An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil 6 Cáin loncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh ó Cháin chun Saoráidí Loctha agus Marcaíochta a Sholáthar agus i leith Forbairtí Gaolmhara Áirithe)

2 1999

An tAcht Airgeadais, 1999

Caibidil 5

Scéimeanna Scair-Rogha Coigilteas-Choibhneasa agus Scair-Scéimeanna d'Fhostaithe

Scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa.

68. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a)  i gCuid 17, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2:

Caibidil 3

Scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa ceadaithe.

519A.—(1) (a) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás ina bhfaigheann pearsa aonair ceart chun scaireanna i gcomhlacht corpraithe a fháil—

(i)  mar gheall ar oifig nó fostaíocht na pearsan aonair mar stiúrthóir nó fostaí de chuid an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile, agus

(ii)  go bhfaigheann an phearsa aonair sin an ceart sin de réir fhorálacha scéime scair-rogha coigilteas-choibhneasa arna ceadú faoi Sceideal 12A ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis agus nár tarraingíodh siar ceadú ina leith.

(b)  Forléireofar an t-alt seo i dteannta Sceideal 12A.

(2)  Ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach maidir leis an gceart dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil.

(3)  Faoi réir fho-alt (4) má fheidhmíonn an phearsa aonair an ceart de réir fhorálacha na scéime aon tráth a bhfuil sí ceadaithe, ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach maidir le haon ghnóchan a réadófar trí fheidhmiú an chirt.

(4)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le ceart a gheobhaidh duine faoi scéim agus a fheidhmeofar laistigh de 3 bliana ón tráth a fuarthas é de bhua forála atá ar áireamh i scéim de bhun mhír 22 de Sceideal 12A.

(5) San alt seo tá le “scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 12A.

Costais bhunaithe scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa.

519B.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le suim arna caitheamh ag cuideachta ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis ag bunú scéime scair-rogha coigilteas-choibhneasa arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhorálacha Sceideal 12A, ar scéim í nach bhfaigheann aon fhostaí ná stiúrthóir cearta fúithi sula dtugtar an ceadú sin.

(2)  Cuirfear suim lena mbaineann an t-alt seo san áireamh—

(a)  sna suimeanna a bheidh le hasbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil arna seoladh ag an gcuideachta a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D, nó

(b)  más cuideachta infheistíochta de réir bhrí alt 83 nó cuideachta a bhfuil feidhm ag an alt sin ina cás de bhua alt 707 í an chuideachta, sna suimeanna a bheidh le hasbhaint faoi alt 83(2) mar chaiteachais bhainistíochta le linn brabúis na cuideachta chun críocha cánach corparáide a bheith á ríomh.

(3)  Más rud é—

(a)  go bhfuil feidhm ag fo-alt (2), agus

(b)  go dtugtar an ceadú i ndiaidh dheireadh na tréimhse 9 mí dar tosach an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina gcaitear an tsuim,

ansin, chun críche fho-alt (2), déileálfar leis an tsuim mar shuim arna caitheamh sa tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an ceadú agus ní sa tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (b).

Ús, etc. faoi scéimeanna coigiltis conarthacha deimhnithe.

519C.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘foras coigiltis cáilitheach’ aon duine de na daoine seo a leanas—

(a)  duine is sealbhóir ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó duine a shealbhaíonn ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,

(b)  cumann foirgníochta de réir bhrí alt 256,

(c) banc taisce iontaobhais de réir bhrí an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,

(d)  Banc ACC cpt,

(e)  Banc ICC cpt,

(f)  Banc Infheistíochta ICC Teoranta,

(g)  Banc Taisce an Phoist,

(h)  comhar creidmheasa de réir bhrí an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1997, nó

(i)  cibé duine eile a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú.

(2)  Maidir le haon bhónas foirceannaidh nó ús arna íoc ag foras coigiltis cáilitheach le pearsa aonair faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3)  Maidir le haon bhónas foirceannaidh nó ús arna íoc ag foras coigiltis cáilitheach faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe, ní bheidh sé, i gcás gur glacadóir taisce iomchuí de réir bhrí alt 256 an foras coigiltis cáilitheach, ina ús iomchuí chun críocha an ailt sin agus dá réir sin ní bheidh sé faoi réir asbhainte cánach cuí faoi alt 257.

(4)  San alt seo ciallaíonn ‘scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe’ scéim—

(a)  lena ndéantar foráil maidir le pearsana aonair do dhéanamh ranníocaí tréimhsiúla ar feadh tréimhse sonraithe le foras coigiltis cáilitheach, más rud é, murach fo-alt (3), go mbeadh an taisce a bhfuil na ranníocaí in ionannas di ina taisce iomchuí de réir bhrí alt 256 dá mba ghlacadóir taisce iomchuí de réir bhrí an ailt sin an foras coigiltis cáilitheach,

(b)  ina bhfuil na pearsana aonair dá dtagraítear i mír (a)—

(i)  cáilithe chun bheith rannpháirteach i scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa, is é sin le rá, cearta a fháil agus a fheidhmiú fúithi, agus

(ii)  a bhfuil a ranníocaí faoin scéim le húsáid de réir mhír 17 de Sceideal 12A,

agus

(c)  atá deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim mar scéim atá cáilithe le haghaidh díolúine faoin alt seo faoi threoir ceanglas arna sonrú ag an Aire Airgeadais de réir Sceideal 12B.

(5)  Beidh éifeacht le Sceideal 12B a ghabhann leis an Acht seo, ar Sceideal é ina bhfuil forálacha a dhéanann forlíonadh ar an alt seo.

(6)  Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon bhónas foirceannaidh nó ús arna íoc ag foras coigiltis cáilitheach ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe.”,

agus

(b)  tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 12:

“Alt 519A.

