An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 6 Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Leasuithe de dhroim Athraithe ar an Ráta Cánach Corparáide)

2 1999

An tAcht Airgeadais, 1999

CUID 7

Ilghnéitheach

Leasú ar Chaibidil 4 (cumhachtaí ioncaim) de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

207. —Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, i gCaibidil 4 de Chuid 38—

(a)  tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 900:

“Cumhacht chun a iarraidh leabhair, faisnéis, etc. a thabhairt ar aird.

900.—(1) San alt seo agus in alt 901—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, nó de réir mar a bheidh, le halt 901, a fheidhmiú;

folaíonn ‘leabhair, taifid nó doiciméid eile’—

(a)  cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe a bhaineann le trádáil nó le gairm agus, i gcás na cuntais a bheith iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra,

(b)  leabhair, cuntais, rollaí, cláir, páipéir agus doiciméid eile—

(i) a chuimsítear in imleabhair cheangailte, i gceangaltóirí bileog scaoilte nó i gcomhad-chóras bileog scaoilte eile, i leatháin mórleabhair bileog scaoilte, i leathanaigh, i bhfóiliónna nó i gcártaí, nó

(ii)  a choimeádtar ar mhicreascannán, ar théip mhaighnéadach nó in aon fhoirm neamh-inléite (trí úsáid leictreonaice nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite,

(c)  gach meán leictreonach nó uathoibríoch eile, más ann, trínar féidir aon ní den sórt sin i bhfoirm neamh-inléite a atáirgeadh amhlaidh, agus

(d)  doiciméid i lámhscríbhinn, doiciméid atá clóscríofa, clóite, stionsaláilte nó cruthaithe trí aon phróiseas meicniúil nó páirtmheicniúil eile a bheidh in úsáid ó am go ham agus doiciméid a tháirgtear trí aon phróiseas fótagrafach nó fótastatach;

ciallaíonn ‘breitheamh’ breitheamh den Ard-Chúirt;

ciallaíonn ‘dliteanas’, i ndáil le duine, aon dliteanas i ndáil le cáin a bhfuil nó a mbeidh, nó a raibh, an duine faoina réir, nó méid an dliteanais sin;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2)  Faoi réir an ailt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar dhuine á cheangal ar an duine, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, nach lú ná 21 lá ó dháta seirbheála an fhógra, ceann amháin de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, eadhon—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá i seilbh nó faoi urlámh an duine sin, nó atá ar fáil aige nó aici, a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil leis an duine,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt, i scríbhinn nó ar shlí eile, don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san fhógra.

(3)  Ní dhéanfar fógra a sheirbheáil ar dhuine faoi fho-alt (2) mura mbeidh deis réasúnach tugtha i dtosach don duine na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile atá i gceist a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe lena mbaineann, nó, de réir mar a bheidh, a chur ar fáil dó nó di, nó an fhaisnéis, na mínithe agus na sonraí atá i gceist a thabhairt dó nó di.

(4)  Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a cheanglaíonn ar dhuine atá ag seoladh gairme, agus a ndearnadh fógra a sheirbheáil air nó uirthi faoi fho-alt (2), aon fhaisnéis, mínithe agus sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe, nó aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le cliant a sheachadadh ar nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, seachas iad sin—

(a) a bhaineann le táillí a íoc leis an duine atá ag seoladh na gairme nó a bhaineann le hidirbhearta airgeadais eile ag an duine atá ag seoladh na gairme, nó

(b)  atá ábhartha ar shlí eile don dliteanas i ndáil leis an duine atá ag seoladh na gairme,

agus go háirithe ní cheanglófar ar an duine sin aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de chineál rúnda a tugadh do chliant a nochtadh.

(5)  Más rud é, i gcomhlíonadh ceanglas fógra a seirbheáladh ar dhuine faoi fho-alt (2), go gcuirfidh an duine leabhair, taifid nó doiciméid eile ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, tabharfaidh an duine cúnamh réasúnach don oifigeach údaraithe, lena n-áirítear faisnéis, mínithe agus sonraí, i ndáil le húsáid na meán leictreonach nó na meán uathoibríoch eile go léir, más ann, trínar féidir na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile, a mhéid gur i bhfoirm neamh-inléite iad, a atáirgeadh i bhfoirm inléite, agus i ndáil le haon trealamh sonraí nó aon ghaireas nó ábhar gaolmhar.

(6)  Más rud é, faoi fho-alt (2), go gcuirfidh duine leabhair, taifid nó doiciméid eile ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe sleachta a thógáil as na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile go léir nó as aon chuid díobh nó cóipeanna a dhéanamh den chéanna.

(7)  Aon duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh déanamh de réir fógra a seirbheáladh ar an duine faoi fho-alt (2) nó a mhainneoidh an cúnamh dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a thabhairt, dlífear pionós £1,500 a chur air nó uirthi.”,

(b)  tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 901:

“Iarratas chun na hArd-Chúirte: leabhair, faisnéis, etc. a thabhairt ar aird.

901.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh chuig breitheamh ar ordú á cheangal ar dhuine ceann amháin nó de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, eadhon—

(a) cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi urlámh nó i seilbh an duine sin, nó atá ar fáil aige nó aici, a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil leis an duine,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san iarratas.

(2)  Más rud é gur deimhin leis an mbreitheamh, a bhfuil iarratas déanta chuige nó chuici faoi fho-alt (1), go bhfuil forais réasúnacha ann leis an iarratas a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh sin, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis nó léi agus a shonróidh sé nó sí san ordú, ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine lena mbaineann an t-iarratas—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, agus

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt don oifigeach údaraithe,

a bheidh sonraithe san ordú.

(3)  Ní chuirfidh aon ní san alt seo d'oibleagáid ar dhuine atá ag seoladh gairme aon fhaisnéis, mínithe nó sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe, nó aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann leis an gcliant a sheachadadh ar oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, gan toiliú an chliaint, seachas iad sin—

(a)  a bhaineann le táillí a íoc leis an duine atá ag seoladh na gairme nó a bhaineann le hidirbhearta airgeadais eile ag an duine atá ag seoladh na gairme, nó

(b)  atá ábhartha ar shlí eile don dliteanas i ndáil leis an duine atá ag seoladh na gairme,

agus, go háirithe, ní cheanglófar ar an duine sin aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de chineál rúnda a tugadh don chliant a nochtadh.”,

(c)  tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 902:

“Faisnéis a thabharfaidh tríú páirtí: iarraidh ó oifigeach údaraithe.

902.—(1) San alt seo agus in alt 902A—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo nó, de réir mar a bheidh, le halt 902A, a fheidhmiú;

tá le ‘leabhair, taifid nó doiciméid eile’ agus le ‘dliteanas’, i ndáil le duine, faoi seach, an bhrí a shanntar dóibh le halt 900 (1).

(2)  D'ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le reacht nó faoi reacht nó ar shlí eile, agus faoi réir an ailt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn fiosrú a dhéanamh maidir le dliteanas i ndáil le duine (dá ngairtear ‘an cáiníocóir’ san alt seo), fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine eile (nach foras airgeadais de réir bhrí alt 906A) á cheangal ar an duine eile sin, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, nach lú ná 30 lá ó dháta seirbheála an fhógra, ceann amháin de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, eadhon—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi urlámh nó i seilbh an duine eile, nó atá ar fáil aige nó aici, a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid eile iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil leis an gcáiníocóir,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt, i scríbhinn nó ar shlí eile, don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san fhógra.

(3)  Ní dhéanfar fógra a sheirbheáil ar dhuine faoi fho-alt (2) mura mbeidh forais réasúnacha ag an oifigeach údaraithe lena mbaineann chun a chreidiúint gur dócha go bhfuil ag an duine faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas a shuíomh i ndáil leis an gcáiníocóir.

(4)  Beidh cuideachta a bheidh díscaoilte, agus pearsa aonair a bheidh éagtha, ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar cháiníocóir chun críocha an ailt seo.

(5)  I bhfógra faoi fho-alt (2) ainmneofar an cáiníocóir ar i ndáil lena dhliteanas nó lena dliteanas atá an t-oifigeach údaraithe ag fiosrú.

(6)  Más rud é go ndéanfaidh oifigeach údaraithe fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (2), tabharfaidh an t-oifigeach údaraithe cóip den fhógra sin don cháiníocóir lena mbaineann.

(7)  Más rud é, faoi fho-alt (2), gur sheachaid duine aon leabhair, taifid nó doiciméid eile agus go gcoimeádann an t-oifigeach údaraithe na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile sin, beidh an duine i dteideal, gach tráth réasúnach agus faoi réir cibé coinníollacha réasúnacha a chinnfidh an t-oifigeach údaraithe, iniúchadh a dhéanamh ar na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile sin agus cóipeanna díobh a fháil.

(8)  Más rud é, faoi fho-alt (2), go gcuirfidh duine leabhair, taifid nó doiciméid eile ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe sleachta a thógáil as na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile go léir nó as aon chuid díobh nó cóipeanna a dhéanamh den chéanna.

