An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Oideachas agus Oiliúint) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

18 1985

ACHT NA nALTRAÍ, 1985

CUID V

Feidhmiúlacht chun Cleachtadh

Fiosrúchán ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi iompar altra.

38. —(1) Féadfaidh an Bord nó duine ar bith iarratas a dhéanamh chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar fhiosrúchán faoi fheidhmiúlacht altra chun altracht a chleachtadh ar na forais seo—

(a) mí-iompar gairmiúil líomhnaithe, nó

(b) neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun gabháil don chleachtadh sin mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach,

agus déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, an t-iarratas a bhreithniú.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú. nach bhfuil dóthain cúise ann chun fiosrúchán a sheoladh, cuirfidh sé é sin in iúl don Bhord agus féadfaidh an Bord, tar éis an t-ábhar a bhreithniú, a chinneadh nach ndéanfar beart ar bith eile i ndáil leis an ábhar agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choiste agus don iarratasóir, nó féadfaidh sé a ordú don Choiste fiosrúchán a sheoladh faoin ábhar de réir fhorálacha an ailt seo.

(3) I gcás go ndéanfar iarratas ar fhiosrúchán faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú go bhfuil cás prima facie ann leis an bhfiosrúchán a sheoladh nó i gcás go mbeidh ordú tugtha dó ag an mBord de bhun fho-alt (2) den alt seo an fiosrúchán a sheoladh, beidh éifeacht leis an méid seo a leanas—

(a) rachaidh an Coiste ar aghaidh leis an bhfiosrúchán a sheoladh,

(b) tíolacfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, nó aon duine eile le cead ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, don Choiste an fhianaise ar an mí-iompar gairmiúil líomhnaithe nó ar an neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun cleachtadh mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, de réir mar a bheidh,

(c) nuair a bheidh an fiosrúchán críochnaithe, déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh a chinntí a chur i dtuarascáil chuig an mBord agus sonróidh sé sa tuarascáil sin an t-iarratas agus an fhianaise a leagadh faoi bhráid an Choiste agus ábhair ar bith eile i ndáil leis an altra is cuí leis an gCoiste a thuairisciú lena n-áirítear a thuairim, ag féachaint dá mbeidh sa tuarascáil—

(i) maidir le mí-iompar gairmiúil líomhnaithe an altra, nó

(ii) maidir le feidhmiúlacht nó eile an altra sin bheith ag gabháil do chleachtadh na haltrachta mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach líomhnaithe,

de réir mar a bheidh.

(4) Nuair a bheartófar fiosrúchán a sheoladh faoi fho-alt (3) den alt seo tabharfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin don duine is ábhar don fhiosrúchán fógra i scríbhinn, a sheolfar leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an duine sin mar a bheidh sé sin sa chlár, i dtaobh na fianaise a bheartaítear a bhreithniú ag an bhfiosrúchán agus tabharfar don duine sin agus d'aon duine is ionadaí dó deis bheith i láthair ag an éisteacht.

(5) Ní dhéanfar cinntí an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar aon ní a cuireadh faoina bhráid ná cinneadh an Bhoird ar aon tuarascáil a thug an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh dó a phoibliú gan toiliú an duine ab ábhar don fhiosrúchán os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh murar cinneadh, de thoradh an fhiosrúcháin sin, an duine a bheith—

(a) ciontach i mí-iompar gairmiúil, nó

(b) neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, gabháil do chleachtadh na haltrachta,

de réir mar a bheidh.

(6) Beidh, chun críche fiosrúchán a sheolfar faoi fho-alt (3) den alt seo, ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a bhíonn dílsithe don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht—

(a) maidir lena thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus iad a cheistiú faoi mhionn nó eile, agus

(b) maidir le hiallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm a bheidh sínithe ag Cathaoirleach an Choiste nó ag cibé comhalta eile den Choiste a bheidh údaraithe ag an gCoiste chuige sin a chur in ionad aon nós imeachta foirmiúil, agus is ionannas é d'aon nós imeachta foirmiúil, is féidir a eisiúint i gcaingean chun a thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird.

