilsiú amhlaidh, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] |
Cumhacht an Bhoird airgead a fháil ar iasacht. |
22. —(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, nó de réir aon ordacháin a thabharfaidh sé, airgead a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó críocha reatha. |
[EN] | (2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an Bord ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhaibhreoidh air a urrú ar ioncam, cistí nó maoin an Bhoird. | |
[EN] |
An Bord do ghlacadh bronntanas. |
23. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir. |
[EN] | (2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird. | |
[EN] |
Caiteachais an Bhoird agus an Aire. |
24. —(1) Íocfaidh an Bord as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord na caiteachais go léir a thabhóidh an Bord. |
[EN] | (2) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] |
Táillí. |
25. —Féadfaidh an Bord cibé táillí a ghearradh a chinnfidh an Bord ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith— |
[EN] | (a) duine a chlárú sa chlár, | |
[EN] | (b) ainm duine a choinneáil sa chlár, | |
[EN] | (c) ainm aon duine ar scriosadh nó ar baineadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, a ainm as an gclár, a chur ar ais sa chlár, | |
[EN] | (d) deimhniú cláraitheachta a thabhairt d'aon duine, | |
[EN] | (e) aon iarrthóir ar oiliúint altrachta a chlárú in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an mBord, | |
[EN] | (f) iontráil d'aon scrúdú a bheidh á stiúradh ag an mBord, | |
[EN] | (g) iarratais chun dul faoi oiliúint altrachta, | |
[EN] | (h) aon seirbhís eile a sholáthróidh an Bord, ó am go ham. | |
[EN] |
Rialacha. |
26. —Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, rialacha a dhéanamh chun críche oibriú an Achta seo agus féadfaidh aon rialacha den sórt sin inter alia foráil a dhéanamh maidir le bunú, comhaltas, feidhmeanna agus nósanna imeachta coistí d'fhonn cuidiú leis an mBord a chuid feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh. |