(9)  Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a cheanglaíonn ar aon duine atá ag seoladh gairme agus ar a seirbheáiltear fógra faoi fho-alt (2), aon fhaisnéis, mínithe agus sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe, nó aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le cliant a sheachadadh ar oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, seachas iad sin—

(a)  a bhaineann le táillí a íoc nó le hidirbhearta airgeadais eile, nó

(b)  atá ábhartha ar shlí eile do dhliteanas i ndáil leis an gcliant,

agus, go háirithe, ní cheanglófar ar an duine sin aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de chineál rúnda a nochtadh.

(10)  Más rud é, i gcomhlíonadh ceanglas fógra a seirbheáladh ar dhuine faoi fho-alt (2), go gcuirfidh duine leabhair, taifid nó doiciméid eile ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, tabharfaidh an duine cúnamh réasúnach don oifigeach údaraithe, lena n-áirítear faisnéis, mínithe agus sonraí, i ndáil le húsáid na meán leictreonach nó na meán uathoibríoch eile go léir, más ann, trínar féidir na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile, a mhéid gur i bhfoirm neamh-inléite iad, a atáirgeadh i bhfoirm inléite, agus i ndáil le haon trealamh sonraí nó aon ghaireas nó ábhar gaolmhar.

(11) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir fógra a seirbheáladh ar an duine faoi fho-alt (2) nó a mhainneoidh an cúnamh dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a thabhairt, dlífear pionós £1,500 a chur air nó uirthi, ach ní dhéanfar aon ní in alt 1078 a fhorléiriú mar ní ag a bhfuil feidhm maidir leis an mainneachtain nó leis an diúltú sin.”,

(d)  tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 902:

“Iarratas chun na hArd-Chúirte: faisnéis ó thríú páirtí.

902A.—(1) San alt seo—

tá le ‘na hAchtanna’ an bhrí a shanntar dó le halt 1078(1);

ciallaíonn ‘breitheamh’ breitheamh den Ard-Chúirt;

ciallaíonn ‘cáiníocóir’ aon duine lena n-áirítear duine nach bhfuil a chéannacht nó a céannacht ar eolas ag an oifigeach údaraithe, agus grúpa nó aicme daoine nach bhfuil a gcéannachtaí ar leithligh ar eolas amhlaidh.

(2)  Féadfaidh oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh chuig breitheamh ar ordú á cheangal ar dhuine (seachas foras airgeadais de réir bhrí alt 906A) ceann amháin de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, eadhon—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi urlámh nó i seilbh an duine, nó atá ar fáil aige nó aici, a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil le cáiníocóir,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san iarratas.

(3)  Ní dhéanfaidh oifigeach údaraithe iarratas faoi fho-alt (2) gan toiliú i scríbhinn a fháil ó Choimisinéir Ioncaim, agus mura rud é gur deimhin leis nó léi—

(a)  go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go mb‘fhéidir gur mhainnigh nó go mainneoidh an cáiníocóir, nó, i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, gur mhainnigh nó go mainneoidh na daoine sin go léir nó aon duine díobh, aon fhoráil de na hAchtanna a chomhlíonadh,

(b)  gur dócha go raibh nó go mbeidh aon mhainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil leis an gcáiníocóir, nó, i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, do mhéid aon dliteanais i ndáil leis na daoine sin go léir nó le haon duine díobh, a eascraíonn nó a d'fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

(c)  maidir leis an bhfaisnéis—

(i)  is dócha atá sna leabhair, sna taifid nó sna doiciméid eile lena mbaineann an t-iarratas, nó

(ii)  is dócha a eascróidh as an bhfaisnéis, na mínithe agus na sonraí lena mbaineann an t-iarratas,

gur faisnéis í atá iomchuí maidir le measúnú cuí nó le bailiú cuí cánach.

(4) Más rud é gur deimhin leis an mbreitheamh, a bhfuil iarratas déanta chuige nó chuici faoi fho-alt (2), go bhfuil forais réasúnacha ann leis an iarratas a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh sin, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis nó léi agus a shonróidh sé nó sí san ordú, ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine lena mbaineann an t-iarratas—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, agus

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt don oifigeach údaraithe,

a bheidh sonraithe san ordú.

(5)  Beidh cuideachta a bheidh díscaoilte, agus pearsa aonair a bheidh éagtha, ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar cháiníocóir chun críocha an ailt seo.

(6)  Ní chuirfidh aon ní san alt seo d'oibleagáid ar aon duine atá ag seoladh gairme aon fhaisnéis, mínithe nó sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe, nó aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le cliant a sheachadadh ar oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, gan toiliú an chliaint, seachas iad sin—

(a)  a bhaineann le táillí a íoc nó le hidirbhearta airgeadais eile, nó

(b)  atá ábhartha ar shlí eile do dhliteanas i ndáil leis an gcliant,

agus, go háirithe, ní cheanglófar ar an duine sin aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de chineál rúnda a nochtadh.

(7)  Is i gcúirt iata a éistfear gach iarratas ar ordú faoin alt seo agus aon achomharc i dtaca leis an iarratas sin.”,

(e)  tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 904:

“Cumhacht iniúchta: tuairisceáin agus bailiú cánach cuí.

904A.—(1) San alt seo—

tá le ‘méid ar cuntas cánach cuí’, ‘cáin chuí’, ‘taisce’, ‘ús’, ‘glacadóir taisce iomchuí’, ‘ús iomchuí’ agus ‘tuairisceán’, faoi seach, an bhrí a shanntar dóibh le halt 256(1);

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

folaíonn ‘leabhair, taifid nó doiciméid eile’—

(a)  aon taifid a úsáidtear i ngnó forais airgeadais, nó a úsáidtear i roinn aistrithe forais airgeadais a ghníomhaíonn mar chláraitheoir urrús, ar taifid iad—

(i)  a chuimsítear in imleabhair cheangailte, i gceangaltóirí bileog scaoilte nó i gcomhad-chóras bileog scaoilte eile, i leatháin mórleabhair bileog scaoilte, i leathanaigh, i bhfóiliónna nó i gcártaí, nó

(ii)  a choimeádtar ar mhicreascannán, ar théip mhaighnéadach nó in aon fhoirm neamh-inléite (trí úsáid leictreonaice nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite, agus

(b)  gach meán leictreonach nó meán uathoibríoch eile, más ann, trínar féidir aon ní den sórt sin i bhfoirm neamh-inléite a atáirgeadh amhlaidh, agus

(c)  doiciméid i lámhscríbhinn, doiciméid atá clóscríofa, clóite, stionsaláilte nó cruthaithe trí aon phróiseas meicniúil nó páirtmheicniúil eile a bheidh in úsáid ó am go ham agus doiciméid a tháirgtear trí aon phróiseas fótagrafach nó fótastatach, agus

(d)  comhfhreagras agus taifid ar chumarsáidí eile idir glacadóir taisce iomchuí agus duine lena n-íocann sé ús;

ciallaíonn ‘dliteanas’, i ndáil le duine, aon dliteanas i ndáil le cáin a bhfuil nó a mbeidh, nó a raibh, an duine faoina réir, nó méid an dliteanais sin;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2)  Féadfaidh oifigeach údaraithe, ag féachaint do Chaibidil 4 de Chuid 8, dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit ghnó de chuid glacadóra taisce iomchuí chun iniúchadh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas do bhliain mheasúnachta—

(a)  an tuairisceán a rinne an glacadóir taisce iomchuí—

(i)  ar an ús iomchuí a d'íoc sé sa bhliain sin,

(ii)  ar an gcáin chuí i ndáil le híoc an úis sin,

(iii)  ar an méid úis a bhfuil méid ar cuntas cánach cuí dlite agus iníoctha ina leith don bhliain sin, agus

(iv)  ar an méid ar cuntas cánach cuí atá dlite agus iníoctha amhlaidh, agus

(b)  an ndearna an glacadóir taisce iomchuí íocaíochtaí úis go cuí gan cáin chuí a asbhaint i ndáil leis na híocaíochtaí.

(3)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an t-oifigeach údaraithe—

(a)  scrúdú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a chuir an glacadóir taisce iomchuí ar bun chun a chinntiú go gcomhlíonfadh an glacadóir taisce iomchuí a oibleagáidí faoi alt 257(2), agus

(b)  seiceáil a dhéanamh ar shampla de chuntais a ndearnadh taiscí, nár dhéileáil an glacadóir taisce iomchuí leo mar thaiscí iomchuí, a íoc isteach iontu, d'fhonn a chinneadh—

(i)  an ndearnadh na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír (a) a chomhall iarbhír agus an bhfuil siad leordhóthanach,

(ii)  an bhfuil dearbhú a luaitear in alt 263, 265 nó 266, de réir mar a bheidh, ina sheilbh ag an nglacadóir taisce iomchuí maidir le gach taisce sa sampla de thaiscí, agus

(iii)  an bhfuil faisnéis ina sheilbh ag an nglacadóir taisce iomchuí ar féidir glacadh leis go réasúnach go léiríonn sí gur taisce iomchuí nó go bhféadfaidh sé gur taisce iomchuí ceann amháin nó níos mó de na taiscí sin.

