|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Déileáil Chos Istigh) | Ar Aghaidh (CUID VII Dícháilíochtaí agus Srianta: Stiúrthóirí agus Oifigigh Eile) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Foirceannadh agus Nithe Gaolmhara | |
Clárú Muirear | ||
[EN] |
Leasú ar alt 99 den Phríomh-Acht. |
122. —Leasaítear leis seo alt 99 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (h)— | |
[EN] | “(h) muirear ar long nó ar aerárthach nó ar aon scair i long nó in aerárthach;”, agus | |
[EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach— | |
[EN] | “(2A) Féadfaidh an tAire le rialacháin fo-alt (2) a leasú chun aon tuairisc ar mhuirear a chur leis na muirir, nó a bhaint de na muirir, a cheanglaítear a chlárú faoin alt seo. | |
[EN] | (2B) Folóidh cumhacht an Aire faoi fho-alt (2A) cumhacht chun an tuairisc ar aon mhuirear dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a leasú le rialacháin. | |
[EN] | (2C) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”. | |
Foirceannadh ag an gCúirt | ||
[EN] |
Leasú ar ailt 214 agus 345 den Phríomh-Acht. |
123. —Leasaítear leis seo alt 214 (a) (a bhaineann leis na himthosca nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc) agus alt 345 (5) (a) (a bhaineann le cuideachtaí neamhchláraithe) den Phríomh-Acht trí “£1,000” a chur in ionad “£50” i ngach cás. |
[EN] |
Leasú ar alt 231 den Phríomh-Acht. |
124. —Leasaítear leis seo alt 231 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)— |
[EN] | “(1A) (a) Ní dhéanfaidh leachtaitheoir cuideachta, trí chonradh príobháideach, sócmhainn nach sócmhainn airgid den luach riachtanach a dhíol le duine atá, nó a bhí sna trí bliana roimh dháta thosach an fhoirceanta, ina oifigeach don chuideachta, mura mbeidh fógra 14 lá ar a laghad go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh tugtha ag an leachtaitheoir do chreidiúnaithe uiie na cuideachta is eol dó nó a bheidh curtha in iúl dó. | |
[EN] | (b) San fho-alt seo— | |
[EN] | (i) tá le ‘sócmhainn nach sócmhainn airgid’ agus ‘luach riachtanach’, na bríonna a shanntar dóibh le halt 29 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , agus | |
[EN] | (ii) folaíonn ‘oifigeach’ duine atá bainteach, de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , le stiúrthóir, agus cúlstiúrthóir.”. | |
[EN] |
Leabhair, taifid, etc. cuideachta a bheith gan aon lian. |
125. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 244— |
[EN] | “244A.—I gcás leachtaitheoir sealadach a bheith ceaptha ag an gcúirt nó i gcás go mbeidh cuideachta á foirceannadh ag an gcúirt, nó trí fhoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, ní bheidh aon duine i dteideal amhail in aghaidh an leachtaitheora nó an leachtaitheora shealadaigh seilbh ar aon ghníomhas, ionstraim nó doiciméad eile de chuid na cuideachta, nó na leabhair chuntais, na hadmhálacha, na billí, na sonraisc nó na páipéir eile dá samhail a bhaineann leis na cuntais nó leis an trádáil, leis na déileálacha nó le gnó na cuideachta, a choinneáil siar, nó aon lian a éileamh orthu ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás morgáiste, muirear nó gealltán a bheith cruthaithe trí aon doiciméad nó páipéar den sórt sin a thaisceadh le duine, nach mbeidh tabhairt ar aird an doiciméid nó an pháipéir don leachtaitheoir nó don leachtaitheoir sealadach ag an duine, ina dhochar do chearta an duine faoin morgáiste, faoin muirear nó faoin ngealltán (seachas aon cheart seilbhe ar an doiciméad nó ar an bpáipéar), | |
[EN] | (b) i gcás go mbeidh seilbh ag leachtaitheoir nó ag leachtaitheoir sealadach de bhua an ailt seo ar aon doiciméad nó páipéir de chuid glacadóra nó a mbeidh glacadóir i dteideal é nó iad a scrúdú, go gcuirfidh an leachtaitheoir nó an leachtaitheoir sealadach, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt, an doiciméad nó na páipéir ar fáil lena iniúchadh nó lena n-iniúchadh ag an nglacadóir gach tráth réasúnach.”. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun daoine a ghairm os a comhair lena gceistiú. |
126. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 245— |
[EN] | “245.—(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis leachtaitheoir sealadach a cheapadh nó ordú foirceanta a dhéanamh, aon oifigeach don chuideachta nó aon duine arb eol, nó a bhfuil amhras ann, go bhfuil aon mhaoin leis an gcuideachta ina sheilbh aige nó a shíltear a bheith i bhfiacha ag an gcuideachta, nó aon duine a mheasfaidh an chúirt a d'fhéadfadh faisnéis a thabhairt maidir le tionscnamh, foirmiú, trádáil, déileálacha, cúrsaí nó maoin na cuideachta, a ghairm os a comhair. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt an duine sin a cheistiú faoi mhionn i dtaobh na nithe a dúradh, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, agus féadfaidh sí a fhreagraí a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an chúirt a cheangal ar an duine sin aon taifid chuntasaíochta, gníomhas, ionstraim nó doiciméad nó páipéar eile a bhaineann leis an gcuideachta agus a bheidh faoina choimeád nó faoina chumhacht a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an chúirt, sula ndéanfar an ceistiú, a cheangal ar an duine sin ráiteas a chur faoina bráid, i cibé foirm a ordóidh an chúirt, maidir le haon idirbhearta idir é agus an chuideachta de chineál nó d'aicme a shonróidh an chúirt. | |
[EN] | (5) Más dóigh leis an gcúirt go bhfuil sé ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh féadfaidh sí a ordú go ndéanfaidh an duine a cheisteofar costais an cheistiúcháin a íoc. | |
[EN] | (6) Ní bheidh duine a cheisteofar faoin alt seo i dteideal diúltú freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear air ar an bhforas go mb'fhéidir go n-ionchoireodh a fhreagra é, ach ní bheidh aon fhreagra dá dtabharfaidh an duine sin inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeachtaí eile, sibhialta ná coiriúil, seachas i gcás aon imeachtaí coiriúla mar ghéall ar mhionnú éithigh i leith aon fhreagra den sórt sin. | |
[EN] | (7) Má mhainníonn duine gan leithscéal réasúnach tráth ar bith freastal chun é a cheistiú faoin alt seo, beidh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte agus dlífear é a phionósú dá réir sin. | |
