|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 22 de 1985 | ||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1985 | |||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 22 de 1985 | ||||||||||||||||
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1985 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960 GO 1984. [26 Nollaig, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Léiriú agus forléiriú. |
1. —(1) San Acht seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1984 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 . | |||
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon Acht amháin. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £120,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£125,000,000” a chur in ionad “£120,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1984), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £120,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£125,000,000” a chur in ionad “£120,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1984) agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht (a chuireann £100,000,000 de theorainn leis an ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£32,000,000” a chur, i bhfo-alt (3), in ionad £100,000,000 (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1983 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Airleacain chun na Cuideachta. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, airgead a airleacan chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste ar cibe téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire Airgeadais, le comhaontú an Aire. | ||
[EN] | (2) Ní bheidh comhiomlán an airgid a airleacfar chun na Cuideachta faoin alt seo níos mó ná £18,000,000. | |||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1985, a ghairm de na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1984, agus den Acht seo le chéile. |