(4)  I gcás cúis a bheith ag oifigeach údaraithe, le linn dó nó di na cumhachtaí agus na dualgais atá aige nó aici faoin alt seo a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, chun a chreidiúint, maidir le taisce amháin nó níos mó, gur dhéileáil an glacadóir taisce iomchuí go mícheart leo mar thaiscí nach taiscí iomchuí, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe cibé fiosruithe breise a dhéanamh is gá chun a shuíomh an bhfuil dliteanas ann i ndáil le haon duine.

(5)  Féadfaidh oifigeach údaraithe a cheangal ar ghlacadóir taisce iomchuí nó ar fhostaí de chuid an ghlacadóra taisce iomchuí leabhair, taifid nó doiciméid eile a thabhairt ar aird agus faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt agus gach cúnamh a thabhairt a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe chun críocha an iniúchta nó an scrúdaithe a bheidh á dhéanamh aige nó aici faoi fho-ailt (2) agus (3), agus, de réir mar a bheidh, chun críocha na bhfiosruithe a bheidh á ndéanamh aige nó aici faoi fho-alt (4).

(6)  Aon fhostaí de chuid glacadóra taisce iomchuí a mhainneoidh ceanglais an oifigigh údaraithe i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh chumhachtaí nó dhualgais an oifigigh údaraithe faoin alt seo dó nó di a chomhlíonadh, dlífear pionós £1,000 a chur air nó uirthi.

(7)  Aon ghlacadóir taisce iomchuí a mhainneoidh ceanglais an oifigigh údaraithe i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh chumhachtaí nó dhualgais an oifigigh údaraithe faoin alt seo dó nó di a chomhlíonadh, dlífear pionós £15,000 a chur air nó uirthi agus, má leantar den mhainneachtain sin, dlífear pionós breise £2,000 a chur air nó uirthi in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain.”,

(f)  in alt 905—

(i)  i bhfo-alt (2), trí mhír (d) a scriosadh,

agus

(ii)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) San fho-alt seo, tá le ‘na hAchtanna’ an bhrí a shanntar dó le halt 1078(1).

(b)  Gan dochar d'aon chumhacht a thugtar le fo-alt (2), más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn, go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann—

(i)  go mb'fhéidir gur mhainnigh nó go mainneoidh duine aon fhoráil de na hAchtanna a chomhlíonadh,

(ii)  gur dócha go raibh nó go mbeidh aon mhainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais cánach a eascraíonn nó a d'fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

(iii) gur dócha go bhfuil taifid atá ábhartha do mheasúnú nó do bhailiú cuí cánach á gcoimeád nó á gceilt in aon áitreabh nó áit,

féadfaidh an Breitheamh barántas cuardaigh a eisiúint.

(c)  Maidir le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin bhfo-alt seo, beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d'oifigeach údaraithe, agus cibé oifigigh ainmnithe eile do na Coimisinéirí Ioncaim agus cibé daoine ainmnithe eile a mheasfaidh an t-oifigeach údaraithe is gá ina theannta nó ina teannta, dul isteach (le forneart más gá) aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisithe an bharántais, san áitreabh nó san áit eile a bheidh ainmnithe nó sonraithe sa bharántas, an t-áitreabh sin nó an áit eile sin a chuardach, aon ní a gheofar ann a scrúdú, aon taifid a gheofar ann a iniúchadh agus, má bhíonn forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil aon taifid a gheofar ann ábhartha do mheasúnú nó do bhailiú cuí cánach, nó go bhféadfadh na taifid a bheith ag teastáil chun críche aon imeachtaí dlí arna dtionscnamh ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó chun críche aon imeachtaí coiriúla, na taifid sin a thabhairt chun siúil agus iad a choimeád fad a bheidh siad ag teastáil le réasún chun na críche a dúradh.”,

(g)  tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 906:

“Faisnéis atá le tabhairt ag forais airgeadais.

906A.—(1) San alt seo agus in ailt 907 agus 908—

tá le ‘na hAchtanna’ an bhrí a shanntar dó le halt 1078(1);

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo nó, de réir mar a bheidh, le halt 907 nó 908, a fheidhmiú;

folaíonn ‘leabhair, taifid nó doiciméid eile’—

(a)  aon taifid a úsáidtear i ngnó forais airgeadais, nó a úsáidtear i roinn aistrithe forais airgeadais a ghníomhaíonn mar chláraitheoir urrús, ar taifid iad—

(i)  a chuimsítear in imleabhair cheangailte, i gceangaltóirí bileog scaoilte nó i gcomhad-chóras bileog scaoilte eile, i leatháin mórleabhair bileog scaoilte, i leathanaigh, i bhfóiliónna nó i gcártaí, nó

(ii)  a choimeádtar ar mhicreascannán, ar théip mhaighnéadach nó in aon fhoirm neamh-inléite (trí úsáid leictreonaice nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite,

(b)  gach meán leictreonach nó meán uathoibríoch eile, más ann, trínar féidir aon ní den sórt sin i bhfoirm neamh-inléite a atáirgeadh amhlaidh,

(c)  doiciméid i lámhscríbhinn, doiciméid atá clóscríofa, clóite, stionsaláilte nó cruthaithe trí aon phróiseas meicniúil nó páirtmheicniúil eile a bheidh in úsáid ó am go ham agus doiciméid a tháirgtear trí aon phróiseas fótagrafach nó fótastatach, agus

(d)  comhfhreagras agus taifid ar chumarsáidí eile idir foras airgeadais agus a chustaiméirí;

tá le ‘duine bainteach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 10; ach ní bheidh pearsa aonair (seachas i gcáil iontaobhaí socraíochta) bainteach le pearsa aonair eile ach amháin más céile na pearsan aonair céadluaite nó leanbh mionaoiseach de chuid na pearsan aonair céadluaite an phearsa aonair eile sin;

tá le ‘taisce’ agus ‘ús’, faoi seach, an bhrí a shanntar dóibh le halt 256(1);

ciallaíonn ‘foras airgeadais’

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, agus

(b)  duine dá dtagraítear in alt 7(4) den Acht sin;

ciallaíonn ‘dliteanas’, i ndáil le duine, aon dliteanas i ndáil le cáin a bhfuil nó a mbeidh, nó a raibh, an duine faoina réir, nó méid an dliteanais sin;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2)  D'ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le reacht nó faoi reacht nó ar shlí eile, agus faoi réir an ailt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn fiosrú a dhéanamh maidir le dliteanas i ndáil le duine (dá ngairtear an ‘cáiníocóir’ san alt seo), fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar fhoras airgeadais á cheangal ar an bhforas airgeadais, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, nach lú ná 30 lá ó dháta seirbheála an fhógra, ceann amháin de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, eadhon—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi urlámh nó i seilbh an fhorais airgeadais, nó atá ar fáil aige, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid eile iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil leis an gcáiníocóir,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt, i scríbhinn nó ar shlí eile, don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san fhógra.

(3)  Más rud é, i gcomhlíonadh ceanglas fógra faoi fho-alt (2), go gcuirfidh foras airgeadais leabhair, taifid nó doiciméid eile ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, tabharfaidh an foras airgeadais cúnamh réasúnach don oifigeach údaraithe, lena n-áirítear faisnéis, mínithe agus sonraí, i ndáil le húsáid na meán leictreonach nó na meán uathoibríoch eile go léir, más ann, trínar féidir na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile, a mhéid gur i bhfoirm neamh-inléite iad, a atáirgeadh i bhfoirm inléite, agus i ndáil le haon trealamh sonraí nó aon ghaireas nó ábhar gaolmhar.

(4)  Ní dhéanfaidh oifigeach údaraithe fógra a sheirbheáil ar fhoras airgeadais faoi fho-alt (2) gan toiliú i scríbhinn ó Choimisinéir Ioncaim agus mura mbeidh forais réasúnacha ag an oifigeach údaraithe chun a chreidiúint gur dócha go bhfuil ag an bhforas airgeadais faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil leis an gcáiníocóir.

(5)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfar leabhair, taifid nó doiciméid eile agus faisnéis, mínithe agus sonraí a bhaineann le duine atá bainteach leis an gcáiníocóir a áireamh ar na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile a fhéadfar a cheangal, trí fhógra faoin bhfo-alt sin, ar fhoras airgeadais a sheachadadh nó a chur ar fáil agus ar an bhfaisnéis, na mínithe agus na sonraí a fhéadfar a cheangal freisin ar an bhforas airgeadais a thabhairt.

(6)  Beidh cuideachta a bheidh díscaoilte, agus pearsa aonair a bheidh éagtha, ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar cháiníocóir chun críocha an ailt seo.

(7)  I bhfógra a sheirbheáiltear faoi fho-alt (2) ainmneofar an cáiníocóir ar i ndáil lena dhliteanas nó lena dliteanas atá an t-oifigeach údaraithe ag fiosrú.

(8)  Más rud é go ndéanfaidh oifigeach údaraithe fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (2), tabharfaidh an t-oifigeach údaraithe cóip den fhógra sin don cháiníocóir lena mbaineann.

(9) Más rud é, i gcomhlíonadh fógra a sheirbheáiltear faoi fho-alt (2), go gcuirfidh foras airgeadais leabhair, taifid nó doiciméid eile ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe sleachta a thógáil as na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile go léir nó as aon chuid díobh nó cóipeanna a dhéanamh den chéanna.

(10)  Aon fhoras airgeadais a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir fógra arna eisiúint faoi fho-alt (2) nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh cúnamh réasúnach a thabhairt d'oifigeach údaraithe mar a cheanglaítear faoi fho-alt (3), dlífear pionós £15,000 a chur air agus, má leantar den mhainneachtain nó den diúltú déanamh de réir an fhógra sin tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra arna sheirbheáil faoi fho-alt (2), dlífear pionós breise £2,000 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain nó den diúltú.”,

(h)  tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 907:

“Iarratas chuig na Coimisinéirí Achomhairc: faisnéis ó fhorais airgeadais.

907.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘cáiníocóir’ aon duine lena n-áirítear—

(a)  duine nach bhfuil a chéannacht nó a céannacht ar eolas ag oifigeach údaraithe, agus grúpa nó aicme daoine nach bhfuil a gcéannachtaí ar leithligh ar eolas amhlaidh, agus

(b)  duine a rinne dearbhú nó a ndearnadh dearbhú ina leith faoi alt 263(1) á dhearbhú go bhfuil teideal tairbhiúil ag an duine chuig iomlán an úis nó cuid den ús i ndáil le taisce.

(2)  Féadfaidh oifigeach údaraithe, faoi réir an ailt seo, iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc lena dtoiliú a fháil, faoi fho-alt (5), le seirbheáil fógra aige nó aici ar fhoras airgeadais á cheangal ar an bhforas airgeadais aon cheann nó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, eadhon—

(a) cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi urlámh nó i seilbh an fhorais airgeadais, nó atá ar fáil aige, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid eile iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil le cáiníocóir,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san iarratas.

(3)  Ní dhéanfaidh oifigeach údaraithe iarratas faoi fho-alt (2) gan toiliú i scríbhinn ó Choimisinéir Ioncaim, agus mura rud é gur deimhin leis nó léi—

(a)  go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go mb‘fhéidir gur mhainnigh nó go mainneoidh an cáiníocóir, nó, i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, gur mhainnigh nó go mainneoidh na daoine sin go léir nó aon duine díobh, aon fhoráil de na hAchtanna a chomhlíonadh,

(b)  gur dócha go raibh nó go mbeidh mainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil leis an gcáiníocóir, nó i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, do mhéid aon dliteanais i ndáil leis na daoine sin go léir nó le haon duine díobh, a eascraíonn nó a d'fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

(c)  maidir leis an bhfaisnéis—

(i)  is dócha atá sna leabhair, sna taifid nó sna doiciméid eile lena mbaineann an t-iarratas, nó

(ii)  is dócha a eascróidh as an bhfaisnéis, na mínithe agus na sonraí lena mbaineann an t-iarratas,

gur faisnéis í atá iomchuí maidir le measúnú cuí nó le bailiú cuí cánach.

(4)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an t-oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh faoin bhfo-alt sin chuig na Coimisinéirí Achomhairc lena dtoiliú a fháil, faoi fho-alt (5), le seirbheáil fógra aige nó aici ar fhoras airgeadais i leith na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) a mhéid a bhaineann siad le duine atá bainteach leis an gcáiníocóir.

(5)  I gcás ina gcinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc go bhfuil, sna himthosca go léir, forais réasúnacha ann leis an iarratas a dhéanamh, féadfaidh siad a dtoiliú a thabhairt le seirbheáil fógra ag an oifigeach údaraithe lena mbaineann ar an bhforas airgeadais, á cheangal ar an bhforas airgeadais—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, agus

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt don oifigeach údaraithe,

ar den chineál iad dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a bheidh, le toiliú na gCoimisinéirí Achomhairc, sonraithe san fhógra.

(6)  Beidh cuideachta a bheidh díscaoilte, agus pearsa aonair a bheidh éagtha, ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar cháiníocóir chun críocha an ailt seo.

(7) I gcás inar thug na Coimisinéirí Achomhairc a dtoiliú de réir an ailt seo, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 14 lá ón tráth ar tugadh an toiliú sin, fógra a sheirbheáil ar an bhforas airgeadais lena mbaineann, á rá—

(a)  gur tugadh an toiliú sin, agus

(b)  gur chóir don fhoras airgeadais, laistigh de thréimhse 30 lá ó dháta seirbheála an fhógra, na ceanglais a shonraítear san fhógra a chomhlíonadh.

(8) (a) Faoi réir mhír (b), maidir le hiarratas ó oifigeach údaraithe faoi fho-alt (2), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc é a éisteacht, fara aon mhodhnuithe is gá, amhail is dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta cánach ioncaim.

(b)  D'ainneoin alt 933(4), is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh ó na Coimisinéirí Achomhairc.

(9)  Aon fhoras airgeadais a mhainneoidh fógra arna sheirbheáil ar an bhforas airgeadais ag oifigeach údaraithe de réir an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear pionós £15,000 a chur air agus, má leantar den mhainneachtain tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt 7(b), dlífear pionós breise £2,000 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain.”,

(i)  tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 908:

“Iarratas chun na hArd-Chúirte ag lorg ordú á cheangal faisnéis a thabhairt: forais airgeadais.

908.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘breitheamh’ breitheamh den Ard-Chúirt;

ciallaíonn ‘cáiníocóir’ aon duine lena n-áirítear—

(a) duine nach bhfuil a chéannacht nó a céannacht ar eolas ag oifigeach údaraithe, agus grúpa nó aicme daoine nach bhfuil a gcéannachtaí ar leithligh ar eolas amhlaidh, agus

(b)  duine a rinne dearbhú nó a ndearnadh dearbhú ina leith faoi alt 263(1) á dhearbhú go bhfuil teideal tairbhiúil ag an duine chuig iomlán an úis nó cuid den ús i ndáil le taisce.

(2)  Féadfaidh oifigeach údaraithe, faoi réir an ailt seo, iarratas a dhéanamh chuig breitheamh ar ordú á cheangal ar fhoras airgeadais aon cheann de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, eadhon—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi urlámh nó i seilbh an fhorais airgeadais, nó atá ar fáil aige, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, ar leabhair, taifid nó doiciméid eile iad ina bhfuil, nó ina bhféadfadh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe, bunaithe ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le dliteanas i ndáil le cáiníocóir,

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe a thabhairt don oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí iad is iomchuí maidir le haon dliteanas den sórt sin,

agus a bheidh sonraithe san iarratas.

(3)  Ní dhéanfaidh oifigeach údaraithe iarratas faoi fho-alt (2) gan toiliú i scríbhinn ó Choimisinéir Ioncaim, agus mura rud é gur deimhin leis nó léi—

(a)  go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go mb‘fhéidir gur mhainnigh nó go mainneoidh an cáiníocóir, nó, i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, gur mhainnigh nó go mainneoidh na daoine sin go léir nó aon duine díobh, aon fhoráil de na hAchtanna a chomhlíonadh,

(b)  gur dócha go raibh nó go mbeidh aon mhainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil leis an gcáiníocóir, nó i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, do mhéid aon dliteanais i ndáil leis na daoine sin go léir nó le haon duine díobh, a eascraíonn nó a d'fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

(c)  maidir leis an bhfaisnéis—

(i)  is dócha atá sna leabhair, sna taifid nó sna doiciméid eile lena mbaineann an t-iarratas, nó

(ii)  is dócha a eascróidh as an bhfaisnéis, na mínithe agus na sonraí lena mbaineann an t-iarratas,

gur faisnéis í atá iomchuí maidir le measúnú cuí nó le bailiú cuí cánach.

(4)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an t-oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh faoin bhfo-alt sin chuig an mbreitheamh ar ordú i leith na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin a mhéid a bhaineann siad le duine atá bainteach leis an gcáiníocóir.

(5)  I gcás inar deimhin leis an mbreitheamh, a ndéantar iarratas faoi fho-alt (2) chuige nó chuici, go bhfuil forais réasúnacha ann leis an iarratas a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis nó léi agus a shonróidh sé nó sí san ordú, ordú a dhéanamh á cheangal ar an bhforas airgeadais—

(a)  cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an oifigeach údaraithe, agus

(b)  cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt don oifigeach údaraithe,

a bheidh sonraithe san ordú.

(6)  Beidh cuideachta a bheidh díscaoilte, agus pearsa aonair a bheidh éagtha, ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar cháiníocóir chun críocha an ailt seo.

(7)  Is i gcúirt iata a éistfear gach iarratas ar ordú faoin alt seo agus aon achomharc i dtaca leis an iarratas sin.

(8)  I gcás ina ndéanfaidh breitheamh ordú faoin alt seo, féadfaidh sé nó sí freisin, ar iarratas ón oifigeach údaraithe lena mbaineann, ordú eile a dhéanamh á thoirmeasc, go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh an breitheamh is cuí agus a shonróidh sé nó sí san ordú, aistriú a dhéanamh ar aon sócmhainní nó airgead de chuid an duine lena mbaineann an t-ordú agus atá i gcoimeád an fhorais airgeadais an tráth a dhéantar an t-ordú, nó aon déileáil a dhéanamh le haon sócmhainní nó le haon airgead den sórt sin, gan toiliú ón mbreitheamh.

(9) (a) Más rud é—

(i)  go mbeidh cóip d'aon mhionnscríbhinn agus foilseáin a bheidh mar fhoras le hiarratas faoi fho-alt (2) nó (8) agus aon ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (5) nó (8) le cur ar fáil don cháiníocóir, nó d'aturnae an cháiníocóra nó don fhoras airgeadais nó d'aturnae an fhorais airgeadais, de réir mar a bheidh, agus

(ii)  gur deimhin leis an mbreitheamh, ar an iarratas a éisteacht, go bhfuil forais réasúnacha ann, ar mhaithe le leas an phobail, nach mbeadh ainm nó seoladh an oifigigh údaraithe sa chóip sin de mhionnscríbhinn, d'fhoilseáin nó d'ordú de réir mar a bheidh,

ní bheidh ainm nó seoladh an oifigigh údaraithe sa chóip, sna cóipeanna nó san ordú sin.

(b)  Más rud é, ar aon iarratas chuig an mbreitheamh chun ordú arna dhéanamh faoin alt seo a athrú nó a urscaoileadh, gur mian teisteoir aon mhionnscríbhinne a bheidh comhdaithe ag an oifigeach údaraithe nó thar ceann an oifigigh údaraithe a chroscheistiú agus gur deimhin leis an mbreitheamh go bhfuil forais réasúnacha ann, ar mhaithe le leas an phobail, chun a ordú amhlaidh, ordóidh an breitheamh aon cheann de na nithe seo a leanas, nó iad araon—

(i)  nach ndéanfar ainm agus seoladh an oifigigh údaraithe a nochtadh sa chúirt, agus

(ii)  nach ndéanfar an croscheistiú sin ach amháin in amharc agus in éisteacht an bhreithimh agus in éisteacht amháin na ndaoine eile go léir a bheidh i láthair ag an gcroscheistiú sin.”,

(j)  tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 908:

“Cion ioncaim: cumhacht chun faisnéis a fháil ó fhorais airgeadais.

908A.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú; folaíonn ‘leabhair, taifid nó doiciméid eile’—

(a)  aon taifid a úsáidtear i ngnó forais airgeadais, nó a úsáidtear i roinn aistrithe forais airgeadais a ghníomhaíonn mar chláraitheoir urrús, ar taifid iad—

(i)  a chuimsítear in imleabhair cheangailte, i gceangaltóirí bileog scaoilte nó i gcomhadchóras bileog scaoilte eile, i leatháin mórleabhair bileog scaoilte, i leathanaigh, i bhfóiliónna nó i gcártaí, nó

(ii)  a choimeádtar ar mhicreascannán, ar théip mhaighnéadach nó in aon fhoirm neamh-inléite (trí úsáid leictreonaice nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite, agus

(b)  doiciméid i lámhscríbhinn, doiciméid atá clóscríofa, clóite, stionsaláilte nó cruthaithe le haon phróiseas meicniúil nó páirtmheicniúil eile a bheidh in úsáid ó am go ham agus doiciméid a tháirgtear trí aon phróiseas fótagrafach nó fótastatach;

ciallaíonn ‘breitheamh’ breitheamh den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche;

ciallaíonn ‘foras airgeadais’—

(a)  duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, agus

(b)  duine dá dtagraítear in alt 7(4) den Acht sin;

ciallaíonn ‘dliteanas’ i ndáil le duine aon dliteanas i ndáil le cáin a bhfuil nó a mbeidh, nó a raibh, an duine faoina réir, nó méid an dliteanais sin; ciallaíonn ‘cion’ cion a thagann faoi réim alt 1078(2);

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2)  Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ag oifigeach údaraithe, le toiliú i scríbhinn ó Choimisinéir Ioncaim, gur deimhin le breitheamh, ar fhaisnéis arna tabhairt faoi mhionn ag an oifigeach údaraithe, go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann—

(a)  go bhfuil cion a mbeadh mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach mar thoradh air á dhéanamh, déanta nó ar tí a dhéanta (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil le haon duine a bhféadfaí imghabháil a dhéanamh air murach an cion a bhrath), agus

(b)  go bhfuil ábhar i seilbh forais airgeadais atá sonraithe san iarratas ar dócha luach substaintiúil a bheith ag gabháil leis (ann féin nó mar aon le hábhar eile) i leith imscrúdú an chiona,

féadfaidh an breitheamh ordú a dhéanamh á údarú don oifigeach údaraithe aon iontrálacha sna leabhair, sna taifid nó sna doiciméid eile de chuid an fhorais airgeadais a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh chun críocha imscrúdú an chiona.

(3)  Maidir le cion nach measfaí maidir lena dhéanamh, dá ndéanfaí é a bhreithniú leis féin, go mbeadh mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach chun críocha an ailt seo mar thoradh air, féadfar ar a shon sin é a mheas amhlaidh má tá forais réasúnacha amhrais ann gur cuid d'iompar áirithe é déanamh an chiona ar dóigh, nó ar dhóigh murach é a bhrath, go mbeadh mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach mar thoradh air.

(4)  Faoi réir fho-alt (5), déanfar cóip d'aon iontráil i leabhair, i dtaifid nó i ndoiciméid eile de chuid forais airgeadais a ghlacadh i ngach imeacht dlíthiúil mar fhianaise prima facie ar iontráil den sórt sin agus ar na nithe, na hidirbhearta agus na cuntais a bheidh taifeadta inti.

(5)  Ní dhéanfar cóip d'iontráil i leabhair, i dtaifid nó i ndoiciméid eile forais airgeadais a ghlacadh i bhfianaise in imeachtaí dlíthiúla mura gcruthófar thairis sin—

(a)  sa chás go ndearnadh an chóip a n-iarrtar í a ghlacadh i bhfianaise a atáirgeadh i bhfoirm inléite go díreach trí mheán meicniúil nó trí mheán leictreonach, nó tríd an dá mheán sin, as leabhair, taifid nó doiciméid eile de chuid forais airgeadais arna gcothabháil i bhfoirm neamh-inléite, go ndearnadh í a atáirgeadh amhlaidh;

(b)  sa chás gur ó chóip a mbeadh feidhm ag mír (a) maidir léi a rinneadh (go díreach nó go neamhdhíreach) an chóip a n-iarrtar í a ghlacadh i bhfianaise—

(i)  go ndearnadh an chóip a n-iarrtar í a ghlacadh amhlaidh a scrúdú maille le cóip a atáirgeadh amhlaidh agus gur cóip chruinn í, agus

(ii)  gur cóip a mbeadh feidhm ag mír (a) maidir léi an chóip a atáirgeadh amhlaidh dá n-iarrfaí í a ghlacadh i bhfianaise,

agus

(c)  in aon chás eile, go ndearnadh an chóip a scrúdú maille leis an iontráil bhunaidh agus go bhfuil sí ceart.

(6)  Is é nó is í an duine a thabharfaidh cruthúnas ar na nithe lena mbaineann fo-alt (5)—

(a)  maidir le mír (a) nó (b)(ii) den fho-alt sin, duine éigin a bhí i bhfeighil an atáirgthe lena mbaineann, agus

(b)  maidir le mír (b)(i) den fho-alt sin, duine éigin a scrúdaigh an chóip maille leis an atáirgeadh lena mbaineann, agus

(c)  maidir le mír (c) den fho-alt sin, duine éigin a scrúdaigh an chóip maille leis an iontráil bhunaidh lena mbaineann,

agus féadfar é a thabhairt ó bhéal nó trí mhionnscríbhinn arna mionnú os comhair aon choimisinéara nó aon duine a bheidh údaraithe chun mionscríbhinní a ghlacadh.”,

agus

(k)  in alt 909(4)(a)—

(i)  i bhfomhír (iv), trí “dáta na fála,” a chur in ionad “dáta na fála, agus”,

(ii)  i bhfomhír (v), “a tugadh don duine sin i leith na fála, agus” a chur in ionad “a tugadh don duine sin i leith na fála.” agus

(iii)  tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v):

“(vi) sonraí maidir le gach polasaí árachais (más ann) trína ndéantar fiontar aon chineáil damáiste nó díobhála, nó cailleadh nó díluachadh na sócmhainne, a árachú.”.

Cumhacht chun faisnéis a fháil ó Aire den Rialtas nó ó chomhlacht poiblí.

