An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Bearta roimh chomhdhlúthú) Ar Aghaidh (CUID 6 Cáin Fháltas Caipitiúil)

2 1999

An tAcht Airgeadais, 1999

CUID 5

Cáin Mhaoine Cónaithe

Leasú ar alt 100 (teorainn díolúine mhargadhluacha) den Acht Airgeadais, 1983.

198. —(1) Leasaítear leis seo alt 100 den Acht Airgeadais, 1983, i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “teorainn díolúine ghinearálta”, trí “£200,000” a chur in ionad “£94,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1995) agus trí “1999” a chur in ionad “1995” (a cuireadh isteach amhlaidh).

(2)  Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon dáta luachála (de réir bhrí alt 95(1) den Acht Airgeadais, 1983) a bheidh ann ar an 5ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis.