10 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 1988


AN tACHT CUSTAM AGUS MÁIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cumhachtaí cuardaigh i ndáil le drugaí rialaithe.

3.

Barántais chuardaigh (drugaí rialaithe).

4.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe.

5.

Barántais chuardaigh (leabhair nó doiciméid).

6.

Córacha iompair a urghabháil nó a choinneáil.

7.

Earraí áirithe a choinneáil.

8.

Dlífear earraí áirithe a fhorghéilleadh.

9.

Dualgas cruthúnais in imeachtaí áirithe.

10.

Foráil i ndáil le hearraí a fásadh, etc., i limistéir áirithe den Scairbh Ilchríochach.

11.

Rialú máil ar ola hidreacarbóin áirithe.

12.

Rialacháin maidir le hearraí a allmhairiú agus a onnmhairiú de thír.

13.

Rialacháin i ndáil le píblínte.

14.

Leasú ar an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831.

15.

Leasú ar an Customs and Inland Revenue Act, 1881.

16.

Leasú ar an Acht Airgid, 1929.

17.

Leasú ar an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947.

18.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1950.

19.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1971.

20.

Gearrtheideal agus forléiriú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Oiriúnú Achtanna, 1922

1922, Uimh. 2

An tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968

1968, Uimh. 14

Customs and Inland Revenue Act, 1881

1881, c. 12

An tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947

1947, Uimh. 5

Customs Consolidation Act, 1876

1876, c. 36

An tAcht Custam, 1956

1956, Uimh. 7

An tAcht Airgid, 1929

1929, Uimh. 32

An tAcht Airgid, 1935

1935, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831

1831, c. 55

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977

1977, Uimh. 12

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1984

1984, Uimh. 18

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 1988


AN tACHT CUSTAM AGUS MÁIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS DLEACHTANNA MÁIL AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE PIONÓIS ÁIRITHE MAR GHEALL AR BHIOTÁILLE A DHRIOGADH GO hAINDLEATHACH. [11 Bealtaine, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “druga rialaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 ;

ciallaíonn “Tír-Theorainn” an teorainn idir an Stát agus Tuaisceart Éireann;

folaíonn “oifigeach Custam agus Máil” comhalta den Gharda Síochána agus aon duine sa tseirbhís phoiblí atá fostaithe de thuras na huaire le cosc a chur le hallmhairiú nó onnmhairiú neamhdhleathach earraí.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'aon achtachán eile forléireofar í, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo agus aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'achtachán nó d'fhoráil éigin eile, de réir mar is cuí, atá beartaithe.

Cumhachtaí cuardaigh i ndáil le drugaí rialaithe.

2. —(1) Aon oifigeach Custam agus Máil a bhfuil drochamhras air, agus cúis réasúnach leis, go bhfuil druga rialaithe ina sheilbh ag duine ag aon chalafort nó aerfort nó ag an Tír-Theorainn, nó cóngarach dóibh, ar druga rialaithe é—

(a) a allmhairíodh nó

(b) atá á onnmhairiú nó a bheartaítear a onnmhairiú—

contrártha d'aon toirmeasc nó srian le hallmhairiú nó onnmhairiú an druga sin (de réir mar a bheidh) féadfaidh an t-oifigeach sin, gan bharántas—

(i) an duine a chuardach agus, más dóigh leis gur gá é chun na críche sin, an duine a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun an cuardach a dhéanamh:

Ar choinníoll—

(A) go ndéanfaidh an t-oifigeach a bheidh ag stiúradh cuardaigh ar dhuine a bheidh á choinneáil a áirithiú, a mhéid is indéanta, go dtuigeann an duine cén fáth go bhfuil sé á chuardach agus go stiúrfar an cuardach le hurraim chuí don duine atá á chuardach;

(B) nach gcuardóidh oifigeach nó duine den ghnéas eile duine atá á choinneáil;

(C) i gcás go mbeidh ar dhuine a bheidh á choinneáil a chuid éadaigh, ar leith ó cheannbheart nó cóta, seaicéad, lámhainn nó ball éadaigh eile dá samhail, a bhaint de, nach mbeidh aon oifigeach nó duine den ghnéas eile i láthair mura lia-chleachtóir ainmnithe an duine sin nó mura dóigh leis an oifigeach gur gá don duine sin a bheith i láthair mar gheall ar iompar foréigneach an duine a bheidh le cuardach;

(D) go bhféadfaidh sé, ar an duine a bheidh le cuardach dá iarraidh sin, nó ar ordú ón oifigeach nó ó na hoifigigh a bheidh i láthair, gur lia-chleachtóir, a bheidh ainmnithe ag an oifigeach nó ag na hoifigigh, a dhéanfaidh an cuardach ar an duine agus go mbeidh cuardach príobháideachta coirp i gceist leis,

(ii) aon fheithicil, árthach nó aerárthach a chuardach a bhfuil drochamhras air go bhféadfadh sé go bhfaighfí druga rialaithe ann (agus aon substaint, earra nó rud eile ar an bhfeithicil, ar an árthach nó ar an aerárthach nó iontu a chuardach) agus d'fhonn an cuardach sin a dhéanamh féadfaidh sé, más cuí leis, a cheangal ar an duine atá i gceannas na feithicle, an árthaigh nó an aerárthaigh de thuras na huaire, é a stopadh agus tar éis é a stopadh, gan é a chur ag gluaiseacht nó, i gcás an fheithicil, an t-árthach nó an t-aerárthach sin a bheith ina stad cheana féin, gan é a chur ag gluaiseacht, agus

(iii) aon rud a gheofar i gcúrsa cuardaigh faoin alt seo a scrúdú (cibé acu trína oscailt nó ar shlí eile) agus a urghabháil agus a choinneáil más dealraitheach dó gur rud é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoi na hAchtanna Custam nó faoi na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 agus 1984.

(2) (a) Má chinneann oifigeach Custam agus Máil ar dhuine a chuardach faoin alt seo, féadfaidh sé a cheangal ar an duine é a thionlacan go dtí Oifig Custam nó go dtí cibé áit eile a shonróidh an t-oifigeach d'fhonn é a chuardach amhlaidh san Oifig sin nó san áit eile sin.

(b) Má chinneann oifigeach Custam agus Máil ar fheithicil, árthach nó aerárthach a chuardach faoin alt seo, féadfaidh sé aon ní amháin nó níos mó, nó gach ní, díobh seo a leanas a cheangal ar an duine ar dealraitheach dó gurb é is úinéir nó ceannasaí nó feighlí ar an bhfeithicil, ar an árthach nó ar an aerárthach de thuras na huaire:

(i) a cheangal ar an duine gan aon substaint, earra ná rud eile a thógáil as an bhfeithicil, as an árthach nó as an aerárthach, fad a bheifear ag feitheamh go dtosóidh an cuardach,

(ii) i gcás go mbaineann an cinneadh ar chuardach a dhéanamh le feithicil agus nach bhfuil, ina thuairim, an áit ina bhfaigheann sé an fheithicil oiriúnach don chuardach, a cheangal ar an duine an fheithicil a thabhairt láithreach (nó a chur faoi deara í a thabhairt láithreach) go dtí áit is dóigh leis an oifigeach a bheith oiriúnach don chuardach agus a shonróidh sé,

(iii) a cheangal ar an duine a bheith san fheithicil, san árthach nó san aerárthach nó air nó é a thionlacan, fad a fhanfaidh an ceanglas faoin mír seo i bhfeidhm.

(3) Má mhainnítear déanamh de réir ceanglais faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) i gcás gur faoi fho-alt (2) (a) a rinneadh an ceanglas, féadfaidh an t-oifigeach Custam agus Máil áirithe an duine ar ina leith a rinneadh an ceanglas a ghabháil gan bharántas;

(ii) i gcás gur ceanglas é a luaitear i mír (ii) d'fho-alt (2) (b), féadfaidh an t-oifigeach Custam agus Máil áirithe an fheithicil áirithe a thabhairt, nó a chur faoi deara í a thabhairt, go dtí áit is dóigh leis a bheith oiriúnach do chuardach faoin alt seo.

(4) I gcás go mainneoidh duine déanamh de réir ceanglais faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós nach mó ná £500 a chur air.

(5) Fanfaidh ceanglas a luaitear i bhfo-alt (2) i bhfeidhm go dtí go mbeidh an cuardach, ar i ndáil leis a rinneadh é, críochnaithe, ach déanfar an cuardach sin a sheoladh a luaithe is féidir.

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun dochair d'aon chumhacht cuardaigh, nó d'aon chumhacht chun aon earraí a urghabháil nó a choinneáil, a d'fhéadfadh oifigeach Custam agus Máil a fheidhmiú ar leith ón alt seo.

(7) San alt seo folaíonn “árthach” sciorrárthach.

(8) San alt seo folaíonn “aerárthach” faoileoir, balún agus mionsamhail aerárthaigh.

Barántais chuardaigh (drugaí rialaithe).

3. —(1) Baineann an t-alt seo le haon druga rialaithe—

(a) a allmhairíodh, nó

(b) atá á onnmhairiú nó a bheartaítear a onnmhairiú—

contrártha d'aon toirmeasc nó srian le hallmhairiú nó onnmhairiú an druga sin (de réir mar a bheidh).

(2) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána, ó fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach Custam agus Máil, go bhfuil foras réasúnach drochamhrais ann—

(a) go bhfuil druga rialaithe lena mbaineann an t-alt seo ina sheilbh ag duine in aon áitreabh nó ar aon talamh, nó

(b) go bhfuil i seilbh duine, in aon áitreabh nó ar aon talamh, doiciméad a bhaineann nó a ghabhann go díreach nó go neamhdhíreach le hidirbheart nó le déileáil i ndruga rialaithe a bhí, nó le hidirbheart nó déileáil bheartaithe i ndruga den sórt sin a bheadh, dá gcuirfí i gcríoch é nó í, ina chion faoi na hAchtanna Custam,

féadfaidh an Breitheamh nó an Feidhmeannach sin barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.