208. —Leasaítear leis seo alt 910 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Chun críocha aon cháin nó dleacht atá curtha faoina gcúram agus faoina mbainistíocht a mheasúnú, a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a iarraidh ar aon Aire den Rialtas nó ar aon chomhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht cibé faisnéis atá i seilbh an Aire sin nó an chomhlachta sin a chur ar fáil dóibh, ar faisnéis í i ndáil le híocaíochtaí a rinne an tAire sin nó an comhlacht sin chun aon chríoch, cibé acu thar ceann an Aire sin féin nó an chomhlachta sin féin nó thar ceann aon duine eile, le cibé daoine nó aicmí daoine a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim san fhógra agus déanfaidh Aire den Rialtas nó comhlacht ar a ndéanfar iarraidh den sórt sin cibé faisnéis a bheidh sonraithe amhlaidh a chur ar fáil.”.

Comhdú leictreonach tuairisceán cánach.

209. —Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i gCuid 38 i ndiaidh Chaibidil 5:

Caibidil 6

Tarchur leictreonach tuairisceán ar ioncam, ar bhrabúis, etc., agus tuairisceán eile Ioncaim

Léiriú (Caibidil 6).

917D.—(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’—

(a)  na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistíocht na ndleachtanna sin,

(b)  na hAchtanna Cánach,

(c)  na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d)  an tAcht Cánach Breisluacha, 1972, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(e)  an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(f)  an Stamp Act, 1891, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon cheann de na reachtanna agus de na hachtacháin dá dtagraítear i míreanna (a) go (f);

forléireofar ‘duine ceadaithe’ de réir alt 917G;

forléireofar ‘tarchur ceadaithe’ de réir alt 917H;

tá le ‘duine údaraithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 917G(3)(b);

tá le ‘síniú digiteach’ an bhrí a shanntar dó le halt 917I;

ciallaíonn ‘cruachóip’, i ndáil le faisnéis arna sealbhú go leictreonach, leagan aschlóite den fhaisnéis sin;

ciallaíonn ‘tuairisceán’ aon tuairisceán a cheanglaítear—

(a)  a thabhairt faoi alt 172F, 172K, 172L, 258 nó 525,

(b)  a ullmhú agus a sheachadadh faoi alt 894, 895, 895 (arna mhodhnú le halt 896) nó 951,

(c)  le haon fhoráil de na hAchtanna (cibé slí ina sonrófar í), a ullmhú agus a sheachadadh faoi fhógra ó na Coimisinéirí Ioncaim nó, de réir mar a bheidh, ó oifigeach ioncaim á cheangal tuairisceán den sórt sin a ullmhú agus a sheachadadh,

(d)  a chur faoi Rialachán 35 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960),

(e)  a chur ar aghaidh faoi Rialachán 21 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971 (I.R. Uimh. 7 de 1971),

(f)  a thabhairt faoi alt 19 den Acht Cánach Breisluacha, 1972,

(g)  a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó (9) d'alt 36 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976,

(h)  a sheachadadh faoi alt 36(8) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976,

(i)  a thíolacadh faoin Stamp Act, 1891, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(j)  a dhéanamh faoi aon cheann de na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistíocht na ndleachtana sin;

ciallaíonn ‘oifigeach ioncaim’ an tArd-Bhailitheoir, cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear cigire nó oifigeach eile atá údaraithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna (cibé slí ina sonrófar í) chun tuairisceán a ghlacadh nó chun a cheangal go ndéanfaí tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh);

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha, cáin bhronntanais, cáin oidhreachta, dleacht máil nó dleacht stampa.

(2)  Aon tagairtí sa Chaibidil seo do thuairisceán folaíonn siad tagairtí in aon fhoráil de na hAchtanna do ráiteas, do shonraí, d'fhianaise nó d'aon mheán eile trína gceanglaítear faisnéis a thabhairt nó trína dtugtar í, cibé slí ina sonrófar é.

(3)  Aon tagairtí sa Chaibidil seo do thuairisceán a thabhairt folaíonn siad tagairtí in aon fhoráil de na hAchtanna—

(a)  do thuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh;

(b)  do thuairisceán a sheoladh;

(c)  do thuairisceán nó sonraí a thabhairt;

(d)  do thuairisceán a sheachadadh;

(e)  do thuairisceán a thíolacadh;

(f)  do thuairisceán a dhéanamh;

(g)  do shonraí nó d'aon fhaisnéis a bheidh sonraithe in aon fhoráil a thabhairt; agus

(h)  d'aon mheán eile trína gcuirtear tuairisceán ar aghaidh, cibé slí ina sonrófar é.

Feidhm.

917E.—Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tuairisceán más rud é—

(a)  go ndéanfar, chun críche na Caibidle seo, an fhoráil de na hAchtanna faoina dtugtar an tuairisceán a shonrú le hordú arna dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(b)  go gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt tar éis an lae a bheidh ceaptha leis an ordú sin i ndáil le tuairisceáin a bheidh le tabhairt faoin bhforáil a shonraítear amhlaidh.

Tarchur leictreonach tuairisceán.

917F.—(1) D'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna, measfar gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt má dhéantar faisnéis a tharchur go leictreonach i gcomhlíonadh na hoibleagáide sin, ach sin ar an gcoinníoll amháin—

(a)  gur duine ceadaithe nó duine údaraithe a dhéanann an tarchur,

(b)  gur tarchur ceadaithe an tarchur,

(c)  go bhfuil síniú digiteach an duine cheadaithe, nó cibé meán eile aitheantais leictreonaigh a shonróidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar an tarchur, agus

(d)  go n-admhaítear de réir alt 917J go bhfuarthas an tarchur.

(2)  I bhfo-alt (1), folaíonn an tagairt don fhaisnéis a cheanglaítear a bheith ar áireamh sa tuairisceán aon cheanglas atá ar dhuine—

(a)  aon ráiteas a dhéanamh,

(b)  aon sonraí a chur san áireamh, nó

(c)  aon éileamh a dhéanamh nó a chur i gceangal leis.

(3)  Más rud é go meastar, de réir fho-alt (1), gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt, ansin, ní bheidh feidhm ag aon fhoráil de na hAchtanna—

(a)  lena gceanglaítear aon dearbhú de thuairisc ar bith, seachas dearbhú méide, ón duine a thugann an tuairisceán a bheith ar áireamh sa tuairisceán nó ag gabháil leis,

(b)  lena gceanglaítear an tuairisceán a bheith sínithe nó deimhniú a bheith ag gabháil leis,

(c)  lena gceanglaítear an tuairisceán a bheith i scríbhinn,

(d)  lena n-údaraítear an tuairisceán a bheith sínithe ag duine atá ag gníomhú faoi údarás an duine atá faoi oibleagáid an tuairisceán a thabhairt,

(e)  lena n-údaraítear do na Coimisinéirí Ioncaim foirm tuairisceáin a fhorordú nó lena gceanglaítear tuairisceán a bheith in aon fhoirm fhorordaithe nó ar aon fhoirm fhorordaithe, nó

(f)  chun críocha aon éilimh ar dhíolúine nó ar aon liúntas, asbhaint nó aisíoc cánach faoi na hAchtanna a cheanglaítear a dhéanamh leis an tuairisceán, lena n-údaraítear do na Coimisinéirí Ioncaim foirm aon éilimh a fhorordú.

(4)  Más rud é go meastar, de réir fho-alt (1), gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt, ansin, is é an tráth a chomhalltar aon cheanglas faoi na hAchtanna tuairisceán a thabhairt ná an lá a admhófar de réir alt 917J go bhfuarthas an fhaisnéis dá dtagraítear san fho-alt sin.

(5)  Más rud é go meastar, de réir fho-alt (1), gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt, ansin, más rud é—

(a)  gur duine ceadaithe, thar ceann duine eile, a dhéanann an tarchur, nó

(b)  gur duine údaraithe, thar ceann duine eile (nach é nó í an duine a d'údaraigh an duine údaraithe sin), a dhéanann an tarchur,

déanfar agus fíordheimhneofar de réir alt 917K cruachóip den fhaisnéis a bheidh le tarchur.

(6) (a) Más rud é go meastar, de réir fho-alt (1), gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt, ansin, maidir le haon cheanglas—

(i)  go mbeadh aon doiciméad (dá ngairtear ‘doiciméad taca’ san fho-alt seo), seachas an tuairisceán nó an t-éileamh, ag gabháil leis an tuairisceán nó le haon éileamh atá le déanamh, nó le cur i gceangal, leis an tuairisceán, agus

(ii)  go ndéanfar an doiciméad taca a sheachadadh leis an tuairisceán nó leis an éileamh,

measfar gur chomhaill an duine atá faoi réir an cheanglais é más rud é go ndéanann an duine nó an duine ceadaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) an doiciméad a choimeád lena iniúchadh, ar é a iarraidh, ag oifigeach ioncaim.

(b)  Déanfaidh aon duine atá faoi réir an cheanglais dá dtagraítear i mír (a) aon doiciméid taca a iarrfaidh oifigeach ioncaim a thabhairt ar aird laistigh de 30 lá ón iarraidh sin.

(c)  Folaíonn na tagairtí san fho-alt seo do dhoiciméad tagairtí d'aon chuntais, deimhniú, fianaise, admhálacha, tuarascálacha nó ráitis.