(7) I gcás—

(a) duine do mhainniú bheith i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, ar é a thoghairm go cuí chun bheith i láthair, nó

(b) duine do dhiúltú, agus é i láthair mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, mionn a ghlacadh a iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go dleathach air a ghlacadh, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh ina chumhacht nó faoina urláimh agus a iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a n-iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go dleathach freagra uirthi, nó

(c) duine do dhéanamh agus é i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon rud ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí agus cumhacht aici cimiú mar gheall ar dhíspeagadh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(8) Beidh finné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

Clárú a scriosadh nó a fhionraí as an gclár mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil, neamhfheidhmiúlacht chun cleachtadh nó mainneachtain táille choinneála a íoc.

39. —(1) I gcás altra—

(a) a mbeidh sé fionnta ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ina thaobh ar bhonn fiosrúcháin agus tuarascála de bhun alt 38 den Acht seo go bhfuil sé ciontach i mí-iompar gairmiúil nó go bhfuil sé neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, gabháil do chleachtadh na haltrachta, nó

(b) nach mbeidh táille choinneála a bheidh gearrtha ag an mBord íoctha aige tar éis don Bhord, dhá mhí ar a laghad roimhe sin, a iarraidh air níos mó ná uair amháin, trí fhógra i scríbhinn a seoladh leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sin sa chlár, an táille a íoc,

féadfaidh an Bord a chinneadh ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó nach mbeidh, le linn tréimhse d'fhad sonraithe, éifeacht le clárú a ainm sa chlár.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Bord láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann duine den sórt sin iarratas amhlaidh—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) a dhearbhú gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin, agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó a ordú nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár, nó

(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord,

(b) má dheimhníonn an Bord tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord a ainm a scriosadh as an gclár nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón mBord faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Bord iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Bord iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an mBord nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) (a) Ar ainm duine a scriosadh as an gclár faoin alt seo, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(b) I gcás go dtabharfar ordú faoin alt seo nach mbeidh éifeacht le clárú ainm duine sa chlár le linn tréimhse sonraithe, déanfaidh an Bord, roimh thosach na tréimhse sin, fógra i scríbhinn faoin ordú sin a chur leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as an gclár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár sin tráth ar bith le hordú ón mBord agus ní ar aon slí eile, agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár sin, féadfaidh an Bord cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin i leith clárú dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).

(8) I gcás go scoirfidh clárú duine sa chlár d'éifeacht a bheith leis faoin alt seo ar feadh tréimhse sonraithe, féadfaidh an Bord, le hordú, más cuí leis, deireadh a chur leis an bhfionraí ar an duine sin á iarraidh sin air.

(9) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, fianaise a ghlacadh ó aon duine cáiliúil i ngairm na haltrachta i dtaobh céard is mí-iompar gairmiúil ann agus aird a thabhairt ar an bhfianaise sin.

Coinníollacha a chur ag gabháil le hainm a choinneáil ar an gclár.

40. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt de bhun alt 38 den Acht seo, a chinneadh cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le duine a bhfuil a ainm taifeadta sa chlár a choinneáil sa chlár.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Bord láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) a dhearbhú gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Bhord cibé cionníollacha is cuí leis an gCúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil sa chlár, nó

(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord,

(b) má dheimhníonn an Bord tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil sa chlár,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón mBord faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Bord iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Bord iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil sa chlár.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an mBord nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Ar choinníollacha a chur faoin alt seo ag gabháil le hainm duine a choinneáil sa chlár, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn faoi na coinníollacha a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfaidh an Bord tráth ar bith deireadh a chur go hiomlán nó go páirteach leis na coinníollacha a bheidh ag gabháil le hainm aon duine a choinneáil sa chlár.

Cumhachtaí an Bhoird comhairle, rabhadh, etc., a thabhairt.

41. —(1) Tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt de bhun alt 38 den Acht seo i dtaobh iompar duine a mbeidh a ainm taifeadta sa chlár, féadfaidh an Bord ar thuarascáil an Choiste a fháil, comhairle nó rabhadh a thabhairt don duine sin, nó é a cháineadh, i ndáil lena iompar gairmiúil, más cuí sin leis an mBord.

(2) Féadfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i dteannta nó in ionad aon cheann de na cumhachtaí a thugtar le hailt 39, 40 agus 42 den Acht seo.