[EN] | (8) I gcás go mainníonn duine, gan leithscéal réasúnach, tráth ar bith freastal chun é a cheistiú faoin alt seo nó go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gur éalaigh duine nó go bhfuil sé ar tí éalú d'fhonn a cheistiúchán faoin alt seo a sheachaint nó a mhoilliú, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara an duine sin a ghabháil agus a chuid leabhar agus doiciméad agus a mhaoin phearsanta shochorraithe a urghabháil agus é féin agus iadsan a choinneáil go ceann cibé tréimhse a ordóidh an chúirt.”. | |
[EN] |
Ordú iocaíochta nó seachadta maoine in aghaidh duine a cheistítear faoi alt 245 den Phríomh-Acht. |
127. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach roimh alt 246— |
[EN] | “245A.—Más rud é le linn ceistiú faoi alt 245 gur dealraitheach don chúirt maidir le haon duine atá á cheistiú— | |
[EN] | (a) go bhfuil sé i bhfiacha ag an gcuideachta, nó | |
[EN] | (b) go bhfuil aon airgead, maoin nó leabhair agus páipéir de chuid na cuideachta ina sheilbh nó faoina urláimh, | |
[EN] | féadfaidh an chúirt a ordú don duine sin— | |
[EN] | (i) méid an fhéich nó aon chuid de a íoc leis an leachtaitheoir, nó | |
[EN] | (ii) an t-airgead, an mhaoin nó na leabhair agus na páipéir sin nó aon chuid díobh a íoc leis an leachtaitheoir, a sheachadadh nó a thíolacadh air, a ghéilleadh dó nó a aistriú chuige. | |
[EN] | de réir mar a bheidh, cibé tráth agus i cibé slí agus ar cibé téarmaí a ordóidh an chúirt.”. | |
Dearbhú Sócmhainneachta | ||
[EN] |
Dearbhú reachtúil sócmhainneachta i gcás tairisceana le haghaidh foirceannadh toilteanach. |
128. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 256— |
[EN] | “256.—(1) Nuair a bheartófar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, féadfaidh stiúrthóirí na cuideachta nó, i gcás cuideachta a bhfuil níos mó ná dhá stiúrthóir uirthi, tromlach na stiúrthóirí, ag cruinniú de na stiúrthóirí, dearbhú reachtúil a dhéanamh á rá go ndearna siad fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta, agus tar éis a dhéanta, gur tháinig siad ar an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh de cibé tréimhse, nach faide ná 12 mhí ó thosach an fhoirceanta, a bheidh sonraithe sa dearbhú. | |
[EN] | (2) Ní bheidh aon éifeacht chun críocha an Achta seo le dearbhú a dhéanfar mar a dúradh mura rud é— | |
[EN] | (a) go ndéanfar é laistigh de na 28 lá díreach roimh an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh agus go seachadfar é ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná an dáta a sheachadfar ar an gcláraitheoir, de réir fhorálacha alt 143, cóip den rún chun an chuideachta a fhoirceannadh; | |
[EN] | (b) go mbeidh ráiteas ann ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta amhail mar a bhí ar an dáta is praiticiúil ba dhéanaí roimh an dearbhú a dhéanamh agus in aon chás ar dháta nach mó ná trí mhí roimh an dearbhú a dhéanamh; | |
[EN] | (c) go mbeidh tuarascáil ag gabháil leis a rinne duine neamhspleách de réir fhorálacha an ailt seo; | |
[EN] | (d) go mbeidh ráiteas ann ón duine neamhspleách dá dtagraítear i mír (c) á rá gur thug sé a thoiliú i scríbhinn, agus nár tharraing sé siar é, maidir le heisiúint an dearbhaithe agus an tuarascáil ag gabháil leis; agus | |
[EN] | (e) go mbeidh cóip den dearbhú ag gabháil leis an bhfógra a d'eisigh an chuideachta i dtaobh an chruinnithe ghinearálta ag a bhfuiltear chun rún a thairiscint le haghaidh foirceannadh toilteanach faoi mhír (a) nó (b) d'alt 251(1). | |
[EN] | (3) An tuarascáil dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (2), is duine neamhspleách a dhéanfaidh é, is é sin le rá, duine a bheidh cáilithe tráth na tuarascála lena cheapadh ina iniúchóir, nó le leanúint de bheith ina iniúchóir, ar an gcuideachta. | |
[EN] | (4) Luafar sa tuarascáil cibé acu atá nó nach bhfuil, ina thuairim, agus a mhéid is fearr is eol dó agus de réir na mínithe a tugadh dó— | |
[EN] | (a) tuairim na stiúrthóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) an ráiteas ar shócmhainní agus ar dhliteanais na cuideachta atá sa dearbhú sin, | |
[EN] | réasúnach. | |
[EN] | (5) Más rud é, laistigh de 28 lá tar éis an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a fhógairt faoi fho-alt (1) d'alt 252, go ndéanfaidh creidiúnaí iarratas chun na cúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus gur deimhin leis an gcúirt go n-ionannaíonn an creidiúnaí sin, mar aon le haon chreidiúnaithe a bheidh ag tacú leis ina iarratas, an cúigiú cuid ar a laghad, de réir líon nó luacha, de chreidiúnaithe na cuideachta, agus gurb é tuairim na cúirte nach cosúil go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú, féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. | |
[EN] | (6) Má ordaíonn an chúirt go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, déanfaidh an duine a bhí i seilbh oifige mar leachtaitheoir díreach roimh an t-ordú a dhéanamh nó, mura bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, cóip oifige den ordú sin a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí. | |
[EN] | (7) Má mhainnítear fo-alt (6) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar aon duine a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (8) I gcás go ndéanfar dearbhú reachtúil faoin alt seo agus go gcruthaítear ina dhiaidh sin chun sástacht na cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú, maidir le haon stiúrthóir a bhí ina pháirtí sa dearbhú agus gan forais réasúnacha aige leis an tuairim go mbeadh an chuideachta in ann a fiacha a íoc ina n-iomláine laistigh den tréimhse a shonraítear sa dearbhú, go mbeidh sé freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, as fiacha nó dliteanais eile go léir na cuideachta nó aon cheann díobh de réir mar a ordóidh an chúirt. | |
[EN] | (9) I gcás nach mbeidh fiacha cuideachta íoctha ná soláthar déanta dóibh go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú sócmhainneachta, toimhdeofar chun críocha fho-alt (8), go dtí go suífear a mhalairt, nach raibh forais réasúnacha ag an stiúrthóir lena thuairim. | |
[EN] | (10) I gcás go ndéanfaidh an chúirt dearbhú faoi fho-alt (8), féadfaidh sí cibé treoracha breise a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don dearbhú sin. | |
[EN] | (11) San Acht seo tugtar ‘foirceannadh toilteanach ag comhaltaí’ ar fhoirceannadh i gcás ina ndearnadh agus inar seachadadh dearbhú de réir an ailt seo, agus tugtar ‘foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe’ san Acht seo ar fhoirceannadh toilteanach i gcás nach ndearnadh agus nár seachadadh dearbhú mar a dúradh nó i gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (5) nó i gcás lena mbaineann alt 261 (3).”. | |
Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí | ||
[EN] |
Dualgas leachtaitheora cruinniú creidiúnaithe a ghairm más é a thuairim nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc. |
129. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 261— |
[EN] | “261.—(1) Más rud é go mbeidh an leachtaitheoir ar an tuairim aon uair nach mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú faoi alt 256— | |
[EN] | (a) déanfaidh sé cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm le haghaidh lá nach déanaí ná an ceathrú lá dhéag tar éis an lae ar tháinig sé ar an tuairim sin: | |
[EN] | (b) cuirfidh sé fógraí faoi chruinniú na gcreidiúnaithe chuig na creidiúnaithe leis an bpost seacht lá ar a laghad roimh an lá a bhfuil an cruinniú sin le tionól; | |
[EN] | (c) cuirfidh sé faoi deara fógra faoi chruinniú na gcreidiúnaithe a fhógairt, deich lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, uair amháin san Iris Oifigiúil agus uair amháin ar a laghad in dhá nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina raibh príomh-áit ghnó na cuideachta sa Stát suite le linn na tréimhse iomchuí; agus | |
[EN] | (d) tabharfaidh sé, sa tréimhse roimh an lá a thionólfar cruinniú na gcreidiúnaithe, cibé faisnéis do chreidiúnaithe, saor in aisce, a bhaineann le cúrsaí na cuideachta a theastóidh uathu le réasún; | |
[EN] | agus luafar san fhógra i dtaobh chruinniú na gcreidiúnaithe an dualgas a fhorchuirtear le mír (d). | |
[EN] | (2) Déanfaidh an leachtaitheoir freisin— | |
[EN] | (a) ráiteas a dhéanamh amach san fhoirm fhorordaithe maidir le cúrsaí na cuideachta, lena n-áirítear ráiteas i dtaobh sócmhainní agus dliteanais na cuideachta, liosta de na creidiúnaithe neamhíochta agus méid measta a gcuid éileamh; | |
[EN] | (b) an ráiteas sin a leagan faoi bhráid chruinniú na gcreidiúnaithe; agus | |
[EN] | (c) freastal agus dul i gceannas ar an gcruinniú sin. | |
[EN] | (3) Amhail ón lá a thionólfar cruinniú na gcreidiúnaithe faoin alt seo, beidh éifeacht le hAchtanna na gCuideachtaí— | |
[EN] | (a) amhail is, gan dochar do chumhachtaí na cúirte faoi alt 256, nach ndearnadh dearbhú na stiúrthóirí faoin alt sin; agus | |
[EN] | (b) amhail is dá mba iad na cruinnithe a luaitear in alt 266 cruinniú na gcreidiúnaithe agus cruinnithe na cuideachta ag ar cinneadh an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach; | |
[EN] | agus, dá réir sin, tiocfaidh an foirceannadh chun bheith ina fhoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe agus measfar, maidir le haon cheapachán a rinneadh nó aon choiste a bunaíodh ag cruinniú na gcreidiúnaithe, go ndearnadh é nó gur bunaíodh é ag cruinniú na gcreidiúnaithe a luaitear amhlaidh. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh ceapachán leachtaitheora ag cruinniú a ghairtear faoin alt seo difear, faoi réir fho-alt (5), do bhailíocht aon ghnímh roimhe sin a rinne an leachtaitheoir a bhí ceaptha ag comhaltaí na cuideachta. | |
[EN] | (5) I gcás go gceapann na creidiúnaithe leachtaitheoir ag cruinniú a ghairtear faoin alt seo agus go mbíonn díospóid ann maidir le haon cheann, nó le gach ceann, de na costais, muirir nó caiteachais a thabhaigh an leachtaitheoir, lena n-áirítear luach saothair an leachtaitheora, a bhí ceaptha ag comhaltaí na cuideachta, féadfaidh an leachtaitheoir a cheapfaidh na creidiúnaithe, nó aon chreidiúnaí, iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an díospóid a réiteach agus féadfaidh an chúirt, ar iarratas den sórt sin, cibé ordú a dhéanamh is cuí léi. | |
[EN] | (6) Ní mheasfar maidir le haon ní san alt seo go múchann sé aon cheart san Acht seo atá ag aon duine achainí a thíolacadh don chúirt chun cuideachta a fhoirceannadh. | |
[EN] | (7) Má mhainníonn an leachtaitheoir fo-alt (1) a chomhlíonadh dlífear fíneáil a chur air.”. | |
Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe | ||
[EN] |
Leasú ar alt 266 den Phríomh-Acht. |
130. —Leasaítear leis seo alt 266 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “a fhógairt”. |
[EN] | “, ar a laghad deich lá roimh dháta an chruinnithe,”. | |
[EN] |
Foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. |
131. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é, i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, go mbeidh leachtaitheoir ainmnithe ag an gcuideachta. |
[EN] | (2) Ní fheidhmeofar na cumhachtaí a thugtar don leachtaitheoir le halt 276 den Phríomh-Acht, ach amháin le cead na cúirte, le linn na tréimhse roimh thionól chruinniú na gcreidiúnaithe faoi alt 266 den Acht sin. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le cumhacht an leachtaitheora— | |
[EN] | (a) chun an mhaoin go léir a bhfuil, nó a ndealraíonn sé go bhfuil, teideal ag an gcuideachta chuici a ghlacadh faoina choimeád nó faoina urlámhas; | |
[EN] | (b) chun carraí meatacha agus earraí eile a chur de láimh ar dócha go laghdófaí a luach mura gcuirfí de láimh iad láithreach; | |
[EN] | (c) chun na nithe eile sin go léir a dhéanamh a bheidh riachtanach chun sócmhainní na cuideachta a chosaint. | |
[EN] | (4) Beidh an leachtaitheoir i láthair ag cruinniú na gcreidiúnaithe a thionólfar faoi alt 266 den Phríomh-Acht agus tabharfaidh sé tuairisc don chruinniú maidir le haon fheidhmiú dá chuid cumhachtaí aige (cibé acu faoin alt seo nó faoi alt 276 nó 280 den Acht sin). | |
[EN] | (5) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mainníonn an chuideachta fo-alt (1) nó (2) d'alt 266 den Phríomh-Acht a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (b) go mainníonn na stiúrthóirí fo-alt (3) den alt sin a chomhlíonadh, | |
[EN] | déanfaidh an leachtaitheoir, laistigh de 7 lá ón lá iomchuí, iarratas chun na cúirte le haghaidh ordachán maidir leis an tslí ina leigheasfar an mhainneachtain sin. | |
[EN] | (6) Ciallaíonn “an lá iomchuí” an lá ar ainmnigh an chuideachta an leachtaitheoir nó an lá ar tháinig sé chun fios a bheith aige i gcéaduair i dtaobh na mainneachtana, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (7) Beidh leachtaitheoir ciontach i gcion má mhainníonn sé, gan leithscéal réasúnach, an t-alt seo a chomhlíonadh. | |
Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh Toilteanach | ||
[EN] |
Leasú ar alt 275 den Phríomh-Acht. |
132. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 275— |
[EN] | “275.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo maidir le híocaíochtaí tosaíochta, déanfar maoin chuideachta, ar an gcuideachta a fhoirceannadh— | |
[EN] | (a) a chur chun feidhme, faoi réir fho-alt (2), chun a dliteanais a shásamh pari passu, agus | |
[EN] | (b) mura bhforálann na hairteagail a mhalairt, a dháileadh, faoi réir na feidhme sin, ar na comhaltaí de réir a gceart agus a leasanna sa chuideachta. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní i mír (a) d'fho-alt (1) difear in aon slí d'aon chearta nó oibleagáidí de chuid na cuideachta nó aon duine eile a thig de dhroim aon chomhaontaithe a rinne aon duine (cibé acu roimh nó tar éis thosach feidhme alt 132 d'Acht na gCuid-eachtaí, 1990) faoina ndéantar aon dliteanas áirithe de chuid na cuideachta i leith aon chreidiúnaí ghinearálta a chur siar i bhfabhar ceart nó éileamh, nó a chur faoi réir ceart nó éileamh, aon duine eile a mbeidh an chuideachta faoi dhliteanas ina leith in aon slí. | |
[EN] | (3) I bhfo-alt (2)— | |
[EN] | folaíonn ‘dliteanas’ dliteanas teagmhasach; agus | |
[EN] | folaíonn ‘duine’ aicme daoine.”. | |
[EN] |
Toiliú le ceapachán mar leachtaitheoir agus fógra i dtaobh an cheapacháin. |
133. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 276— |
[EN] | “276A.—(1) Ní bheidh aon éifeacht le ceapachán leachtaitheora mura gcuirfidh an duine a ainmnítear in iúl i scríbhinn sula gceaptar é go bhfuil sé ag toiliú leis an gceapachán. | |
[EN] | (2) Tabharfaidh cathaoirleach aon chruinnithe ag a gceaptar leachtaitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an cheapacháin don leachtaitheoir, laistigh de 7 lá ón gcruinniú, mura mbeidh an leachtaitheoir nó a ionadaí cuí-údaraithe i láthair ag an gcruinniú ag a ndéanfar an ceapachán. | |
[EN] | (3) Duine a mhainneoidh fo-alt (2) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.”. | |
Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh | ||
[EN] |
Íocaíochtaí tosaíochta i bhfoirceannadh. |
134. —Leasaítear leis seo alt 285 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach— |
[EN] | “(14) An tosaíocht a thugtar le fo-alt (2) ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir leis na fiacha sin— | |
[EN] | (a) a bheidh curtha in iúl dó; nó | |
[EN] | (b) a mbeidh eolas curtha aige orthu | |
laistigh den tréimhse sé mhí tar éis fógrán faoi choinne éileamh a bheith curtha ag an leachtaitheoir in dhá nuachtán laethúla ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta suite.”. | ||
[EN] |
Tosaíocht chalaoiseach. |
135. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 286— |
[EN] | “286.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo aon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile maidir le maoin a rinne cuideachta nó a rinneadh in aghaidh cuideachta nach bhfuil in ann a cuid fiach a íoc, de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, i bhfabhar aon chreidiúnaí, nó aon duine ar iontaobhas d'aon chreidiúnaí, d'fhonn tosaíocht ar na creidiúnaithe eile a thabhairt don chreidiúnaí sin nó d'aon urra nó ráthóir ar an bhfiach atá dlite don chreidiúnaí sin, measfar, i gcás go dtosaíonn foirceannadh na cuideachta laistigh de 6 mhí ó dhéanamh an chéanna agus nach mbeidh an chuideachta, an tráth a dtosaíonn an foirceannadh, in ann a fiacha a íoc (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach sa chuntas), gur tosaíocht chalaoiseach é ar a creidiúnaithe agus beidh sé neamhbhailí dá réir sin. | |
[EN] | (2) Aon tíolacas nó sannadh ar iomlán a maoine a dhéanfaidh cuideachta chuig iontaobhaithe ar mhaithe lena creidiúnaithe go léir, beidh sé ar neamhní chun gach críche. | |
[EN] | (3) Maidir le hidirbheart lena mbaineann fo-alt (1) i bhfabhar duine bhaintigh a rinneadh laistigh de dhá bhliain roimh thosach fhoirceannadh na cuideachta measfar, mura suífear a mhalairt, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh— | |
[EN] | (a) go ndearnadh é d'fhonn tosaíocht a thabhairt don duine sin ar na creidiúnaithe eile, agus | |
[EN] | (b) gur tosaíocht chalaoiseach é, | |
[EN] | agus beidh sé neamhbhailí dá réir sin. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh fo-ailt (1) agus (3) difear do chearta aon duine a dhéanann teideal amach de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar trí chreidiúnaí de chuid na cuideachta, nó faoi. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn duine bainteach duine a bhí, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart— | |
[EN] | (a) ina stiúrthóir ar an gcuideachta; | |
[EN] | (b) ina chúlstiúrthóir ar an gcuideachta; | |
[EN] | (c) ina dhuine a bhí bainteach le stiúrthóir de réir bhrí alt 26 (1) (a) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 : | |
[EN] | (d) ina chuideachta ghaolmhar de réir bhrí alt 140 den Acht sin, nó | |
[EN] | (e) ina iontaobhaí ar bith d'aon duine a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (d) nó ina urra nó ina ráthóir ar an bhfiach atá dlite don duine sin.”. | |
[EN] |
Imthosca ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí. |
136. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 288— |
[EN] | “288.—(1) I gcás cuideachta a bheith á foirceannadh, má bhíonn gnóthas nó maoin na cuideachta faoi mhuirear foluaineach a bunaíodh laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta, ansin, mura gcruthaítear go raibh an chuideachta sócmhainneach díreach tar éis an muirear a bhunú, beidh an muirear sin neamhbhailí, ach amháin maidir le hairgead a airleacadh nó a íocadh, go hiarbhír, nó maidir le praghas nó luach iarbhír earraí nó seirbhísí a díoladh nó a soláthraíodh, leis an gcuideachta an tráth, nó i ndiaidh an trátha, ar bunaíodh an muirear, agus i gcomaoin an mhuirir, mar aon le hús ar an méid sin de réir 5 faoin gcéad sa bhliain. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1) is é luach aon earraí nó seirbhísí a díoladh nó a soláthraíodh ar mhodh comaoine ar mhuirear foluaineach an méid in airgead a bheifí ag súil a fháil le réasún, an tráth ar díoladh nó ar soláthraíodh iad, ar na hearraí nó na seirbhísí i ngnáthchúrsa gnó agus ar na téarmaí céanna (ar leith ón gcomaoin) leis na téarmaí sin ar díoladh leis an gcuideachta nó ar soláthraíodh di iad. | |
[EN] | (3) Má bhunaítear muirear foluaineach ar ghnóthas nó ar mhaoin cuideachta i bhfabhar duine bhaintigh, beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le muirear den sórt sin amhail is dá mba thréimhse 2 bhliain an tréimhse 12 mhí a luaitear san fho-alt sin. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn ‘duine bainteach’ duine a bhí, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart— | |
[EN] | (a) ina stiúrthóir ar an gcuideachta; | |
[EN] | (b) ina chúlstiúrthóir ar an gcuideachta; | |
[EN] | (c) ina dhuine a bhí bainteach le stiúrthóir de réir bhrí alt 26 (1) (a) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ; | |
[EN] | (d) ina chuideachta ghaolmhar de réir bhrí alt 140 den Acht sin, nó | |
[EN] | (e) ina iontaobhaí ar bith d'aon duine a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (d) nó ina urra nó ráthóir ar an bhfiach atá dlite don duine sin.”. | |
[EN] |
Dliteanas coiriúil na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach ag cuideachta. |
137. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 297— |
[EN] | “297.—(1) Más rud é go mbeidh aon duine go feasach ina pháirtí i seoladh gnó de chuid cuideachta le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí, beidh an duine sin ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana nó fíneáil nach mó ná £50,000, nó iad araon, a chur air.”. | |
[EN] |
Dliteanas sibhialta na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach nó mheargánta ag cuideachta. |
138. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 297— |
[EN] | “297A.—(1) Más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh nó i gcúrsa imeachtaí faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 , gur dealraitheach— | |
[EN] | (a) go raibh aon duine, fad a bhí sé ina oifigeach don chuideachta, go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta ar mhodh meargánta; nó | |
[EN] | (b) go raibh aon duine go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí; | |
[EN] | féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón nglacadóir, ón scrúdaitheoir, ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi é sin a dhéanamh, a dhearbhú go mbeidh an duine sin freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, as fiacha nó as dliteanais eile go léir na cuideachta, nó as aon chuid díobh sin, de réir mar a ordóidh an chúirt. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) (a), measfar maidir le hoifigeach do chuideachta go raibh sé go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta ar mhodh meargánta— | |
[EN] | (a) má bhí sé ina pháirtí i seoladh an ghnó sin agus, ag féachaint don eolas ginearálta, don scil agus don taithí a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún ó dhuine ina phost, gur cheart go mbeadh a fhios aige go mbeadh a chuid gníomhartha nó gníomhartha na cuideachta ina gcúis le caillteanas do chreidiúnaithe na cuideachta nó d'aon duine acu, nó | |
[EN] | (b) má bhí sé ina pháirtí i dtabhú féich ag an gcuideachta agus nár chreid sé go macánta ar fhorais réasúnacha go mbeadh an chuideachta in ann an fiach a íoc nuair a bheadh sé dlite lena íoc maille lena cuid fiach eile go léir (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach sa chuntas). | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) féadfaidh an chúirt dearbhú a dheonú ar na forais atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt sin ar an gcoinníoll amháin— | |
[EN] | (a) go mbaineann mír (a), (b) nó (c) d'alt 214 leis an gcuideachta lena mbaineann, agus | |
[EN] | (b) gur tharla, de dhroim aon iompair a luaitear i bhfo-alt (1), gur bhain caillteanas nó damáiste d'iarratasóir ar dhearbhú den sórt sin, ar creidiúnaí nó rann íocóir den chuideachta é, nó d'aon duine a ndearnadh iarratas den sórt sin thar a cheann. | |
[EN] | (4) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu is cuí ordú a dhéanamh ar an bhforas atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (b), díreoidh an chúirt a haird ar cibé acu ab eol don chreidiúnaí i gceist, an tráth a tabhaíodh an fiach, staid chúrsaí airgeadais na cuideachta agus, d'ainneoin an eolais sin, gur aontaigh sé, ar a shon sin, le tabhú an fhéich. | |
[EN] | (5) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an t-iarratasóir féin fianaise a thabhairt nó glaoch ar fhinnéithe. | |
[EN] | (6) I gcás gur dealraitheach don chúirt, maidir le haon duine a mbeidh dearbhú maidir leis iarrtha faoi fho-alt (1) (a), gur ghníomhaigh sé go macánta agus go freagrach i ndáil le cúrsaí na cuideachta a sheoladh nó le haon ábhar nó ábhair a n-iarrtar an dearbhú sin a dhéanamh ar a bhforas, féadfaidh an chúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, é a shaoradh go hiomlán nó go páirteach ó dhliteanas pearsanta ar cibé téarmaí is cuí léi. | |
[EN] | (7) I gcás go ndéanfaidh an chúirt aon dearbhú den sórt sin, féadfaidh sí— | |
[EN] | (a) cibé orduithe breise is cuí léi a thabhairt d'fhonn éifeacht a thabhairt don dearbhú sin, agus go sonrach féadfaidh sí socrú a dhéanamh chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur de mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón gcuideachta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh aige féin nó dílsithe dó nó ag aon chuideachta nó duine, nó dílsithe d'aon chuideachta nó duine, thar a cheann, nó ag aon duine, nó dílsithe d'aon duine, a dhéanfaidh éileamh mar shannaí ón duine nó tríd an duine a bheidh faoi dhliteanas, nó ó aon chuideachta nó duine, nó trí aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh a bheidh riachtanach chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm: | |
[EN] | (b) a shocrú go n-íocfar suimeanna a ghnóthófar faoin alt seo le cibé duine nó aicmí daoine, le haghaidh cibé críoch, i cibé méideanna nó comhréireanna ag cibé tráth nó tráthanna agus i cibé tosaíochtaí faoi seach onróidh an dearbhú sin. | |
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le gnó cuideachta a sheoladh le linn tréimhse nuair a bheidh an chuideachta faoi chosaint na cúirte. | |
[EN] | (9) Beidh éifeacht leis an alt seo— | |
[EN] | (a) d'ainneoin an duine a bhfuil an dearbhú iarrtha maidir leis faoi fho-alt (1) a bheith faoi dhliteanas coiriúil maidir leis na hábhair ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú sin le déanamh; nó | |
[EN] | (b) d'ainneoin gur lasmuigh den Stát a tharla aon ábhar nó ábhair ar ar a fhoras nó ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú faoi fho-alt (1) le déanamh. | |
[EN] | (10) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | folaíonn ‘sannaí’ aon duine chun a ndearnadh nó ar ina fhabhar a rinneadh, le horduithe an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid, an morgáiste nó an muirear a bhunú, a eisiúint nó a aistriú, nó an leas a bhunú, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin i ngeall ar phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na hábhair a ndéantar an dearbhú ar a bhforas: | |
[EN] | folaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht a fhéadfar a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí; agus | |
[EN] | folaíonn ‘oifigeach’ aon iniúchóir, leachtaitheoir, glacadóir nó cúlstiúrthóir.”. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte ordú a thabhairt sócmhainní a aistríodh go míchuí a aischur. |
139. —(1) Más rud é, ar iarratas ó leachtaitheoir, ó chreidiúnaí nó ó ranníocóir de chuid cuideachta atá á foirceannadh, gur féidir a thaispeáint chun sástacht na cúirte— |
[EN] | (a) gur diúscraíodh aon mhaoin de chuid na cuideachta d'aon chineál ar bith trí thíolacas, aistriú, morgáiste, urrús, iasacht, nó in aon tslí ar bith cibé acu le gníomh nó neamhghníomh go díreach nó go neamhdhíreach, agus | |
[EN] | (b) gurbh é éifeacht na diúscartha sin calaois a dhéanamh ar an gcuideachta, ar a creidiúnaithe nó ar a comhaltaí. | |
[EN] | féadfaidh an chúirt má mheasann sí é a bheith ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh a ordú d'aon duine ar dealraitheach go bhfuil úsáid, urlámhas nó seilbh na maoine sin, nó na fáltais ó dhíol nó forbairt na maoine sin, aige í a sheachadadh ar an leachtaitheoir, nó suim a íoc leis ina leith, ar cibé téarmaí nó coinníollacha is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile a bhaineann le maoin a rinne cuideachta lena mbaineann alt 286 (1) den Phríomh-Acht nó a rinneadh ina coinne. | |
(3) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu atá sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoin alt seo, tabharfaidh an chúirt aird ar chearta na ndaoine a fuair leas, bona fide agus ar luach-chomaoin, sa mhaoin is ábhar don iarratas. | ||
[EN] |
Féadfar a cheangal ar an gcuideachta ranníoc a dhéanamh i leith fiach cuideachtaí gaolmhara. |
140. —(1) Ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir d'aon chuideachta atá á foirceannadh, féadfaidh an chúirt, más deimhin léi go bhfuil sé ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh, a ordú go n-íocfaidh aon chuideachta atá nó a bhí gaolmhar leis an gcuideachta atá á foirceannadh le leachtaitheoir na cuideachta sin méid a bheidh comhionann le hiomlán na bhfiach go léir, nó le cuid de na fiacha go léir, nó le haon fhiach de na fiacha, is inchruthaithe san fhoirceannadh sin. Féadfar aon ordú faoin alt a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt. |
[EN] | (2) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1), tabharfaidh an chúirt aird ar na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) a mhéid a ghlac an chuideachta ghaolmhar páirt i mbainistíocht na cuideachta atá á foirceannadh; | |
[EN] | (b) iompar na cuideachta gaolmhaire i leith creidiúnaithe na cuideachta atá á foirceannadh; | |
[EN] | (c) an éifeacht is dóigh a bheadh ag an ordú sin ar chreidiúnaithe na cuideachta gaolmhaire lena mbaineann. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfar aon ordú faoi fho-alt (1) mura deimhin leis an gcúirt go bhfuil na himthosca a bhí ina gcúis le foirceannadh na cuideachta inchurtha i leith ghníomhartha nó neamhghníomhartha na cuideachta gaolmhaire. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon fhorála eile, ní bheidh sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) más é an t-aon fhoras atá leis an ordú a dhéanamh— | |
[EN] | (a) go bhfuil cuideachta gaolmhar le cuideachta eile, nó | |
[EN] | (b) go raibh creidiúnaithe na cuideachta atá á foirceannadh ag brath air go bhfuil nó go raibh cuideachta eile gaolmhar leis an gcuideachta chéadluaite. | |
[EN] | (5) Chun críocha an Achta seo, tá cuideachta gaolmhar le cuideachta eile— | |
[EN] | (a) más í an chuideachta eile sin a cuideachta shealbhaíochta nó a fochuideachta; nó | |
[EN] | (b) má tá níos mó ná leath i luach ainmniúil dá scairchaipiteal cothromais (mar a mhínítear in alt 155 (5) den Phríomh-Acht) i seilbh na cuideachta eile agus cuideachtaí atá gaolmhar leis an gcuideachta eile sin (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach ach seachas i gcáil mhuiníneach); nó | |
[EN] | (c) má tá níos mó ná leath i luach ainmniúil de scairchaipiteal cothromais (mar a mhínítear in alt 155 (5) den Phríomh-Acht) gach cuideachta díobh i seilbh chomhaltaí an chinn eile (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach ach seachas i gcáil mhuiníneach); nó | |
[EN] | (d) má tá an chuideachta eile sin nó cuideachta nó cuideachtaí atá gaolmhar leis an gcuideachta eile sin nó an chuideachta eile sin mar aon le cuideachta nó cuideachtaí atá gaolmhar léi i dteideal breis is leath den chumhacht vótála a fheidhmiú nó feidhmiú na coda sin a rialú ag aon chruinniú ginearálta de chuid na cuideachta; nó | |
[EN] | (e) má bhí gnóthaí na gcuideachtaí á seoladh ar shlí nach bhfuil gnó ar leith gach cuideachta, nó cuid mhór den chéanna, inaitheanta go héasca; nó | |
[EN] | (f) má tá cuideachta eile ann a bhfuil an dá chuideachta gaolmhar léi; | |
[EN] | agus tá brí chomhréire le “cuideachta ghaolmhar”. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht a ndlífear é a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí agus ciallaíonn “creidiúnaí” creidiúnaí amháin nó níos mó a bhfuil an chuideachta atá á foirceannadh breis is £10,000 san iomlán i bhfiacha aige nó acu. | |
[EN] | (7) Má fhéachtar, le hiarratas ar ordú faoi fho-alt (1), a cheangal ar bhanc ceadúnaithe, de réir bhrí alt 25, ranníoc a dhéanamh i leith fiach cuideachta gaolmhaire, cuirfidh an t-iarratasóir cóip de gach iarratas den sórt sin chuig an mBanc Ceannais a bheidh i dteideal éisteacht a fháil ón gcúirt sula ndéanfar ordú. | |
[EN] |
Sócmhainní cuideachtaí gaolmhara a chomhthiomsú. |
141. —(1) I gcás go bhfuil dhá chuideachta ghaolmhara nó níos mó á bhfoirceannadh agus gur deimhin leis an gcúirt ar iarratas ó leachtaitheoir aon cheann de na cuideachtaí go bhfuil sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a fhorchuirfidh an chúirt agus a mhéid a ordóidh sí, na cuideachtaí a fhoirceannadh le chéile amhail is dá mba chuideachta amháin iad, agus, faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh éifeacht leis an ordú agus beidh feidhm ag forálacha uile na Coda seo agus Chuid VI den Phríomh-Acht dá réir sin. |
[EN] | (2) Nuair a bheifear ag cinneadh téarmaí agus coinníollacha ordaithe faoin alt seo tabharfaidh an chúirt aird shonrach ar leasanna na ndaoine sin ar comhaltaí iad de roinnt de na cuideachtaí ach nach comhaltaí iad díobh go léir. | |
[EN] | (3) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) féadfaidh an chúirt aon leachtaitheoir ar aon chuideachta de na cuideachtaí a chur as oifig agus aon duine a cheapadh chun gníomhú mar leachtaitheoir d'aon chuideachta amháin nó níos mó de na cuideachtaí; | |
[EN] | (b) féadfaidh an chúirt cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don ordú; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh aon ní san alt seo ná san ordú difear do chearta aon chreidiúnaí urraithe d'aon cheann de na cuideachtaí; | |
[EN] | (d) fiacha cuideachta a bheidh le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile de chuid na cuideachta de bhun alt 285 den Phríomh-Acht, beidh siad, sa mhéid nach n-íocfar iad as sócmhainní na cuideachta sin, faoi réir na n-éileamh ó bhintiúraigh faoi aon mhuirear foluaineach (mar a mhínítear san alt sin) a bhunaigh aon cheann de na cuideachtaí eile; | |
[EN] | (e) mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, beidh éilimh chreidiúnaithe neamhurraithe uile na gcuideachtaí ar chomhchéim lena chéile. | |
[EN] | (4) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) tabharfaidh an chúirt aird ar na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) a mhéid a ghlac aon cheann de na cuideachtaí páirt i mbainistíocht aon cheann de na cuideachtaí eile; | |
[EN] | (b) iompar aon cheann de na cuideachtaí i leith creidiúnaithe aon cheann de na cuideachtaí eile; | |
[EN] | (c) a mhéid atá na himthosca ba chúis le foirceannadh aon cheann de na cuideachtaí inchurtha i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha aon cheann de na cuideachtaí eile; | |
[EN] | (d) a mhéid atá gnóthaí na gcuideachtaí measctha lena chéile. | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon fhorála eile, ní bheidh sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) más é an t-aon fhoras atá leis an ordú a dhéanamh— | |
[EN] | (a) go bhfuil cuideachta gaolmhar le cuideachta eile, nó | |
[EN] | (b) go raibh creidiúnaithe na cuideachta atá á foirceannadh ag brath air go bhfuil nó go raibh cuideachta eile gaolmhar leis an gcuideachta chéadluaite. | |
[EN] | (6) Seirbheálfar fógra i dtaobh iarratais chun na cúirte chun críocha an ailt seo ar gach cuideachta a bheidh sonraithe san iarratas, agus ar cibé daoine eile a ordóidh an chúirt, tráth nach déanaí ná an t-ochtú lá roimh an lá a n-éistfear an t-iarratas. | |
[EN] |
Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht. |
142. —Leasaítear an Príomh-Acht leis seo tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 298— |
[EN] | “298.—(1) Beidh feidhm ag fo-alt (2) más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, gur dealraitheach go ndearna aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú nó i dtionscnamh na cuideachta, nó aon iaroifigeach, iarleachtaitheoir, iarghlacadóir nó iarscrúdaitheoir, nó aon oifigeach, leachtaitheoir, glacadóir nó scrúdaitheoir láithreach don chuideachta, aon airgead nó maoin de chuid na cuideachta a chur chun mífheidhme nó a choinneáil, nó gur tháinig sé faoi dhliteanas nó chun bheith cuntasach ina leith nó go raibh sé ciontach in aon mhíghníomh nó sárú eile dualgais nó iontaoibhe i ndáil leis an gcuideachta. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir, iompar an tionscnóra, an oifigigh, an leachtaitheora, an ghlacadóra nó an scrúdaitheora a scrúdú agus iallach a chur air— | |
[EN] | (a) an t-airgead nó an mhaoin nó aon chuid den airgead nó den mhaoin faoi seach a aisíoc nó a thabhairt ar ais le hús ar cibé ráta is cóir leis an gcúirt, nó | |
[EN] | (b) cibé suim is cóir leis an gcúirt a ranníoc le sócmhainní na cuideachta mar chúiteamh sa chur chun mífheidhme, sa choinneáil, sa mhíghníomh nó sa sárú eile dualgais nó iontaoibhe. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin an cion a bheith ina chion a bhféadfadh an ciontóir a bheith faoi dhliteanas coiriúil ina leith.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 299 den Phríomh-Acht. |
143. —Leasaítear alt 299 den Phríomh-Acht leis seo tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)— |
[EN] | “(1) Más dealraitheach don chúirt, i gcúrsa foirceannadh ag an gcúirt, go raibh aon iaroifigeach nó aon oifigeach láithreach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach i gcion i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas san fhoirceannadh nó as a treoir féin, a ordú don leachtaitheoir an t-ábhar a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus i gcás den sórt sin tabharfaidh an leachtaitheoir don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cibé faisnéis, cibé rochtain ar aon doiciméid agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a imscrúdú agus aon chóipeanna a dhéanamh díobh, a theastóidh ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, is é sin faisnéis nó doiciméid a bheidh i seilbh nó faoi urlámhas an leachtaitheora agus a bhaineann leis an ábhar i gceist.” | |
[EN] |
Dualgas leachtaitheoirí agus glacadóirí faisnéis áirithe a chur isteach i dtuairisceáin etc. |
144. —(1) I gcás go mbeidh sé d'oibleagáid ar ghlacadóir nó leachtaitheoir cuideachta, le hAchtanna na gCuideachtaí, cuntas, achomaireacht, ráiteas nó tuairisceán tréimhsiúil a thabhairt i ndáil lena ghníomhaíochtaí mar ghlacadóir nó leachtaitheoir, cuirfidh sé tuairisc isteach sa chuntas, san achomaireacht, sa ráiteas nó sa tuairisceán sin á rá, maidir le haon iarstiúrthóir nó stiúrthóir láithreach nó le hoifigeach eile don chuideachta, nó le haon chomhalta di, cibé acu, ar dháta an chuntais, na hachomaireachta, an ráitis, nó an tuairisceáin sin, ar duine é— |
[EN] | (a) a bhfuil dearbhú déanta ina leith faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí gur chóir é bheith faoi dhliteanas pearsanta i leith fiach uile cuideachta, nó aon chuid dá fiacha, | |
[EN] | (b) atá, nó a mheastar a bheith, faoi réir ordaithe dícháilíochta faoi Chuid VII. | |
[EN] | (2) Beidh glacadóir nó leachtaitheoir a sháraíonn fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar mhainneachtain glacadóra nó leachtaitheora cuntais agus tuairisceáin áirithe a thabhairt. |
145. —(1) I gcás go ndéanfaidh glacadóir nó leachtaitheoir mainneachtain i ndáil le cuntas, achomaireacht, ráiteas nó tuairisceán tréimhsiúil a thabhairt nó a chomhdú de bhun aon fhorála d'Achtanna na gCuideachtaí beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air; | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £10,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air. | |
[EN] | (2) Duine a chiontófar i gcion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas, eadhon, alt 262, 272, 306, 319 (2) nó 321 den Phríomh-Acht, dlífear, in ionad an phionóis a fhoráiltear in aon alt acu sin (arna mhéadú le halt 15 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ), na pionóis a shonraítear i bhfo-alt (1) a chur air. | |
Forálacha Forlíontacha | ||
[EN] |
Dícháilíocht le haghaidh ceapacháin mar leachtaitheoir. |
146. —Leasaítear an Príomh-Acht leis seo tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 300— |
[EN] | “300A.—(1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas cáilithe chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar chuideachta— | |
[EN] | (a) duine atá, nó a bhí laistigh de 12 mhí ó thosach an fhoirceanta, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta; | |
[EN] | (b) ach amháin le cead na cúirte, tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh oifigigh don chuideachta; | |
[EN] | (c) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó ag seirbhíseach don chuideachta; | |
[EN] | (d) duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar aon chomhlacht corpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin, nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin, é nó a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe. | |
[EN] | Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach don chuideachta tagairtí d'iniúchóir. | |
[EN] | (2) Beidh cibé fianaise a éileoidh an chúirt ina thacaíocht le hiarratas ar chead faoi fho-alt (1) (b). | |
[EN] | (3) Má thagann leachtaitheoir chun bheith dícháilithe de bhua an ailt seo fágfaidh sé a oifig air sin agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn laistigh de 14 lá— | |
[EN] | (a) don chúirt i bhfoirceannadh cúirte, | |
[EN] | (b) don chuideachta i bhfoirceannadh toilteanach ag comhaltaí, | |
[EN] | (c) don chuideachta agus do na creidiúnaithe i bhfoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. | |
[EN] | á rá go bhfuil a oifig fágtha aige de bharr na dícháilíochta sin. | |
[EN] | (4) Aon duine a ghníomhaíonn mar leachtaitheoir agus é dhícháilithe leis an alt seo ó ghníomhú amhlaidh nó a mhainneoidh fo-alt (3) a chomhlíonadh, i gcás an fo-alt sin a bheith infheidhme maidir leis, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air: | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil £10,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le foirceannadh a thosaigh roimh thosach feidhme alt 146 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 .” | |
[EN] |
Leas a nochtadh ag creidiúnaithe etc. ag cruinnithe creidiúnaithe. |
147. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 301— |
[EN] | “301A.—(1) Más rud é, ag cruinniú creidiúnaithe, go ndéanfar rún a mholadh chun leachtaitheoir a cheapadh, déanfaidh aon chreidiúnaí a bhfuil baint aige leis an leachtaitheoir molta, sula gcuirfear an rún, an bhaint sin a chur in iúl do chathaoirleach an chruinnithe agus nochtfaidh seisean an fíoras sin don chruinniú, mar aon le sonraí faoi. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) freisin maidir le haon duine ag an gcruinniú is ionadaí do chreidiúnaí agus a bheidh i dteideal vótáil ar an rún thar a cheann. | |
[EN] | (3) I gcás aon bhaint den sórt atá luaite i bhfo-alt (1) a bheith ag cathaoirleach ar chruinniú creidiúnaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin don chruinniú mar aon le sonraí faoi. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, tá baint ag duine le leachtaitheoir molta— | |
[EN] | (a) más tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh den leachtaitheoir molta é, nó | |
[EN] | (b) má tá sé fostaithe ag an leachtaitheoir molta nó más comhpháirtí de é. | |
[EN] | (5) Dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar dhuine a mhainníonn an t-alt seo a chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) I bhfeidhmiú a dlínse di faoi alt 267 (2) nó 272 (2) (a bhaineann le leachtaitheoir a cheapadh nó a chur as oifig) féadfaidh an chúirt aird a thabhairt ar aon mhainneachtain an t-alt seo a chomhlíonadh.” | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte a leathnú chun damáistí in aghaidh stiúrthóirí a mheasúnú. |
148. —(1) Beidh feidhm ag fo-alt (2) más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh ar fochuideachta do chuideachta eile í, gur dealraitheach go ndearna aon stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta na fochuideachta aon airgead nó maoin de chuid na fochuideachta a chur chun mífheidhme nó a choinneáil, nó gur tháinig sé faoi dhliteanas nó chun bheith cuntasach ina leith, nó go raibh sé ciontach in aon mhíghníomh nó sárú eile dualgais nó iontaoibhe maidir leis an bhfochuideachta. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na fochuideachta, iompar an stiúrthóra áirithe a scrúdú agus iallach a chur air— | |
[EN] | (a) an t-airgead nó an mhaoin nó aon chuid den airgead nó den mhaoin faoi seach a aisíoc nó a thabhairt ar ais le hús ar cibé ráta is cóir leis an gcúirt, nó | |
[EN] | (b) cibé suim is cóir leis an gcúirt a ranníoc le sócmhainní na fochuideachta mar chúiteamh sa chur chun mífheidhme, sa choinneáil, sa mhíghníomh nó sa sárú eile dualgais nó iontaoibhe. |