|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Orduithe um Nochtadh: Cuideachtaí seachas Cuideachtaí Poiblí Teoranta) | Ar Aghaidh (CUID V Déileáil Chos Istigh) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 4 Forálacha ginearálta faoi scairchláir etc. | |
[EN] |
Cumhacht chun táillí iniúchta uasta etc. a athrú. |
105. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon cheann de na táillí a ndéantar tagairt dóibh sna hailt seo a leanas a athrú— |
[EN] | (a) alt 60 (5) den Acht seo nó alt 92 (1), 119 (1) nó 195 (10) (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht seo) den Phríomh-Acht, nó | |
[EN] | (b) alt 60 (8) nó 88 (3) den Acht seo, nó alt 92 (2), 92 (3), 119 (2) nó 146 (2) den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire freisin, le hordú, an bonn atá le haon cheann de na táillí dá dtagraítear sna forálacha a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) a athrú ón mbonn dá dtagraítear sna forálacha sin go bonn éigin eile. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh aon ordú á dhéanamh aige faoin alt seo cuirfidh an tAire san áireamh na costais ghinearálta a thabhaigh cuideachta chun iniúchadh na gclár nó na ndoiciméad eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó chun soláthar cóipeanna den chéanna, a éascú. | |
[EN] | (4) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Forálacha idirthréimhseacha. |
106. —(1) Más rud é ar thosach feidhme an ailt seo go bhfuil leas ag duine agus go mbeadh an leas sin, dá mba gur tar éis an tosach feidhme sin a gheofaí é, faoi réir ceanglais fógra a thabhairt faoi Chaibidil 1 nó 2, beidh an duine faoi oibleagáid an fógra a éilítear leis an gCaibidil lena mbaineann a thabhairt don chuideachta maidir lena leas. |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), beidh feidhm ag ailt 56 agus 71 (1) amhail is dá gcuirfí tréimhse 14 lá in ionad na tréimhse 5 lá a luaitear i ngach ceann de na forálacha sin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag alt 73 i ndáil le comhaontú d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an ailt seo a rinneadh é nó gur roimh an tosach feidhme sin a tharla aon fháil scaireanna den sórt sin a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin. |