SCEIDEAL 12A

Scéimeanna Scair-Rogha Coigilteas-Choibhneasa Ceadaithe

Léiriú

1.  (1) Chun críocha an Sceidil seo—

ciallaíonn ‘ceadaithe’ i ndáil le scéim, ceadaithe faoi mhír2;

tá le ‘cuideachta chomhlachaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 432, ach amháin, chun críocha mhír 24, go mbeidh éifeacht le fo-alt (1) den alt sin ach na focail ‘nó aon tráth laistigh de bhliain roimhe sin’ a fhágáil ar lár;

tá le ‘dáta bónais’ an bhrí a shanntar dó le mír 18;

tá le ‘rialú’ an bhrí chéanna atá leis in alt 432;

tá le ‘stiúrthóir lánaimseartha’ an bhrí chéanna atá leis in alt 250;

ciallaíonn ‘deontóir’, i ndáil le scéim, an chuideachta a bhunaigh an scéim;

tá le ‘grúpscéim’ agus, i ndáil le scéim den sórt sin, tá le ‘cuideachta rannpháirteach’ na bríonna a thugtar le fomhíreanna (3) agus (4), faoi seach, de mhír 2;

forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;

ciallaíonn ‘scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa’ scéim a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir an Sceidil seo agus nár tarraingíodh siar an ceadú sin;

tá le ‘scaireanna scéime’ an bhrí a shanntar dó le mír 10;

folaíonn ‘scaireanna’ stoc.

(2)  Beidh feidhm ag alt 10 chun críocha an Sceidil seo.

(3)  Chun críocha an Sceidil seo, is comhalta de chomheagras, a bhfuil cuideachta eile ar úinéireacht aige, cuideachta más ceann í de 5 chuideachta ar a mhéad a bhfuil 75 faoin gcéad ar a laghad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta eile ar úinéireacht thairbhiúil acu eatarthu agus a bhfuil 5 faoin gcéad ar a laghad den chaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil ag gach cuideachta díobh.

(4)  Chun críocha an Sceidil seo, déanfar an cheist i dtaobh cuideachta amháin a bheith faoi rialú cuideachta eile a chinneadh de réir alt 432.

Scéimeanna a cheadú

2.  (1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear ‘an deontóir’ sa Sceideal seo) a mbeidh scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim más deimhin leo go gcomhlíonann sí ceanglais an Sceidil seo.

(2)  Is i scríbhinn a dhéanfar aon iarratas faoi fhomhír (1) agus beidh cibé sonraí ann, agus beidh cibé fianaise mar thaca leis, a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(3)  I gcás rialú a bheith ag an deontóir ar chuideachta nó ar chuideachtaí eile, féadfar a rá sa scéim go mbaineann sí le gach ceann nó le haon cheann de na cuideachtaí a bhfuil rialú aige orthu, agus gairfear ‘grúpscéim’ sa Sceideal seo de scéim a ndeirtear inti go mbaineann sí amhlaidh.

(4)  Ciallaíonn ‘cuideachta rannpháirteach’, i ndáil le grúpscéim, an deontóir nó aon chuideachta eile a ndeirtear sa scéim go mbaineann sí leis nó léi de thuras na huaire.

3.  (1) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim faoin Sceideal seo más dealraitheach dóibh go bhfuil gnéithe inti nach bhfuil riachtanach chun sochair, ar mhodh cearta chun scaireanna a fháil, a sholáthar d'fhostaithe agus do stiúrthóirí, ná nach bhfuil baint réasúnach acu leis an soláthar sin.

(2)  Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim deimhin a dhéanamh de—

(a)  nach bhfuil aon ghnéithe den scéim, seachas aon ghnéithe atá ar áireamh chun ceanglais an Sceidil seo a chomhlíonadh, a bhfuil nó a mbeadh d'éifeacht leo fostaithe d'aon tuairisc a chomhallann na coinníollacha i mír 9(1) a chur ó bheith rannpháirteach iarbhír sa scéim, agus

(b)  i gcás gur comhalta de ghrúpa cuideachtaí é an deontóir, nach bhfuil agus nach mbeadh d'éifeacht leis an scéim sochair a thabhairt go hiomlán nó go príomha do stiúrthóirí cuideachtaí sa ghrúpa nó do na fostaithe sin de chuid cuideachtaí sa ghrúpa a fhaigheann na leibhéil is airde luacha saothair.

(3)  Chun críocha fhomhír (2), ciallaíonn ‘grúpa cuideachtaí’ cuideachta maille le haon chuideachtaí eile a bhfuil rialú aici orthu.

4.  (1) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú, go scoirfear d'aon cheanglas de chuid an Sceidil seo a chomhlíonadh nó go mainneoidh an deontóir faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 6 a chur ar fáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadú a tharraingt siar le héifeacht ón tráth sin nó ó cibé tráth is déanaí ná sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim ach más rud é, maidir le cearta a fuarthas faoi scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa sula ndearnadh ceadú a tharraingt siar ón scéim faoin mír seo, go ndéanfar iad a fheidhmiú tar éis an ceadú a bheith tarraingthe siar, beidh feidhm ag alt 519A(3) maidir leis an bhfeidhmiú amhail is dá mbeadh an scéim fós ceadaithe.

(2)  Má dhéantar athrú ar an scéim tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim an scéim a cheadú, ní bheidh éifeacht leis an gceadú tar éis dháta an athraithe mura mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

5.  Más éagóir leis an deontóir—

(a)  mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim an scéim a cheadú nó athrú ar an scéim a cheadú,

(b)  ceadú a bheith tarraingthe siar, nó

(c)  mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim breith a thabhairt gur comhlíonadh coinníoll ar faoina réir a tugadh an ceadú,

féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ón dáta a gcuirfear breith na gCoimisinéirí Ioncaim in iúl dó, a cheangal go gcinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an ní, agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an ní a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

Faisnéis

6.  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna faoin Sceideal seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná 30 lá) a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar faisnéis í atá ag an duine, nó atá ar fáil go réasúnta ag an duine, chuig a bhfuil an fógra dírithe, lena n-áirítear go háirithe faisnéis—

(a)  lena chumasú do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh—

(i)  i dtaobh ar chóir scéim a cheadú nó ceadú atá tugtha cheana féin a tharraingt siar, nó

(ii)  i dtaobh dliteanas cánach, lena n-áirítear dliteanas cánach gnóchan caipitiúil, aon duine a bhí rannpháirteach i scéim, agus

(b)  i ndáil le riaradh scéime agus le haon athrú ar théarmaí scéime.

7.  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhall a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhall.

Cáilitheacht

8.  (1) Ní dhéanfar foráil sa scéim chun go mbeidh aon duine cáilithe chun bheith rannpháirteach inti, is é sin le rá, chun cearta fúithi a fháil agus a fheidhmiú, tráth ar bith más rud é, an tráth sin, go mbeidh, nó go raibh laistigh den 12 mhí roimhe sin, leas ábhartha ag an duine sin i ndlúthchuideachta—

(i)  ar cuideachta í a bhféadfar a scaireanna a fháil de bhun cearta, a fuarthas faoin scéim, a fheidhmiú, nó

(ii)  ar cuideachta í a bhfuil rialú aici ar chuideachta den sórt sin nó is comhalta de chomheagras a bhfuil cuideachta den sórt sin ar úinéireacht aige.

(2)  Beidh feidhm ag fomhír (1) i ndáil le cuideachta ar dlúthchuideachta a bheadh inti murach alt 430(1)(a) nó 431.

(3)  (a) Sa mhír seo, tá le ‘dlúthchuideachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 430.

(b)  Chun críche na míre seo—

(i)  beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 433—

(I) i gcás inar grúpscéim an scéim atá i gceist, ach tagairt do na cuideachtaí rannpháirteacha go léir a chur in ionad na chéad tagartha don chuideachta i mír (c)(ii) den fho-alt sin, agus

(II) ach tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad na tagartha sa mhír sin do 5 faoin gcéad, agus

(ii)  beidh feidhm ag alt 437(2), ach tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad na tagartha san alt sin do 5 faoin gcéad, d'fhonn a chinneadh an bhfuil nó an raibh leas ábhartha ag duine i gcuideachta.

9.  (1) Faoi réir mhír 8, gach duine—

(a)  is fostaí nó is stiúrthóir lánaimseartha de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí,

(b)  arbh fhostaí nó stiúrthóir den sórt sin é nó í gach tráth le linn tréimhse cáilithí nach faide ná trí bliana, agus

(c)  atá inmhuirearaithe i leith cánach maidir le hoifig nó fostaíocht an duine sin faoi Sceideal E,

beidh sé nó sí cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim, is é sin le rá, chun cearta a fháil agus a fheidhmiú fúithi, ar théarmaí comhchosúla.

(2)  Chun críocha fhomhír (1), más rud é go n-athraíonn na cearta atá le fáil ag na daoine atá rannpháirteach i scéim de réir leibhéil a luacha saothair, fad a seirbhíse nó tosca eile dá samhail, ní mheasfar go gciallaíonn sé sin nach bhfuil siad cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim ar théarmaí comhchosúla.

(3)  Ach amháin mar a fhoráiltear le mír 20 nó de bhun forála den sórt dá dtagraítear i mír 22(1)(e) nó (f), ní bheidh duine cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim tráth ar bith mura rud é, an tráth sin, gur stiúrthóir nó fostaí de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí, é nó í.

Coinníollacha maidir leis na scaireanna

10.  Déanfar foráil sa scéim chun go bhfaighidh stiúrthóirí agus fostaithe cearta chun scaireanna (dá ngairtear ‘scaireanna scéime’ sa Sceideal seo), a chomhlíonann ceanglais mhíreanna 11 go 15, a fháil.

11.  Beidh scaireanna scéime ina gcuid de ghnáthscairchaipiteal—

(a)  an deontóra,

(b)  cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir, nó

(c)  cuideachta ar cuideachta í nó a bhfuil rialú aici ar chuideachta—

(i) is comhalta de chomheagras a bhfuil an deontóir, nó cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir, ar úinéireacht aige, agus

(ii)  a bhfuil 15 faoin gcéad ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta atá ar úinéireacht amhlaidh ar úinéireacht thairbhiúil aici.

12.  Is é a bheidh i scaireanna scéime—

(a)  scaireanna d'aicme a luaitear ar stocmhalartán aitheanta,

(b)  scaireanna i gcuideachta nach bhfuil faoi rialú cuideachta eile, nó

(c)  scaireanna i gcuideachta atá faoi rialú cuideachta (seachas cuideachta atá, nó a bheadh dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, ina dlúthchuideachta de réir bhrí alt 430) a luaitear a scaireanna ar stocmhalartán aitheanta.

13.  (1) Maidir le scaireanna scéime—

(a)  beidh siad láníoctha,

(b)  ní bheidh siad infhuascailte, agus

(c)  ní bheidh siad faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann leis na scaireanna uile den aicme chéanna nó srian a údaraítear le fomhír (2).

(2)  Faoi réir fhomhír (3), féadfaidh na scaireanna a bheith faoi réir sriain a fhorchuirtear le hairteagail chomhlachais na cuideachta—

(a)  á cheangal go ndéanfar na scaireanna go léir a bheidh á sealbhú ag stiúrthóirí nó fostaithe de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile a bhfuil rialú aici uirthi a dhiúscairt ar scor dóibh de bheith á sealbhú amhlaidh, agus

(b)  á cheangal go ndéanfar na scaireanna go léir a bheidh faighte, de bhun cearta nó leasanna a fuair stiúrthóirí nó fostaithe den sórt sin, ag daoine nach bhfuil, nó atá scortha de bheith, ina stiúrthóirí nó ina bhfostaithe den sórt sin, a dhiúscairt an tráth a gheofar iad.

(3)  Ní údaraítear srian le fomhír (2) mura rud é—

(a)  gur ar mhodh díola ar chomaoin in airgead agus ar théarmaí a shonraítear sna hairteagail chomhlachais a dhéanfar aon diúscairt a cheanglaítear leis an srian, agus

(b)  go mbeidh forálacha ginearálta sna hairteagail freisin ar féidir dá mbua a cheangal ar aon duine a dhéanfaidh scaireanna den aicme chéanna a dhiúscairt (cibé acu atá nó nach bhfuil siad á sealbhú nó faighte mar a luaitear i bhfomhír (2)) iad a dhíol ar théarmaí atá ar aon dul leo sin a luaitear i mír (a).

14.  (1) Le linn a bheith ag cinneadh, chun críocha mhír 13(1)(c), an bhfuil scaireanna scéime, atá faighte nó le fáil ag aon duine, faoi réir aon srianta, measfar gur srian a ghabhann leis na scaireanna aon chonradh, comhaontú, socrú nó coinníoll faoina sriantar saoirse an duine sin chun diúscairt a dhéanamh ar na scaireanna nó ar aon leas iontu nó ar na fáltais óna ndíol nó chun aon cheart a thugann siad a fheidhmiú, nó faoina gcuirfeadh diúscairt nó feidhmiú den sórt sin an duine sin nó duine a bhfuil baint aige nó aici leis an duine sin faoi aon mhíbhuntáiste.

(2)  Níl feidhm ag fomhír (1) maidir le cibé méid d'aon chonradh, comhaontú, socrú nó coinníoll ina bhfuil forálacha atá cosúil, ó thaobh cuspóra agus éifeachta, le haon fhorálacha den Chód Eiseamlárach atá leagtha amach i Rialacha Liostúcháin Stocmhargadh na hÉireann.

15.  Ach amháin i gcás gurb é atá i scaireanna scéime scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal, ní mór formhór na scaireanna eisithe den aicme chéanna a bheith á sealbhú ag daoine seachas—

(a)  daoine a fuair a gcuid scaireanna—

(i)  de bhun cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid an deontóra, nó de chuid aon chuideachta eile, agus

(ii)  ní de bhun tairisceana don phobal,

(b)  iontaobhaithe a bhfuil scaireanna á sealbhú acu thar ceann daoine a fuair a gcuid leasanna tairbhiúla sna scaireanna de réir mar a luaitear i bhfomhír (a), agus

(c)  i gcás go dtagann na scaireanna faoi réim mhír 12(c) agus nach dtagann siad faoi réim mhír 12(a), cuideachtaí a bhfuil rialú acu ar an gcuideachta arb iad a scaireanna atá i gceist, nó cuideachtaí ar cuideachta chomhlachaithe dá gcuid an chuideachta sin de réir bhrí alt 432.

Forálacha maidir le malartú

16.  (1) Féadfar foráil a dhéanamh sa scéim, i gcás aon chuideachta (‘an chuideachta fála’)—

(a)  d'fháil rialú ar chuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, de thoradh ar thairiscint ghinearálta a dhéanamh—

(i) chun iomlán ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta a fháil, ar tairiscint í a dhéantar ar choinníoll de shórt a fhágann, má chomhlíontar é, go mbeidh rialú ar an gcuideachta ag an duine a dhéanann an tairiscint, nó

(ii)  chun na scaireanna uile sa chuideachta, ar den aicme chéanna iad leis na scaireanna scéime, a fháil,

(b)  d'fháil rialú ar chuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, de bhun comhréitigh nó comhshocraíochta a bheidh ceadaithe ag an gcúirt faoi alt 201 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, nó

(c)  do theacht chun bheith faoi cheangal nó i dteideal scaireanna a fháil i gcuideachta, faoi alt 204 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, ar scaireanna scéime iad a scaireanna,

go bhféadfaidh aon rannpháirtí sa scéim, tráth ar bith laistigh den tréimhse chuí, trí chomhaontú leis an gcuideachta fála, a chearta nó a cearta faoin scéim (dá ngairtear ‘na seanchearta’ sa mhír seo) a scaoileadh i gcomaoin cearta (dá ngairtear ‘na cearta nua’ sa mhír seo) a dheonú dó nó di, ar cearta iad atá comhionann leis na seanchearta ach a bhaineann le scaireanna i gcuideachta éagsúil (cibé acu an chuideachta fála í féin nó cuideachta éigin eile a thagann faoi réim fhomhír (b) nó (c) de mhír 11).

(2)  I bhfomhír (1) ciallaíonn ‘an tréimhse chuí’—

(a)  i gcás a thagann faoi réim chlásal (a) den fhomhír sin, an tréimhse sé mhí dar tosach an tráth a gheobhaidh an duine a dhéanann an tairiscint rialú ar an gcuideachta agus a chomhlíonfar aon choinníoll ar faoina réir a dhéantar an tairiscint,

(b)  i gcás a thagann faoi réim chlásal (b) den fhomhír sin, an tréimhse sé mhí dar tosach an tráth a cheadóidh an chúirt an comhréiteach nó an chomhshocraíocht, agus

(c)  i gcás a thagann faoi réim chlásal (c) den fhomhír sin, an tréimhse a bhfanfaidh an chuideachta fála de bheith faoi cheangal nó i dteideal, de réir mar a luaitear sa chlásal sin, lena linn.

(3)  Ní mheasfar, chun críocha na míre seo, na cearta nua a bheith comhionann leis na seanchearta mura rud é—

(a)  go gcomhlíonann na scaireanna lena mbaineann siad na coinníollacha a shonraítear, i ndáil le scaireanna scéime, i míreanna 11 go 15,

(b)  go mbeidh na cearta nua infheidhmithe ar an modh céanna leis na seanchearta agus faoi réir fhorálacha na scéime amhail mar a bhí éifeacht léi díreach sular scaoileadh na seanchearta,

(c)  go mbeidh, díreach roimh an scaoileadh, margadhluach iomlán na scaireanna a bhí faoi réir seanchearta an rannpháirtí ar cóimhéid, díreach tar éis an deonaithe, le margadhluach iomlán na scaireanna a ndeonaítear na cearta nua don rannpháirtí maidir leo, agus

(d)  go mbeidh an méid iomlán is iníoctha ag an rannpháirtí chun scaireanna a fháil de bhun na gceart nua ar cóimhéid leis an méid iomlán a bheadh iníoctha chun scaireanna a fháil de bhun na seancheart.

(4)  I gcás ina ndeonófar aon chearta nua de bhun forála atá ar áireamh i scéim de bhua na míre seo, measfar—

(a)  chun críocha alt 519A agus an Sceidil seo, agus

(b)  chun críocha fheidhm (de bhua coinníll a chomhlíonann fomhír (3)(b)) fhorálacha na scéime ina dhiaidh sin,

gur deonaíodh iad an tráth a deonaíodh na seanchearta comhréire.

Cearta a fheidhmiú

17.  Déanfar foráil sa scéim chun go n-íocfar as na scaireanna scéime le hairgead nach mó ná méid na n-aisíocaíochtaí a rinneadh agus aon ús a íocadh leo faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe de réir bhrí fho-alt (4) d'alt 519C.