(3) Beidh sé sainráite i mbarántas cuardaigh a eiseofar faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d'oifigeach ainmnithe Custam agus Máil maille le cibé oifigigh eile Custam agus Máil agus cibé daoine eile is gá, dul isteach (le forneart más gá) san áitreabh nó ar an talamh eile a bheidh ainmnithe nó sonraithe sa bharántas aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta an bharántais a eisiúint, an t-áitreabh nó an talamh eile sin agus aon daoine a gheofar ann a chuardach, aon substaint, earra nó rud eile a gheofar ann a scrúdú, aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a gheofar ann a iniúchadh agus, má tá foras réasúnach drochamhrais ann go bhfuil cion faoi na hAchtanna Custam á dhéanamh nó déanta i ndáil le substaint, earra nó rud eile a fuarthas san áitreabh nó ar an talamh sin a gcreideann an t-oifigeach ainmnithe sin le réasún gur druga rialaithe é, nó gur doiciméad a luaitear i bhfo-alt (2) (b) doiciméad a fuarthas amhlaidh, nó gur taifead nó doiciméad eile é a bhfuil cúis réasúnach ag an oifigeach ainmnithe sin chun a chreidiúint gur doiciméad é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoi na hAchtanna Custam nó faoi na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 agus 1984, i ndáil le druga rialaithe, an tsubstaint, an t-earra, an doiciméad nó an rud eile (de réir mar a bheidh) a urghabháil agus a choinneáil.

(4) I gcás go rachfar isteach in aon áitreabh nó ar aon talamh de bhun barántais a eisíodh faoin alt seo, féadfaidh an t-oifigeach Custam agus Máil a bheidh ainmnithe sa bharántas ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh—

(a) aon duine nó daoine a gheofar san áitreabh sin nó ar an talamh sin a ghabháil gan bharántas d'fhonn é nó iad a chuardach,

(b) an duine nó na daoine sin a ghabháil amhlaidh agus é nó iad, de réir mar is cuí, a choinneáil faoi ghabháil go dtí go mbeidh cibé de na cumhachtaí cuardaigh nó scrúdaithe is mian leis a fheidhmiú, de bhun an bharántais, feidhmithe aige.

(5) Beidh feidhm ag forálacha fhomhíreanna (A), (B), (C) agus (D) de mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 2 maidir le haon chuardach a dhéanfar ar an duine faoin alt seo.

(6) San alt seo—

folaíonn “talamh” aon déanmhas ar thalamh;

ciallaíonn “déanmhas” foirgneamh, déanmhas nó aon ní eile atá foirgnithe, tógtha, curtha suas nó déanta ar aon talamh nó ann nó faoi.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe.

4. —(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi na hAchtanna Custam i ndáil le druga rialaithe a allmhairiú nó a onnmhairiú, nó aon déileáil a dhéanamh ann, de shárú ar na hAchtanna sin, má thugtar deimhniú ar aird a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don tSaotharlann Stáit agus a bhaineann le scrúdú, iniúchadh, tástáil nó anailísiú (de réir mar a bheidh sonraithe sa deimhniú) a rinneadh ar dhruga rialaithe nó ar shubstaint, táirge nó ullmhóid eile (a bheidh sonraithe amhlaidh) beidh an deimhniú sin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar aon fhíoras a bheidh deimhnithe amhlaidh agus sin gan chruthú ar aon síniú a bheidh leis an deimhniú sin nó gur síniú oifigigh den sórt sin aon síniú den sórt sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “oifigeach don tSaotharlann Stáit” an Ceimiceoir Stáit nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir.

Barántais chuardaigh (leabhair nó doiciméid).

5. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána, ó fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach Custam agus Máil, go bhfuil foras réasúnach drochamhrais ann go bhfuil aon leabhair nó doiciméid, i ndáil le hidirbhearta de shárú ar na dlíthe a bhaineann le custaim, á gcoimeád nó i bhfolach in aon áitreabh nó áit, féadfaidh an Breitheamh nó an Feidhmeannach sin barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.

(2) Beidh sé sainráite i mbarántas cuardaigh a eiseofar faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d'oifigeach ainmnithe Custam agus Máil, maille le cibé oifigigh eile Custam agus Máil is gá, dul isteach (le forneart más gá) san áitreabh nó san áit a bheidh sonraithe sa bharántas aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta an bharántais a eisiúint, an t-áitreabh nó an áit sin a chuardach, aon leabhair nó doiciméid a gheofar ann a iniúchadh agus na leabhair nó na doiciméid sin go léir, nó aon leabhair nó doiciméid acu, a gcreideann an t-oifigeach sin nó na hoifigigh sin le réasún go mbaineann siad le hidirbhearta de shárú ar na dlíthe a bhaineann le custaim, mar aon le haon earraí neamhchustamaithe nó earraí a gheofar ann a bhfuil toirmeasc lena n-allmhairiú, a urghabháil agus a bhreith leis nó leo.

Córacha iompair a urghabháil nó a choinneáil.

6. —I gcás go bhfaighfear aon earraí in aon fheithicil nó cóir iompair eile, nó uirthi nó i gceangal léi ar aon chaoi, measfar, chun críocha alt 202 den Customs Consolidation Act, 1876, alt 5 (2) den Acht Custam, 1956 , nó alt 7 (2), úsáid a bheith bainte as an bhfeithicil nó as an gcóir iompair eile sin chun na hearraí sin a iompar.

Earraí áirithe a choinneáil.

7. —(1) Aon uair a bheidh drochamhras, le réasún, ar oifigeach Custam agus Máil—

(a) gur allmhairíodh aon earraí, nó

(b) go bhfuil aon earraí á n-onnmhairiú, nó go mbeartaítear iad a onnmhairiú,

gan aon dleacht is iníoctha orthu a íoc, nó de shárú ar aon toirmeasc nó srian le hallmhairiú nó onnmhairiú na n-earraí sin (de réir mar a bheidh), féadfaidh an t-oifigeach sin na hearraí a choinneáil go dtí go mbeidh cibé scrúdú, fiosruithe nó imscrúduithe a mheasfaidh an t-oifigeach sin, nó oifigeach eile Custam agus Máil, is gá a dhéanamh, déanta d'fhonn a chinneadh chun sástacht ceachtar de na hoifigigh sin cibé acu, de réir mar a bheidh, a allmhairíodh nó nár allmhairíodh na hearraí sin, nó a bhí nó nach raibh siad á n-onnmhairiú, nó a beartaíodh nó nár beartaíodh iad a onnmhairiú, amhail mar a dúradh.

(2) Aon uair a choinneoidh oifigeach Custam agus Máil aon earraí faoi fho-alt (1), féadfaidh an t-oifigeach sin gach long, bád, carráiste nó cóir iompair eile, mar aon le gach capall agus gach ainmhí agus rud eile ar baineadh úsáid as chun na hearraí sin a allmhairiú nó a onnmhairiú (de réir mar a bheidh) nó a iompar, a choinneáil freisin.

(3) I gcás go mbeidh cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanta i leith aon earraí, nó ar dhul in éag do thréimhse míosa ón dáta ar ar coinníodh na hearraí sin faoin bhfo-alt sin, cibé acu is luaithe, déanfar na hearraí sin (mar aon le haon chóracha iompair, ainmhithe nó rudaí eile a coinníodh i dteannta na n-earraí sin de bhua fho-alt (2)) a urghabháil mar earraí a dhlífear a fhorghéilleadh faoi na hAchtanna Custam, nó scaoilfear leo.

Dlífear earraí áirithe a fhorghéilleadh.

8. —Gan dochar d'aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Custam, aon earraí ar a ndlitear aon dleacht a íoc tráth a n-allmhairithe, agus a allmhairítear isteach sa Stát gan an dleacht sin a íoc contrártha d'fhorálacha na nAchtanna sin nó d'fhorálacha aon ionstraime i ndáil le custaim arna déanamh faoi reacht, dlífear iad a fhorghéilleadh mar aon le haon earraí a bheidh pacáilte in éineacht leis na hearraí sin nó a úsáideadh chun iad a cheilt.

Dualgas cruthúnais in imeachtaí áirithe.

9. —(1) (a) Baineann an fo-alt seo le haon imeachtaí faoi na hAchtanna Custam, arna dtionscnamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó ag oifigeach Custam agus Máil, a bhaineann le haon earraí a onnmhairíodh, nó aon earraí a urghabhadh, faoi na hAchtanna sin.

(b) Más rud é, in aon imeachtaí lena mbaineann an fo-alt seo, go n-éireoidh aon cheist i dtaobh aon toirmeasc nó srian le honnmhairiú earraí a bheith comhlíonta, nó i dtaobh—

(i) cibé acu atá nó cibé acu a bhí na hearraí faoi réir aon toirmisc nó sriain maidir lena n-onnmhairiú, nó

(ii) cibé acu a tugadh nó a cuireadh na hearraí go dleathach chuig áit ar bith, nó cibé acu a coinníodh go dleathach iad in áit ar bith, d'fhonn iad a onnmhairiú, nó

(iii) cibé acu ar déileáladh go dleathach leis na hearraí ar aon chaoi eile d'fhonn iad a onnmhairiú,

is ar an duine ar ina choinne a tionscnaíodh na himeachtaí a bheidh an dualgas cruthúnais i ndáil le haon cheist den sórt sin i ngach cás den sórt sin.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon imeachtaí i ndáil le haon earraí a urghabhadh faoi na hAchtanna Custam, agus ar imeachtaí iad a thionscnaítear i gcoinne ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon—

(i) an Stát,

(ii) an tArd-Aighne,

(iii) na Coimisinéirí Ioncaim,

(iv) an tAturnae Ioncaim,

(v) oifigeach Custam agus Máil.

(b) Más rud é, in aon imeachtaí lena mbaineann an fo-alt seo, go n-éireoidh aon cheist i dtaobh na háite as ar tugadh aon earraí nó i dtaobh aon toirmeasc nó srian le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí a bheith comhlíonta, nó i dtaobh—

(i) cibé acu a allmhairíodh na hearraí go dleathach ar na dleachtanna ab iníoctha orthu a íoc nó a urrú, nó

(ii) cibé acu a allmhairíodh na hearraí go dleathach nó a baineadh nó a díluchtaíodh go dleathach iad as aon long nó bád nó as aon aerárthach, traein nó feithicil, nó

(iii) cibé acu a tugadh nó a cuireadh na hearraí go dleathach chuig áit ar bith, nó a coinníodh go dleathach iad in áit ar bith, d'fhonn iad a onnmhairiú, nó

(iv) cibé acu ar déileáladh go dleathach leis na hearraí ar aon chaoi eile d'fhonn iad a onnmhairiú,

is ar an duine a mbeidh na himeachtaí á dtionscnamh aige a bheidh an dualgas cruthúnais i ndáil le haon cheist den sórt sin i ngach cás den sórt sin.

Foráil i ndáil le hearraí a fásadh, etc., i limistéir áirithe den Scairbh Ilchríochach.

10. —Aon earraí a thabharfar isteach sa Stát agus a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur fásadh, gur táirgeadh nó gur monaraíodh iad in aon limistéar atá ainmnithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 , agus gur tugadh isteach amhlaidh iad go díreach ón limistéar sin, measfar, chun críocha na nAchtanna Custam agus aon ionstraime i ndáil le custaim arna déanamh faoi reacht, agus chun críocha na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin, agus chun críocha aon ionstraime i ndáil leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin arna déanamh faoi reacht, gur sa Stát a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh iad (de réir mar a bheidh) agus nár allmhairíodh iad.

Rialú máil ar ola hidreacarbóin áirithe.

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ola hidreacarbóin” ola hidreacarbóin de réir bhrí alt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 ;

ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

(2) Aon tagairt san alt seo d'ola hidreacarbóin a tháirgeadh forléireofar í mar thagairt d'ola hidreacarbóin a fháil ó aon fhoinse nádúrtha agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(3) (a) Féadfaidh duine a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim áit a cheadú chun ola hidreacarbóin arna táirgeadh sa Stát a stóráil agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur, ceadú a thabhairt don duine sin (dá ngairtear “duine ceadaithe” anseo ina dhiaidh seo) chun ola den sórt sin a stóráil san áit sin.

(b) Déanfar an ola hidreacarbóin go léir a tháirgtear sa Stát a aistriú go dtí áit a bheidh ceadaithe faoin bhfo-alt seo nó go dtí áitreabh scagaire ola hidreacarbóin chun dul faoi phróiseas monarúcháin san áitreabh sin.

(c) Chun críocha na ndleachtanna máil a fhorchuirtear le míreanna 11 (1) agus 12 (1) d'Ordú 1975, measfar, maidir le háit a bheidh ceadaithe faoin bhfo-alt seo, gurb é atá inti áitreabh tháirgeoir na hola hidreacarbóin a bheidh stóráilte san áit sin.

(d) Dlífidh duine ceadaithe na dleachtanna máil a fhorchuirtear le míreanna 11 (1) agus 12 (1) d'Ordú 1975 a íoc ar ola hidreacarbóin is inchurtha faoi na dleachtanna sin agus a sheolfar amach as áit a mbeidh ceadú tugtha don duine sin ina leith faoin bhfo-alt seo, nó a úsáidtear san áit sin chun críche ar bith seachas chun ola hidreacarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, agus dlífidh sé iad a íoc an tráth a sheolfar an ola hidreacarbóin sin amach as an áit sin nó an tráth a úsáidfear amhlaidh san áit sin í.

(4) Faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur, ní dhéanfar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le míreanna 11 (1) agus 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú ná a thobhach ar aon ola hidreacarbóin a tháirgtear sa Stát agus a aistrítear as áit a bheidh ceadaithe faoi fho-alt (3) go dtí áitreabh scagaire ola hidreacarbóin chun dul faoi phróiseas monarúcháin san áitreabh sin.

(5) I míreanna 11 (6) agus 12 (5) d'Ordú 1975, forléireofar “monaróir” mar fhocal a fholaíonn táirgeoir.

(6) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur, a cheadú go ndéanfar aon ola hidreacarbóin a tháirgtear nó a mhonaraítear sa Stát agus is inchurtha faoi dhleacht máil a stórasú, gan dleacht a íoc, i stóras a bheidh ceadaithe acu chun na críche sin.

(b) Na forálacha de na hAchtanna Custam a bhaineann le stórais agus le hearraí i stóras (lena n-áirítear earraí a chur i stórais agus a stóráil iontu agus earraí a aistriú chuig stórais nó astu) beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le stórais a bheidh ceadaithe chun ola hidreacarbóin a tháirgtear nó a mhonaraítear sa Stát a chur i stóras iontu gan dleacht máil a íoc agus leis an ola hidreacarbóin sin a bheidh curtha i stóras sna stórais sin ionann is dá mba stórais agus earraí i stóras, de réir bhrí na bhforálacha sin, na stórais sin agus an ola hidreacarbóin sin.

(7) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

(b) Féadfar go háirithe, ach sin gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), na nithe seo a leanas a dhéanamh le rialacháin faoin bhfo-alt seo, eadhon—

(i) táirgeadh agus stóráil ola hidreacarbóin a tháirgtear sa Stát, mar aon le haistriú na hola sin chuig stóráil agus amach aisti, agus a húsáid, a rialú,

(ii) a cheangal ar tháirgeoir taifeadadh cuí a dhéanamh leis an oifigeach cuí Custam agus Máil maidir leis na háiteanna agus na háitribh go léir, agus leis na hárthaí, na humair stórála agus na píblínte go léir, a bheart aíonn sé a úsáid le linn dó a bheith ag seoladh gnó mar tháirgeoir den sórt sin agus féadfar socrú a dhéanamh maidir leis an modh chun taifeadadh den sórt sin a dhéanamh leis an oifigeach sin,

(iii) a cheangal ar dhuine ceadaithe taifeadadh cuí a dhéanamh leis an oifigeach cuí Custam agus Máil maidir leis na háiteanna go léir a bheidh ceadaithe faoi fho-alt (3) agus leis na hárthaí, na humair stórála agus na píblínte go léir a bheartaíonn sé a úsáid le linn dó a bheith ag seoladh a ghnó, agus féadfar socrú a dhéanamh maidir leis an modh chun taifeadadh den sórt sin a dhéanamh leis an oifigeach sin,

(iv) a cheangal ar tháirgeoir cibé cuntais agus taifid a bheidh sonraithe a choimeád ar mhodh sonraithe agus a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe, i ndáil le táirgeadh na hola hidreacarbóin a tháirg sé agus i ndáil lena haistriú chuig stóráil, agus aon leabhair nó doiciméid eile a bhaineann le haon ní de na nithe réamhráite a choimeád go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais agus na taifid sin, agus aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh,

(v) a cheangal ar dhuine ceadaithe cibé cuntais agus taifid a bheidh sonraithe a choimeád ar mhodh sonraithe, agus a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe, i ndáil le stóráil nó úsáid ola hidreacarbóin a bheidh táirgthe sa Stát agus leis an ola sin a aistriú chuig stóráil agus aisti, agus aon leabhair nó doiciméid eile a bhaineann le haon ní de na nithe réamhráite a choimeád go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais agus na taifid sin, agus aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh,

(vi) a cheangal ar tháirgeoir nó ar dhuine ceadaithe cibé faisnéis agus tuairisceáin i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe, a chur ar fáil ag cibé tráth agus i cibé foirm a bheidh sonraithe.

(8) (a) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach—

(i) in aon áit nó áitreabh a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil táirgeadh ola hidreacarbóin ar siúl ann, nó

(ii) in aon áit a bheidh ceadaithe faoi fho-alt (3), nó

(iii) in aon áit nó áitreabh ina gcreideann an t-oifigeach le réasún go gcoimeádtar leabhair nó doiciméid eile a bhaineann le táirgeadh, stóráil nó úsáid ola hidreacarbóin, agus cibé cuardach agus fiosrú a dhéanamh ansin agus cibé samplaí d'ola hidreacarbóin a thógáil ansin is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheofar ansin, agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le táirgeadh nó stóráil ola hidreacarbóin, nó le haon déileáil eile inti, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(b) Aon duine a chomhracfaidh, a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air.

(9) Aon duine a sháróidh aon fhoráil de chuid an ailt seo nó de chuid rialachán faoi fho-alt (7), nó a mhainneoidh déanamh dá réir, beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air agus dlífear aon ola hidreacarbóin a fhorghéilleadh a ndearnadh cion faoin alt seo ina leith.

Rialacháin maidir le hearraí a allmhairiú agus a onnmhairiú de thír.

12. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ina sonrófar na rialuithe custam agus máil a mbeidh feidhm acu i ndáil le haon earraí a allmhairiú de thír isteach sa Stát nó a onnmhairiú de thír amach as an Stát, agus ina rialálfar go ginearálta, chun críocha custam agus máil, allmhairiú nó onnmhairiú den sórt sin.

(2) Féadfar go háirithe le rialacháin faoin alt seo, ach sin gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)—

(a) aon cheann nó gach ceann d'fhorálacha na nAchtanna Custam, nó aon ionstraim i ndáil le custaim arna déanamh faoi reacht, a chur i bhfeidhm maidir le haon earraí a allmhairiú de thír isteach sa Stát nó a onnmhairiú de thír amach as an Stát, ach sin faoi réir cibé modhnuithe is cuí leis an Aire,

(b) toirmeasc a chur le gach earra nó le haon aicmí earraí a allmhairiú de thír isteach sa Stát nó a onnmhairiú de thír amach as an Stát ach amháin ar cibé bealaí laistigh den Stát nó ag cibé áiteanna ar an Tír-Theorainn, agus ar cibé laethanta agus le linn cibé uaireanta, a bheidh forordaithe,

(c) na háiteanna a fhorordú ag a ndéanfar, agus an fhoirm agus an modh a fhorordú ina ndéanfar, earraí a bheidh allmhairithe de thír isteach sa Stát, nó le honnmhairiú de thír amach as an Stát, a thaifeadadh agus ag a ndéanfar, nó ina ndéanfar, na dleachtanna agus na cánacha ar na hearraí sin a íoc,

(d) a cheangal ar aon duine i bhfeighil aon traenach nó feithicle a bheidh ag teacht de thír isteach sa Stát nó ag imeacht de thír amach as an Stát, an traein sin nó an fheithicil sin a stopadh ag aon áit shonraithe agus a cheadú d'oifigeach Custam agus Máil an traein sin nó an fheithicil sin nó aon earraí inti a scrúdú agus cuntas a ghlacadh maidir leis na hearraí sin,

(e) a cheangal ar aon duine i bhfeighil aon fheithicle a bheidh ag taisteal tráth ar bith laistigh de cibé limistéar a bheidh sonraithe, an fheithicil sin a stopadh ar oifigeach Custam agus Máil á iarraidh sin agus a cheadú don oifigeach sin an fheithicil sin agus aon earraí inti a scrúdú agus cuntas a ghlacadh maidir leis na hearraí sin,

(f) a cheangal ar aon duine a stopfaidh aon traein nó feithicil, mar a cheanglaítear le haon rialachán faoin alt seo, freagraí fíreannacha a thabhairt ar na ceisteanna sin go léir a chuirfidh oifigeach Custam agus Máil air maidir lena thuras nó le haon earraí a bheidh á n-iompar aige.

(3) I gcás go sáróidh aon duine aon fhoráil de rialachán faoin alt seo nó go mainneoidh sé déanamh dá réir, dlífear aon earraí (lena n-áirítear aon fheithicil) a ndearnadh an sárú nó an mhainneachtain sin ina leith a fhorghéilleadh agus beidh an duine sin ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus dlífear ar é a chiontú go hachomair, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, pionós custam nach mó ná £1,000 a chur air.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht leis na Rialacháin Chustam (Tír-Theorainn), 1968 (I.R. Uimh. 117 de 1968) agus leis na Rialacháin Chustam (Tír-Theorainn), 1978 (I.R. Uimh. 324 de 1978), ionann is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad agus beidh feidhm ag fo-alt (3) maidir leis na Rialacháin sin ionann is dá mbeadh siad déanta amhlaidh.

(5) Aisghairtear leis seo alt 13 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 .

Rialacháin i ndáil le píblínte.

13. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le rialacháin cibé socrú a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun gach críche nó aon chríche díobh seo a leanas:

(a) chun aon fhorálacha de chuid na nAchtanna Custam agus aon ionstraim a bhaineann le custaim agus a rinneadh faoi reacht a chur i bhfeidhm, fara cibé modhnuithe is cuí leis, i ndáil le píblínte, agus le hearraí a iompraítear i bpíblínte nó a scaoiltear amach astu nó isteach iontu;

(b) chun oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon fhorálacha de chuid na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin agus de chuid aon ionstraime a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin arna déanamh faoi reacht, i ndáil le píblínte agus le hearraí a iompraítear i bpíblínte nó a scaoiltear amach astu nó isteach iontu.

(2) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo nó a mhainneoidh déanamh dá réir beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus dlífear aon earraí a ndearnadh cion faoin bhfo-alt seo ina leith a fhorghéilleadh.

(3) San alt seo ciallaíonn “píblíne” píopa maille le haon trealamh agus oibreacha atá comhbhainteach leis, nó eangach píopaí maille le haon trealamh nó oibreacha atá comhbhainteach leis, a úsáidtear chun earraí a iompar isteach sa Stát nó amach as.

Leasú ar an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831.

14. —(1) Déantar leis seo méid gach fíneála a fhorchuirtear nó méid gach pionóis airgid eile a thabhófar mar gheall ar chion faoin Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831. nó a údaraítear don Acht sin a fhorchur, a ardú go dtí £1,000.

(2) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 39 den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831:

“39.—(1) Any Justice of the District Court may at his discretion mitigate any penalty incurred for any offence under this Act, but no such mitigation shall in any case reduce such a penalty to less than one half thereof.

(2) The period of a term of imprisonment to which a person may be sentenced in default of payment of a penalty incurred for an offence under this Act (including non-payment of a mitigated amount of any such penalty) shall not exceed three months.”.

Leasú ar an Customs and Inland Revenue Act, 1881.

15. —Leasaítear leis seo alt 12 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an oiread sin den alt sin agus a leanann fomhír (6):

“A person who commits an offence under this section shall be liable on summary conviction thereof to a customs penalty not exceeding £1,000, and he may either be detained or proceeded against by summons.”.

