An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin agus Measúnachtaí) Ar Aghaidh (CUID VI Frithsheachaint)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

Caibidil III

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

80. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) sa mhíniú ar “leanbh” i bhfo-alt (1), trí “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988” a chur in ionad “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974”, gach áit a bhfuil sé, agus

(b) i bhfo-alt (5), trí “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988” a chur in ionad “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974” sa dá áit a bhfuil sé.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 26ú lá d'Iúil, 1988, nó dá éis.

Leathnú ar alt 35 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

81. —(1) I gcás oidhreacht arna glacadh ar nó roimh dháta báis an diúscróra, beidh an diúscróir freisin ina dhuine atá cuntasach in íoc aon mhéid den cháin a ndéantar na daoine dá dtagraítear in alt 35 (1) den Phríomh-Acht cuntasach go príomha ann, agus, faoi réir fho-alt (2), beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht ionann is dá mba dhuine dá dtagraítear in alt 35 (2) (b) den Acht sin an diúscróir sin:

Ar choinníoll nach mbeidh an diúscróir, sa chás sin, cuntasach amhlaidh i gcás inar dháta roimh an lú lá de Bhealtaine, 1989, dáta na diúscartha.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3) agus (9) d'alt 35 den Phríomh-Acht maidir le diúscróir atá cuntasach in íoc cánach faoi fho-alt (1).

Leasú ar alt 37 (síniú tuairisceán, etc.) den Phríomh-Acht.

82. —Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Aon tuairisceán nó tuairisceán breise a sheachadfar faoin Acht seo—

(i) is ar fhoirm a bheidh soláthraithe nó ceadaithe ag an Coimisinéirí a thabharfar é, nó

(ii) ach amháin i gcás lena mbaineann fo-alt (2) ach i gcás ina bhfuil feidhm ag fó-alt (3), beidh sé i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí agus a sheachadfar trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile a bheidh ceadaithe acu agus sin in imthosca ina mbeidh sé ceadaithe acu an próiseas sin a úsáid agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad.

(b) Is ar fhoirm a bheidh soláthraithe nó ceadaithe ag na Coimisinéirí a thabharfar mionnscríbhinn, mionnscríbhinn bhreise, cuntas nó cuntas breise a sheachadfar faoin Acht seo.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

83. —(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 9:

“9. (1) Sa mhír seo—

ciallaíonn ‘cuideachta’ cuideachta—

(a) is cuideachta thrádála phríobháideach de réir na brí a shanntar le halt 16 (2); agus

(b) is cuideachta den sórt sin, don tréimhse iomchuí—

(i) atá faoi rialú an diúscróra; agus

(ii) ar stiúrthóir uirthi an diúscróir;

ciallaíonn ‘cuideachta atá faoi rialú an diúscróra’ cuideachta atá faoi rialú ag aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá—

(a) an diúscróir,

(b) ainmnithe an diúscróra,

(c) iontaobhaithe socraíochta arna déanamh ag an diúscróir;

forléireofar ‘rialú', i ndáil le cuideachta, de réir alt 16 (4) (b);

tá le ‘ainmní’ an bhrí chéanna atá leis in alt 16;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí'—

(a) an tréimhse cúig bliana dar críoch dáta na diúscartha; nó

(b) más rud é, ar dháta na diúscartha,

(i) go bhfuil leas seilbhe—

(I) sa mhaoin dá dtagraítear i bhfomhír (2) (a), nó

(II) sna scaireanna dá dtagraítear i bhfomhír (2) (b),

de réir mar a bheidh, teoranta don diúscróir faoin diúscairt, agus

(ii) nach é atá sa mhaoin sin, nó sna scaireanna sin, maoin arb éard í an chuid iomchuí de mhaoin, de réir bhrí alt 5 (5), ar a muirearaítear nó ar a n-urraítear blianacht nó ceart bliantúil eile a bheidh teoranta chun foirceannadh ar an diúscróir d'fháil bháis,

an tréimhse cúig bliana dar críoch an tráth a mbeidh deireadh leis an leas sin,

faoi réir, i ndáil le hobair, tréimhsí réasúnacha saoire bliantúla nó breoiteachta a bheith eiscthe ón tréimhse cúig bliana sin.

(2) D'fhonn an cháin a ríomh is iníoctha ar bhronntanas nó oidhreacht, measfar gaol linbh a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an diúscróir in aon chás inar leanbh le deartháir an diúscróra, nó le deirfiúr an diúscróra, an deontaí nó an comharba, agus—

(a) gur oibrigh an deontaí nó an comharba go substainteach ar bhonn lánaimseartha don diúscróir ar feadh na tréimhse iomchuí ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, trádáil, gnó nó gairm an diúscróra, agus gurb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht maoin a úsáideadh i ndáil leis an ngnó, leis an trádáil nó leis an ngairm sin; nó

(b) gur oibrigh an deontaí nó an comharba go substainteach ar bhonn lánaimseartha do chuideachta ar feadh na tréimhse iomchuí ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, trádáil, gnó nó gairm na cuideachta, agus gurb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht scaireanna sa chuideachta sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2), ní mheasfar go bhfuil deontaí nó comharba ag obair go substainteach ar bhonn lánaimseartha do dhiúscróir nó do chuideachta mura rud é—

(a) i gcás inarb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht maoin a úsáideadh i ndáil le gnó, trádáil nó gairm an diúscróra, go n-oibríonn an deontaí nó an comharba—

(i) ar feadh breis agus 24 uaire an chloig sa tseachtain don diúscróir, in áit ina seoltar an gnó, an trádáil nó an ghairm sin; nó

(ii) ar feadh breis agus 15 uaire an chloig sa tseachtain don diúscróir, in áit ina seoltar an gnó, an trádáil nó an ghairm sin, agus go bhfuil an gnó, an trádáil nó an ghairm sin á seoladh go heisiatach ag an diúscróir, ag aon chéile de chuid an diúscróra agus ag an deontaí nó comharba;

(b) i gcás inarb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht scaireanna sa chuideachta, go n-oibríonn an deontaí nó an comharba—

(i) ar feadh breis agus 24 uaire an chloig sa tseachtain don chuideachta, in áit ina seoltar gnó, trádáil nó gairm na cuideachta; nó

(ii) ar feadh breis agus 15 uaire an chloig don chuideachta, in áit ina seoltar gnó, trádáil nó gairm na cuideachta, agus go bhfuil an gnó, an trádáil nó an ghairm sin á seoladh go heisiatach ag an diúscróir, ag aon chéile de chuid an diúscróra agus ag an deontaí nó comharba.

(4) Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo maidir le bronntanas nó oidhreacht a ghlacann deontaí nó comharba faoi iontaobhas lánroghnach.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar an lú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis.

Leasú ar alt 60 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1985 .

84. —Leasaítear leis seo alt 60 den Acht Airgeadais, 1985 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) San alt seo ciallaíonn ‘árachaí’ pearsa aonair nó, i ndáil le polasaí árachais cáilitheach i gcás—

(a) gurb é atá san árachaí, ar an dáta a gcuirtear an polasaí i gcrích, pearsa aonair agus céile na pearsan aonair sin;

(b) go n-íocann ceachtar acu, nó an bheirt acu, préimheanna bliantúla le linn á gcomhshaol, agus go n-íocann an marthanóir iad le linn saol an mharthanóra sin; agus

(c) go mbeidh fáltais an pholasaí iníoctha ar an marthanóir sin d'fháil bháis, nó ar an dá chéile sin d'fháil bháis go comhuaineach,

ciallaíonn sé—

(i) i gcás fáltais an pholasaí a bheith iníoctha amhlaidh ar an marthanóir sin d'fháil bháis, an marthanóir sin, agus measfar fáltais an pholasaí a bheith curtha ar fáil ag an marthanóir sin, mar dhiúscróir; nó

(ii) i gcás fáltais an pholasaí a bheith iníoctha amhlaidh ar an dá chéile sin d'fháil bháis go comhuaineach, gach céile acu, agus measfar fáltais an pholasaí a bheith curtha ar fáil ag gach céile acu sin—

(I) a mhéid a bheidh na fáltais sin curtha chun feidhme chun cáin iomchuí an árachaí, arb é an céile sin é, a íoc, agus

(II) i gcás nach gcuirtear fáltais an pholasaí chun feidhme chun cáin iomchuí a íoc, a mhéid a bheidh na fáltais, nach gcuirtear chun feidhme amhlaidh, ar áireamh in oidhreacht a ghlactar faoi dhiúscairt arna déanamh ag an gcéile sin.”.

Gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe a bheith díolmhaithe.

85. —(1) San alt seó tá le “gnóthas comhinfheistíochta sonraithe” agus “aonad” na bríonna faoi seach atá leo in alt 18.

(2) I gcás go mbeidh aon aonad de chuid gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht, ansin—

(a) beidh an t-aonad sin díolmhaithe ó cháin, agus

(b) ní chuirfear an t-aonad sin i gcuntas nuar a bheidh cáin á ríomh ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba,

más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí—

(i) go bhfuil an t-aonad ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht—

(I) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus

(II) ar an dáta luachála;

(ii) gurb amhlaidh, ar dháta na diúscartha—

(I) nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí ar an diúscróir sa Stát; nó

(II) nach é dlí an Stáit dlí cuí na diúscartha;

agus

(iii) nach bhfuil, ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, sainchónaí ná gnáthchónaí ar an deontaí nó ar an gcomharba sa Stát.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar ar dháta an Achta seo a rith nó ar dháta dá éis.