Daoine a ciontaíodh i gcionta indíotála a scriosadh as an gclár.

42. —(1) I gcás altra a chiontú sa Stát i gcion is intriailte ar díotáil nó a chiontú lasmuigh den Stát i gcion is gníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad, féadfaidh an Bord a chinneadh go scriosfar ainm an duine sin as an gclár.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Bord láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann duine den sórt sin iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár, nó

(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord,

(b) má dheimhníonn an Bord tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón mBord faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Bord iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Bord iarratas den sórt sin déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an mBord nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Ar ainm duine a scriosadh as an gclár faoin alt seo, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as an gclár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár tráth ar bith le hordú ón mBord agus ní ar aon slí eile agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár féadfaidh an Bord cibé coinníollacha is cuí leis an mBord a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).

Leanúint d'fhiosrúchán atá ar bun.

43. —I gcás a mbeidh cinnte ag an Seanbhord fiosrúchán a sheoladh de bhun Acht na nAltran, 1950 , nó a mbeidh aon chomhalta nó comhaltaí den Bhord sin ceaptha aige lena sheoladh, agus nach mbeidh an fiosrúchán sin críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo, scoirfear den fhiosrúchán agus atosóidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air ionann is dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh an cinneadh sin nó a ceapadh an comhalta nó na comhaltaí sin agus bainfidh forálacha na Coda seo den Acht seo le haon fhiosrúchán a scoirfear de agus a n-atosófar air de bhun an ailt seo.

Iarratas ón mBord ar ordú d'fhionraí cláraithe.

44. —(1) Aon uair is deimhin leis an mBord gurb é leas an phobail sin a dhéanamh, féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú, i ndáil le haon duine a bheidh cláraithe sa chlár, nach mbeidh éifeacht, le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, le clárú ainm an duine sin sa chlár.

(2) Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh go hachomair agus éistfear é ar shlí eile seachas go poiblí.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más aon ordú é) a mheasann sí is iomchuí a dhéanamh in aon iarratas faoin alt seo.

Pribhléid i leith nithe áirithe.

45. —Imeachtaí faoi alt 38 den Acht seo, imeachtaí an Bhoird nó teachtaireachtaí chuige nó uaidh de bhun ailt 39, 40, 41 nó 42 den Acht seo, tuarascálacha a thabharfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh don Bhord faoin gCuid seo den Acht seo agus aon teachtaireachtaí eile idir an Coiste agus an Bord i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh cumhachtaí, dualgais nó feidhmeanna an Choiste nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, beidh siad, in aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, faoi phribhléid iomlán.

Fógra don Aire i dtaobh ainm a scriosadh nó a cuireadh ar ais agus i dtaobh fionraithe a rinneadh agus fionraithe ar cuireadh deireadh leo.

46. —Tabharfaidh an Bord fógra don Aire, agus i gcás duine a bhfuil ainm a fhostóra ar eolas ag an mBord, don fhostóir sin nuair a dhéanfar—

(a) ainm duine a scriosadh as an gclár,

(b) ainm duine a chur ar ais sa chlár,

(c) ainm duine a chur ar fionraí as an gclár,

(d) deireadh a chur le tréimhse fionraí as an gclár, nó

(e) coinníollacha a chur ag gabháil le hainm duine a choinneáil sa chlár,

go ndearnadh an scriosadh, an cur ar ais nó an fhionraí, gur cuireadh deireadh leis an bhfionraí nó gur cuireadh coinníollacha, de réir mar a bheidh.

Ainm a baineadh den chlár a chur ar ais ann nó deireadh a chur le fionraí a cuireadh mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc.

47. —(1) Déanfaidh an Bord ar aon duine d'íoc táille speisialta leis an mBord, is duine ar scriosadh a ainm nó ar cuireadh a chlárú ar fionraí, de bhun alt 39 (1) (b) den Acht seo, as an gclár mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc aige (agus ní mar gheall ar aon chúis eile), ainm an duine a chur ar ais sa chlár nó deireadh a chur leis an bhfionraí, de réir mar a bheidh.

(2) San alt seo ciallaíonn “táille speisialta” táille de cibé méid a shocróidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire.