|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta) | Ar Aghaidh (CUID IX Comhlachtaí Corpraithe) |
AN tACHT OIDEACHAIS, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII Scrúduithe | |
[EN] |
Léiriú. |
49. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “iarrthóir” duine atá cláraithe, de réir nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham, chun é féin nó í féin a chur i láthair le haghaidh scrúdú; | |
[EN] | ciallaíonn “scrúdaitheoir” duine atá fostaithe ag an Aire— | |
[EN] | (a) chun páipéir scrúdaithe nó ábhair scrúdaithe eile a ullmhú, | |
[EN] | (b) chun na páipéir sin nó na hábhair eile sin a mharcáil, nó | |
[EN] | (c) chun aon fheidhmeanna eile i leith seoladh scrúduithe a chomhall; | |
[EN] | ciallaíonn “scrúdú” scrúdú a bhaineann le hiar-bhunoideachas, le hoideachas aosach, le gairmoideachas agus le gairmoiliúint ar scrúdú é a sheolfar ó am go ham de réir nósanna imeachta a chinnfidh an tAire nó a chinnfidh comhlacht daoine arna bhunú ag an Aire agus a mbaineann an Chuid seo leis de réir alt 50 ; | |
[EN] | folaíonn “páipéar scrúdaithe” aon pháipéar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile agus aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é)— | |
[EN] | (a) ina leagtar ceisteanna amach lena bhfreagairt ag iarrthóirí mar chuid de scrúdú, nó a bhaineann leis na ceisteanna sin, nó | |
[EN] | (b) ina leagtar amach tionscadail nó cleachtaí praiticiúla a cheanglaítear ar iarrthóirí a dhéanamh mar chuid de scrúdú, nó a bhaineann leis na tionscadail nó leis na cleachtaí sin. | |
[EN] |
Scrúduithe. |
50. —(1) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis na scrúduithe atá leagtha amach i Sceideal 2. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, i dteannta na scrúduithe atá leagtha amach i Sceideal 2, cibé scrúduithe eile is cuí leis nó léi, agus a mbeidh feidhm ag an gCuid seo maidir leo, a fhorordú ó am go ham. | |
[EN] |
Rialacháin. |
51. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, de réir mar is cuí leis nó léi ó am go ham, le haghaidh seoladh éifeachtach scrúduithe agus go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin a dúradh, féadfaidh sé nó sí rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) ullmhú páipéir scrúdaithe agus ábhar scrúdaithe eile, | |
[EN] | (b) nósanna imeachta ag áiteanna ina seoltar scrúduithe, lena n-áirítear maoirsiú scrúduithe, | |
[EN] | (c) obair a thíolactar le haghaidh scrúdú a mharcáil, | |
[EN] | (d) torthaí scrúduithe a eisiúint, | |
[EN] | (e) táillí le haghaidh scrúduithe a mhuirearú agus a bhailiú, | |
[EN] | (f) na téarmaí faoina bhféadfaidh iarrthóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh torthaí scrúdaithe agus an nós imeachta le haghaidh na n-achomharc sin, | |
[EN] | (g) na pionóis a bheidh le forchur ar dhuine a ghníomhóidh de shárú ar rialacháin arna ndéanamh ag an Aire nó ar dhuine a dhéanfaidh é féin nó í féin á mhí-iompar ar shlí eile i leith scrúdú, agus | |
[EN] | (h) ainmniú áiteanna ina bhféadfar scrúduithe a sheoladh. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, duine nó comhlacht daoine a cheapadh chun comhairle a thabhairt dó nó di maidir le haon ní a bhaineann leis na scrúduithe nó chun aon chuid de sheoladh na scrúduithe a mhaoirsiú nó a athbhreithniú, lena n-áirítear achomhairc ag iarrthóirí in aghaidh torthaí scrúduithe. | |
[EN] |
Cionta. |
