|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Feidhmiúlacht chun Cleachtadh) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtanna a Aisghairtear) |
ACHT NA nALTRAÍ, 1985
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |
[EN] |
Comhshocraíochtaí le daoine le cabhrú leis an mBord. |
48. —Féadfaidh an Bord comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a chomhlíonadh le haon duine nó comhlacht le cabhrú leis an mBord nó le haon choiste dá chuid chun aon chuid dá fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí. |
[EN] |
An teideal altra, cnáimhseach etc, a úsáid go míchuí. |
49. —(1) Duine ar bith— |
[EN] | (a) nach duine a bheidh cláraithe i gclár na n-altraí, agus a thógfaidh nó a úsáidfidh an t-ainm nó an teideal altra nó cnáimhseach, go haonraic nó mar aon le focail nó litreacha eile nó aon ainm, teideal nó tuairisc, a thabharfaidh le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe sa chlár, nó | |
[EN] | (b) is duine a bhfuil a ainm in aon roinn den chlár agus a thógfaidh nó a úsáidfidh aon ainm, teideal nó tuairisc, nó a dhéanfaidh ar shlí eile aon ghníomh d'aon saghas, a thabharfaidh le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe in aon roinn eile den chlár nach bhfuil ainm an duine inti, nó | |
[EN] | (c) a bhainfidh úsáid le hintinn mheabhlaireachta, as aon deimhniú arna eisiúint faoin Acht seo chun an duine sin nó chun aon duine eile, nó | |
[EN] | (d) a dhéanfaidh nó a thabharfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar nó go dtabharfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d'fhonn clárú a fháil faoin Acht seo nó a chabhróidh nó a neartóidh le dearbhú bréagach nó mífhaisnéis den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |
[EN] | (2) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón uair a rinneadh an cion. | |
[EN] |
Tuarascáil ón mBord. |
50. —Déanfaidh an Bord a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú ar a chuid imeachtaí faoin Acht seo le linn na bliana roimhe sin. |
[EN] |
Feidhmeanna comhairleacha ginearálta an Bhoird. |
51. —(1) Is feidhm de chuid an Bhoird an tAire a chomhairliú, ar iarratas ón Aire nó ar a thionscnamh féin, i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar don Bhord faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Is feidhm de chuid an Bhoird treoir a thabhairt do lucht ghairm na haltrachta i gcoitinne i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le hiompar eiticiúil. | |
[EN] | (3) Is feidhm de chuid an Bhoird an pobal a chomhairliú i dtaobh na n-ábhar ar fad is díol suime i gcoitinne a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird. | |
[EN] |
Feidhmeanna i ndáil le Treoracha etc. lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach. |
52. —Comhlíonfaidh an Bord cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire dó ó am go ham i ndáil le haon Treoir nó Rialachán lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach nó a rinne sí agus a bhaineann le cleachtadh na haltrachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin, a chur i ngníomh. |
[EN] |
Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord. |
53. —(1) Comhlíonfaidh an Bord cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar dó faoin Acht seo, a shannfaidh an tAire dó ó am go ham le hordú i ndáil le hoideachas agus oiliúint altraí nó le hábhair eile a bhaineann le cleachtadh na haltrachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (3) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Tagairtí don Bhord Altranais. |
54. —Déanfar gach tagairt don Bhord Altranais atá in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don Bhord. |
[EN] |
Rialacháin. |
55. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an Achta seo. |
[EN] | (2) Déanfar gach rialachán, seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (3) den Acht seo, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le hoiriúnuithe. |
56. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm tráth rite an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht i gcomhréir leis an Acht seo a bheith leis an reacht, leis an ordú nó leis an rialachán sin. |
[EN] |
An fógra a thabharfaidh cnáimhseach do bhord sláinte. |
57. —(1) Más rud é maidir le cnáimhseach, nach bhfuil ar fostú ag bord sláinte nó ag údarás ospidéil a chuireann seirbhísí máithreachais ar fáil nó ag údarás tí máithreachais, go mbeidh sé ag gabháil do chleachtadh an chnáimhseachais nó go mbeartaíonn sé an cnáimhseachas a chleachtadh, cuirfidh sé in iúl don bhord sláinte nó do na boird sláinte, de réir mar a bheidh, ar ina limistéar feidhme atá sé ag cleachtadh nó ar ann atá brath aige cleachtadh go bhfuil sé ag cleachtadh amhlaidh nó go bhfuil beartaithe aige cleachtadh amhlaidh. |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar bhord sláinte ar ina limistéar feidhme atá cnáimhseach den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ag cleachtadh nó ar ina limistéar feidhme a bheartaíonn sé cleachtadh, maoirseacht agus rialú ginearálta a fheidhmiú de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, maidir leis an gcnáimhseach sin. | |
[EN] |
Cosc freastal ar bhreith linbh. |
58. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith freastal ar bhean seoil mura rud é, maidir leis an duine sin— |
[EN] | (a) gur cnáimhseach é, nó | |
[EN] | (b) gur lia-chleachtóir cláraithe é, nó | |
[EN] | (c) go bhfuil sé ag dul faoi oiliúint chun bheith ina lia-chleachtóir cláraithe nó ina chnáimhseach agus go ndéanann sé an freastal sin mar chuid de chúrsa oiliúna gairmiúla, nó | |
[EN] | (d) go bhfuil sé ag fáil taithí agus ag dul faoi oiliúint san asaoideolaíocht agus go ndéanann sé an freastal sin mar chuid de chúrsa oiliúna gairmiúla, | |
[EN] | ach amháin i gcás go ndéantar an freastal sin, ar shlí seachas ar luach, in aon chás riachtanais thobainn nó phráinnigh mar nach bhfuil cnáimhseach nó lia-chleachtóir cláraithe ar fáil láithreach. | |
[EN] | (2) Beidh duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar fho-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
[EN] |
Cionta a ionchúiseamh. |
59. —Féadfaidh an Bord gach cion faoin Acht seo a ionchúiseamh. |