An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID 3 Cáin Bhreisluacha)

2 1999

An tAcht Airgeadais, 1999

Caibidil 2

Ilghnéitheach

Hidreacarbóin.

110. —Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41(1) den Acht Airgeadais, 1976, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 3ú lá de Nollaig, 1998, de réir £41.75 an 1,000 lítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 69(3) den Acht Airgeadais, 1993.

Táirgí tobac.

111. —(1) San alt seo agus i Sceideal 4

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977;

tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh” agus “tobac chun a chaite ina dheatach” na bríonna céanna atá leo in Acht 1977, arna leasú le halt 86 den Acht Airgeadais, 1997.

(2)  Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 3ú lá de Nollaig, 1998, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i Sceideal 4 in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1998.

Leasú ar alt 104 (táirgí inmháil) den Acht Airgeadais, 1992.

112. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 104:

“104.—Chun críocha na Caibidle seo is táirgí inmháil na nithe seo a leanas:

(a)  biotáillí ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4(2) d'Ordú 1975,

(b)  fíon ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 5(2) d'Ordú 1975,

(c) fíon déanta ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 6(2) d'Ordú 1975,

(d)  beoir ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 90,

(e)  leann úil agus leann piorraí ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 8(2) d'Ordú 1975,

(f)  táirgí tobac ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, agus

(g)  ola mhianra ar arb inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 95 den Acht Airgeadais, 1999, agus ar táirgí iad—

(i)  atá sonraithe i mír (1) d'Airteagal 2a de Threoir Uimh. 92/81/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 19921 , nó

(ii)  a bhí, faoi mhír (2) den Airteagal sin 2a, ina n-ábhar do chinneadh chun táirgí den sórt sin a chur faoi réir fhorálacha rialaithe agus bogtha na Treorach.”.

(2)  Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar Chaibidil II (Cumhachtaí Oifigeach) de Chuid II den Acht Airgeadais, 1995.

113. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1995—

(a)  in alt 85, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “táirgí inmháil”:

“tá le ‘umar breosla’ an bhrí a shanntar dó le halt 94 den Acht Airgeadais, 1999;

tá le ‘ola mhianra’ an bhrí a shanntar dó le halt 94 den Acht Airgeadais, 1999;”,

(b)  in alt 86—

(i)  i mír (b) d'fho-alt (1) trí “aon ola mhianra a scrúdú agus samplaí d'aon ola mhianra a thógáil, faoi alt 86A, ar ola mhianra í atá san fheithicil nó ar an bhfeithicil, nó in aon ní atá i gceangal leis an bhfeithicil, lena húsáid nó is féidir a úsáid” a chur in ionad “aon bhreosla a scrúdú agus samplaí d'aon bhreosla a thógáil, ar breosla é atá san fheithicil nó ar an bhfeithicil, nó in aon ní atá i gceangal leis an bhfeithicil, lena úsáid nó is féidir a úsáid”,

(ii)  i mír (a) d'fho-alt (4) trí “samplaí d'aon ola mhianra a thógáil, ar ola mhianra í” a chur in ionad “samplaí d'aon bhreosla a thógáil, ar breosla é”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 86:

“Cumhacht chun samplaí a thógáil agus chun ceistiú a dhéanamh i ndáil le hola mhianra i bhfeithiclí.

86A.—(1) Féadfaidh oifigeach, ar údarú an oifigigh a thabhairt ar aird má iarrann aon duine dá ndéantar difear amhlaidh, nó féadfaidh comhalta den Gharda Síochána—

(a)  scrúdú a dhéanamh ar aon ola mhianra in aon umar breosla nó atá i láthair ar shlí eile ar aon fheithicil nó in aon fheithicil, nó ar aon ní nó in aon ní atá i gceangal le haon fheithicil, lena húsáid nó is féidir a úsáid lena dó in inneall na feithicle, cibé acu atá duine i bhfeighil na feithicle nó nach bhfuil, agus aon samplaí a thógáil den chéanna,

(b)  aon fheithicil nó aon ní atá i gceangal le haon fheithicil a scrúdú nó a iniúchadh chun críocha mhír (a),

(c)  a cheangal—

(i)  ar úinéir aon fheithicle,

(ii)  ar aon duine atá de thuras na huaire arna chlárú nó arna clárú mar úinéir aon fheithicle sa chlár a bunaíodh faoi alt 131 den Acht Airgeadais, 1992, nó faoin Roads Act, 1920,

(iii)  ar aon stiúrthóir, bainisteoir nó príomhoifigeach de chuid an úinéara sin i gcás nach pearsa aonair amháin nó níos mó an t-úinéir cláraithe, nó

(iv)  ar an duine atá i bhfeighil aon fheithicle,

nithe seo a leanas a thabhairt don oifigeach sin nó don chomhalta sin—

(I) fianaise ar íoc na cánach a fhorchuirtear le halt 95 den Acht Airgeadais, 1999, de réir an ráta is infheidhme maidir le húsáid in umar breosla, ar aon ola mhianra den sórt sin,

(II) aon fhaisnéis eile i ndáil leis an ola mhianra sin ar féidir le réasún í a iarraidh agus atá i seilbh an duine nó ar fáil ag an duine,

(d)  dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit eile (seachas teaghais) agus iniúchadh a dhéanamh air nó uirthi chun críocha an ailt seo agus aon fheithicil atá in úsáid i gcúrsa a dhualgas nó a dualgas a thabhairt isteach ar an áitreabh,

(e)  cibé cuardach agus imscrúdú is cuí leis nó léi a dhéanamh ar an áitreabh sin nó ar an áit sin.

(2)  Aon duine a chuirfidh i gcoinne oifigigh nó comhalta den Gharda Síochána nó a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach nó ar chomhalta den Gharda Síochána le linn don oifigeach nó don chomhalta aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú, nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon fhaisnéis a iarrfar faoi fho-alt (1) a thabhairt, nó a thabharfaidh aon fhaisnéis den sórt sin atá bréagach nó míthreorach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil £1,000 a chur air nó uirthi.”,

agus

(d)  tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 87A:

“Cumhacht ghabhála i leith cionta áirithe ola mianra.

87B.—Féadfaidh oifigeach nó comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas i gcás forais réasúnacha a bheith aige nó aici chun drochamhras a bheith air nó uirthi go bhfuil cion faoi alt 102(3) den Acht Airgeadais, 1999, á dhéanamh nó déanta ag an duine.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 105 (achomhairc chuig na Coimisinéirí Achomhairc) den Acht Airgeadais, 1995.

114. —Leasaítear leis seo alt 105 den Acht Airgeadais, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm—

(a)  ag forálacha Chuid 40, seachas ailt 942, 943 agus (a mhéid a bhaineann sé leis na hailt sin) 944 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus

(b)  ag forálacha alt 957 den Acht sin,

fara aon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm acu chun críche cánach ioncaim.”.

Leasú ar alt 130 (léiriú) den Acht Airgeadais, 1992.

115. —Leasaítear leis seo alt 130 den Acht Airgeadais, 1992, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “otharcharr”:

“ciallaíonn ‘otharcharr’ feithicil atá deartha, déanta nó oiriúnaithe go speisialta, agus a úsáidtear go príomha tar éis a cláraithe, chun daoine atá díobhálaithe nó go dona tinn a iompar chuig ospidéal ar shínteán agus atá feistithe go buan chun sínteán caighdeánach amháin nó níos mó a ghlacadh agus a choinneáil ina n-áit;”.

Leasú ar alt 132 (dleacht máil a mhuirearú) den Acht Airgeadais, 1992.

116. —Maidir le cáin cláraithe feithiclí a mhuirearófar, a thoibheofar agus a íocfar amhail ar an agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1999, leasaítear leis seo alt 132 den Acht Airgeadais, 1992, i bhfo-alt (3), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992):

“(a) i gcás inar feithicil earnáil A ag a bhfuil inneall de thoilleadh sorcórach is mó ná 2,000 ceintiméadar ciúbach an fheithicil is ábhar don chlárú nó don dearbhú lena mbaineann, de réir ráta de mhéid is comhionann le 30 faoin gcéad de luach na feithicle nó £250, cibé acu is mó,

(aa) i gcás inar feithicil earnáil A ag a bhfuil inneall de thoilleadh sorcórach is mó ná 1,400 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,000 ceintiméadar ciúbach an fheithicil is ábhar don chlárú nó don dearbhú lena mbaineann, de réir ráta de mhéid is comhionann le 25 faoin gcéad de luach na feithicle nó £250, cibé acu is mó,”.

Geallta, laghdú ar an ráta dleachta máil.

117. —(1) Déanfar (faoi réir alt 20 den Acht Airgid, 1931) an dleacht ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gheallta a dhéanfar, de réir ráta cúig faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad an ráta deich faoin gcéad a luaitear in alt 31 den Acht Airgeadais, 1985.

(2)  Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Méadú ar phionóis i leith cionta gealltóireachta.

118. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgid, 1926—

(a)  in alt 24, trí “£1,500” a chur in ionad “£800” i bhfo-alt (4) (arna ionadú le halt 69(1)(a) den Acht Airgeadais, 1982), agus

(b)  in alt 25, trí “£1,500” a chur in ionad “£800” i bhfo-alt (2) (arna ionadú le halt 69(1)(b) den Acht Airgeadais, 1982).

(2)  Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Gheall-Chur, 1931, trí “£1,500” a chur in ionad “£800” i bhfo-alt (2) (arna ionadú le halt 69(2) den Acht Airgeadais, 1982).

(3)  Leasaítear leis seo alt 76 den Acht Airgeadais, 1984, trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-alt (8)(b).

(4)  Leasaítear leis seo alt 42 den Acht Airgeadais, 1989, trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-alt (3).

1O.J. Uimh. L316 an 31 Deireadh Fómhair, 1992, lch. 12