An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Clárú) Ar Aghaidh (CUID V Feidhmiúlacht chun Cleachtadh)

18 1985

ACHT NA nALTRAÍ, 1985

CUID IV

Oideachas agus Oiliúint

Rialacha i gcomhair cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altraí.

31. —Féadfaidh an Bord, de réir rialacha, socrú nó foráil a dhéanamh le haghaidh na gcúrsaí oiliúna agus na scrúduithe a dhéanfaidh iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altraí agus a ordú cad é an modh ar a dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—

(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin,

(b) i dtaobh na gcoinníollacha iontrála chun na scrúduithe, agus

(c) i dtaobh deimhnithe a dheonú do dhaoine a dhéanfaidh na cúrsaí agus a ghnóthóidh na scrúduithe.

Rialacha i gcomhair cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí.

32 —Féadfaidh an Bord, de réir rialacha, socrú nó foráil a dhéanamh le haghaidh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí, agus i dtaobh deimhnithe nó dioplómaí a dheonú d'altraí a dhéanfaidh na cúrsaí sin agus a ghnóthóidh na scrúduithe sin, agus féadfaidh an Bord a ordú cad é an modh ina dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—

(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin,

(b) i dtaobh na gcoinníollacha iontrála chun na scrúduithe, agus

(c) i dtaobh deimhnithe a dheonú do dhaoine a dhéanfaidh na cúrsaí agus a ghnóthóidh na scrúduithe.

Scrúduithe a chur ar siúl, etc.

33. —(1) Féadfaidh an Bord na scrúduithe a chur ar siúl a mbeidh socrú déanta ina gcomhair le rialacha agus, leis na rialacha sin, modh stiúrtha na scrúduithe sin a rialáil.

(2) Ceapfaidh an Bord na scrúdaitheoirí (agus ní bheidh aon duine acu ina chomhalta den Bhord) ag gach scrúdú a chuirfear ar siúl faoin alt seo, agus beidh ag na scrúdaitheoirí sin cibé cáilíochtaí agus cibé taithí i ndáil le haltracht is cuí leis an mBord, agus tabharfar luach saothair dóibh de réir scála a shocróidh an Bord le ceadú an Aire.

An Bord do cheadú ospidéal agus foras a bheidh oiriúnach chun críocha oiliúna.

34. —(1) Más deimhin leis an mBord, ar iarratas chuige sin a dhéanamh chuige, go bhfuil ospidéal nó foras oiriúnach chun altraí, nó iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altraí, a oiliúint ann, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras sin le haghaidh na hoiliúna sin.

(2) Chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, le rialacha, coinníollacha oiriúnachta a shonrú d'ospidéil agus d'fhorais.

(3) Measfar, mura gcinnfidh an Bord a mhalairt, go bhfuil gach ospidéal nó foras a cheadaigh an Seanbhord chun críocha alt 53 d'Acht na nAltran, 1950 , ceadaithe ag an mBord.

(4) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ceadú faoin alt seo i leith ospidéil nó forais a tharraingt siar.

(5) Aon ospidéal nó foras a ndiúltóidh an Bord é a cheadú, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Aire á iarraidh air a ordú don Bhord é a cheadú agus má thugann an tAire an t-ordú sin, tar éis fíorais an cháis a bhreithniú, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras.

Dul isteach in ospidéal etc. i gcomhair oiliúint.

35. —(1) Féadfaidh an Bord na riachtanais oideachais íosta a chinneadh is gá le dul isteach i gcomhair oiliúint mar altra in ospidéal nó i bhforas a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo.

(2) Féadfaidh an Bord, má chinneann sé amhlaidh, príomh-bhiúró iarratas a bhunú chun iarratais a phróiseáil ó dhaoine ar mian leo dul faoi oiliúint mar altra.

(3) Má bhunaíonn an Bord príomh-bhiúró iarratas, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh ospidéal ná foras a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo, aon duine nach mbeidh ceadaithe agus molta ag an mBord a ghlacadh i gcomhair oiliúint gan toiliú an Bhoird.

Feidhmeanna ilghnéitheacha an Bhoird i ndáil le hoideachas agus oiliúint.

36. —(1) Déanfaidh an Bord, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, ach in aon chás uair amháin gach cúig bliana ar a laghad, na nithe seo a leanas a dheimhniú dó féin—

(a) oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna i gcomhair altraí a sholáthraíonn aon ospidéal nó foras a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo,

(b) na caighdeáin eolais theoiriciúil agus phraiticiúil is gá le haghaidh scrúduithe,

(c) an oiliúint agus an taithí chliniciúil a sholáthraítear in aon chlár oiliúna a eagraíonn ospidéal nó foras a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo, agus

(d) leordhóthanacht agus oiriúnacht na gcúrsaí oiliúna iarchláraithe le haghaidh altraí a sholáthraíonn comhlachtaí dá dtugann an Bord aitheantas chun na críche sin.

(2) Féadfaidh an Bord taighde a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint altraí, lena n-áirítear curaclaim thrialacha a leagan amach agus cláir láithreacha agus nósanna imeachta scrúdúcháin agus measúnachta a mheas.

(3) Féadfaidh an Bord taifid staitistiúla a chothabháil agus na taifid sin a chur ar fáil le haghaidh taighde agus pleanáil, lena n-áirítear críocha pleanála daonchumhachta.

Dualgas a chinntiú go ndéantar de réir caighdeán íosta a bheidh sonraithe ag Comhairle na gComhphobal Eorpach.

37. —Cinnteoidh an Bord go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint altraí nó iarrthóirí ar chlárú sa chlár de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir nó Rialachán lenar ghlac nó a rinne Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil leis na cáilíochtaí is gá a bheith ag altraí chun clárú a áirithiú.