An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

AN CHÉAD SCEIDEAL

Cuntas a Thabhairt ar Cháin, agus Íoc Cánach, a Asbhaintear ó Íocaíochtaí Iomchuí agus ó Ioncam Iomchuí Neamhdháilte

Alt 18.

Tráth agus modh íoca

1. (1) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, beidh éifeacht leis an mír seo chun rialáil a dhéanamh ar an tráth agus ar an modh a dtabharfar cuntas ar cháin, agus a n-íocfar cáin, a asbhainfear de réir fhorálacha alt 18 (5).

(2) Le héifeacht ón 5ú lá d'Aibreán, 1990, ní mór do ghnóthas comhinfheistíochta, nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, laistigh de 15 lá ón 5ú lá d'Aibreán gach bliain, maidir leis na méideanna go léir ar ceanglaíodh air, de bharr alt 18 (5), cáin a asbhaint uathu sa bhliain dar chríoch an dáta sin agus maidir le méid na cánach cuí a ceanglaíodh air a asbhaint ó na méideanna sin.

(3) An cháin chuí a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán, beidh sí dlite agus iníoctha an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh an gnóthas comhinfheistíochta leis an Ard-Bhailitheoir í, agus beidh an cháin chuí a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an ngnóthas comhinfheistíochta gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar an cháin chuí a bheidh tagtha chun bheith dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an ngnóthas comhinfheistíochta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid den cháin sin, íoctha ar nó roimh an dáta dlite.

(4) Más dealraitheach don chigire go bhfuil méid cánach cuí ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire míshásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an ngnóthas comhinfheistíochta go feadh a bhreithiúnais; agus aon mhéid cánach cuí a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua na fomhíre seo, déileálfar leis chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.

(5) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais cánach (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) a bheidh dá thoradh sin ar an ngnóthas comhinfheistíochta nó ar aon duine eile, agus do na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh.

(6) (a) Beidh aon cháin chuí a mheasúnófar ar ghnóthas comhinfheistíochta faoin Sceideal seo dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an cháin sin dlite níos luaithe ná sin faoi fhomhír (3)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta ar a mbeidh aon mhéid dlite faoin bhfomhír sin (3), agus

(b) tar éis achomharc i gcoinne measúnachta faoin Sceideal seo a chinneadh, aisíocfar aon cháin chuí a ró-íocadh.

(7) (a) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—

(i) le measúnachtaí cánach ioncaim,

(ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus

(iii) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,

beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin chuí a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú.

(b) Aon mhéid cánach cuí is iníoctha de réir an Sceidil seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.

(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3) go (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hús is iníoctha faoi chlásal (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.

(d) Le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú ar aon cháin chuí a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir an Sceidil seo, beidh éifeacht leis an alt sin ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1), agus fo-ailt (2) agus (2A), a fhágáil ar lár.

(e) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le haon cháin chuí a mhuirearófar le measúnacht a dhéanfar de réir an Sceidil seo.

(8) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán ceart iomlán an tuairisceán.

Ráiteas a bheidh le tabhairt an tráth a dhéanfar íocaíocht iomchuí

2. I gcás ina ndéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta, seachas gnóthas comhinfheistíochta sonraithe, íocaíocht iomchuí óna mbeidh an cháin chuí inasbhainte de réir alt 18 (5), nó óna mbeadh sí inasbhainte amhlaidh mura mbeadh forálacha mhíreanna (a) agus (b) den mhíniú ar an gcáin chuí atá in alt 18 (1), tabharfaidh sé don sealbhóir aonad lena ndéantar an íocaíocht iomchuí ráiteas ina dtaispeánfar—

(a) méid na híocaíochta iomchuí,

(b) an méid arb éard é comhiomlán na cánach cuí a asbhaineadh ón íocaíocht iomchuí agus aon mhéid nó méideanna a asbhaineadh de bhun fhorálacha na míreanna sin (a) agus (b) le linn bheith ag cinneadh na cánach cuí nó, más rud é, mar gheall ar na forálacha sin, nach raibh aon cháin chuí le hasbhaint ó mhéid na híocaíochta iomchuí, comhiomlán na méideanna dá dtagraítear sna forálacha sin sa mhéid go mbaineann siad leis an íocaíocht iomchuí,

(c) glanmhéid na híocaíochta iomchuí,

(d) dáta na híocaíochta iomchuí, agus

(e) cibé faisnéis eile faoin íocaíocht iomchuí is gá chun gur féidir an méid ceart cánach, más ann, is iníoctha ag an sealbhóir aonad, nó is inaisíoctha leis, i ndáil leis an íocaíocht iomchuí, a chinneadh.

Pionóis

3. (1) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “An tAcht Airgeadais, 1989 , mír 1 (2) den Chéad Sceideal” a chur isteach i gcolún 2, agus

(b) trí “An tAcht Airgeadais, 1989 , alt 18 (5)” a chur isteach i gcolún 3.

(2) Leasaítear leis seo alt 94 (2) den Acht Airgeadais, 1983 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ):

“(ddd) (i) go mainneoidh sé aon asbhaint a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh le halt 18 (5) den Acht Airgeadais, 1989 , nó

(ii) go mainneoidh sé, tar éis dó an asbhaint a dhéanamh, an tsuim a asbhaineadh a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe i mír 1 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.”.