18.  Faoi réir mhíreanna 19 go 22, ní foláir gur cearta nach bhféadfar a fheidhmiú roimh an dáta bónais, is é sin le rá, an dáta a bhfuil aisíocaíochtaí faoin scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe dlite, na cearta a gheofar faoin scéim, agus chun críocha na míre seo agus mhír 17—

(a)  féadfar a mheas go bhfuil bónas san áireamh in aisíocaíochtaí faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe, nó nach bhfuil bónas san áireamh iontu,

(b)  is é an tráth a mbeidh aisíocaíochtaí dlite, i gcás go measfar go bhfuil an bónas uasta san áireamh in aisíocaíochtaí, an dáta is luaithe ar a bhfuil an bónas uasta iníoctha agus, in aon chás eile, an dáta is luaithe ar a bhfuil bónas iníoctha faoin scéim, agus

(c)  maidir leis an gceist i dtaobh cad a mheasfar a bheith san áireamh amhlaidh, ní foláir go gceanglófar í a chinneadh an tráth a gheofar cearta faoi scéim.

19.  Déanfar foráil sa scéim nach foláir, má fhaigheann duine a fuair cearta faoin scéim bás roimh an dáta bónais, na cearta a fheidhmiú, má fheidhmítear in aon chor iad, laistigh de 12 mhí tar éis dháta báis an duine sin agus má fhaigheann an duine sin bás laistigh de 6 mhí tar éis an dáta bónais, go bhféadfar na cearta a fheidhmiú laistigh de 12 mhí tar éis an dáta bónais.

20.  Déanfar foráil sa scéim, i gcás duine a fuair cearta fúithi do scor de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim—

(a)  de bhíthin díobhála nó míchumais nó mar gheall ar é nó í a bheith dífhostaithe de bhíthin iomarcaíochta (de réir bhrí na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991), nó

(b)  de bhíthin aois inphinsin (de réir bhrí alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993) a bhaint amach,

ansin, go ndéanfar na cearta a fheidhmiú, má fheidhmítear in aon chor iad, laistigh de 6 mhí ón duine sin do scor amhlaidh agus, má scoireann an duine sin amhlaidh ar aon chúis eile laistigh de 3 bliana ón tráth a fuarthas na cearta, nach bhféadfar iad a fheidhmiú in aon chor ach amháin de bhun foráil den scéim den sórt a luaitear i mír 22(1)(e); i ndáil leis an gcás ina scoireann an duine sin amhlaidh, ar aon chúis eile, tráth is déanaí ná 3 bliana tar éis dó nó di na cearta a fháil, déanfar foráil sa scéim nach bhféadfar na cearta a fheidhmiú nó nach foláir iad a fheidhmiú, má fheidhmítear in aon chor iad, laistigh de 6 mhí ón tráth a scoireann an duine sin amhlaidh.

21.  Déanfar foráil sa scéim, i gcás duine a fuair cearta fúithi do leanúint de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim tar éis an dáta a mbaineann an duine sin aois inphinsin amach, go bhféadfaidh an duine sin na cearta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón dáta sin.

22.  (1) Féadfar foráil a dhéanamh sa scéim—

(a)  má fhaigheann aon duine rialú ar chuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, de thoradh ar thairiscint ghinearálta a dhéanamh ar tairiscint í a thagann faoi réim chlásal (a)(i) nó (a)(ii) de mhír 16(1), go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoin scéim chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a fuair an duine a dhéanann an tairiscint rialú ar an gcuideachta agus a chomhlíontar aon choinníoll ar faoina réir a dhéantar an tairiscint,

(b)  más rud é, faoi alt 201 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, (comhréiteach idir cuideachta agus a comhaltaí nó a creidiúnaithe) go gceadóidh an chúirt comhréiteach nó comhshocraíocht a bheidh beartaithe chun críocha scéime nó i dtaca le scéim chun athchóiriú a dhéanamh ar chuideachta ar scaireanna scéime iad a scaireanna nó chun í a chónascadh le haon chuideachta nó cuideachtaí eile, go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoin scéim scairrogha chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a cheadóidh an chúirt an comhréiteach nó an chomhshocraíocht,

(c)  má thagann aon duine chun bheith faoi cheangal nó i dteideal, faoi alt 204 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, (cumhacht chun scaireanna a fháil ó scairshealbhóirí nár aontaigh le scéimeanna nó conradh lenar aontaigh tromlach), scaireanna a fháil i gcuideachta ar scaireanna scéime iad scaireanna inti, go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoin scéim chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú tráth ar bith a bheidh an duine sin fós faoi cheangal nó i dteideal amhlaidh,

(d)  má dhéanann cuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a rith, go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoi scéim chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a ritear an rún,

(e)  má scoireann duine de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim de bhíthin amháin—

(i)  gur oifig nó fostaíocht í i gcuideachta a scoireann an deontóir de rialú a bheith aige nó aici uirthi, nó

(ii)  go mbaineann an oifig nó an fhostaíocht sin le gnó nó le cuid de ghnó a aistrítear chuig duine nach cuideachta chomhlachaithe de chuid an deontóra ná cuideachta a bhfuil rialú ag an deontóir uirthi é nó í,

go bhféadfar cearta faoin scéim atá á sealbhú ag an duine sin a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a scoireann an duine sin amhlaidh, agus

(f)  más rud é, ar an dáta bónais, go mbeidh duine a fuair cearta faoin scéim i seilbh oifige nó fostaíochta i gcuideachta nach cuideachta rannpháirteach í ach—

(i)  ar cuideachta chomhlachaithe de chuid an deontóra í, nó

(ii)  ar cuideachta í a bhfuil rialú ag an deontóir uirthi,

go bhféadfar na cearta sin a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón dáta sin.

(2) Chun críocha na míre seo measfar go bhfuair duine rialú ar chuideachta má fuair an duine sin agus daoine eile ag gníomhú dóibh in éineacht leis an duine sin rialú le chéile uirthi.

23.  Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 19, aon chearta a bheidh faighte ag duine faoin scéim—

(a)  ní bheidh siad inaistrithe ag an duine sin, ná

(b)  ní bheidh siad infheidhmithe tráth is déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta bónais.

24.  Ní dhéileálfar le haon duine chun críocha mhír 20 nó 22(1)(e) mar dhuine a scoireann de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim go dtí go scoireann an duine sin de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta sa deontóir nó in aon chuideachta chomhlachaithe nó cuideachta a bhfuil rialú ag an deontóir uirthi.

Scaireanna a fháil

25.  (1) Déanfar foráil sa scéim gurb é a bheidh i ranníocaí duine faoin scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe cibé méid a áiritheoidh, chomh gar agus is féidir, go n-aisíocfar méid a bheidh comhionann leis an méid ar ar féidir scaireanna a fháil de bhun ceart a bheidh faighte faoin scéim, agus chun na críche sin déanfar méid na haisíocaíochta faoin scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe a chinneadh mar a luaitear i mír 18.

