An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 6 Cáin loncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh ó Cháin chun Saoráidí Loctha agus Marcaíochta a Sholáthar agus i leith Forbairtí Gaolmhara Áirithe) Ar Aghaidh (Caibidil 8 Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

2 1999

An tAcht Airgeadais, 1999

Caibidil 7

Cáin Chorparáide

Ráta cánach corparáide.

71. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Muirearófar cáin chorparáide ar bhrabúis cuideachtaí de réir ráta—

(a)  32 faoin gcéad don bhliain airgeadais 1998,

(b)  28 faoin gcéad don bhliain airgeadais 1999,

(c)  24 faoin gcéad don bhliain airgeadais 2000,

(d)  20 faoin gcéad don bhliain airgeadais 2001,

(e)  16 faoin gcéad don bhliain airgeadais 2002,

(f) 12 ½ “faoin gcéad don bhliain airgeadais 2003 agus do gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.”.

(2)  Beidh éifeacht le Sceideal 1 chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 22 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Phríomh-Acht.

72. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht—

(a)  i bhfo-alt (1)—

(i)  i mír (a), trí na clásail seo a leanas a chur in ionad chlásail (I) go (III):

“(I) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 28 faoin gcéad, agus

(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000, 25 faoin gcéad.”, agus

(ii)  trí mhír (b) a scriosadh,

(b)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Chun críocha fho-alt (1) agus faoi réir fho-ailt (3) agus (4), is é an méid sonraithe i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta méid a chinnfear de réir na foirmle—

 

N

___

12

×

1

__

A

más rud é—

gurb é L—

(a)  i gcás tréimhse cuntasaíochta dar críoch roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1999, £50,000, agus

(b)  i gcás tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis, £100,000,

gurb é N líon na míonna sa tréimhse chuntasaíochta, agus

gurb é A a haon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe atá ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta.”, agus

(c)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Chun críocha an ailt seo—

(a)  más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad,

(b)  más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1999, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Nollaig, 1998, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Eanáir, 1999, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad, agus

(c)  más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Nollaig, 1999, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Eanáir, 2000, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.”.

(2)  Aisghairtear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1ú lá d'Eanáir, 2000.

Ard-ráta cánach corparáide.

73. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“Ard-ráta cánach corparáide.

21A.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oibríochtaí foirgníochta’ oibríochtaí d'aon tuairisc de na tuairiscí dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘oibríochtaí foirgníochta’ in alt 530(1), seachas oibríochtaí dá dtagraítear i mír (f) den mhíniú sin;

déanfar ‘déileáil i dtalamh nó forbairt talún’ a fhorléiriú de réir Chaibidil 1 de Chuid 22;

ciallaíonn ‘oibríochtaí eiscthe’ aon cheann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí nó de na gníomhaíochtaí seo a leanas—

(a) déileáil i dtalamh nó forbairt talún, seachas an chuid sin den oibríocht sin nó den ghníomhaíocht sin ar oibríochtaí foirgníochta í,

(b)  mianraí a oibriú, agus

(c)  gníomhaíochtaí peitriliam;

ciallaíonn ‘trádáil eiscthe’ trádáil nach bhfuil inti ach oibríochtaí nó gníomhaíochtaí trádála ar oibríochtaí eiscthe iad nó, i gcás trádála arb é atá inti oibríochtaí trádála eiscthe, go páirteach, agus oibríochtaí nó gníomhaíochtaí eile, go páirteach, an chuid den trádáil nach bhfuil inti ach oibríochtaí eiscthe agus a ndéileáiltear léi mar thrádáil ar leithligh de bhua fho-alt (2);

folaíonn ‘talamh’ urthrá agus talamh faoi uisce, agus ciallaíonn ‘talamh tirim’ talamh nach bhfuil faoi uisce go buan;

ciallaíonn ‘mianraí’ na substaintí go léir (seachas uachtar talmhaíochta na talún agus seachas móin) sa talamh nó uirthi nó fúithi, cibé acu is le hoibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún is féidir iad a fháil, agus folaíonn sé gach mianach, cibé acu atá nó nach bhfuil sé ar oscailt nó á oibriú cheana féin, agus folaíonn sé freisin an spás ciúbach ina bhfuil mianraí nó ina raibh siad roimhe sin;

tá le ‘peitriliam’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960;

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí peitriliam’ aon cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas—

(a)  gníomhaíochtaí taiscéalaíochta peitriliam,

(b)  gníomhaíochtaí eastósctha peitriliam, agus

(c)  cearta peitriliam a fháil, a theachtadh nó a shaothrú;

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí taiscéalaíochta peitriliam’ gníomhaíochtaí a sheoltar le linn fosuithe peitriliam a lorg, le linn na fosuithe sin a thástáil nó a mheas nó le linn bealach a dhéanamh chuig na fosuithe sin chun an lorg, an tástáil nó an meas sin a dhéanamh;

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí eastósctha peitriliam’ gníomhaíochtaí a sheoltar—

(a)  le linn peitriliam a ghnóthú ó aon talamh, lena n-áirítear an peitriliam sin a lorg sa talamh sin agus bealach a dhéanamh chuige,

(b) le linn peitriliam a gnóthaíodh amhlaidh ó áit nach ar thalamh tirim a iompar a fhad le talamh tirim, nó

(c)  le linn cóireáil thosaigh agus stóráil peitriliam a gnóthaíodh amhlaidh ó aon talamh a chur i gcrích;

ciallaíonn ‘cearta peitriliam’ cearta ar pheitriliam a bheidh le heastóscadh nó ar leasanna i bpeitriliam nó ar shochar peitriliam;

folaíonn ‘oibriú’, i ndáil le mianraí, mianraí a bhaint, a lorg, a thochailt, a fháil, a ardú, a thógáil, a thabhairt chun siúil agus a chóireáil, agus mianraí a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2)  Chun críocha an ailt seo, más rud é gurb é atá i dtrádáil oibríochtaí eiscthe, go páirteach, agus oibríochtaí nó gníomhaíochtaí eile, go páirteach, déileálfar leis an gcuid den trádáil ar oibríochtaí eiscthe í, agus leis an gcuid den trádáil ar oibríochtaí nó gníomhaíochtaí eile í, mar thrádáil ar leithligh, agus déanfar cibé comhréir is cóir agus is réasúnach den mhéid iomlán is infhaighte ó dhíolacháin a rinneadh agus ó sheirbhísí a tugadh i gcúrsa na trádála, agus de na caiteachais a tabhaíodh i gcúrsa na trádála, a chionroinnt ar gach cuid acu sin.

(3)  D'ainneoin alt 21, ach faoi réir fho-alt (4), déanfar cáin chorparáide a mhuirearú ar bhrabúis cuideachtaí, sa mhéid gurb é atá sna brabúis sin ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide faoi Chás III, IV nó V de Sceideal D nó ioncam ó thrádáil eiscthe, de réir ráta 25 faoin gcéad don bhliain airgeadais 2000 agus do bhlianta airgeadais ina dhiaidh sin.

(4)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le brabúis cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta a mhéid is ioncam ó dhíol earraí de réir bhrí alt 454 na brabúis sin.”.

Forálacha a bhaineann leis an ráta cánach corparáide 10 faoin gcéad.

74. —Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 14 den Phríomh-Acht—

(a)  in alt 442—

(i)  i bhfo-alt (1)—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “marsantas”:

“folaíonn ‘oibríochtaí leathnúcháin’ i ndáil le cuideachta—

(a)  méaduithe ar acmhainn táirgeachta do línte táirgí láithreacha de chuid na cuideachta nó do línte táirgeachta a bhaineann go díreach leo, agus

(b) feidhmeanna tacaíochta a bhaineann go díreach le hoibríochtaí trádála láithreacha na cuideachta a chur isteach;

ciallaíonn ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’—

(a)  an tÚdarás Forbartha Tionscail in Éirinn,

(b)  Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna,

(c)  Údarás na Gaeltachta,

(d)  an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Éire,

(e)  Forbairt,

(f)  Forfás, nó

(g)  Fiontraíocht Éireann;”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” agus “faoiseamh faoin gCuid seo”, faoi seach:

“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’, i ndáil le trádáil arna seoladh ag cuideachta arb éard í nó ar cuid di earraí a mhonarú, tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch—

(a)  i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (11) nó (12) d'alt 443, an 31ú lá de Nollaig, 2000, nó roimhe,

(b)  i gcás trádála, seachas trádáil shonraithe a bhunaítear agus a thosaíonn an 23ú lá d'Iúil, 1998 nó dá éis, an 31ú 1á de Nollaig, 2002, nó roimhe, agus

(c)  in aon chás eile, an 31ú lá de Nollaig, 2010, nó roimhe;

ciallaíonn ‘faoiseamh faoin gCuid seo’ an laghdú ar cháin chorparáide dá bhforáiltear in alt 448(2);”,

agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur leis i ndiaidh an mhínithe ar “faoiseamh faoin gCuid seo”:

