An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtanna a Aisghairtear)

18 1985

ACHT NA nALTRAÍ, 1985

AN DARA SCEIDEAL

Rialacha i nDáil le Comhaltas agus Cruinnithe an Bhoird Altranais (The Nursing Board)

Alt 6.

Seilbh Oifige

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, ar feadh tréimhse cúig bliana.

2. Ní shealbhóidh aon duine oifig mar chomhalta den Bhord ar feadh níos mó ná dhá théarma chomhleanúnacha cúig bliana.

Éirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais

3. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den Bhord a cheap sé féin a fhoirceannadh.

4. Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Bhord, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí-as a fháil.

5. Scoirfidh duine a ceapadh trína thoghadh de bheith ina chomhalta den Bhord nuair a scoirfidh sé de bheith ina altra.

Corrfholúntais

6. (a) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Bhord, seachas na comhaltaí a ceapadh trína dtoghadh, cuirfidh an Bord é sin in iúl láithreach don Aire agus déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé comhlacht nó eagraíocht is dóigh leis is oiriúnach le haghaidh comhairle a chur air, duine a cheapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Bhord go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

(b) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Bhord a ceapadh trína dtoghadh, comhthoghfaidh an Bord duine a bheadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, cáilithe chun a thofa chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a chomhthoghfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Bhord go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

Córam

7. Naonúr is córam do chruinniú den Bhord; ar choinníoll gur dáréag an córam i gcás cruinniú den Bhord a mbeidh ar chlár na hoibre ainm altra a scriosadh as an gclár nó as aon roinn de.

Cruinnithe

8. Tionólfaidh an Bord ceithre chruinniú ar a laghad gach bliain agus féadfaidh sé cibé cruinnithe eile a thionól is gá lena dhualgais a chomhlíonadh.

Uachtarán agus Leas-Uachtarán

9. (1) Toghfaidh an Bord ó am go ham duine dá chomhaltaí chun bheith ina Uachtarán ar an mBord agus duine eile dá chomhaltaí chun bheith ina Leas-Uachtarán ar an mBord.

(2) Sealbhóidh Uachtarán agus Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh, de chuid an Bhoird oifig sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Bord tráth a cheaptha, mura rud é—

(a) go scoirfidh sé de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den Bhord,

(b) go n-éireoidh sé as oifig Uachtaráin nó Leas-Uachtaráin, de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh a éirí-as éifeacht faoin mír seo,

(c) go ndéanfaidh an Bord le rún, dá vótálfaidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird, agus a ndéanfar fógra seacht lá ar a laghad go bhfuiltear chun é a mholadh a thabhairt do gach comhalta den Bhord, a cheapadh mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán a fhoirceannadh.

(3) Féadfaidh Uachtarán nó Leas-Uachtarán de chuid an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Bhord, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord an fógra faoin éirí-as a fháil.

(4) Aon uair a tharlóidh, le linn Uachtarán nó Leas-Uachtarán an Bhoird bheith á thoghadh, gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh.

Imeachtaí ag Cruinnithe

10. Ní bheidh imeachtaí an Bhoird neamhbhailí mar gheall ar aon fholúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí nó mar gheall ar aon éalang ar na ceapacháin chun an Bhoird nó ar cháilíochtaí aon chomhalta de.

11. Féadfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán an Bhoird, ar a thionscnamh féin nó, nuair a iarrfar air é sin a dhéanamh le foréileamh a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird, ní foláir dó, cruinniú den Bhord a ghairm.

12. (1) Má dhiúltaíonn Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán an Bhoird cruinniú den Bhord a ghairm tar éis foréileamh chuige sin a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird a thíolacadh dó, féadfaidh aon chúigear comhalta den Bhord cruinniú den Bhord a ghairm láithreach.

(2) Mura ndéanfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán an Bhoird, gan diúltú amhlaidh, cruinniú den Bhord a ghairm laistigh de sheacht lá tar éis foréileamh chuige sin a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird a thíolacadh dó, féadfaidh aon chúigear comhalta den Bhord, ar na seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den Bhord a ghairm.

13. Trí lá glan ar a laghad roimh gach cruinniú den Bhord, déanfar fógra a bheidh sínithe ag Uachtarán nó ag Leas-Uachtarán an Bhoird, de réir mar a bheidh, nó, más comhaltaí den Bhord a ghairfidh an cruinniú, a bheidh sínithe ag na comhaltaí sin, agus a inseoidh tráth agus ionad an chruinnithe a sheoladh chuig gach comhalta den Bhord: más comhaltaí den Bhord a ghairfidh an cruinniú, sonróidh an fógra ag gairm an chruinnithe an gnó a dhéanfar ag an gcruinniú.

14. Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é Uachtarán an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh, is é Leas-Uachtarán an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh agus nach mbeidh Leas-Uachtarán an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an Leas-Uachtarán folamh, toghfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin.

15. Déanfar miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe uile an Bhoird a dhréachtú agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chéad chruinnithe eile na miontuairiscí sin.

16. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí go léir a bheidh i láthair ag cruinniú den Bhord a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe.

17. Faoi réir Airteagal 7 agus 9 (4) den Sceideal seo, féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an Bord a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an Bhoird a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i ndáil leis an ngníomh nó leis an ábhar ag cruinniú den Bhord a gaireadh go cuí de réir dlí.

18. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den Bhord (seachas toghadh an Uachtaráin nó an Leas-Uachtaráin), beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin.

19. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, féadfaidh an Bord buan-orduithe a dhéanamh chun a imeachtaí a rialáil agus na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.