An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Fáltais Aonair agus Grúpfháltais) Ar Aghaidh (Caibidil 4 Forálacha ginearálta faoi scairchláir etc.)

33 1990

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990

Caibidil 3

Orduithe um Nochtadh: Cuideachtaí seachas Cuideachtaí Poiblí Teoranta

Feidhm Chaibidil 3.

97. —(1) Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le gach comhlacht corpraithe atá corpraithe sa Stát seachas—

(a) cuideachta phoiblí theoranta:

(b) cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978;

(c) cumann atá cláraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989 ; agus

(d) aon chomhlacht corpraithe a bhfuil toirmeasc air le reacht nó ar shlí eile aon dáileadh dá ioncam nó dá mhaoin a dhéanamh i measc a chuid comhaltaí fad a bheidh sé ina ghnóthas leantach nó nuair a bheidh sé á leachtú.

(2) Measfar, maidir le haon tagairt sa Chaibidil seo do chuideachta, gur tagairt í d'aon chomhlacht corpraithe lena mbaineann an Chaibidil seo, de bhua fho-alt (1).

(3) Measfar maidir le haon tagairt sa Chaibidil seo do scairchaipiteal nó do scairchaipiteal iomchuí, i ndáil le cuideachta, gur tagairt í do scairchaipiteal eisithe de chineál lena ngabhann cearta vótála sna himthosca uile ag cruinnithe ginearálta na cuideachta, agus forléireofar tagairtí do scaireanna dá réir sin.

Ordú um nochtadh.

98. —(1) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “ordú um nochtadh” ordú na cúirte faoina bhfuil sé d'oibleagáid—

(a) ar aon duine a gcreideann an chúirt go bhfuil faisnéis aige nó go bhfuil sé in ann aon faisnéis a fháil—

(i) maidir le daoine a bhfuil leas acu faoi látháir, nó tráth ar bith le linn tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, i scaireanna nó i mbintiúir chuideachta,

(ii) maidir le hainmneacha agus seoltaí aon duine de na daoine sin,

(iii) maidir le hainm agus seoladh aon duine a ghníomhaíonn nó a ghníomhaigh thar ceann aon duine de na daoine sin i ndáil leis na scaireanna nó leis na bintiúir.

an fhaisnéis sin a thabhairt don chúirt; nó

(b) ar aon duine a gcreideann an chúirt maidir leis go bhfuil leas aige i scaireanna nó i mbintiúir chuideachta nó go raibh leas aige sa chéanna tráth ar bith le linn tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, an fíoras sin a dheimhniú nó (de réir mar a bheidh) a léiriú an amhlaidh atá nó nach amhlaidh, agus i gcás go sealbhaíonn, nó gur shealbhaigh, sé le linn na tréimhse sin aon leas i scaireanna nó i mbintiúir den sórt sin, cibé faisnéis eile a thabhairt a éileoidh an chúirt; nó

(c) ar aon duine a bhfuil leas aige i scaireanna nó i mbintiúir chuideachta a bheidh sonraithe san ordú, an fhaisnéis a éilítear faoi fhomhíreanna (i) agus (ii) agus (iii) de mhír (a), agus cibé faisnéis eile a éileoidh an chúirt, a nochtadh don chúirt.

(2) Aon duine a bhfuil leas airgeadais aige i gcuideachta féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú um nochtadh i leith na scaireanna nó na mbintiúr go léir sa chuideachta nó i leith aon chuid díobh.

(3) Beidh cibé fianaise a éileoidh an chúirt mar thacaíocht le hiarratas faoi fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an chúirt, sula n-éistfidh sí iarratas faoi fho-alt (2), a cheangal ar an iarratasóir urrús a thabhairt go n-íocfar na costais a bhaineann le héisteacht an iarratais nó le haon imeachtaí dá dhroim sin.

(5) Ní dhéanfaidh cúirt ordú um nochtadh ach amháin—

(a) má mheasann sí go bhfuil sé cóir cothromasach déanamh amhlaidh; agus

(b) más dóigh léi go ndéanann nó go ndéanfaidh neamhnochtadh aon leasa i scaireanna nó i mbintiúir na cuideachta dochar do leas airgeadais an iarratasóra.

(6) Chun críocha fho-alt (2) folaíonn “leas airgeadais” aon leas mar chomhalta, ranníocóir, creidiúnaí, fostaí, comhfhiontóir, scrúdaitheoir, léasóir, léasaí, ceadúnóir, ceadúnaí, leachtaitheoir nó glacadóir i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil ordú um nochtadh á lorg i leith a scaireanna nó a bintiúr nó i ndáil le cuideachta ghaolmhar.

(7) I gcás go n-údaraíonn duine d'aon duine eile (“an gníomhaire”) leasanna i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta nó i mbintiúir dá cuid, a ndéantar ordú um nochtadh ina leith, a fháil nó a dhiúscairt thar a cheann, áiritheoidh sé, ar feadh ré saoil an ordaithe sin, go dtabharfaidh an gníomhaire fógra dó láithreach i dtaobh leasanna i scaireanna nó i mbintiúir atá cuimsithe amhlaidh a bheith faighte nó diúscartha ag an ngníomhaire a bheidh, nó a fhéadfaidh a bheith, ina chúis le haon oibleagáid, i dtaca leis féin de, faisnéis a chur ar fáil de réir théarmaí an ordaithe maidir lena leas sa scairchaipiteal nó sna bintiúir sin.

Nós imeachta maidir le hiarratas ar ordú um nochtadh.

99. —(1) Duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar ordú um nochtadh tabharfaidh sé fógra 10 lá ar a laghad faoina bhfuil beartaithe aige don chuideachta ar maidir lena scaireanna nó lena bintiúir atá an t-ordú á lorg agus don duine a mbeartaítear an t-ordú a dhíriú chuige.

(2) Déanfaidh an t-iarratasóir cibé fógra i dtaobh an iarratais a bheidh ordaithe ag an gcúirt a sheirbheáil freisin ar aon duine a shonróidh an chúirt.

(3) Ar an iarratas a eisteacht féadfaidh gach duine a mbeidh fógra tugtha dó faoi fho-alt (1) nó (2) láithriú agus fianaise a thabhairt ar aird.

Réim an ordaithe um nochtadh.

100. —(1) Féadfaidh ordú um nochtadh a cheangal ar an duine chuig a seolfar é—

(a) sonraí a thabhairt faoina iar-leas nó a leas láithreach féin i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta nó i mbintiúir de chuid na cuideachta a bhí ina sheilbh tráth ar bith le linn na tréimhse a bheidh luaite san ordú;

(b) i gcás gur leas láithreach an leas agus go bhfuil aon leas eile sna scaireanna nó sna bintiúir ar marthain nó, in aon chás, i gcás go raibh leas eile sna scaireanna nó sna bintiúir ar marthain le linn na tréimhse sin tráth ar bith nuair a bhí a leas féin ar marthain, cibé sonraí a thabhairt, chomh fada agus is eol dó, maidir leis an leas eile sin a cheanglófar leis an ordú;

(c) i gcás gur iar-leas a leas, sonraí a thabhairt, chomh fada agus is eol dó, i dtaobh chéannacht an duine a raibh an leas sin á shealbhú aige díreach agus é ag scor den leas sin a shealbhú.

(2) Sonrófar in ordú um nochtadh an fhaisnéis a bheidh le soláthar don chúirt faoin ordú maidir le haon duine, scaireanna nó bintiúir dá dtagraíonn sé agus tabharfar aon fhaisnéis den sórt sin i scríbhinn.

(3) Beidh feidhm ag ailt 68 go 79 mar is iomchuí chun tagairtí sa Chaibidil seo do dhaoine a bhfuil leas acu i scaireanna agus i mbintiúir, agus do leasanna i scaireanna agus i mbintiúir faoi seach, a fhorléiriú amhail mar atá feidhm acu i ndáil le halt 67 (agus neamhaird á tabhairt ar alt 78) agus tabharfar neamhaird ar aon tagairt sna hailt sin do “leibhéal de réir céatadáin”.

(4) Chun críocha an ailt seo measfar maidir le haon tagairt in ailt 67 go 79 do “scaireanna”, más iomchuí agus mura luaitear a mhalairt, gur tagairt í a fholaíonn tagairt do bhintiúir.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le duine a bhfuil ceart aige, nó a raibh ceart aige roimhe sin, nó atá nó a bhí i dteideal ceart a fháil, chun suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcuideachta nó le haghaidh bintiúr dá cuid a chuimseofaí tráth eisiúna i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta sin amhail mar atá feidhm aige i ndáil le duine a bhfuil, nó a raibh, leas aige i scaireanna a chuimsítear amhlaidh nó i mbintiúir de chuid na cuideachta; agus déanfar tagairtí sna forálacha roimhe seo den alt seo do leas i scaireanna a chuimsítear amhlaidh nó do leas i mbintiúir agus do scaireanna a chuimsítear amhlaidh nó do bhintiúir a léamh dá réir sin in aon chás den sórt sin mar thagairtí a fholaíonn faoi seach tagairtí d'aon cheart den sórt sin agus do scaireanna a chuimseofaí amhlaidh tráth eisiúna.

Cumhachtaí na cúirte.

101. —(1) Féadfaidh an chúirt, ar chúis a shuíomh, ordú um nochtadh a chealú nó a athrú.

(2) Féadfar le hordú um nochtadh duine, grúpa nó aicme daoine lena mbaineann an t-ordú a shonrú.

(3) Féadfaidh an chúirt, má mheasann sí—

(a) go mbeadh sé cóir cothromasach déanamh amhlaidh, agus

(b) nach ndéanfaí dochar do leas airgeadais an iarratasóra dá dheasca sin,

iad seo a leanas a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó cheanglais ordaithe um nochtadh—

(i) aon duine nó aicme daoine,

(ii) aon leas nó cineál leasa i scaireanna nó i mbintiúir,

(iii) aon scair, grúpa nó cineál scaireanna,

(iv) aon bhintiúr, grúpa nó cineál bintiúr.

(4) Nuair a dhéanann an chúirt ordú um nochtadh féadfaidh sí, go ceann tréimhse sonraithe ama, cibé coinníollacha nó srianta is cuí léi a fhorchur ar na cearta nó ar na hoibleagáidí a ghabhann leis na scaireanna nó leis na bintiúir a bhfuil an t-ordú déanta ina leith.

(5) Féadfaidh aon duine a ndéanann aon choinníollacha nó srianta a fhorchuirtear ar scaireanna nó ar bhintiúir faoi fho-alt (4) difear dá leasanna, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh ó na coinníollacha sin go léir nó ó aon cheann díobh agus féadfaidh an chúirt, má mheasann sí é a bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh, an faoiseamh sin a dheonú go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

Fógra faoi ordú um nochtadh.

102. —(1) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara go ndéanfar fógra san fhoirm fhorordaithe i dtaobh ordú um nochtadh a bheith déanta, mar aon le cóip den ordú, a chur leis an bpost cláraithe laistigh de 7 lá ó thráth déanta an ordaithe—

(a) chuig an gcuideachta (ag a hoifig chláraithe) ar i leith a cuid scaireanna nó bintiúr a rinneadh an t-ordú,

(b) chuig cláraitheoir na gcuideachtaí,

(c) chuig sealbhóir cláraithe aon scaireanna nó bintiúr ar ina leith a rinneadh an t-ordú um nochtadh i gcás gur dealraitheach don chúirt—

(i) nach bhfuil an sealbhóir sin ar dháta déanta an ordaithe ina chónaí sa Stát, agus

(ii) gur cheart fógra a thabhairt don sealbhóir sin,

(d) chuig cibé duine eile is cuí leis an gcúirt.

(2) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara fógra i dtaobh ordú um nochtadh a bheith déanta a fhoilsiú, laistigh de 7 lá ó dháta déanta an ordaithe, in 2 nuachtán laethúla ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta ar i leith a cuid scaireanna nó bintiúr a rinneadh an t-ordú.

(3) Chun críocha fho-alt (1) (a)—

(a) measfar gurb é seoladh oifig chláraithe na cuideachta ar dháta déanta an ordaithe um nochtadh seoladh na hoifige sin is déanaí a seachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí nó a foilsíodh ar shlí eile, de réir mar a bheidh sa chás sin (de réir an dlí, agus ar an modh a cheanglaítear leis an dlí, a bhaineann leis an gcuideachta) roimh dháta déanta an ordaithe; agus

(b) murar seachadadh riamh aon seoladh don oifig chláraithe ar chláraitheoir na gcuideachtaí mar is cuí, nó má milleadh suíomh an tseolta is déanaí a seachadadh, measfar ceanglais fho-alt (1) (a) a bheith comhlíonta ach an fógra is gá faoin ordú, mar aon le cóip den chéanna, a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(4) Chun críocha fho-alt (1) (c)—

(a) measfar, maidir leis an seoladh atá ag sealbhóir cláraithe neamhchónaitheach scaireanna nó bintiúr, gurb é seoladh an tsealbhóra sin é is déanaí a seachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí nó a foilsíodh ar shlí eile, de réir mar a bheidh (de réir an dlí, agus ar an modh a cheanglaítear leis an dlí, a bhaineann leis an gcuideachta) roimh dháta déanta an ordaithe; agus

(b) murar seachadadh riamh aon seoladh don sealbhóir cláraithe neamhchónaitheach ar chláraitheoir na gcuideachtaí mar is cuí, measfar ceanglais fho-alt (1) (c) a bheith comhlíonta ach an fógra is gá faoin ordú, mar aon le cóip den chéanna, a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(5) Déanfar aon tagairt san alt seo d'oifig chláraithe cuideachta, i gcás cuideachta nach bhfuil cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, a fhorléiriú mar thagairt do phríomhoifig na cuideachta.

Faisnéis a nochtadh faoi ordú.

103. —(1) Maidir le hoibleagáid aon fhaisnéis a chur ar fáil a fhorchuirtear ar aon duine le hordú um nochtadh déileálfar léi mar oibleagáid nach mbeidh comhallta mura ndéantar, san fhógra trína n-airbheartaítear í a chomhall, é a aithint agus mura dtugtar ann a sheoladh reatha.

(2) I gcás go dtabharfar faisnéis don chúirt i gcomhlíonadh téarmaí ordaithe um nochtadh cuirfidh oifigeach forordaithe don chúirt faoi deara, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt, an fhaisnéis sin a thabhairt (go hiomlán nó go páirteach de réir mar a ordóidh an chúirt) don iarratasóir agus don chuideachta ar i leith a scaireanna nó a bintiúr a rinneadh an t-ordú.

(3) Déanfaidh an chúirt agus í ag déanamh cinnidh faoi fho-alt (2) a haird a dhíriú ar cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais alt 102.

(4) I gcás go dtabharfar aon fhaisnéis don iarratasóir no don chuideachta de bhun fho-alt (2), féadfaidh an chúirt cibé srianta a fhorchur is cuí leí maidir le foilsiú na faisnéise ag an duine dár tugadh í.

Iarmhairtí sibhialta maidir leis an ordú um nochtadh a shárú.

104. —(1) Maidir le duine—

(a) a mhainníonn, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall faisnéis a chur ar fáil a éilítear le hordú um nochtadh, nó

(b) a thugann ráiteas don chúirt, mar chomhall airbheartaithe ar aon oibleagáid den sórt sin, arb eol dó é a bheith bréagach, nó a thugann go meargánta ráiteas atá bréagach don chúirt,

ní bheidh aon cheart ná leas d'aon chineál ar bith maidir le haon scaireanna sa chuideachta áirithe nó i mbintiúir dá cuid atá á sealbhú aige, infheidhmithe aige, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, le caingean nó le himeacht dlí.

(2) I gcás go srianfar aon cheart nó leas faoi fho-alt (1), féadfaidh aon duine a rinne mainneachtain faoin bhfo-alt sin nó aon duine eile a ndearna an srianadh sin difear dó iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh ó mhíchumas a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó a thig dá dhroim agus féadfaidh an chúirt ar a bheith deimhin di gur de thionóisc nó de thaisme, nó gur mar gheall ar chúis leordhóthanach éigin eile, a tharla an mhainneachtain, nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a dheonú ar fhorais eile, an faoiseamh sin a dheonú go ginearálta, nó maidir le haon cheart nó leas áirithe ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(3) I gcás gur duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) iarratasóir ar fhaoiseamh faoi fho-alt (2), ní dheonóidh an chúirt an faoiseamh sin más dealraitheach gur tharla an mhainneachtain mar gheall ar aon ghníomh nó neamhghníomh toiliúil ag an iarratasóir.

(4) Measfar, maidir le haon duine d'fháil leasa i scaireanna nó i mbintiúir de chuid cuideachta atá cláraithe sa Stát, gurb ionann an fháil sin agus an duine sin do thoiliú aon fhaisnéis do nochtadh aige féin, ag a ghníomhairí nó ag a idirghabhálaithe, is faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i ndáil le scaireanna nó bintiúir le hAchtanna na gCuideachtaí.