|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Cur i bhfeidhm) | Ar Aghaidh (CUID IX Cuideachtaí Faoi Chosaint Cúirte) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII Glacadóirí | |
[EN] |
Dícháiliú duine chun a cheaptha mar ghlacadóir. |
170. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 315— |
[EN] | “315.—(1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas cáilithe chun a cheaptha ina ghlacadóir ar mhaoin chuideachta— | |
[EN] | (a) féimheach neamhurscaoilte; | |
[EN] | (b) duine atá, nó a bhí laistigh de 12 mhí ó thosach na glacadóireachta, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta; | |
[EN] | (c) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr, nó leanbh oifigigh den chuideachta; | |
[EN] | (d) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta; | |
[EN] | (e) duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo chun a cheaptha mar ghlacadóir ar mhaoin aon chomhlachta chorpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é, nó a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe. | |
[EN] | Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach don chuideachta tagairtí d'iniúchóir. | |
[EN] | (2) Má thagann glacadóir ar mhaoin chuideachta chun bheith dícháilithe de bhua an ailt seo, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn laistigh de 14 lá— | |
[EN] | (a) don chuideachta; | |
[EN] | (b) do chláraitheoir na gcuideachtaí; | |
[EN] | (c) (i) don bhintiúrach, más bintiúrach a cheap an glacadóir, nó | |
[EN] | (ii) don chúirt, más í an chúirt a cheap an glacadóir. | |
[EN] | gur scair sé lena oifig de bharr na dícháilíochta sin. | |
[EN] | (3) Ní dhéanann fo-alt (2) dochar d'ailt 107, 319 (2) agus 321. | |
[EN] | (4) Ní cheanglóidh aon ní san alt seo ar ghlacadóir a ceapadh roimh thosach feidhme alt 170 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , scaradh leis an oifig ar ceapadh chuici amhlaidh é. | |
[EN] | (5) Aon duine a ghníomhaíonn mar ghlacadóir agus é dícháilithe leis an alt seo chun gníomhú amhlaidh nó a mhainníonn fo-alt (2) a chomhlíonadh, i gcás go mbaineann an fo-alt sin leis, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air; | |
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 316 den Phríomh-Acht. |
171. —Leasaítear leis seo alt 316 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)— |
[EN] | “(1) I gcás ina gceaptar glacadóir ar mhaoin chuideachta faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, féadfaidh aon duine de na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordacháin i ndáil le haon ní i dtaca le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a mhalairt ag an nglacadóir, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) (i) an glacadóir; | |
[EN] | (ii) oifigeach don chuideachta; | |
[EN] | (iii) comhalta den chuideachta; | |
[EN] | (iv) fostaithe de chuid na cuideachta ina gcuimsítear leath ar a laghad de líon na ndaoine a bheidh fostaithe i gcáil lánaimseartha ag an gcuideachta; | |
[EN] | (v) creidiúnaí de chuid na cuideachta; agus | |
[EN] | (b) (i) leachtaitheoir; | |
[EN] | (ii) ranníocóir; | |
[EN] | agus ar aon iarratas den sórt sin, féadfaidh an chúirt cibé ordacháin a thabhairt nó cibé ordú a dhéanamh ag dearbhú cearta daoine os comhair na cúirte nó a mhalairt, is cóir leis an gcúirt. | |
[EN] | (1A) Beidh cibé fianaise go bhfuil dochar míchuí á dhéanamh don iarratasóir le haon ghníomh nó neamhghníomh iarbhír nó beartaithe de chuid an ghlacadóra, agus a éileoidh an chúirt, mar thaca le hiarratás chun na cúirte faoi fho-alt (1), ach amháin iarratas faoi mhír (a) (i) den fho-alt sin. | |
[EN] | (1B) Chun críocha fho-alt (1), ciallaíonn ‘creidiúnaí’ creidiúnaí amháin nó níos mó a bhfuil breis is £10,000 san iomlán d'fhiacha aige ar an gcuideachta.”. | |
[EN] |
Dualgas glacadóra atá ag díol maoine an praghas is fearr is infhaighte le réasún a fháil. |
172. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 316— |
[EN] | “316A.—(1) Déanfaidh glacadóir, agus é ag díol maoine cuideachta, gach cúram réasúnach a ghlacadh chun an praghas is fearr is infhaighte le réasún a fháil ar an maoin amhail ar dháta an díola. | |
[EN] | (2) D'ainneoin fhorálacha aon ionstraime— | |
[EN] | (a) ní cosaint ar aon chaingean nó imeacht a thionscnófar in aghaidh glacadóra mar gheall ar shárú ar a dhualgas faoi fho-alt (1) go raibh an glacadóir ag gníomhú mar ghníomhaire don chuideachta nó faoi chumhacht aturnae arna tabhairt ag an gcuideachta; agus | |
[EN] | (b) d'ainneoin aon ní in alt 316 (2), ní bheidh glacadóir i dteideal cúiteamh nó slánaíocht a fháil ón gcuideachta mar gheall ar aon dliteanas a thabhóidh sé de thoradh sárú ar a dhualgas faoin alt seo. | |
[EN] | (3) (a) Ní dhíolfaidh glacadóir trí chonradh príobháideach sócmhainn nach sócmhainn airgid den luach riachtanach le duine ar oifigeach don chuideachta é nó arbh oifigeach don chuideachta é sna trí bliana roimh dháta ceaptha an ghlacadóra, mura mbeidh fógra 14 lá ar a laghad go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh tugtha aige do chreidiúnaithe uile na cuideachta is eol dó nó a bheidh curtha in iúl dó. | |
[EN] | (b) San fho-alt seo— | |
[EN] | (i) tá le ‘sócmhainn nach sócmhainn airgid’ agus le ‘luach riachtanach’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 29 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , agus | |
[EN] | (ii) folaíonn ‘oifigeach’ duine atá, de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , bainteach le stiúrthóir, agus cúlstiúrthóir.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 320 den Phríomh-Acht. |
173. —Leasaítear leis seo alt 320 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)— |
[EN] | “(5) Má mhainníonn aon duine lena mbaineann fo-alt (2) ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, mura gcruthaíonn sé chun sástacht na cúirte nárbh fhéidir leis ceanglais an ailt a chomhlíonadh— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air; nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana nó fíneáil nach mó ná £5,000, nó iad araon, a chur air.”. | |
[EN] |
larmhairtí mar gheall ar alt 319 nó 320 den Phríomh-Acht a shárú. |
174. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 320— |
[EN] | “320A.—Más rud é, de shárú ar alt 319 (1) (b) agus alt 320, nach gcuirtear ráiteas maidir le cúrsaí faoi bhráid an ghlacadóra mar a cheanglaítear leis na forálacha sin, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón nglacadóir nó ó aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta agus d'ainneoin fhorálacha alt 320 (5) (a cuireadh isteach le halt 173 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ), cibé ordú a dhéanamh is cuí léi, lena n-áirítear ordú á ordú alt 319 agus alt 320 a chomhlíonadh.”. | |
[EN] |
Glacadóir a chur as oifig. |
175. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 322— |
[EN] | “322A.—(1) Féadfaidh an chúirt, ar chúis a shuíomh, glacadóir a chur as oifig agus glacadóir eile a cheapadh. | |
[EN] | (2) Seirbheálfar fógra maidir leis na himeáchtaí sin ar an nglacadóir agus ar an duine a cheap é 7 lá ar a laghad sula n-éistfear na himeachtaí sin agus in aon imeachtaí den sórt sin féadfaidh an glacadóir agus an duine a cheap é láithriú agus éisteacht a fháil.”. | |
[EN] |
Féadfaidh an chúirt glacadóireacht a fhoirceannadh nó a theorannú ar iarratas ón leachtaitheoir. |
176. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 322— |
[EN] | “322B.—(1) Ar iarratas ó leachtaitheoir cuideachta a bheidh á foirceannadh (seachas trí fhoirceannadh toilteanach ag comhaltaí) agus a mbeidh glacadóir ceaptha ina leith (bíodh sé sin roimh thosach an fhoirceanta nó ina dhiaidh), féadfaidh an chúirt— | |
[EN] | (a) a ordú go scoirfidh an glacadóir de ghníomhú sa cháil sin ó dháta a bheidh sonraithe ag an gcúirt, agus ceapachán aon ghlacadóra eile a thoirmeasc; nó | |
[EN] | (b) a ordú nach ngníomhóidh an glacadóir sa cháil sin, ó dháta a bheidh sonraithe ag an gcúirt, ach amháin maidir le sócmhainní áirithe a bheidh sonraithe ag an gcúirt. | |
[EN] | Féadfar ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt ó am go ham, ar iarratas a dhéanfaidh an leachtaitheoir nó an glacadóir, ordú a rinneadh faoi fho-alt (1) a chealú nó a leasú. | |
[EN] | (3) Seirbheálfar cóip d'iarratas a dhéanfar faoin alt seo ar an nglacadóir agus ar an duine a cheap é 7 lá ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas agus féadfaidh an glacadóir agus aon pháirtí den sórt sin láithriú os comhair na cúirte agus éisteacht a fháil ón gcúirt maidir leis an iarratas. | |
[EN] | (4) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), ní dhéanfaidh aon ordú a dhéanfar faoin alt seo difear d'aon urrús nó muirear ar ghnóthas nó ar mhaoin na cuideachta.”. | |
[EN] |
An glacadóir d'éirí as oifig. |
177. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 322— |
[EN] | “322C.—(1) Féadfaidh glacadóir ar mhaoin chuideachta, a cheapfar faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, éirí as oifig ar choinníoll go mbeidh fógra míosa ina thaobhsan fugtha aige— | |
[EN] | (a) do na sealbhóirí ar mhuirir fholuaineacha ar mhaoin uile na cuideachta nó ar aon chuid di; | |
[EN] | (b) don chuideachta nó dá leachtaitheoir; agus | |
[EN] | (c) do na sealbhóirí ar aon mhuirear seasta ar mhaoin uile na cuideachta nó ar aon chuid di. | |
[EN] | (2) Ní fhéadfaidh glacadóir a bheidh ceaptha ag an gcúirt éirí as oifig ach amháin le húdarás na cúirte agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha, más ann, a bheidh leagtha síos ag an gcúirt. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn aon duine ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.”. | |
[EN] |
Feidhm alt 139 maidir le glacadóirí. |
178. —Beidh feidhm ag forálacha alt 139, fara na modhnuithe is gá, maidir le cuideachta faoi ghlacadóireacht amhail is dá bhforléireofaí na tagairtí ann don leachtaitheoir agus d'fhoirceannadh mar thagairtí don ghlacadóir agus do ghlacadóireacht. |
[EN] |
Feidhm alt 299 (2), (4) agus (5) den Phríomh-Acht maidir le glacadóirí. |
179. —Beidh feidhm ag alt 299 (2), (4) agus (5) den Phríomh-Acht, fara na modhnuithe is gá, maidir le glacadóirí amhail mar atá feidhm aige maidir le leachtaitheoirí. |