Daoine ceadaithe.

917G.—(1) Is duine ceadaithe chun críocha na Caibidle seo duine más rud é go gceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim an duine chun faisnéis a tharchur go leictreonach, ar faisnéis í a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo (dá ngairtear ‘an tarchur’ san alt seo) agus go gcomhlíonann sé nó sí forálacha an ailt seo agus, go háirithe, na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3).

(2)  Aon duine a bheidh ag iarraidh go gceadófar é nó í faoin alt seo déanfaidh sé nó sí iarratas chuige sin chuig na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn nó trí cibé meán eile a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo.

(3)  Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a)  go ndéanfaidh an t-íarratasóir ar cheadú faoin alt seo gealltanas a shíniú go gcomhlíonfaidh sé nó sí na ceanglais dá dtagraítear in alt 917H(2), agus

(b)  go síneoidh an t-iarratasóir gealltanas nach gceadóidh sé nó sí ach do phearsana aonair a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn ag an iarratasóir (a ngairtear ‘duine údaraithe’ de gach duine acu san alt seo), i dteannta an iarratasóra, tarchur a dhéanamh.

(4)  Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra do dhuine a bheidh ag iarraidh go gceadófar é nó í faoin alt seo maidir leis an gceadú a bheith deonaithe nó diúltaithe acu agus, i gcás diúltú, maidir leis an gcúis a bhí leis an diúltú.

(5)  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn nó trí cibé meán eile a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, ceadú faoin alt seo a tharraingt siar le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sontaithe san fhógra.

(6) (a) I bhfógra lena dtarraingítear siar ceadú faoin alt luafar na forais a bhí leis an tarraingt siar.

(b)  Ní fhéadfar aon cheadú faoin alt seo a tharraingt siar mura rud é gur mhainnigh duine ceadaithe nó duine údaraithe ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear in alt 917H(2) a chomhlíonadh.

(7)  Féadfaidh duine dá ndiúltófar ceadú faoin alt seo nó a dtarraingeofar siar a cheadú nó a ceadú faoin alt seo achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne an diúltaithe nó na tarraingthe siar.

(8)  Is trí fhógra chuig na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanfar an t-achomharc faoi fho-alt (7) agus déanfar é roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dar tosach an lá a tugadh fógra don duine maidir leis an diúltú nó leis an tarraingt siar.

(9)  Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (7) a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Tarchuir cheadaithe.

917H.—(1) Más rud é go ndéanfaidh duine ceadaithe faisnéis a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a tharchur go leictreonach, ní tarchur ceadaithe an tarchur mura gcomhlíonann sé ceanglais an ailt seo.

(2)  Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt do dhuine ceadaithe maidir le haon cheanglais a mbeidh cinneadh déanta acu de thuras na huaire gur ceanglais iad is infheidhme maidir leis an duine sin i leith na slí ina bhfuil faisnéis a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo le tarchur go leictreonach.

(3)  Folaíonn na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (2), go háirithe, ceanglais maidir leis na bogearraí nó leis an gcineál bogearraí a bheidh le húsáid chun tarchur a dhéanamh.

Sínithe digiteacha.

917I.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cripteachóras neamhshiméadrach’ algartam nó sraith algartam a sholáthraíonn eochairphéire daingean;

ciallaíonn ‘síniú digiteach’ claochlú teachtaireachta ag duine ceadaithe nó ag duine údaraithe trí úsáid a bhaint as cripteachóras neamhshiméadrach ceadaithe de chineál gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim ag a bhfuil seilbh ar an teachtaireacht agus ar an eochair phoiblí i leith an duine cheadaithe sin a chinneadh go cruinn—

(a) an ndearnadh an claochlú a chruthú tríd an eochair phríobháideach a fhreagraíonn don eochair phoiblí sin a úsáid, agus

(b)  an ndearnadh an teachtaireacht a athrú ón uair a rinneadh an claochlú;

ciallaíonn ‘eochairphéire’ eochair phríobháideach agus an eochair phoiblí a fhreagraíonn di i gcripteachóras neamhshiméadrach de chineál go bhfíoraíonn an eochair phoiblí síniú digiteach arna chruthú ag an eochair phríobháideach;

ciallaíonn ‘eochair phríobháideach’ an eochair d'eochairphéire a úsáideann duine ceadaithe chun síniú digiteach a chruthú;

ciallaíonn ‘eochair phoiblí’ an eochair d'eochairphéire a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim chun síniú digiteach a fhíorú;

ciallaíonn ‘teachtaireacht’ an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 917F(1).

(2)  Beidh feidhm ag an alt seo go heisiach chun críoch a bhaineann le síniú leictreonach a chur le tarchur leictreonach faisnéise a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo agus ní chun aon chríche eile.

(3)  Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó duine nó daoine a bheidh ceaptha chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim (dá ngairtear an ‘t-údarás deimhniúcháin’ san alt seo), eochairphéire uathúil a shannadh do gach duine ceadaithe.

(4)  Cinnteoidh an t-údarás deimhniúcháin go n-úsáidfidh sé córas cruinn iontaofa chun eochairphéire a chruthú.

(5)  Cinnteoidh an t-údarás deimhniúcháin go ndéanfar comhpháirt na heochrach príobháidí d'eochairphéire duine cheadaithe a eisiúint chuig an duine sin ar shlí dhaingean agus faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé is gá chun a chinntiú nach mbainfear mí-úsáid as an eochair.

(6)  Ní úsáidfidh duine ceadaithe nó duine údaraithe eochair phríobháideach ach amháin chun an síniú digiteach dá dtagraítear in alt 917F(1)(c) a chur le tarchur.

Tarchuir leictreonacha a admháil.

917J.—Chun críocha na Caibidle seo, i gcás ina bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim tarchur leictreonach faisnéise a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim admháil leictreonach go bhfuarthas an tarchur sin a chur chuig an duine óna bhfuarthas é.

Cruachóipeanna.

917K.—(1) Ní dhéanfar cruachóip de réir an fho-ailt seo ach amháin más rud é—

(a)  go ndéantar an chruachóip faoi phróisis agus faoi nósanna imeachta atá ceaptha lena chinntiú nach mbeidh san fhaisnéis atá sa chruachóip ach an fhaisnéis atá le tarchur de réir alt 917F(1),

(b)  go bhfuil an chruachóip i bhfoirm atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus atá oiriúnach don fhaisnéis a tharchuirtear amhlaidh, agus

(c)  go bhfuil an chruachóip fíordheimhnithe de réir fho-alt (2).

(2)  Chun críocha na Caibidle seo, ní cruachóip fhíordheimhnithe cruachóip arna déanamh de réir fho-alt (1) ach amháin i gcás go mbeidh an chruachóip sínithe ag an duine a mbeadh ceanglas air nó uirthi an dearbhú a dhéanamh, an tuairisceán a shíniú nó an deimhniú a thabhairt, de réir mar a bheidh, murach mír (a), (b) nó (d) d'alt 917F(3).

Cumhachtaí a fheidhmiú.

917L.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é, de réir alt 917F(1), go meastar gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt.

(2)  I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo beidh ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag oifigeach ioncaim na cumhachtaí agus na dualgais go léir i ndáil leis an bhfaisnéis atá sa tarchur a bheadh acu nó ag an oifigeach sin dá mba rud é go raibh an fhaisnéis i dtuairisceán a tugadh leis an bpost.

(3)  I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, beidh ag an duine a mheastar, de réir alt 917F(1), a chomhaill an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt na cearta agus na dualgais go léir i ndáil leis an bhfaisnéis atá sa tarchur a bheadh ag an duine dá mba rud é go raibh an fhaisnéis sin i dtuairisceán a tugadh leis an bpost.

Imeachtaí.

917M.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é, de réir alt 917F(1), go meastar gur chomhaill aon duine an oibleagáid atá air nó uirthi tuairisceán lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt.

(2)  San alt seo, ciallaíonn ‘imeachtaí’ imeachtaí sibhialta agus coiriúla, agus folaíonn sé imeachtaí os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc nó aon bhinse eile ag a bhfuil dlínse de bhua aon fhorála de na hAchtanna.

(3)  I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, aon chruachóip a ndeimhneoidh oifigeach ioncaim gur cóip dhílis í den fhaisnéis a tarchuireadh go leictreonach de réir alt 917F(1), déileálfar léi chun críocha aon imeachtaí ar i ndáil leo a thugtar an deimhniú—

(a)  amhail is dá mba thuairisceán arna thabhairt leis an bpost nó, de réir mar a bheidh, éileamh arna dhéanamh leis an bpost, an chruachóip, agus

(b)  amhail is dá mbeadh aon dearbhú, deimhniú nó síniú sa chruachóip a cheanglaítear leis na hAchtanna a bheith ar thuairisceán den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, ar éileamh den sórt sin.

(4)  Chun críocha aon imeachtaí faoi na hAchtanna, mura rud é go gcinnfidh Breitheamh nó aon duine eile a dtionscnaítear imeachtaí os a chomhair nó os a comhair, tráth na n-imeachtaí, go bhfuil sé éagórach sna himthosca an fhoráil seo a chur i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag aon riail dlí lena sriantar inghlacthacht nó úsáid fianaise clostráchta maidir le huiríoll atá i ndoiciméad ina dtaifeadtar faisnéis a tarchuireadh de réir alt 917F(1) a mhéid gurb é atá san uiríoll—

(a)  uiríoll maidir leis an bhfaisnéis a tarchuireadh amhlaidh,

(b)  uiríoll maidir leis an dáta, nó an tráth, a tarchuireadh an fhaisnéis amhlaidh, nó

(c)  uiríoll maidir le céannacht an duine a tharchuir, nó ar thar a cheann nó thar a ceann a tarchuireadh, an fhaisnéis amhlaidh.

Ilghnéitheach.

917N.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhall a údaraíonn an Chaibidil seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhall.”.

Leasú ar alt 884 (tuairisceáin ar bhrabúis) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

210. —Leasaítear leis seo alt 884 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (2):

“(aa) cibé sonraí breise chun críocha cánach corparáide a cheanglófar leis an bhfógra nó a shonrófar san fhoirm fhorordaithe i leith an tuairisceáin,”.

Leasú ar alt 1078 (cionta ioncaim) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

211. —Leasaítear leis seo alt 1078 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a)  i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(hh) go ndéanfaidh sé nó sí, go feasach nó go toiliúil, aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a fhalsú, a cheilt, a scriosadh nó a dhiúscairt ar shlí eile nó a chur faoi deara nó cead a thabhairt iad a fhalsú, a cheilt, a scriosadh nó a dhiúscairt, ar leabhair, taifid nó doiciméid eile iad—

(i)  ar tugadh deis don duine iad a sheachadadh, nó de réir mar a bheidh, iad a chur ar fáil de réir alt 900(3), nó

(ii)  ar ceanglaíodh ar an duine iad a sheachadadh nó, de réir mar a bheidh, iad a chur ar fáil de réir fógra arna sheirbheáil faoi alt 900, 902, 906A nó 907, nó faoi ordú arna dhéanamh faoi alt 901, 902A nó 908,”,

(b)  i bhfo-alt (3) (b), trí “£100,000” a chur in ionad “£10,000”,

agus

(c)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Más rud é gur ciontaíodh duine i gcion dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii) nó (iv) d'fho-alt (2) (g), ansin, má dhéantar iarratas chuige sin nó má chuirtear faoi deara iarratas chuige sin a dhéanamh chun na cúirte, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine lena mbaineann aon fhoráil de na hAchtanna a chomhlíonadh, ar foráil í a bhaineann leis na ceanglais a bheidh sonraithe san fhomhír sin (i), (ii) nó (iv), de réir mar a bheidh.”.

Leasú ar alt 1094 (imréiteach cánach i ndáil le ceadúnais áirithe) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

212. —Leasaítear leis seo alt 1094 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a)  i bhfo-alt (1)—

(i)  sa mhíniú ar “ceadúnas”, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (h) agus (i):

“(h) in alt 101 den Acht Airgeadais, 1999;”,

agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ceadúnas”—

“ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le haon mhaoin, an praghas a mbeifí ag súil leis go réasúnach go bhfaighfí ar an maoin sin é dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í ar an dáta ar a ndéanfar an mhaoin a luacháil;”,

agus

(b)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Más rud é—

(a)  go mbeidh an duine chéadluaite ina shealbhóir tairbhiúil nó ina sealbhóir tairbhiúil ar cheadúnas a bheidh le tosú ar dháta sonraithe ar scór deimhnithe atá deonaithe nó le deonú faoi alt 2 (1) (arna leasú le halt 23 den Acht Deocha Meisciúla, 1960) den Licensing (Ireland) Act, 1902,

(b)  go raibh an dara duine a luaitear ina shealbhóir tairbhiúil nó ina sealbhóir tairbhiúil ar an gceadúnas deiridh a eisíodh roimh an dáta sonraithe i leith an áitribh ar ina leith a deonaíodh an deimhniú dá dtagraítear i mír (a), agus

(c)  gur ar chomaoin ba lú ná an margadhluach ar dháta na fála sin a fuair an duine chéadluaite sin an t-áitreabh,

ansin, beidh feidhm ag fo-alt (3) amhail is—

(i)  dá mba thagairt do 5 bliana dar críoch an dáta sin an tagairt don bhliain dar críoch an dáta sin, agus

(ii)  dá mba thagairt do na gníomhaíochtaí a sheol an dara duine a luaitear faoin gceadúnas deiridh a shealbhaigh an duine sin roimh an dáta sonraithe an tagairt do na gníomhaíochtaí a sheoltar faoin gceadúnas.”.

An tAire Airgeadais d'urscaoileadh dliteanais i leith iasachtaí áirithe a bheidh faighte ag an Aire Talmhaíochta agus Bia.

213. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an tAire iomchuí” an tAire Talmhaíochta agus Bia.

(2)  Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí, comhaontú a dhéanamh leis an duine dá dtagraítear ina dhiaidh seo san fho-alt seo, go n-íocfaidh an tAire leis an duine sin, i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha maidir leis an modh, an tráth íoca, scaoileadh urrúis (más ann), urscaoileadh dhliteanas an Aire iomchuí nó thairis sin de réir mar is cuí leis an Aire agus mar a bheidh sonraithe sa chomhaontú, méideanna i leith phríomhshuim cibé airgid a bheidh faighte ar iasacht ó dhuine ag an Aire iomchuí agus nach mbeidh aisíoctha leis an duine sin aige nó aici, mar aon le méid is comhionann le méid an úis is iníoctha ag an Aire iomchuí ar an bpríomhshuim sin agus aon suim eile is iníoctha nó a fhéadfaidh teacht chun bheith iníoctha ag an Aire iomchuí leis an duine sin i leith na n-iasachtaí sin.

(3)  Má dhéantar comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh an tAire cibé méideanna a shonraítear i bhfo-alt (2) a íoc leis an duine lena mbaineann ar na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh sonraithe sa chomhaontú.

(4)  Ní fhorchuirfidh déanamh comhaontaithe ag an Aire faoi fho-alt (2) ná déanamh aon íocaíochta aige nó aici faoi fho-alt (3) aon dliteanas ar an Aire iomchuí don Aire i leith an chomhaontaithe nó na híocaíochta.

(5)  Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire faoi chomhair méideanna is iníoctha aige nó aici faoin alt seo nó de bhua an ailt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(6)  Leasaítear leis seo an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, sa Chéad Sceideal—

(a)  trí “agus” a scriosadh i mír (k), agus

(b)  tríd an mír seo a leanas a chur leis i ndiaidh mhír (l):

“agus

(m)  alt 213 den Acht Airgeadais, 1999.”.

Leasú ar an Acht um Fhorbairt Tionscail, 1995.

214. —Leasaítear leis seo an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1995, i bhfo-alt (3)(a) d'alt 10 (ar alt é ina n-áirítear cumhacht an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun deontais a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le Boird Fiontar Contae), trí “£200,000,000” a chur in ionad “£100,000,000”.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

215. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “alt leasaitheach 1998” alt 130 den Acht Airgeadais, 1998;

tá le “seirbhísí caipitiúla” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “an naoú blianacht bhreise is daichead” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950.

(2)  I ndáil leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1999, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1998 ach “£125,553,826” a chur in ionad “£120,289,536”.

(3)  Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1998 ach “£95,050,986” a chur in ionad “£92,457,250”.

(4)  D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £142,789,461 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1999.

(5) Déanfar an naoú blianacht bhreise is daichead a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(6)  Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise is daichead, nach mó ná £109,751,200 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7)  Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise is daichead a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

216. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

217. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1999, a ghairm den Acht seo.

(2)  Déanfar Cuid 1 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3)  Déanfar Cuid 2 (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4)  Déanfar Cuid 3 a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1998, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1999, a ghairm díobh le chéile.

(5)  Déanfar Cuid 4 a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6)  Déanfar Cuid 5 a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(7)  Déanfar Cuid 6 (a mhéid a bhaineann le cáin fháltas caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(8)  Déanfar Cuid 7 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na hAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1999, agus (a mhéid a bhaineann le dleacht stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(9)  Beidh feidhm ag Cuid 1, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999.

(10)  I ndáil le Cuid 3:

(a)  measfar gur tháinig ailt 127 agus 129 i bhfeidhm, agus glacfaidh siad éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1999;

(b)  glacfaidh alt 132 éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1999;

(c)  glacfaidh alt 139 éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1999;

(d)  glacfaidh mír (b) d'alt 125, mír (b) d'alt 128, mír (b) d'alt 130, alt 131 agus alt 134 éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1999;

(e)  glacfaidh alt 122, mír (a) d'alt 128, alt 133 agus mír (b) d'alt 138 éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Eanáir, 2000;

(f)  beidh éifeacht le forálacha na Coda sin, seachas na forálacha sin a shonraítear i míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e), amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(11)  Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(12)  San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(13)  San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.