“maidir le ‘trádáil shonraithe’, i ndáil le cuideachta—

(a)  ciallaíonn sé trádáil arb éard í nó ar cuid di oibríochtaí trádála a shonraítear i gcomhaontú deontais (dá ngairtear ‘an comhaontú deontais iomchuí’ sa mhíniú seo) a dhéantar idir an chuideachta agus gníomhaireacht forbartha tionscail ar scór ceadú cúnaimh deontais don chuideachta arna dhéanamh ag an ngníomhaireacht forbartha tionscail an 31ú lá d'Iúil, 1998, nó roimhe, ach

(b)  ní fholaíonn sé an chuid sin den trádáil arb éard í oibríochtaí leathnúcháin ar tosaíodh ar iad a sheoladh an 23ú lá d'Iúil, 1998, nó dá éis, seachas cibé cuid de na hoibríochtaí sin a thiocfadh faoi réim théarmaí an chomhaontaithe deontais iomchuí;”,

agus

(ii)  trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Más rud é, de bhua fheidhm an mhínithe ar ‘trádáil shonraithe’, maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta—

(a)  gur tréimhse chuntasaíochta iomchuí a bheadh inti i ndáil le cuid (dá ngairtear ‘an chéad chuid a luaitear’ san fho-alt seo) de thrádáil a sheolann cuideachta, agus

(b)  nach tréimhse chuntasaíochta iomchuí a bheadh inti i ndáil le cuid eile (dá ngairtear ‘an dara cuid a luaitear’ san fho-alt seo) den trádáil sin,

ansin, chun críocha na Coda seo—

(i)  déileálfar leis an gcéad chuid a luaitear agus leis an dara cuid a luaitear mar thrádáil ar leithligh, agus

(ii)  déanfar cibé comhréir is cóir agus is réasúnach den mhéid iomlán is infhaighte ó dhíolacháin a rinneadh agus ó sheirbhísí a tugadh i gcúrsa na trádála, agus de na caiteachais a tabhaíodh i gcúrsa na trádála, sa tréimhse chuntasaíochta nó sa chuid den tréimhse chuntasaíochta, de réir mar a bheidh, a chionroinnt ar an gcéad chuid a luaitear agus ar an dara cuid a luaitear.

(4)  Más rud é—

(a)  an 23ú lá d'Iúil, 1998, nó dá éis, go dtiocfaidh cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta chomharbais’ san fho-alt seo) i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear ‘an chuideachta bhunaidh’ san fho-alt seo), agus

(b)  go mbeidh éileamh ar fhaoiseamh faoin gCuid seo i ndáil leis an trádáil nó le cuid den trádáil déanta ag an gcuideachta bhunaidh nó go bhféadfadh éileamh den sórt sin a bheith déanta aici,

ansin, faoi réir ailt 445 agus 446, déanfar faoiseamh, a mhéid a bhaineann an faoiseamh sin leis an trádáil nó leis an gcuid den trádáil atá i gceist, a dheonú don chuideachta chomharbais i leith na dtréimhsí cuntasaíochta iomchuí a bheidh fágtha agus a bhféadfadh an faoiseamh sin a bheith éilithe ag an gcuideachta bhunaidh ina leith dá mba rud é gur lean sí de bheith ag seoladh na trádála nó an chuid den trádáil atá i gceist.”,

(b)  in alt 445(2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “(5) nó (6), go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2005”:

“(5) nó (6)—

(a)  i gcás na n-oibríochtaí sin a cheadaigh an tAire, an 31ú lá de Bhealtaine, 1998, nó roimhe, lena seoladh san aerfort, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2005, agus

(b)  i gcás na n-oibríochtaí sin a cheadaítear amhlaidh i ndiaidh an 31ú lá de Bhealtaine, 1998, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2002”,

(c)  in alt 446(2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “(5) nó (6), go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2005”:

“(5) nó (6)—

(a)  i gcás na n-oibríochtaí sin a cheadaigh an tAire, an 31ú lá d'Iúil, 1998, nó roimhe, lena seoladh sa Limistéar, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2005, agus

(b)  i gcás na n-oibríochtaí sin a cheadaítear amhlaidh i ndiaidh an 31ú lá d'Iúil, 1998, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2002”,

(d)  in alt 454—

(i)  i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha an ailt seo, i gcás nach bhfuil i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí ach cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta, déanfar an tréimhse chuntasaíochta a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an lá deireanach den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus an ceann eile ag tosú an lá tar éis an lae a luadh go deireanach agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.”,

agus

(ii)  i bhfo-alt (2), trí “i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí” a chur in ionad “i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2010, nó roimhe, ”,

(e)  in alt 455—

(i)  i bhfo-alt (2), trí “i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí” agus “sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí” a chur in ionad “i dtréimhse chuntasaíochta” agus “sa tréimhse chuntasaíochta”, faoi seach, agus

(ii)  i bhfo-alt (3), trí “i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí” agus “don tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin” a chur in ionad “i dtréimhse chuntasaíochta” agus “don tréimhse chuntasaíochta sin”, faoi seach,

agus

(f)  i bhfo-alt 456(2)(a), trí “in aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí” a chur in ionad “in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2010, nó roimhe,”.

Leasú ar alt 88 (asbhaint i leith bronntanas don Enterprise Trust Ltd.) den Phríomh-Acht.

75. —Leasaítear leis seo alt 88 den Phríomh-Acht—

(a)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo, ciallaíonn ‘an chuideachta’ an chuideachta a corpraíodh an 30ú lá de Dheireadh Fómhair, 1991, mar The Enterprise Trust Limited nó cibé comhlacht comharbais den Enterprise Trust Limited a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha an ailt seo.”,

(b)  i bhfo-alt (2)(a), trí “an 31ú lá de Nollaig, 2002” a chur in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1999”,

(c)  i bhfo-alt (3)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii):

“(ii) i leith bronntanais arna thabhairt aon tráth sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig sa bhliain 1999, 2000, 2001 nó 2002, más mó ná £5,000,000 an tráth sin comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas uile a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leo agus a tugadh don chuideachta laistigh den bhliain sin.”,

agus

(d)  i bhfo-alt (6), trí “an méid a shonraítear i bhfomhír (i)” a chur in ionad “na méideanna a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii)”.

Ioncam na Cuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí Tta.

76. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a)  tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 219A:

“Ioncam na Cuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí Tta.

219B.—(1) San alt seo, ciallaíonn ‘an chuideachta’ an chuideachta a corpraíodh an 10ú lá de Mheán Fómhair, 1998, mar An Chuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí Teoranta.

(2)  D'ainneoin aon fhorála de na hAchtanna Cánach Corparáide, beidh brabúis a eascraíonn don chuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 10ú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó dá éis, díolmhaithe ó cháin chorparáide.”,

agus

(b)  in alt 256(1), i mír (a) den mhíniú ar “taisce iomchuí”, trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (iv) agus (v):

“(iv) ag Banc Ceannais na hÉireann,

(v)  ag an gCuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí Teoranta, nó

(vi)  ag Icarom cpt,”.

(2)  Measfar gur tháinig mír (b) d'fho-alt (1) i ngníomh an 10ú lá de Mheán Fómhair, 1998.

Díolúine ó cháin chorparáide a tharraingt siar ó Bhord Gáis Éireann.

77. —Leasaítear leis seo alt 220 den Phríomh-Acht, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach data an Achta seo a rith nó dáta dá éis, trí mhír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt a scriosadh.

Leasú ar Chaibidil 5 (grúp-fhaoiseamh) de Chuid 12 den Phríomh-Acht.

78. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil 5 de Chuid 12 den Phríomh-Acht—

(a)  in alt 410—

(i)  i bhfo-alt (1)(a), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “cuideachta thrádála nó shealbhaíochta”:

“ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa Bhallstát agus atá ar comhréir le cáin chorparáide sa Stát;”,

(ii)  tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) Chun críocha an ailt seo—

(i)  beidh cuideachta ar úinéireacht ag comheagras má bhíonn 75 faoin gcéad nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta ar úinéireacht thairbhiúil eatarthu ag 5 chuideachta nó níos lú a chónaíonn i mBallstát amháin nó níos mó de na Comhphobail Eorpacha agus nach mbeidh níos lú ná 5 faoin gcéad den chaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil ag aon cheann de na cuideachtaí sin, agus gairfear comhaltaí an chomheagrais de na cuideachtaí sin, agus

(ii)  forléireofar tagairtí do chuideachta a chónaíonn i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha mar thagairtí do chuideachta a bhfuil, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, cónaí uirthi, chun críocha cánach, i mBallstát den sórt sin.”,

(iii)  i mír (a) d'fho-alt (3), trí “i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha” a chur in ionad “sa Stát”, agus

(iv)  i mír (a)(i) d'fho-alt (4), trí “a bhfuil cónaí uirthi i mBallstát de na Comhphobail Eorpacha” a chur in ionad “a bhfuil cónaí uirthi amhlaidh”,