(2)  Maidir leis an scéim—

(a)  ní cheadóidh sí méid comhiomlán ranníocaí duine faoi scéimeanna coigiltis conarthacha deimhnithe atá ceangailte le scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa arna gceadú faoin Sceideal seo a bheith níos mó ná £250 in aghaidh na míosa, ná

(b)  ní fhorchuirfidh sí íosmhéid ar mhéid ranníocaí duine ar mó é ná £10 in aghaidh na míosa.

(3)  Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, fomhír (2) a leasú trí cibé méid a bheidh sonraithe san ordú a chur in ionad aon mhéid a bheidh sonraithe de thuras na huaire san fhomhír sin.

Praghas Scaireanna

26.  Maidir leis an bpraghas ar a bhféadfar scaireanna scéime a fháil trí fheidhmiú cirt a fuarthas faoin scéim—

(a)  luafar é tráth fála an chirt, agus

(b)  ní lú go follasach é ná 75 faoin gcéad de mhargadhluach scaireanna den aicme chéanna an tráth sin nó, má chomhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus an deontóir i scríbhinn, cibé tráth nó tráthanna is luaithe ná sin a fhorálfar sa chomhaontú,

ach féadfar foráil a dhéanamh sa scéim chun go ndéanfar cibé athrú ar an bpraghas is gá a dhéanamh chun aon athrú ar an scairchaipiteal, ar cuid de na scaireanna scéime, a chur i gcuntas.

Roghanna etc.

27.  (1) Chun críocha alt 437(2), arna chur chun feidhme le mír 8(3)(b)(ii) den Sceideal seo, measfar maidir le ceart chun scaireanna a fháil (cibé slí a éireoidh sé) gur ceart é chun iad a rialú.

(2)  Aon tagairt i bhfomhír (3) do na scaireanna a chuirtear i leith pearsan aonair is tagairt í do na scaireanna a bheidh, de réir alt 437(2) arna chur chun feidhme le mír 8(3)(b)(ii) den Sceideal seo, le cur i gcuntas i gcás na pearsan aonair sin chun a chinneadh an mó a líon ná céatadán áirithe de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta.

(3)  In aon chás—

(a)  inarb éard iad na scaireanna a chuirtear i leith pearsan aonair, nó inar cuid díobh, scaireanna a bhfuil ceart ag an bpearsa aonair sin nó ag aon duine eile chun iad a fháil, agus

(b)  inarb amhlaidh do na himthosca go mbeadh na scaireanna a gheofaí, dá ndéanfaí an ceart sin a fheidhmiú, ina scaireanna nár eisíodh roimhe sin agus a bhfuil an chuideachta faoi cheangal conarthach iad a eisiúint i gcás go bhfeidhmítear an ceart;

ansin, le linn cinneadh a dhéanamh, tráth ar bith sula bhfeidhmítear an ceart sin, i dtaobh an mó an líon scaireanna a chuirtear i leith na pearsan aonair ná céatadán áirithe de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta, measfar an gnáth-scairchaipiteal sin a bheith méadaithe de líon na scaireanna neamheisithe dá dtagraítear i gclásal (b).

Alt 519C.

SCEIDEAL 12B

Scéimeanna Coigiltis Conarthacha Deimhnithe

1.  Beidh éifeacht leis an Sceideal seo chun críocha alt 519C.

Sonruithe ón Aire Airgeadais

2.  (1) Is iad na ceanglais is féidir a shonrú faoi alt 519C(4)(c) cibé ceanglais is cuí leis an Aire Airgeadais.

(2)  Féadfaidh baint a bheith ag na ceanglais, go háirithe—

(a) le tuairiscí na bpearsan aonair ar féidir leo conarthaí a dhéanamh faoi scéim;

(b)  leis na ranníocaí a bheidh le híoc ag pearsana aonair;

(c)  leis na suimeanna a bheidh le híoc nó le haisíoc le pearsana aonair.

3.  (1) I gcás ina ndearnadh sonrú faoi alt 519C(4)(c), féadfaidh an tAire Airgeadais an sonrú a tharraingt siar agus an dáta a dtiocfaidh an tarraingt siar in éifeacht a leagan síos mar choinníoll agus measfar aon deimhniú a rinne na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir an tsonraithe sin a bheith tarraingthe siar ar an dáta céanna.

(2)  Ní dhéanfaidh aon tarraingt siar faoin mír seo difear—

(a)  d'oibriú scéime coigiltis conarthaí deimhnithe roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll, nó

(b)  d'aon chonradh faoi scéim den sórt sin a rinneadh roimh an dáta sin.

(3)  Ní bheidh éifeacht le haon tarraingt siar faoin mír seo mura ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim—

(a)  fógra a chur leis an bpost chuig gach foras coigiltis cáilitheach á chur in iúl dó go ndearnadh an sonrú agus an deimhniú araon a tharraingt siar, agus

(b)  go ndéanann siad amhlaidh 28 lá ar a laghad roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll.

4.  (1) I gcás ina ndearnadh sonrú faoi alt 519C(4)(c), féadfaidh an tAire Airgeadais an sonrú a athrú agus an dáta a dtiocfaidh an t-athrú in éifeacht a leagan síos mar choinníoll agus measfar aon deimhniú a rinne na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir an tsonraithe agus a bhí ann roimh an athrú a bheith tarraingthe siar ar an dáta a tháinig an t-athrú in éifeacht.

(2)  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tráth ar bith scéim a dheimhniú mar scéim a chomhlíonann na ceanglais a bheidh ann tar éis an athraithe.

(3)  Ní dhéanfaidh aon athrú agus tarraingt siar faoin mír seo difear—

(a)  d'oibriú scéime coigiltis conarthaí deimhnithe roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll, nó

(b)  d'aon chonradh faoi scéim den sórt sin a rinneadh roimh an dáta sin.

(4)  Ní bheidh éifeacht le haon athrú agus tarraingt siar faoin mír seo mura ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) fógra a chur leis an bpost chuig gach foras coigiltis cáilitheach á chur in iúl dó go ndearnadh an sonrú a athrú agus an deimhniú a tharraingt siar, agus

(b)  go ndéanann siad amhlaidh 28 lá ar a laghad roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll.

Faisnéis

5.  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna faoin Sceideal seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná 30 lá) a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar faisnéis í atá ag an duine, nó atá ar fáil go réasúnta ag an duine, chuig a bhfuil an fógra dírithe, lena n-áirítear go háirithe faisnéis—

(a)  lena chumasú do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh—

(i)  i dtaobh ar chóir scéim a dheimhniú nó deimhniú atá tugtha cheana féin a tharraingt siar; nó

(ii)  i dtaobh dliteanas cánach, lena n-áirítear dliteanas cánach gnóchan caipitiúil, aon duine a bhí rannpháirteach i scéim, agus

(b)  i ndáil le riaradh scéime agus le haon athrú ar théarmaí scéime.

6.  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhall a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhall.”.

Scair-scéimeanna d'fhostaithe.

69. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a)  i gCaibidil 1 de Chuid 17—

(i)  in alt 510, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—

(i)  go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime brabús-roinnte ceadaithe leithreasú ar scaireanna, lena mbaineann alt 510(3), chuig rannpháirtí,

(ii)  go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna lena mbaineann a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe lena mbaineann, agus

(iii)  go ndearnadh na scaireanna a aistriú ar dháta ba dhéanaí ná an dáta ar arbh fhéidir na scaireanna a aistriú den chéad uair de réir théarmaí ghníomhas an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe nó aon doiciméid eile ach nach ndearnadh, cibé ar bith cén chúis a bhí leis, iad a aistriú ar an dáta ba luaithe sin.

(b)  I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, measfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, go ndearnadh an leithreasú chuig an rannpháirtí lena mbaineann ar an lá tar éis an lae ar arbh fhéidir le hiontaobhaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann na scaireanna sin a aistriú den chéad uair, de réir théarmaí an ghníomhais iontaobhais faoinar bunaíodh an t-iontaobhas sin nó aon doiciméid eile.”,

(ii)  in alt 511A trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir fho-alt (5), beidh feidhm ag fo-alt (4) más rud é—

(a)  go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime ceadaithe leithreasú ar scaireanna lena mbaineann alt 510(3) chuig rannpháirtí, agus

(b)  go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna lena mbaineann a aistriú chuig na hiontaobhaithe sin.

(4)  Chun críocha na Caibidle seo mar atá feidhm aici maidir leis na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (3), i gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo—

(a)  críochnóidh an tréimhse choinneála—

(i)  más rud é go raibh na scaireanna lena mbaineann, díreach roimh an aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), á sealbhú san iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe ar feadh tréimhse (dá ngairtear ‘an chéad tréimhse’ i bhfo-alt (5)) is lú ná 2 bhliain, an lá tar éis an lae a bheidh deireadh le tréimhse, ar tréimhse í is comhionann ó thaobh faid leis an difríocht idir 2 bhliain agus fad na tréimhse a raibh na scaireanna á sealbhú amhlaidh lena linn, ó leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí, nó

(ii)  más rud é go raibh na scaireanna lena mbaineann, roimh an aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), á sealbhú san iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe ar feadh tréimhse (dá ngairtear ‘an dara tréimhse’ i bhfo-alt (5)) 2 bhliain nó níos mó, an lá tar éis an lae a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí,

agus

(b)  más rud é go raibh na scaireanna lena mbaineann, díreach roimh an aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), á sealbhú san iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe ar feadh tréimhse (dá ngairtear ‘an tríú tréimhse’ i bhfo-alt (5)) is lú ná 3 bliana, is é an dáta scaoilte an lá tar éis an lae a bheidh deireadh le tréimhse, ar tréimhse í is comhionann ó thaobh faid leis an difríocht idir 3 bliana agus fad na tréimhse a raibh na scaireanna á sealbhú amhlaidh lena linn, ó leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí.

(5)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) mura rud é gur thairbhí (de réir bhrí mhír 11 de Sceideal 12) faoin iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe an rannpháirtí lena mbaineann gach uile thráth—

(a)  le linn na chéad tréimhse nó an dara tréimhse, de réir mar is cuí, agus

(b)  le linn an tríú tréimhse.”,

agus

(iii)  in alt 515, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Faoi réir fho-alt (2B), i gcás inar mó ná—

(a)  £10,000, nó

(b)  £30,000 más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha i bhfo-alt (2A),

iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna go léir a bheidh leithreasaithe chuig pearsa aonair in aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu faoi scéim cheadaithe amháin nó faoi 2 scéim nó níos mó den sórt sin), beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (7) maidir le haon scaireanna breise, is é sin le rá, aon scair ba chúis leis an teorainn is infheidhme a shárú agus aon scair a leithreasaíodh tar éis an teorainn is infheidhme a shárú.

(2)  Chun críocha fho-alt (1), i gcás ina ndéantar líon scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair an tráth céanna faoi 2 scéim cheadaithe nó níos mó, áireofar an chomhréir chéanna de na scaireanna a leithreasófar an tráth sin faoi gach scéim mar chomhréir a bheidh leithreasaithe sula mbeidh an teorainn £10,000 nó an teorainn £30,000, de réir mar a bheidh, sáraithe.

(2A) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1)—

(a)  go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna a leithreasaíodh chuig an bpearsa aonair sin a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe lena mbaineann,

(b)  gach tráth áirithe le linn na 5 bliana dar tosach dáta bunaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe go raibh 50 faoin gcéad, nó cibé céatadán is lú ná sin a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, de na hurrúis a bhí á gcoimeád ag na hiontaobhaithe an tráth sin curtha i ngeall acu mar urrús i leith iasachtaí,

(c)  tráth an aistrithe dá dtagraítear i mír (a) go raibh tréimhse 10 mbliana ar a laghad caite, ar tréimhse í dar tosach an dáta a bunaíodh an t-iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe agus dar críoch an tráth a tháinig na scaireanna go léir a bhí curtha i ngeall mar urrús i leith iasachtaí ag iontaobhaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe tagtha chun bheith as geall (dá ngairtear an ‘tréimhse ualaithe’ ina dhiaidh seo san alt seo), agus

(d)  maidir leis na scaireanna a chuir iontaobhaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe i ngeall, tráth ar bith ó bunaíodh an t-iontaobhas, mar urrús i leith iasachtaí, nach ndearnadh aon cheann acu a aistriú roimhe sin chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe toisc gur lean siad de bheith i ngeall amhlaidh le linn na tréimhse ualaithe.

(2B) Ní fhéadfar an teorainn £30,000 i mír (b) d'fho-alt (1) a chur chun feidhme ach amháin sa chéad bhliain mheasúnachta ar lena linn a chuaigh an tréimhse ualaithe in éag agus ní fhéadfar í a chur chun feidhme ansin ach amháin i leith scaireanna arna leithreasú tar éis an tréimhse sin a bheith éagtha amhlaidh.”,

(b)  i gCaibidil 2 de Chuid 17—

(i)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 519 i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) I gcás go ndéanfaidh iontaobhaithe iontaobhais lena mbaineann an t-alt seo urrúis a dhíol ar an margadh oscailte, ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhabhróidh chuig na hiontaobhaithe sin, má úsáidtear, agus a mhéid a úsáidtear, na fáltais ón díol sin chun airgead a fuair na hiontaobhaithe sin ar iasacht a aisíoc nó chun ús ar iasachtaí den sórt sin a íoc.”,

agus

(ii)  tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (9):

“(b) i ndáil le hioncam arb éard é díbhinní i leith urrús arna sealbhú ag an iontaobhas sin,

(c)  i ndáil le haistriú urrús chuig scéim bhrabúsroinnte arna ceadú faoi Chuid 2 de Sceideal 11, nó

(d)  i ndáil le gnóchan a fhabhróidh chuig iontaobhaithe an iontaobhais sin ó scaireanna a dhíol ar an margadh oscailte.”,

(c)  i Sceideal 11—

(i)  tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach in ionad fhomhír (4) i mír 3:

“(4) Déanfar foráil sa scéim nach mó ná £10,000, nó i gcás go bhfuil feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 515, nach mó ná £30,000, iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna a leithreasófar i mbliain mheasúnachta chuig aon rannpháirtí áirithe amháin.”,

(ii)  i mír 4, trí “3 bliana” a chur in ionad “5 bliana” i bhfomhír (1)(b),

agus

(iii)  tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 12:

“12A. D'ainneoin mhír 12, beidh pearsa aonair cáilithe chun go leithreasófar scaireanna chuige nó chuici faoin scéim tráth ar bith más rud é—

(a) go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime, agus

(b)  gur tairbhí (de réir bhrí mhír 11 de Sceideal 12) den iontaobhas scair-úinéireachta sin d'fhostaithe an phearsa aonair an tráth sin, nó gur thairbhí den sórt sin é nó í laistigh den 30 lá roimhe sin.”,

agus

(d)  i Sceideal 12—

(i)  i mír 11—

(I) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998):

“(2B) Faoi réir fhomhír (2C), féadfar foráil a dhéanamh sa ghníomhas iontaobhais gur tairbhí duine aon tráth áirithe (dá ngairtear ‘an tráth iomchuí’ san fhomhír seo) más rud é—

(a)  gach tráth áirithe i dtréimhse cháilitheach gurbh fhostaí nó stiúrthóir de chuid cuideachta a bhí faoi réim ghrúpa na cuideachta bunaithí an tráth áirithe sin an duine,

(b)  gurbh fhostaí nó stiúrthóir den sórt sin an duine—

(i)  ar an dáta a bunaíodh an t-iontaobhas nó tráth éigin laistigh de 9 mí roimh an dáta sin, nó

(ii)  tráth ar bith le linn na tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta sin,

(c)  gur scoir an duine de bheith ina fhostaí nó ina fostaí, nó ina stiúrthóir, de chuid na cuideachta nó gur scoir an chuideachta de bheith faoi réim an ghrúpa sin,

(d)  gach tráth áirithe le linn na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i gclásal (b), go raibh 50 faoin gcéad, nó cibé céatadán is lú ná sin a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, de na hurrúis a bhí á gcoimeád ag na hiontaobhaithe an tráth sin curtha i ngeall acu mar urrús i leith iasachtaí, agus

(e)  an tráth iomchuí, go bhfuil tréimhse nach mó ná 15 bliana caite ó bunaíodh an t-iontaobhas.

(2C) Ní bheidh riail a chomhlíonann fomhír (2B) sa ghníomhas iontaobhais mura rud é go mbeidh sé sainráite sa riail go mbaineann sí le gach duine atá faoina réim.”,

(II) trí “fomhíreanna (2A), (2B) agus (3)” a chur in ionad “fomhíreanna (2A) agus (3)” i bhfomhír (4)(a),

(III) trí “3 bliana” a chur in ionad “5 bliana” i bhfomhír (5)(a),

(IV) trí “fhomhíreanna (2B) agus (3)” a chur in ionad “fhomhír (3)” agus trí “i bhfomhíreanna (2B)(c) agus (3)(b)” a chur in ionad “i bhfomhír (3)(b)” i bhfomhír (6),

(V) trí “fomhír (2A), (2B), (3) nó (4)” a chur in ionad “fomhír (2A), (3) nó (4)” i bhfomhír (7),

agus

(VI) trí “fomhír (2), (2A), (2B), (3) nó (4)” a chur in ionad “fomhír (2), (2A), (3) nó (4)” i bhfomhír (8),

agus

(ii)  i mír 18, trí “nó, má tá an comhaontú faoi réir coinníoll sonraithe amháin nó níos mó a bheith comhlíonta, ar an gcoinníoll sin nó na coinníollacha sin a bheith comhlíonta” a chur isteach i ndiaidh “nuair a dhéantar an comhaontú” i bhfomhír (3)(a).

(2)  (a) Beidh feidhm ag míreanna (a)(i), (a)(ii) agus (c)(iii) d'fho-alt (1) maidir le leithreasú scaireanna arna dhéanamh ag iontaobhaithe scéime ceadaithe (de réir bhrí alt 510(1) den Phríomh-Acht) ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(b)  Beidh feidhm ag míreanna (b) agus (d) d'fho-alt (1) maidir le hiontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe arna gceadú faoi mhír 2 de Sceideal 12 a ghabhann leis an bPríomh-Acht ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(c)  Beidh feidhm ag mír (c)(ii) d'fho-alt (1) maidir le scéimeanna brabús-roinnte arna gceadú faoi Chuid 2 de Sceideal 11 a ghabhann leis an bPríomh-Acht ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.