52. —(1) Aon duine— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh, go feasach agus gan údarás dleathach, páipéar scrúdaithe nó cuid de pháipéar den sórt sin a fhoilsiú d'aon duine eile roimh sheoladh an scrúdaithe lena mbaineann, | |
[EN] | (b) a mbeidh ina sheilbh nó ina seilbh, gan údarás dleathach, páipéar scrúdaithe nó cuid de pháipéar den sórt sin roimh sheoladh an scrúdaithe lena mbaineann, | |
[EN] | (c) a chomhallfaidh aon dualgais a bhaineann le hullmhú páipéar scrúdaithe agus a dhéanfaidh, go feasach agus gan údarás dleathach, faisnéis a bhaineann leis an ábhar a bheidh ullmhaithe aige nó aici i gcúrsa na ndualgas sin a chur ar fáil d'iarrthóir le haghaidh scrúdú nó d'aon duine eile, le hintinn buntáiste a thabhairt d'iarrthóir ar iarrthóirí eile, | |
[EN] | (d) a dhéanfaidh, go feasach agus go toiliúil, marcanna níos airde a thabhairt d'iarrthóir ná na marcanna a raibh an t-iarrthóir sin ina dteideal, le hintinn buntáiste a thabhairt don iarrthóir sin ar iarrthóirí eile, | |
[EN] | (e) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, marcanna níos ísle a thabhairt d'iarrthóir ná na marcanna a raibh an t-iarrthóir sin ina dteideal, | |
[EN] | (f) a phearsanóidh iarrthóir ag scrúdú nó a cheadóidh do dhuine nó a chabhróidh le duine, go feasach, iarrthóir a phearsanú ag scrúdú, | |
[EN] | (g) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, aon ábhar a bhaineann le scrúdú a scriosadh nó a dhamáistiú, | |
[EN] | (h) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, bac a chur ar aon iarrthóir nó ar dhuine atá ag gabháil do sheoladh scrúdaithe nó a chuirfidh isteach ar shlí eile ar sheoladh ginearálta scrúdaithe, | |
[EN] | (i) a athróidh, go feasach agus gan údarás dleathach, aon teastas nó aon taifead eile, lena n-áirítear taifead i bhfoirm mheaisín-inléite, ina bhfuil torthaí scrúdaithe, nó | |
[EN] | (j) a eiseoidh nó a úsáidfidh, go feasach, aon teastas nó doiciméad eile a airbheartóidh gur doiciméad é arna eisiúint ag an duine nó ag an gcomhlacht ar faoina údarás nó faoina húdarás a seoladh an scrúdú agus go bhfuil torthaí scrúdaithe ann, agus fios aige nó aici go bhfuil na torthaí sin bréagach, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) Aon duine a dhéanfaidh, go feasach, cabhrú nó neartú le duine eile nó comhairle a thabhairt d'aon duine nó tabhairt ar aon duine cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh, nó a dhéanfaidh go feasach comhcheilg le duine eile chun aon chion den sórt sin a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (4) Ní bheidh aon ábhar caingne ann in aghaidh scrúdaitheora i leith aon ní a dhéanfaidh sé nó sí de mheon macánta agus de bhun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar scrúdaitheoir. | |
[EN] |
Rochtain ar fhaisnéis áirithe a dhiúltú. |
53. —D'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tAire— |
[EN] | (a) rochtain a dhiúltú ar aon fhaisnéis a d'fhágfadh go bhféadfaí faisnéis a thiomsú (nach bhfuil fáil ag an bpobal i gcoitinne uirthi ar shlí eile) i ndáil le feidhmiú comparáideach scoileanna i leith ghnóthachtáil acadúil na mac léinn atá rollaithe iontu, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo— | |
[EN] | (i) na torthaí foriomlána a fuair mic léinn i scoil áirithe i scrúdú in aon bhliain áirithe, nó | |
[EN] | (ii) na torthaí comparáideacha foriomlána a fuair mic léinn i scoileanna éagsúla i scrúdú in aon bhliain áirithe, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) rochtain a dhiúltú ar fhaisnéis a bhaineann le céannacht scrúdaitheoirí. |