(b)  in alt 411(1)—

(i)  i mír (a), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “cuideachta thrádála”:

“ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa Bhallstát agus atá ar comhréir le cáin chorparáide sa Stát;”,

(ii)  i mír (c)—

(I) trí “le cuideachta a bhfuil, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, cónaí uirthi, chun críocha cánach, i mBallstát den sórt sin” a chur in ionad “le cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu sa Stát”, agus

(II) trí “i gcuideachta, nach cuideachta a bhfuil, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, cónaí uirthi, chun críocha cánach, i mBallstát den sórt sin” a chur in ionad “i gcuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát”,

agus

(c)  in alt 420, trí “a bhfuil an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith” a chur isteach i ndiaidh “trádála” i bhfo-alt (1).

(2)  Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Iúil, 1998, nó dá éis.

Leasú ar alt 130 (nithe a ndéileálfar leo mar dháiltí) den Phríomh-Acht.

79. —(1) Leasaítear leis seo alt 130 den Phríomh-Acht—

(a)  i bhfo-alt (3)—

(i)  i mír (b) trí “, ar cuideachta í a bhfuil, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, cónaí uirthi, chun críocha cánach, i mBallstát den sórt sin” a chur in ionad “a bhfuil cónaí uirthi sa Stát freisin”, agus

(ii)  tríd an mír seo a leanas a chur leis i ndiaidh mhír (b):

“(c) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (4), ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa Bhallstát agus atá ar comhréir le cáin chorparáide sa Stát.”,

agus

(b)  i bhfo-alt (4)(c), trí “, nach cuideachta í a bhfuil, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, cónaí uirthi, chun críocha cánach, i mBallstát den sórt sin” a chur in ionad “nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát”.

(2)  Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Iúil, 1998, nó dá éis.

Leasú ar alt 486 (cáin chorparáide: faoiseamh i leith bronntanas do First Step) den Phríomh-Acht.

80. —Leasaítear leis seo alt 486 den Phríomh-Acht—

(a)  i bhfo-alt (2)(a), trí “an 31ú lá de Nollaig, 2002 nó roimhe” a chur in ionad “roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000”, agus

(b)  i bhfo-alt (4)(b)—

(i)  i bhfomhír (iii), trí “1999, 2000, 2001 nó 2002” a chur in ionad “1996, 1997, 1998 nó 1999”, agus

(ii)  i bhfomhír (iv), trí “dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 2002, agus dar críoch an 31ú 1á de Nollaig, 2002” a chur in ionad “dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1999, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1999”.

Leasú ar Sceideal 24 (faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide trí bhíthin creidmheasa i leith cánach coigríche) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

81. —Leasaítear leis seo Sceideal 24 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a)  i mír 4(4)(c), trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad”,

(b)  i mír 9A—

(i)  i bhfomhír (2), trí “a fholaíonn tagairt” a chur isteach i ndiaidh “a fhorléiriú mar thagairt”, agus

(ii)  i bhfomhír (5), i gclásal (a), trí “ach amháin, i leith cánacha a chuimsítear leis na comhshocraíochtaí sin, a mhéid nach bhféadfar creidmheas a thabhairt i leith na cánach sin faoi na comhshocraíochtaí sin” a chur isteach i ndiaidh “rialtas na críche”,

agus

(c)  i bhfochlásail (i) agus (iii) de mhír 9B(5)(b)—

(i)  trí “go rialaíonn sí” a chur in ionad “gur léi” gach áit a bhfuil sé, agus trí “a rialaíonn” a chur in ionad “ar léi” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii)  trí “de chumhacht vótála” a chur in ionad “de ghnáth-scairchaipiteal” gach áit a bhfuil sé.

Áit chónaithe cuideachta.

82. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil 2 de Chuid 2 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23:

“23A.—(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘comhshocraíochtaí’ comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826;

ciallaíonn ‘cuideachta iomchuí’ cuideachta—

(i)  atá faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine—

(I) a chónaíonn chun críocha cánach, de bhua dhlí aon chríche iomchuí, i gcríoch iomchuí nó i gcríocha iomchuí, agus

(II) nach bhfuil faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine nach gcónaíonn amhlaidh,

(ii)  ar cuideachta í, nó atá gaolmhar le cuideachta, a ndéantar a príomhaicme scaireanna a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta amháin nó níos mó i gcríoch nó i gcríocha iomchuí;

ciallaíonn ‘críoch iomchuí’—

(i)  Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, nó

(ii)  críoch, nach Ballstát den sórt sin í, a bhfuil comhshocraíochtaí déanta lena rialtas;

ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch iomchuí seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch sin agus atá ar comhréir le cáin ioncaim nó cáin chorparáide.

(b) Chun críocha—

(i)  an ailt seo—

(I) déileálfar le cuideachta mar chuideachta atá gaolmhar le cuideachta eile más fochuideachta 50 faoin gcéad cuideachta amháin don chuideachta eile nó más fochuideachtaí 50 faoin gcéad do thríú cuideachta an dá chuideachta,

(II) beidh cuideachta ina fochuideachta 50 faoin gcéad do chuideachta eile má bhíonn, agus fad a bhíonn, méid nach lú ná 50 faoin gcéad dá gnáthscairchaipiteal ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta eile sin, agus

(III) beidh feidhm ag ailt 412 go 418 amhail mar a bheadh feidhm ag na hailt sin chun críocha Chaibidil 5 de Chuid 12 dá mba rud é—

(A) go gcuirfí ‘50 faoin gcéad’ in ionad ‘75 faoin gcéad’ gach áit a bhfuil sé sna hailt sin, agus

(B) go scriosfaí fomhír (iii) d'alt 411(1)(c),

agus

(ii)  an mhínithe ar ‘cuideachta iomchuí’, forléireofar rialú de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 432 amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (6) den alt sin—

(I) a mhéid a bhaineann le mír (i)(I) den mhíniú sin, ‘daoine a bhfuil, de bhua dhlí aon chríche iomchuí (de réir bhrí alt 23A), cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí nó i gcríocha iomchuí’ a chur in ionad ‘5 rannpháirtí nó níos lú’, agus

(II) a mhéid a bhaineann le mír (i)(II) den mhíniú sin, ‘daoine nach bhfuil cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí (de réir bhrí alt 23A)’ a chur in ionad ‘5 rannpháirtí nó níos lú’.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), aon chuideachta atá corpraithe sa Stát measfar, chun críocha na nAchtanna Cánach agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, gur cuideachta í a chónaíonn sa Stát.

(3)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le cuideachta atá corpraithe sa Stát más cuideachta iomchuí an chuideachta agus—

(a)  go seolann sí trádáil sa Stát, nó

(b)  go bhfuil sí gaolmhar le cuideachta a sheolann trádáil sa Stát.

(4)  D'ainneoin fho-alt (2), aon chuideachta a meastar, chun críocha aon chomhshocraíochtaí, gur cuideachta í a chónaíonn i gcríoch seachas an Stát agus nach gcónaíonn sa Stát, déileálfar léi chun críocha na nAchtanna Cánach agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil mar chuideachta nach gcónaíonn sa Stát.”.

(2)  Beidh feidhm ag an alt seo—

(a)  i gcás cuideachtaí a chorpraítear an 11ú lá d'Fheabhra, 1999 nó dá éis, amhail ar an agus ón lá sin, agus

(b)  i gcás cuideachtaí a corpraíodh roimh an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, amhail ar an agus ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1999.

Leasú ar alt 882 (sonraí a bheidh le tabhairt ag cuideachtaí nua) den Phríomh-Acht.

83. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCaibidil 2 de Chuid 38, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 882:

“882.—(1) (a) San alt seo—

folaíonn ‘rúnaí’ daoine a luaitear in alt 1044(2) agus, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, gníomhaire, bainisteoir, fachtóir, nó ionadaí eile na cuideachta;

tá le ‘socraitheoir’ agus ‘socraíocht’ na bríonna céanna atá leo in alt 10;

ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch sin agus atá ar comhréir le cáin ioncaim nó cáin chorparáide;

ciallaíonn ‘úinéirí tairbhiúla deiridh’, i ndáil le cuideachta—

(i)  an phearsa aonair nó na pearsana aonair a bhfuil an chuideachta faoina rialú, nó

(ii)  i gcás duine, ina aonar nó ina haonar nó i gcomhar le daoine eile, a rialaíonn an chuideachta, agus a rialaíonn í i gcáil iontaobhaí socraíochta, aon duine, i ndáil leis an tsocraíocht—

(I) ar socraitheoir é nó í, nó

(II) atá, nó a fhéadfaidh, faoi aon scéim nó comhshocraíocht, a bheith ag súil le réasún go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith, ina thairbhí nó ina tairbhí faoin tsocraíocht, nó

(III) i gcás gur cuideachta an socraitheoir nó an tairbhí sin, de réir mar a bheidh, úinéirí tairbhiúla deiridh na cuideachta sin.

(b)  Chun críocha an ailt seo, forléireofar rialú de réir alt 432.

(2)  Gach cuideachta atá corpraithe sa Stát nó a thosaíonn ar thrádáil, gairm nó gnó a sheoladh sa Stát, déanfaidh sí, i ngach cás laistigh de 30 lá—

(a)  ón dáta ar a dtosaíonn sí ar thrádáil, gairm nó gnó a sheoladh, cibé áit a seoltar í nó é,

(b)  ón dáta ar a bhfuil athrú ábhartha ar fhaisnéis a sheachaid an chuideachta roimhe sin faoin alt seo, agus

(c)  ón tráth ar thug cigire fógra don chuideachta á cheangal uirthi ráiteas a thabhairt faoin alt seo,

ráiteas i scríbhinn a sheachadadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ina mbeidh sonraí maidir leis na nithe seo a leanas—

(i)  i gcás gach cuideachta—

(I) ainm na cuideachta,

(II) seoladh oifig chláraithe na cuideachta,

(III) seoladh a príomháite gnó,

(IV) ainm agus seoladh rúnaí na cuideachta,

(V) dáta thosach na trádála, na gairme nó an ghnó,

(VI) cineál na trádála, na gairme nó an ghnó,

(VII) an dáta ar anuas go dtí é a dhéanfar amach cuntais a bhaineann leis an trádáil, leis an ngairm nó leis an ngnó sin, agus

(VIII) cibé faisnéis eile a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha na nAchtanna Cánach;

(ii)  i gcás cuideachta atá corpraithe, ach nach bhfuil cónaí uirthi, sa Stát—

(I) ainm na críche ina bhfuil, de bhua dhlí na críche sin, cónaí ar an gcuideachta chun críocha cánach,

(II) i gcás nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2) d'alt 23A de bhua fho-alt (3) den alt sin, ainm agus seoladh na cuideachta dá dtagraítear san fho-alt deiridh sin agus a sheolann trádáil sa Stát, agus

(III) i gcás ina ndéileáiltear leis an gcuideachta mar chuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát de bhua fho-alt (4) d'alt 23A agus dá bhua sin amháin—

(A) i gcás an chuideachta a bheith faoi rialú ag cuideachta eile a ndéantar a príomhaicme scaireanna a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta amháin nó níos mó i gcríoch iomchuí (de réir bhrí alt 23A) nó i gcríocha iomchuí, ainm na cuideachta eile agus seoladh a hoifige cláraithe, agus

(B) in aon chás eile, ainm agus seoladh na bpearsan aonair arb iad úinéirí tairbhiúla deiridh na cuideachta iad,

agus

(iii)  i gcás cuideachta nach bhfuil corpraithe sa Stát ná nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát ach a sheolann trádáil, gairm nó gnó sa Stát—

(I) seoladh phríomháit ghnó na cuideachta sa Stát,

(II) ainm agus seoladh ghníomhaire, bhainisteoir, fhachtóir nó ionadaí eile na cuideachta, agus

(III) dáta thosach thrádáil, ghairm nó ghnó na cuideachta sa Stát.

(3)  Más rud é go mainneoidh cuideachta ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear uirthi a sheachadadh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin aon oibleagáidí maidir le rúndacht nó srian eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi aon reacht nó ar shlí eile, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963), á rá gur mhainnigh an chuideachta amhlaidh ráiteas a sheachadadh faoin alt seo.”.

(2)  Beidh feidhm ag an alt seo—

(a)  i gcás cuideachtaí a chorpraítear an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, nó dá éis, amhail ar an agus ón lá sin, agus

(b)  i gcás cuideachtaí a corpraíodh roimh an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, amhail ar an agus ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1999.

Leasú ar Chaibidil 2 (pionóis eile i leith cánach corparáide) de Chuid 47 den Phríomh-Acht.

84. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht i gCaibidil 2 de Chuid 47—

(a)  in alt 1071, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Más rud é, tráth ar bith nach luaithe ná 3 mhí tar éis an trátha faoina gceanglaítear ar chuideachta tuairisceán a sheachadadh de réir alt 884, gur mhainnigh an chuideachta aon phionós a íoc a bhfuil dliteanas uirthi é a íoc faoi fho-alt (1)(a) nó (2) as mainneachtain an tuairisceán a sheachadadh, dlífidh rúnaí na cuideachta, de bhreis ar aon phionós a dhlífidh an rúnaí a íoc faoin alt seo, cibé méid d'aon phionós a íoc a bhfuil dliteanas ar an gcuideachta é a íoc amhlaidh agus nach mbeidh íoctha ag an gcuideachta.

(b)  Más rud é, de réir mhír (a), go n-íocfaidh rúnaí cuideachta aon mhéid de phionós a bhfuil dliteanas ar an gcuideachta é a íoc, beidh rúnaí na cuideachta i dteideal suim is comhionann leis an méid sin a ghnóthú ón gcuideachta.”,

(b)  tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 1073:

“1073.—(1) Más rud é go mainneoidh cuideachta ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear uirthi a sheachadadh faoi alt 882—

(a)  dlífear pionós £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, dlífear pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leantar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

(b)  dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

(2)  (a) Más rud é, tráth ar bith nach luaithe ná 3 mhí tar éis an trátha faoina gceanglaítear ar chuideachta ráiteas a sheachadadh de réir alt 882, gur mhainnigh an chuideachta aon phionós a íoc a bhfuil dliteanas uirthi é a íoc faoi fho-alt (1)(a) as mainneachtain an ráiteas a sheachadadh, dlífidh rúnaí na cuideachta, de bhreis ar aon phionós a dhlífidh an rúnaí a íoc faoi fho-alt (1)(b), cibé méid d'aon phionós a íoc a bhfuil dliteanas ar an gcuideachta é a íoc amhlaidh agus nach mbeidh íoctha ag an gcuideachta.

(b)  Más rud é, de réir mhír (a), go n-íocfaidh rúnaí cuideachta aon mhéid de phionós a bhfuil dliteanas ar an gcuideachta é a íoc, beidh an rúnaí i dteideal suim is comhionann leis an méid sin a ghnóthú ón gcuideachta.”,

agus

(c)  in alt 1076, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Sa Chaibidil seo, folaíonn ‘rúnaí’—

(a)  daoine a luaitear in alt 1044(2) agus, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, gníomhaire, bainisteoir, fachtóir nó ionadaí eile na cuideachta, agus

(b)  i gcás cuideachta nach pearsa aonair a chónaíonn sa Stát a rúnaí (de réir bhrí alt 175 d'Acht na gCuideachtaí, 1963), pearsa aonair a chónaíonn sa Stát agus is stiúrthóir de chuid na cuideachta.”.

(2)  Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1999.

Leasú ar ailt 198, 710 agus 734 den Phríomh-Acht.

85. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a)  in alt 198(2), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):

“(a) amhail is dá ndéanfaí, in alt 445, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:

‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú, maidir le cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta cáilithe a shonraítear sa deimhniú, gur oibríochtaí trádála iomchuí iad chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonraítear sa deimhniú.’,

agus

(b)  amhail is dá ndéanfaí, in alt 446, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:

‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (9), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú, maidir le cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta a shonraítear sa deimhniú, gur oibríochtaí trádála iomchuí iad chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonraítear sa deimhniú.’.”,

(b)  in alt 710(2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Le linn an míniú ar ‘gnó árachais saoil coigríche’ in alt 451(1) a bheith á chur chun feidhme chun críocha mhír (a), beidh feidhm ag alt 446 amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:

‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (9), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú, maidir le cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta a shonraítear sa deimhniú, gur oibríochtaí trádála iomchuí iad chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonraítear sa deimhniú.’.”,

agus

(c)  in alt 734(1)(c), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii):

“(i) in alt 445, amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:

‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú, maidir le cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta cáilithe a shonraítear sa deimhniú, gur oibríochtaí trádála iomchuí iad chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonraítear sa deimhniú.’,

agus

(ii)  in alt 446, amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:

‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (9), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú, maidir le cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta a shonraítear sa deimhniú, gur oibríochtaí trádála iomchuí iad chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonraítear sa deimhniú.’.”.

Leasú ar alt 707 (caiteachais bhainistíochta) den Phríomh-Acht.

86. —(1) Leasaítear leis seo alt 707 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) ní dhéanfar aon asbhaint faoi alt 83(2)(b) seachas i leith méid aon ioncaim (seachas fáltais ó phréimheanna) a chuirfí i gcuntas, dá mbeadh brabúis na cuideachta inmhuirearaithe i leith cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D, le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus ní dhéanfar aon asbhaint den sórt sin ón méid a ndéileáiltear leis mar chaiteachais bhainistíochta faoin alt sin a mheas mar asbhaint a laghdaíonn caiteachais fála de réir bhrí alt 708.”.

(2)  Measfar go raibh feidhm ag an alt seo maidir le hioncam a fhabhraíonn le haghaidh tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, nó dá éis.