An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

64. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £12,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá de Mheán Fómhair, 1988, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA” a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 20ú lá d'Eanáir, 1988, an 17ú lá d'Fheabhra, 1988, an 31ú lá de Mhárta, 1988, an 20ú lá d'Aibreán, 1988, an 18ú lá de Bhealtaine, 1988, an 30ú lá de Mheitheamh, 1988, an 20ú lá d'Iúil, 1988, an 17ú lá de Lúnasa, 1988, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1988, an 19ú lá de Dheireadh Fómhair, 1988, an 16ú lá de Shamhain, 1988, agus an 31ú lá de Nollaig, 1988;

ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2, i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint ó chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1989, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.31 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £120,000,000, agus

(b) 0.423 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £120,000,000:

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £120,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.31 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.

(6) I gcás go mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 13ú lá de Mheán Fómhair, 1989, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa (Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim).

65. —Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim faoina bhfaigheann Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart ar bith eile thar an talamh nó thar an uisce nó ina leith.

Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa (An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t.).

66. —(1) Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon chomhaontú nó ionstraim eile a dhéanfar chun airleacan airgid ag an nGníomhaireacht chuig údaráis tithíochta a urrú, nó i ndáil leis an urrú sin.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t., an comhlacht ar a dtugtaí an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe roimhe seo;

ciallaíonn “údarás tithíochta” údarás tithíochta de réir bhrí Acht na dTithe, 1966 .

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1ú lá de Shamhain, 1986, nó dá éis.

Leasú ar alt 27 den Stamp Duties Management Act,1891.

67. —Leasaítear leis seo alt 27 den Stamp Duties Management Act, 1891—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar an bhfocal “die”:

“The expression ‘die’ includes any plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any other means whatsoever, used by or under the direction of the Commissioners for expressing or denoting any duty, or rate of duty or the fact that any duty or rate of duty or penalty has been paid or that an instrument is duly stamped or is not chargeable with any duty or for denoting any fee, and also any part or combination of any such plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any such other means:”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar an bhfocal “stamp”:

“The expression ‘stamp’ means—

(a) any stamp, image, type, mark, seal, impression, imprint or perforation, whatsoever, impressed by means of a die, or

(b) any receipt in whatever form issued by or under the direction of the Commissioners, or

(c) an adhesive stamp issued by or under the direction of the Commissioners,

for denoting any duty or fee:”;

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar an bhfocal “stamped”:

“The expression ‘impressed’ includes any method of applying, producing or indicating a stamp on instruments or material by means of a die:”.

Leasú ar alt 122 den Stamp Act, 1891.

68. —Leasaítear leis seo alt 122 den Stamp Act, 1891—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar an bhfocal “stamp”:

“The expression ‘stamp’ means—

(a) any stamp, image, type, mark, seal, impression, imprint or perforation, whatsoever, impressed by means of a die, or

(b) any receipt in whatever form issued by or under the direction of the Commissioners, or

(c) an adhesive stamp issued by or under the direction of the Commissioners,

for denoting any duty or fee:”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar an bhfocal “stamped”:

“The expression ‘die’ includes any plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any other means whatsoever, used by or under the direction of the Commissioners for expressing or denoting any duty, or rate of duty or the fact that any duty or rate of duty or penalty has been paid or that an instrument is duly stamped or is not chargeable with any duty or for denoting any fee, and also any part or combination of any such plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any such other means:

The expression ‘impressed’ includes any method of applying, producing or indicating a stamp on instruments or material by means of a die:”.

Leasú ar an Forgery Act, 1913.

69. —Leasaítear leis seo an Forgery Act, 1913—

(a) in alt 8 (2) (b), trí “(as amended by the Finance Act, 1989)” a chur isteach i ndiaidh “Stamp Duties Management Act, 1891”, agus

(b) in alt 18, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Notwithstanding subsection (1) of this section, the expressions ‘die’ and ‘stamp’, when used in this Act in relation to the Revenue Commissioners, have the same meanings, respectively, as are assigned to them by the Stamp Duties Management Act, 1891 (as amended by the Finance Act, 1989).”.

Faoiseamh ó dhleacht stampa aistrithe i gcás cuideachtaí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

70. —(1) (a) Más rud é, i gcúrsa athchóiriú nó cónascadh bona fide ar chuideachtaí, is athchóiriú nó cónascadh atá de réir fhorálacha alt 31 den Acht Airgeadais, 1965 , ach amháin nach bhfuil an chuideachta is aistrí cláraithe sa Stát ach go bhfuil sí cláraithe go cuí i mBallstát eile de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa—

(i) go bhfaighidh an chuideachta is aistrí an scairchaipiteal eisithe go léir de chuid cuideachta láithrí áirithe agus gurb é atá go hiomlán sa chomaoin i leith na fála eisiúint scaireanna sa chuideachta is aistrí chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta láithreach mar mhalairt ar na scaireanna a shealbhaigh siad sa chuideachta láithreach, agus

(ii) go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, maidir leis an gcuideachta láithreach áirithe agus leis an gcuideachta is aistrí, gur fochuideachtaí ar lán-úinéireacht de chuid na cuideachta sealbhaíochta céanna iad, ansin ní bheidh dleacht stampa faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, inmhuirearaithe ar aon ionstraim arna déanamh chun na scaireanna a aistriú nó i ndáil leis an aistriú sin.

(b) San alt seo tá le “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachtaí” na bríonna céanna atá leo in Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 20ú lá de Nollaig, 1988, nó dá éis.

Leasú ar alt 44 (stoc áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1970 .

71. —(1) Leasaítear leis seo alt 44 den Acht Airgeadais, 1970 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo ciallaíonn ‘stoc'—

(a) aon stoc iasachta de chuid cuideachta atá cláraithe nó bunaithe sa Stát nó de chuid Bhord a bunaíodh le hAcht nó faoi Acht den Oireachtas nó d'Oireachtas Shaorstát Éireann agus a bhfuil íoc an úis air ráthaithe ag an Aire Airgeadais, nó

(b) aon stoc iasachta de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais, Radio Telefís Éireann, Chorparáid an Chairde Tionscail c.p.t., Bhord Telecom Éireann nó Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t., nach bhfuil feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 27ú lá de Mheitheamh, 1988, nó dá éis.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

72. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, faoin gceannteideal “LEASE”—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

“(1) For any indefinite term or any term not exceeding 35 years:

Of any dwelling-house, part of a dwelling-house, or apartment at a rent not exceeding £6,000 per

annum     ...     ...     ...     ...

Exempt”,

agus

(b) trí fhomhír (a) de mhír (2) a scriosadh.