Leasú ar an Acht Airgid, 1929 .

16. —Leasaítear leis seo alt 31 den Acht Airgid, 1929

(a) i bhfo-alt (1), trí “nó le toirmeasc nó srian le hallmhairiú nó onnmhairiú aon earraí” a chur isteach i ndiaidh “diúité máil” agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “£1,000” a chur in ionad “chaoga punt”,

agus tá na fo-ailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Pé uair a bheidh sé údaruithe d'oifigeach chustum agus máil, le haon achtachán a bhaineann le diúité custum no le diúité máil nó le toirmeasc nó srian le hallmhairiú nó onnmhairiú aon earraí agus a bheidh i Reacht Briotáineach no in aon Acht do rith an tOireachtas roimh an Acht so no dá éis no le haon rialachán do dineadh roimhe seo no a déanfar ina dhiaidh seo fé aon achtachán den tsórt san, a éileamh go dtaisbeánfí aon leabhar, cuntas, leitir, cruthúnacht no scríbhinn eile, no é d'iniúcha no do scrúdú, beidh an t-oifigeach san i dteideal, leis, an scríbhinn sin do bhreith chun siúil agus do choinneáil má bhíonn cúis réasúnta aige le hamhrus gur dineadh calaois maidir le haon iontráil no leigint-ar-lár sa scríbhinn sin no maidir le haon eadarghnó le n-a mbaineann an scríbhinn sin.

(3) Einne a chuirfidh i gcoinnibh oifigigh chustum agus máil no a chuirfidh bac leis agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil £1,000 do chur air agus beidh an fhíneáil sin ina fíneáil chustum más chun crícheanna na nAchtanna Custum do bhí na comhachta san á bhfeidhmiú ag an oifigeach gur ina thaobh a dineadh an cionta agus beidh sí ina fíneáil mháil más chun crícheanna aon Reachta Bhriotáinigh no Achta den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin do bhí na comhachta san á bhfeidhmiú ag an oifigeach san.

Leasú ar an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 .

17. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 , trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dlífear a chur air, ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós Custam nach mó ná £1,000 a chur air agus féadfar é a choinneáil nó an dlí a shaothrú air trí thoghairm.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1950 .

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1950 , trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dlífear a chur air, ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil Chustam nach mó ná £1,000 a chur air agus féadfar é a choinneáil nó imeachta a bhunú ina choinne trí thoghairm.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1971 .

19. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 29 den Acht Airgeadais, 1971 :

“29. (1) Aon duine a bheidh ag teach isteach sa Stát dearbhóidh sé don oifigeach cuí Custam agus Máil, i cibé áit agus ar cibé dóigh a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, aon ní a bheidh ina bhagáiste nó tugtha leis aige agus a bheidh faoi réir aon toirmisc nó sriain, nó faoi réir aon dleachta nó cánach, ar é a allmhairiú.

(2) Aon duine a bheidh ag teacht isteach sa Stát nó ag imeacht as an Stát freagróidh sé cibé ceisteanna a chuirfidh aon oifigeach Custam agus Máil air maidir lena bhagáiste agus le haon ní a bheidh ann nó a bheidh tugtha aige leis agus tabharfaidh sé an bagáiste sin agus aon ní den sórt sin ar aird lena scrúdú má cheanglaíonn an t-oifigeach air é.

(3) Aon duine a mhainneoidh aon ní a dhearbhú, nó aon bhagáiste nó ní a thabhairt ar aird, mar a cheanglaítear leis an alt seo, dlífear pionós ar cóimhéid le trí oiread luach an ní nár dearbhaíodh nó an bhagáiste nó an ní nár tugadh ar aird, de réir mar a bheidh, lena n-áirítear aon dleacht nó cáin is inmhuirearaithe ar an gcéanna, nó £100, cibé acu is mó, a chur air; agus dlífear aon ní ar arb inmhuirearaithe aon dleacht nó cáin agus a gheofar i bhfolach nó nár dearbhaíodh, agus aon ní a bheidh á thabhairt isteach sa Stát nó amach as an Stát contrártha d'aon toirmeasc nó srian a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an ní sin, a fhorghéilleadh.

(4) (a) San fho-alt seo tá le “an t-aerfort” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 .

(b) Déanfar tagairtí san alt seo do dhaoine a bheith ag teacht isteach sa Stát nó ag imeacht as an Stát a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhaoine a bheith ag teacht ón aerfort isteach go dtí aon chuid eile den Stát agus do dhaoine a bheith ag dul isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát, faoi seach.

(c) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo d'aon ní a thabhairt isteach sa Stát nó amach as an Stát a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a thabhairt ón aerfort isteach go dtí aon chuid eile den Stát agus d'aon ní a thabhairt isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát, faoi seach.”.

Gearrtheideal agus forléiriú.

20. —(1) Féadfar an tAcht Custam agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo (a mhéid a bhaineann sé le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin.